Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
síniú digiteach digital signature
" Cuireann Baltimore cláracha ar fáil chun eolas a incriptiú agus chun a chinntiú cad as a dtagann sé le "síniú digiteach", agus tá scéimeanna incriptiúcháin eile ar nós PGP ar fáil freisin saor in aisce ar an idirlíon.
Shíneoinn I'd sign
" D'fhreagrair sé: "Shíneoinn an Protastúnach - mar tá a fhios agam nach síneodh Rangers an Caitliceach go deo!" Ach ní Protastúnaigh amháin a bhí ar fhoireann Celtic.
síniú pearsanta autograph
" Tar éis gach cluiche, d'fhanaimis siar chun bualadh leis na himreoirí agus síniú pearsanta a fháil uathu i leabhair speisialta.
á síniú being signed
" Is maith le muintir na Gearmáine dlíthe agus rialacháin, gan dabht, agus tá níos mó na 1,000 dlí nua á síniú gach bliain.
a chárta a shíniú to sign his card
" Is cuimhin linn go léir an tubaist a tharla cúpla bliain ó shin nuair a rinne sé dearmad a chárta a shíniú agus é go mór chun tosaigh i gcomórtas i Sasana.
a síníodh which was signed
" Ach maidir le haon léas a síníodh roimh 1978, tá cead ag tiarna talún cíos talún a bhailiú.
síniú seiceanna bréige the signing of false cheques
" Arís, ag an am sin, bhí na póilíní á fhiosrú maidir le síniú seiceanna bréige.
aighneacht a shíniú sign a petition
" Is féidir libh dul i dteagmháil leis na polaiteoirí a bhfuil aithne agaibh orthu; scríobh díreach chuig an Rialtas; nó dul ar líne agus aighneacht a shíniú ag: www.
a shínigh an rialtas that the government signed
" Cé go bhfuil sé intuigthe go dteastódh ó chomhlacht a gcuid ríomhchlár a choimeád rúnda, tá sé riachtanach go mbeadh an córas toghchánaíochta trédhearcach agus ba chóir de sin a bheith mar chuid lárnach den gconradh a shínigh an rialtas.
a shíniú his signature
" Faoi dheireadh na seachtaine sin fógraíodh go raibh a shíniú curtha aige le conradh gairmiúil leis an gclub céanna.
ag brath ar shíniú dhuine depending on someone's signature
" In ionad a bheith ag brath ar shíniú dhuine chun a chéannacht a chruthú beidh na cártaí nua seo ag úsáid uimhir aitheantais phearsanta, agus beidh micrishlis bheag iontu chun nach féidir iad a chóipeáil go héasca.
síniú autograph
" Is breá linne, muintir na hÉireann, ár laochra spóirt agus is breá linn teagmháil a dhéanamh leo ar bhealach éigin - síniú a fháil uathu, leabhar dá gcuid a cheannach, lámh a chroitheadh leo agus mar sin de.
ag síniú signing
" Thug an bheirt acu ainm bréige agus iad ag síniú san Irish Club in Eatons Square i Londain.
ag síniú signing
" Mar sin, nach bhfuil baol ann go gcaillfear, diaidh ar ndiaidh, ainmneacha na mbailte fearainn – agus an stair atá le fáil iontu? Agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag síniú Orduithe Logainmeacha (mar shampla an tOrdú le déanaí a d’athraigh ainm Gaeilge Mountcharles ón mBéarlachas, is é sin Móin Séarlas, go Tamhnach an tSalainn) chun stair áitiúil na tíre a chaomhnú, b’ait an rud é dá mbeadh Roinn eile ag milleadh na staire seo, ag cur uimhreacha ríomhaire-chairdiúla in áit logainmneacha saibhre.
ag síniú signing
" Mar sin, nach bhfuil baol ann go gcaillfear, diaidh ar ndiaidh, ainmneacha na mbailte fearainn – agus an stair atá le fáil iontu? Agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag síniú Orduithe Logainmeacha (mar shampla an tOrdú le déanaí a d’athraigh ainm Gaeilge Mountcharles ón mBéarlachas, is é sin Móin Séarlas, go Tamhnach an tSalainn) chun stair áitiúil na tíre a chaomhnú, b’ait an rud é dá mbeadh Roinn eile ag milleadh na staire seo, ag cur uimhreacha ríomhaire-chairdiúla in áit logainmneacha saibhre.
síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh the signing of the Anglo-Irish Treaty
"síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh ar an 6 Nollaig atá i gceist agam, ach an t-am deireanach a bhí an bua ag Liverpool in aghaidh United i gCorn an FA.
sínithe signed
" Ba thagairt í seo don dochar a rinneadh nuair nár tháinig an Bhreatain ná an Fhrainc i gcabhair ar an bPolainn i mí Mheán Fómhair 1939 nuair a rinne an Ghearmáin ionradh ar an tír, cé go raibh conarthaí sínithe ag an bPolainn leis an dá thír sin go dtiocfaidís i gcabhair i gcás ionraidh.
ag síniú achta, signing an act,
" Agus b’ábhar machnaimh é seo do go leor, agus an tUachtarán Bush ag síniú achta, slán an scéalaí, dar teideal an “Secure Fence Act 2006”, ag ceadú fál 1,300 ciliméadar ar fhad idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo.
an searmanas sínithe the signing ceremony
" Ritheadh an t-acht ar an 29 Meán Fómhair, ach cuireadh siar an searmanas sínithe go dtí an 26 Deireadh Fómhair chun lámh chúnta a thabhairt do na Poblachtánaigh sa toghchán meántéarma ar an 7 Samhain.
agus conradh a shíniú. and to sign a contract.
" Má theastaíonn ó dhaltaí leas a bhaint as an idirlíon, caithfidh siad glacadh leis an pholasaí agus le straitéis na scoile, agus conradh a shíniú.
ag síniú signing
" Bíonn neart údar ann, ag caint nó ag léamh nó ag síniú a gcuid leabhar.
síniú signature
" Ceiliúradh atá ann ar imeacht a tharla sa bhliain 1972 nuair a cuireadh achainí, a raibh 30,000 síniú uirthi, os comhair na parlaiminte ag iarraidh go gcuirfí an Mhaoiris agus cultúr na Maorach ar fáil mar ábhair i scoileanna na tíre.
Níl muid chun aon chonradh a shíniú! We're not going to sign any contract!
" Cén fáth go bhfuil sé ag iarraidh labhairt linn? Cad atá á lorg acu? Níl muid chun aon chonradh a shíniú! Agus cé hé an duine deas séimh seo a bhfuil gruaig chatach fhada air agus a shúil dheas amscaí ait.
á síniú le scriobláil agus póga, signing them with scribbling and kisses,
" Bhí ceoltóirí, amhránaithe agus fiú damhsóirí na hÉireann ag malartú a gcuid dioscaí ón am ar fhág muid Aerfort Bhaile Átha Cliath, iad á síniú le scriobláil agus póga, amhail is go raibh duine inteacht ag gabháil a éisteacht leo riamh.
lucht sínithe Fhorógra na Cásca. the signatories of the Easter Proclaimation
" ”Is léir nach bhfuil meas madra ag Myers ar lucht sínithe Fhorógra na Cásca.
bhíothas ag ceiliúradh 300 bliain ó síníodh Acht an Aontais there was a celebration of 300 years since the Act of Union
" Ar an chéad lá den mhí sin bhíothas ag ceiliúradh 300 bliain ó síníodh Acht an Aontais ach trí lá ina dhiaidh sin bhí stádas an Achta chéanna curtha i mbaol ag bua an SNP i dtoghchán na Parlaiminte.
an socrú dlí a shíniú, to sign the legal arrangement,
" ” Tuigtear dom gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chúpla ócáid nuair nach raibh siad sásta an socrú dlí a shíniú, ainneoin go raibh an forbróir sásta a leithéid a dhéanamh.
as ucht conradh nua ceithre bliana a shíniú for signing a new four-year contract
" Cáineadh é as ucht dhrochimirt na foirne agus cáineadh an cumann rugbaí, an IRFU, go forleathan chomh maith as ucht conradh nua ceithre bliana a shíniú le O'Sullivan roimh thús an chomórtais.
iarracht leas polaitiúil a bhaint as comóradh shíniú an Chomhaontaithe. as an effort to derive political advantage from the anniversary of the signing of the agreement
" Tá sé tábhachtach nach ndéanfaí dearmad ar na daoine sin ar fad agus nach ndéanfaidh dreamanna éagsúla iarracht leas polaitiúil a bhaint as comóradh shíniú an Chomhaontaithe.
duine de lucht sínithe Fhógróra na Cásca one of the signatories of the Easter Proclamation
" Rinneadh coimircí cúirte di agus ba í a coimirceoir ná baintreach Éamoin Ceannt, duine de lucht sínithe Fhógróra na Cásca 1916.
an ruaig a chur ar na Sínigh. to beat off the Chinese
" Ba í uasaicme na tíre – na Lámaí ina measc – ba mhó a chabhraigh le hiarracht fholaitheach na Stát Aontaithe an ruaig a chur ar na Sínigh.
tá a cuid féin de spídeoirí ag na Sínigh the Chinese have their fair share of detractors
" Cinnte, tá a cuid féin de spídeoirí ag na Sínigh, ach ní fhéadfadh duine ar bith a rá nach féidir leo mórimeachtaí a reáchtáil.
