Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a shíolraíonn a mbunús that most of them derive
" Meastar gur ó sheanteangacha na Mayach a shíolraíonn a mbunús.
síolraithe descended
" Ar ndóigh bhí neart daoine ag rá go raibh an rialtas atá anois i réim san Astráil síolraithe ó chóilíneacht a bhunaigh daoine a tháinig i dtír go mídhleathach gan buíochas do na daoine a bhí anseo rompu.
a shíolróidh which will grow/come
" Tá gá ann le graiméar deifnídeach Gaeilge chomh maith le cinn eile, macasamhail an chinn seo, a shíolróidh ón cheann údarásach.
gur shíolraigh an pheil Astrálach that Australian football originated from
" Tá roinnt mhaith daoine ann a cheapann gur shíolraigh an pheil Astrálach ón bpeil Ghaelach - nó gur col ceathracha iad ar a laghad.
a shíolrú to breed
" "Tá iarracht réamhbheartaithe ar siúl ag an Indinéis le muintir Phapua Thiar a ghlanadh ó dhromchla an domhain, agus glúin nua a shíolrú a bhfuil craiceann geal acu agus gruaig dhíreach orthu.
"sheirbhísí" síolraithe breeding 'services'
" Bhí gach duine thar a bheith sásta mar nuair a cinneadh deireadh a chur le saol rásaíochta an chapaill, bhí ansin luach an-ard ar fad ar "sheirbhísí" síolraithe an chapaill chéanna.
áit a síolraíonn siad where they breed
" Ansin scaipeann siad fud fad chósta na hÉireann, sula dtagann siad ar ais ar feadh tamaillín i mí Aibreáin ar a mbealach ar ais go Ceanada, áit a síolraíonn siad .
séasúr síolraithe breeding season
" Is maith an rud gur cuireadh comhairle orm roimh ré hata a chaitheamh! An séasúr síolraithe a bhíonn ann i Meitheamh agus bíonn na geabhróga an-bhuartha faoi na scalltáin, a ritheann thart achan áit ar an talamh.
séasúr síolraithe breeding season
" Is maith an rud gur cuireadh comhairle orm roimh ré hata a chaitheamh! An séasúr síolraithe a bhíonn ann i Meitheamh agus bíonn na geabhróga an-bhuartha faoi na scalltáin, a ritheann thart achan áit ar an talamh.
go bhfuilimid uilig síolraithe ó mhoncaithe that we are all descended from monkeys
" Seo an eaglais chéanna a dhiúltaíonn glacadh le teoiric Charles Darwin go bhfuilimid uilig síolraithe ó mhoncaithe.
a shíolraigh which sprang from
" Samhlaíodh cineál áirithe Sasanachais le saothar The Smiths ó thus, féiniúlacht a shíolraigh ó shaoldearcadh lucht oibre thuaisceart na tíre sin.
shíolraigh descended
" Is cosúil gur ón sloinne Ó Tuathail a shíolraigh sinsear mo mhná, ach ag tráth éigin aistríodh an sloinne, nó traslitríodh ba cheart a rá, an sloinne go Béarla, mar a rinneadh le formhór na sloinnte.
shíolraigh descended
" Is i Meiriceá Theas ar ndóigh, idir an Airgintín agus an Bhrasaíl, atá Paragua agus cé go bhfuil Afra-Pharaguaigh in áiteanna éagsúla sa tír, ní ó sclábhaithe Pharagua a shíolraigh muintir Chambacuá, murab ionann is Afra-Pharaguaigh eile.
shíolraíonn originates
" Cé nach bhfuil na saineolaithe ar aon tuairim maidir le sanasaíocht an fhocail ‘Berber,’ deir cuid acu gur ón bhfocal Laidine ‘barbarian’ a shíolraíonn sé.
síolraithe descended
" Deir daoine áirithe gur dream dúchais iad, ach tá barúil ag daoine eile go bhfuil na Rohingya síolraithe ó dhaoine a bhain Arakan amach le linn don áit a bheith faoi shúiste na Breataine ó 1824 go 1948.
shíolraigh ó Ádhaimh descended from Adam
" Ba pheacach é gach duine a shíolraigh ó Ádhaimh, dar le Luther, agus bhí an pósadh ann mar bhealach éaluithe ón pheaca.
síolrú to reproduce
" Ach, murab ionann agus ainmhithe eile sa tír, caithfidh an triúr seo dul ar ais chuig an lochán nó an abhainn, chun tabhairt faoin síolrú.
shíolraigh a chuid carthanacht dleathach his legal altruism arose from
" D’fhéadfaí a mhaíomh gur shíolraigh a chuid carthanacht dleathach as na tubaistí sin - gur leanbh de chuid na himeagla nó gur táirge den ár í - agus má shíolraigh, an léiríonn a chuid breithiúnais gur rud múnlaithe, deartha fiú an charthanacht sin? Rinne Wilde tagairt do ‘chneácha an ghráidh’ i De Profundis.
shíolraíonn as an which grows from
" Ní hiontas ar bith é sin, mar tá Carraig Fheargusa mar eiseamláir den dílseacht idir Ulaidh Phrotastúnach agus Coróin Shasana agus an ciníochas a shíolraíonn as an nasc sin i gcásanna áirithe.
aithne a shíolraigh ó cheann de an acquaintance which arose from one of
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
shíolraíonn clann ríoga na Sasana the English royal family descend
" Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa.
a shíolraigh as an ithir chéanna cois Laoi which grew from seed in the same soil by the Lee
" Is trua nach bhfuair an claonbholscaire sin an deis oíche a chaitheamh i gcuideachta le Corcadorca, an chomhlacht aisteoireachta agus amharclannaíochta iontach a shíolraigh as an ithir chéanna cois Laoi i 1991.
a shíolraigh ón meánaicme who came from the middle class(es)
" Ba ghráin léi na sóisialaithe a shíolraigh ón meánaicme bourgeois, daoine cosúil le Denis Healey, Tony Benn agus Roy Jenkins.
shíolraigh fadhbanna ilghnéitheacha as various problems arose from
" Ba léir dó gur shíolraigh fadhbanna ilghnéitheacha as meath na Gaeilge sa 19ú aois déag, meath a mhúin nósanna míshláintiúla don tsochaí.
síolraíonn cumhacht an dráma seo as this play’s power stems from
" Ach i ndeireadh na dála, ní foláir a rá go síolraíonn cumhacht an dráma seo as cúngacht na bpearsantachtaí ilghnéitheacha sa tigh tábhairne.
ba as sin a shíolraigh it was from that ... was grown
" Sa bhliain 1934 a cuireadh an 'Purser-Griffiths Certificate in the History of Painting' ar bun agus ba as sin a shíolraigh an chéad dá roinn ollscoile in Éirinn a raibh an Ealaín agus Stair na hEalaíne ach go háirithe mar chúram orthu.