Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Teastais Shóisearaigh The Junior Cert
" Ní fadhb rómhór é sin i gcás bogearraí simplí a chabhraíonn le páistí an aibítir nó matamaitic bhunúsach a fhoghlaim, ach nuair a bhíonn bogearraí á lorg atá oiriúnach do scrúduithe ar nós an Teastais Shóisearaigh, is beag ábhar comónta atá ag na curaclaim éagsúla.
sóisearach junior
" Tá Baile Átha Cliathach eile, Niall Flynn, imreoir idirnáisiúnta faoi 17, ag déanamh go hiontach ar fhoireann sóisearach na "Black Cats".
aire sóisearach junior minister
" Más fíor do na Littlejohns, le cabhair Lady Pamela Onslow, a bhí cairdiúil le Lord Carrington – a bhí ina Aire Cosanta i rialtas Coimeádach Edward Heath ag an am – eagraíodh cruinniú idir iad agus aire sóisearach de chuid Rialtas na Breataine, Geofrey Johnson Smith, i Kensington House.
oibrithe sóisearacha junior workers
" Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfaighidh tú seirbhís mhaith! Más mian leat do chomhlacht a aistriú ó lár na cathrach go dtí oifigí nua ar an imeall, cuimhnigh air seo: cé go mbeidh neart spásanna páirceála ann, is dócha go mbeidh sé deacair oibrithe sóisearacha a fháil, mar go minic ní bhíonn gluaisteán acu.
an Teastais Shóisearaigh the Junior Certificate
" Nach ionann carachtair “Ros na Rún” agus leagan iltoiseach de na seandeilbhíní a bhíodh á n-úsáid i m*Buntús Cainte *fadó – ach go bhfuil siad ábalta labhairt agus siúl! Ceann de na torthaí is mó atá ar an díospóireacht phoiblí a chothaigh moltaí conspóideacha Enda Kenny i leith na Gaeilge a bheith ina ábhar staidéir roghnach i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh ná go bhfuil sé admhaithe faoi dheireadh ag an Aire Oideachais go bhfuil locht ar theagasc na teanga.
tar éis an Teastais Shóisearaigh after the Juniour Certificate
" Bhí baint lárnach acu leis an fheachtas chun stádas oifigiúil a fháil don Ghaeilge san Eoraip agus tá sé léirithe acu do cheannaire Fhine Gael le tamall anuas nach maith an smaoineamh é deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach tar éis an Teastais Shóisearaigh.
ceapachán na n-airí sóisearacha the appointment of the junior ministers
" Láimhsigh sé ceannairc inmheánach a chúlbhinseoirí go paiteanta ach ba go tuathalach a dhéileáil sé le ceapachán na n-airí sóisearacha.
den tSraith Shóisearach, of the Junior League,
" Taca an ama a thosaigh mé féin ag imirt leis na daoine fásta i gCumann Báire Chaoimhín, bhíomar i Roinn C den tSraith Shóisearach, agus cé nach raibh caighdeán iománaíochta an-ard againn, bhí scata leaideanna óga ag teacht chun cinn le chéile.
gach corn sóisearach agus idirmheánach every junior and intermediate cup
" Bhí gach corn sóisearach agus idirmheánach inár seilbh le linn tréimhse cúig bliana nó mar sin agus thosaigh sin ar fad de bharr Chorn an Athar Uí Mhurchú agus Cumann Bhaintreacha na Sean-Óglach.
sóisearach junior
" Ní raibh mórán iontais orm nuair a rinne mé anailís thapa ar mo shuirbhé neamhfhoirmeálta agus neamheolaíoch féin – cé go raibh roinnt post ag leibhéal ard ar fáil, bhí a lán post ar fáil ag leibhéal sóisearach i réimse na cabhrach teicniúla, agus araile.
ar fhoireann shóisearach an chontae on the county minor team
" D’imir mé ar fhoireann shóisearach an chontae agus ní fhaca m’athair mé ag imirt.
foireann shóisearach junior team
" Seo mar a tharla sé: Tá Liam ag imirt sacair le foireann shóisearach faoi ocht mbliana, The Pumas, le bliain anois.
an t-ionad traenála sóisearach the junior training centre
" Téann siad go dtí an t-ionad traenála sóisearach ar feadh uair an chloig gach seachtain anois agus má éiríonn leo ansin leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an tAcadamh.
a ranganna sóisearacha the junior classes
" Bhíodh sé ar thús báire sa rang agus aistríodh ó na ranganna sóisearacha chun na ranganna sinsearacha go tapa é.
ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, getting ready for the Junior Certificate,
" Saoirse faoi dheireadh! Bhí cúpla mí d’obair chrua déanta agam agus mé ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, agus creid uaim é, bhí sos tuillte agam.
i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh. after the Junior Certificate.
" Is fada ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, ag maíomh gur cheart gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh.
mar aire sóisearach as a junior minister
" **Buntáistí**: Chruthaigh sé é féin go maith mar aire sóisearach agus freagracht air i leith drugaí.
Teastais Shóisearaigh Junior Certificate
" Ní bheidh torthaí na hArdteistiméireachta in Éirinn ar fáil go dtí an dara lá déag Lúnasa gan trácht ar thorthaí an Teastais Shóisearaigh nach mbeidh ar fáil go dtí Meán Fómhair.
Sóisearach junior
" Creidim go bhféadfadh sé a bheith chun leas na Gaeltachta, an RGPT&G a bhriseadh suas agus Roinn faoi leith a dhéanamh de Roinn na Gaeltachta, le hAire Sóisearach i gceannas air agus é/í freagrach don Taoiseach.
Teastais Shóisearaigh Junior Cert
" Sin é an fáth go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach nach nglacfar le polasaí Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre nach mbeidh an Ghaeilge mar bhunábhar tar éis an Teastais Shóisearaigh.
Teastais Shóisearaigh Junior Cert
" A bhuíochas sin do cheannaire Fhine Gael Enda Kenny, a d’fhógair gan dul i gcomhairle le duine ar bith go mbeadh an Ghaeilge ina ábhar roghnach do dhaltaí meánscoile th’éis an Teastais Shóisearaigh.
sóisearach junior
" Shocraigh thart ar 50 léachtóir sóisearach i COG (OÉG anois) ag an am, dul isteach i gceardchumann, de bharr míshástacht ginearálta leis an mbealach a raibh an Coláiste Ollscoile ag caitheamh leo.
aire sóisearach junior minister
" Dúirt Martina Anderson, aire sóisearach i dTionól an Tuaiscirt, agus í ag seoladh na féile, gur mór an onóir a bhí ann an fhéile iomráiteach a bheith ar ais i nDoire i ndiaidh 18 mbliana agus gur mhóraitheantas a bhí ann don atógáil pobail a bhí ag tarlú sa chathair le tamall anuas.
hairí sóisearacha junior ministers
" Níos mó Ban in Aireacht na hAfghanastáine ================== Sa dara leibhéal den aireacht atá an dream ar a dtugtar an aireacht amuigh, nó outer ministry, ina bhfuil na hairí sóisearacha, agus tá an dáréag ar a dtugtar rúnaithe parlaiminte ag an leibhéal is ísle.
sóisearach junior
" Cuireadh Acadamh Náisiúnta ar bun, meitheal náisiúnta, galf sóisearach, treoirlínte do thuismitheoirí agus do dhaoine óga agus cúrsaí oiliúna.