Bheartaigh na Sínigh the Chinese decided
" Bheartaigh na Sínigh ar thrí pháirc agóide a cheadú i rith thréimhse na gCluichí ionas go mbeadh deis acu siúd a easaontaíonn le polasaithe áirithe a míshástacht a léiriú ar bhealach síochánta dlisteanach.
síníodh was signed
" ’ Is i gcarráiste traenach taobh amuigh de Compiègne, atá 100 ciliméadar siar ó thuaidh de Pháras, a síníodh an sos cogaidh agus géilleadh na Gearmáine a chuir deireadh leis an gCogadh Mór i mí na Samhna 1918.
shíniú thar sáile to stretch overseas
" Ach caidé mar atá ag éirí le cultúr na hÉireann a fhréamhacha a shíniú thar sáile? An bhfuil rath le brath ar chultúr na hÉireann i gcéin? Ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar gach uile áit a bhfuil rian de chultúr na hÉireann, ach más sampla ar bith é Virginia, áit a bhfuil mé féin faoi láthair, nílimid ag déanamh ródhona thar lear.
Shínigh signed
" Shínigh Thatcher agus Fitzgerald Comhaontú Angla-Éireannach i 1985 - arís, in ainneoin na mná nach raibh le tiontú.
Níor shínigh didn't sign
" Níor shínigh an India an conradh riamh agus dhiúltaigh an rialtas nua san Astráil a dhúnghaois a mhaolú.
Shínigh signed
" Shínigh Wolfowitz agus Zoellick an Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua i 1998, a mhol Hussein a threascairt agus na tíortha Ioslamacha eile sa Mheánoirthear a dhíchobhsú.
Sínigh sign
" "Nach tusa a tháinig i bhfad! Sínigh leabhar na gcuairteoirí!" Thograíos gan a rá léi gurbh as Nua-Gheansaí a d'eitlíos! "Rothaíocht sa chathair? An bhfuil tú cinnte nach bhfuil carr agat?" Is ea, lánchinnte.
shínigh signed
" Thart fá bliain go leith ó shin chuir mé deireadh leis an bpiocadh agus an tromaíocht a bhí dírithe orm agus shínigh mé suas le Facebook (nó féach ‘Aghaidhleabhar’ ag muintir Chorcaí).
shíníonn tastes
" Nuair a shíníonn duine suas ar dtús, cuardaíonn an láithreán Gréasáin daoine ó do leabhar seoltaí (gmail mar shampla) atá ar Facebook cheana féin agus cuireann siad teachtaireacht acu sin ag tabhairt cuireadh daofu a bheith ina gcairde leat.
shíniú signing
" 15 bliain i ndiaidh shíniú Comhaontú Aoine an Chéasta, feidhmeannas (measartha) buan ag saothrú i Stormont, Arm na Breataine bailithe leo agus táthar ag tógáil ballaí síochána go fóill! ‘Fál maith a dhéanas comharsana maithe’ a deir seanfhocal amháin nó ‘Déanann teorainn mhaith comharsana cairdiúla’ a deirtear.
Sínígí sign
" Sínígí achainí Ghuth na Gaeltachta anois.
shínigh signed
" Feicfidh tú, don chéad uair, b’fhéidir, an tslí ar shínigh duine amháin, an ceann teaghlaigh, fear nó bean do shinsir, a h/ainm.
shínigh signed
" Feicfidh tú, don chéad uair, b’fhéidir, an tslí ar shínigh duine amháin, an ceann teaghlaigh, fear nó bean do shinsir, a h/ainm.
Sínigh Chinese
" Sínigh amháin, is cosúil, atá sa ghnó seo, agus déarfainn gur fhoghlaim siad a dtiomáint i sléibhte na Síne freisin - tiománann siad ar nós an diabhail! Tír Fuinidh – Luí na Gréine Ba ar an "Sunset" a bhí mo thriail - ceantar cónaithe ciúin ar chósta thiar na leithinse, agus dá réir sin an t-ainm, ar ndóigh.
Sínigh Chinese
" com/watch?v=rUUuD0oh81o) Tá seanrá ag na Sínigh - ‘Go mairir an céad d’fhonn díoltas a imirt ar do pháistí’, ach i ndomhan an auteur Ostaraigh áirithe seo, ’s iad na páistí a imríonn díoltas gan taise ar thuistí is ar shochaí atá seasc, brúidiúil, ina bhfuil an ghangaid in áit an ghrá.
nach síneoidh shall not sign
" Sin é an fáth nach síneoidh an tSín (nó na Stát Aontaithe) aon chonradh a mbeidh costas mór ag baint leis.
síniú signature
" Ar 23 Aibreán chuir gobharnóir Poblachtach Arizona, Jan Brewer, a síniú le SB1070, dlí nua atá le bheith ina chuid thábhachtach den troid in aghaidh na hinimirce neamhdhleathaí ina Stát féin.
sínithe signatures
"sínithe á mbailiú le breis is mí anuas agus gan ach faoi bhun 3000 faighte go dtí seo.
shíniú signing
" Thug sé faoi deara agus é ag imeacht an lá dar gcionn go raibh bratacha Iosrael ar crochadh le mórtas sna ceantair dhílseacha! Léim na Leimíní le hAill ========= Tá cur síos drámatúil, buille ar bhuille, sa leabhar ar na laethanta beaga roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an ról a bhí ag na páirtithe éagsúla ann.
shínigh signed
" Chuir an feisire de chuid an Pháirtí Ghlais in iúl a luaithe is a toghadh é go dtabharfadh sé tacaíocht don Lucht Oibre, agus shínigh an dá pháirtí comhaontú.
shínigh signed
" Agus nuair a dhúnmharaigh cománlaigh Iosraelacha Furkan Dogan, saoránach naoi mbliana déag d’aois de chuid SAM, ar chabhlachán Gaza, shínigh sí litir d’Uachtarán Obama ag tacú le ceart Iosrael í féin a chosaint arís.
shínigh signed
" Nuair a theip ar aon pháirtí polaitíochta móramh a bhaint amach san olltoghchán san Astráil ar na mallaibh, shínigh Páirtí an Lucht Oibre comhaontú leis an bPáirtí Glas lena thacú a fháil.
Shínigh signed
" Shínigh 800 duine é.
shínigh dáréag twelve signed
" Cuireadh go mór le tionchar an ráitis nuair a shínigh dáréag é, dáréag duine a bhí ar a seal ina nAstrálach na Bliana, in amanna cheana.
síniú signature
" Ní raibh le déanamh ach an bille céanna a rith tríd an seanad, síniú an ghobharnóra a chur leis, agus bheadh deireadh go deo le ceardchumainn na múinteoirí.
conradh a shíniú sign a contract
" Mar shampla, ní féidir leat conradh a shíniú agus tá srianta fostaíochta ort maidir le *"hazardous work !!!"* Níl cead acu dul isteach i bhfórsa póilíní nó sa bhriogáid dóiteáin agus níl cead acu amharc ar scannáin cogaidh *'X rated.
shínigh siad they signed
" Cé gur shínigh siad an conradh mar pháistí, níl cead athbhreithniú a dhéanamh acu agus iad ina ndaoine fásta, is é sin, ag aois 18 bliana.
á Síniú being signed
" Cead Báis á Síniú ag Máthair ============ Mar chuid den chúrsa, bhí orthu dul suas ar na cnoic in éineacht liom le hairdrianú agus cleasanna den chineál sin a chleachtadh.
Síniú an Cúnaint Signing of the Covenant
" Níl sléacht 1641, Cath an Somme, Síniú an Cúnaint agus Parlaimint Phrotastúnach do phobal Protastúnach anois mar spreagadh ag na páirtithe Aontachtacha níos mó.
shínigh autographed
" Ní cuimhin liom focal a dúirt sé ach is cuimhin liom sceitimíní an tslua, an t-ionadh ar aghaidheanna na bpáistí – Uachtarán na hÉirann ag bualadh isteach le labhairt linn! – nach raibh obair i bhfad níos tábhachtaí le déanamh aige ná a bheith teacht chun cainte le slua pléascánach páistí? Tar éis a chuid cainte sheas sé inár measc agus shínigh giotaí beaga páipéir a bhí muid ag síneadh ina threo.
shínigh signed
" Bhí a fhios ag an saol go raibh a phort seinnte nuair a dhiúltaigh Ardchúirt na Stát Aontaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal ar an 20 Meán Fomhair, ainneoin achainí ar an stát a shínigh milliún duine.
sínithe signed
" Is é an fáth atá tugtha ag Mag Aonasa, is cosúil, ná gur bhris an Caisideach conradh nó gealltanas a bhí sínithe aige agus ag baill eile na foirne nach labhróidís le lucht na meáin chumarsáide faoi nithe a bhain le hullmhú na foirne.
shínigh signed
" Naoi lá i ndiaidh an “Pearl Harbor nua” sin, shínigh Perle litir chuig Bush de chuid an *Project for a New American Century* ag éileamh ar an uachtarán frithbhearta in aghaidh na Siria a chur i gcrích mura scoirfeadh sí de bheith ag tacú le Hezbollah láithreach bonn – ainneoin nach raibh baint ar bith ag an ngluaiseacht friotaíochta leis na hionsaithe ar Mheiriceá.
araon sínithe go príomha both signed primarily
" An mhí seo caite, scríobh siad chuig Obama uair amháin eile agus is beag an difear a bhí idir an litir seo agus ceann na bliana seo caite – seachas ainm Bashar al-Assad a bheith curtha in ionad Qaddafi – agus iad araon sínithe go príomha ag lucht tacaíochta Iosrael, agus dornán beag Arabach atá sásta oibriú ar a shon.
shínigh na láithreacha coire fud fad na tíre the sites of the crimes were nationwide
" Ní hé go ndearnadh na gníomhartha fill seo in aon chúinne amháin den tír ach an oiread mar gheall gur shínigh na láithreacha coire fud fad na tíre ó München, Heilbronn agus Nürnberg i nDeisceart na Gearmáine, go Dortmund agus Kassel in iarthar agus i lár na tíre, síos go Hamburg agus Rostock sa taobh ó thuaidh.
shínigh siad they signed
" Os rud é go raibh sé faoí 18 bliana d’aois go fóill, tháinig a thuismitheoirí in éineacht leis agus shínigh siad, agus Darach é féin, conradh dhá bhliain le *Blackburn Rovers* i Mí Áibréan 2011.
shínigh siad they signed
" Bhí cruinniú déthaobhach ag Gillard le hUachtarán na hAfganastáine, Hamid Karzai, in Chicago freisin agus shínigh siad comhaontú straitéiseach comhpháirtíochta, a leagann síos bunús an chaidrimh a bheidh idir an dá thír tar éis aistarraingt na bhfórsaí Astrálacha.
achainí a shínigh a petition signed by
" Bhronn MRCI ar an Aire Dlí is Cirt, i mí Iúil, achainí a shínigh 4000 duine ag lorg stádas ar son na 30,000 inimirceach ar fir, mná is leanaí iad atá ag cur fúthu in Éirinn gan cead.
cothrom céad bliain síniú Chúnaint Uladh the hundred year anniversary of the Ulster Covenant
" Tá méadú suntasach le feiceáil sa fhrith-Chaitliceachas le bliain anuas agus measaim go bhfuil baint aige le cothrom céad bliain síniú Chúnaint Uladh a bheas a cheiliúradh an mhí seo (Meán Fómhair).
ráitis shínithe signed statements
" Thug beirt acu ráitis shínithe sular cuireadh chun báis iad inar admhaigh siad go raibh páirt acu san eachtra ach nach raibh Maolra Seoighe ciontach.
síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta signing the Good Friday agreement
" Mar chruthúnas nach bhfuil an réimeas ó thuaidh le leas na ndaoine, tá líon éilitheoirí óga 26 faoin chéad níos mó ná mar a bhí sé nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.
sínithe ag na mílte signed by thousands
" Seo an deis aighneacht láidir a chur le chéile, sínithe ag na mílte le cur os comhair Comhairle na nAirí Eorpacha, nuair a bheas siad bailithe anseo faoi chathaoirleacht na hÉireann.
shíníodar an conradh céanna they signed the same treaty
" Mar a deir beirt chorpán i gCré na Cille de chuid Mháirtín Uí Chadhain, cheap na ridirí taidhleoireachta gur “lánchumhachtóirí” iad, ach cheap daoine eile go "ndeachaigh siad thar a n-údaráis" nuair a shíníodar an conradh céanna.
síniú an Chonartha the signing of the Treaty
" Bhí mé ag caint le cara de mo chuid an tseachtain seo, an staraí Eamon Phoenix, agus dúirt sé gur scairt duine air le hinse dó go raibh pictiúr aige ina raibh Michael Collins, Sam Maguire agus duine ainaithnid eile, agus an chuma orthu go raibh siad ag ceiliúradh go lúchaireach síniú an Chonartha i 1921.
síniú aitheantais the known signature
" Ach ní shásódh aon rud eile fear Oxford ach síniú aitheantais Tarantino – an doirteadh fola grafach.
sínithe ag signed by
" An tseachtain seo caite, bronnadh achainí ar Ard-Mhéara Bhéal Feirste agus é sínithe ag 400 Gael ag iarraidh aitheantais dá dteanga, dá stair agus dá gcultúir sna himeachtaí comórtha:
 “Molaimid, na Ceithre Chéad Saoránach Feirsteach, Gaelach thíos don Ard-Mhéara reatha agus do chomhairleoirí uilig na Cathrach an Chairt seo, Cairt Bhéal Feirste 400, a chur roimh chruinniú den chomhairle iomlán le go bpléifear é agus go dtabharfar suntas do ról agus do shaibhreas na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh mar chuid shuntasach, bhunúsach d’oidhreacht na Cathrach.
shínigh rialtóir an stáit sin the state governor signed
" D'athraigh sin i 2009 nuair a shínigh rialtóir an stáit sin, Arnold Schwarzenegger, dlí ag aithint ‘lánúnas’, ach gan an focal ‘pósadh’ a úsáid.
shínigh signed
" Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais go linn bhuí na gcaolán nuair a shínigh an Taoiseach, Éamon de Valera, leabhar an chomhbhróin faoi bhás Adolf Hitler i mí na Bealtaine 1945, cé nach raibh i gceist ach nósmhaireacht taidhleoireachta.
leis an méar a shíniú i gcoinne in order to point the finger (of accusation)
" Ní hé nach raibh treibheachas ag sní tríd an tír le linn na ngníomhaíochtaí uafáis a thit amach ansin le blianta beaga, ná ó ré King Idris, ach tá sé in am anois ráiteas uafáis de chineál an bhuama sin a dhéanamh leis an méar a shíniú i gcoinne Mhuintir Warfalla.
Sínigh Chinese
" Conchobair co sochraiti moir do Gaidelaib leis hi furtacht in Rig i mBretnaib, & ro milset an tir uili’ 1245AConn), Gaill in aghaidh Gaeil na hÉireann agus Protastúin in aghaidh na nGael nuair a d’fhóir sin, Muslamaigh in aghaidh Induach na hInde, ní a scoilt an tír a bhuí siúd do MtBatten, Tuirc in aghaidh Ghréagaigh na Cipire, Sínigh agus Mong in aghaidh Vítneamach i Víteam, Shia agus Curdaigh in aghaidh Sunni na hIaráice agus Sunni in aghaidh Shia agus Críostaithe na Siria ad infinitum.
a n-admhálacha gan síniú faoi bhráid na cúirte their unsigned admissions before the court
" Anuas air sin, mhaígh na póilíní gur admháil na fir go léir go raibh siad páirteach sa chomhcheilg agus chuir siad a n-admhálacha gan síniú faoi bhráid na cúirte.
an achainí a shínigh the plea which .... signed
" Cuirim i gcás an achainí a shínigh 24,000 Caitliceach Éireannach i Learpholl (leath den mhéid Éireannach a bhí sa chathair i 1842) chuig an *Vatican*.
ar na Sínigh against the Chinese
" Níorbh fhada gur thosaigh an drochíde ciníoch ar an idirlíon, maslaí pearsanta ar Anna Lo, ar na Sínigh agus ar an dóigh a labhraíonn siad Béarla, rud a chuir alltacht ar dhaoine - seachas an DUP.
Maidir le síniú banna síochána as for signing peace bonds
" Maidir le síniú banna síochána, níl ann ach seafóid! Is mise an gníomhaí ar son na SÍOCHÁNA.
as an chomhaontú a síníodh le déanaí from the agreement that was recently signed
" Tá cuid mhór le gnóthú ag Aer Lingus as an chomhaontú a síníodh le déanaí idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe maidir le heitiltí trasatlantacha, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.