Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shúlach gravy, liquid manure, farmyard filth
" Cé a thabharfadh ábhar beo, spreagúil, conspóideach ar a leithéid sin de shúlach fuarbhlasta? Cé eile ach an t-eagarthóir tiúchraicneach sin Éamonn Ó Doornail agus a leathbhádóir leathchraiceáilte Leamh Ó Cuinneagáin, an bheirt atá taobh thiar d'iris seo na marbhán.
shúlach súilíneach bubbly juice
" Dar leo go mbíonn fiú na béir bhána ag an Mhol Thuaidh anois ag ól shúlach súilíneach sin an Fhir Dheirg um Nollaig.
súlach sap
" Cuireann sé an súlach ag sileadh aníos fríd mo chuid féitheacha arís agus fágann sé dinglis ar mo bhánchnis.
súlach sap
" Ardaíonn an súlach sna cnámha agus téann an fhuil ag rásaíocht tré chuisle.
róst le súlach a roast with gravy
" Dúirt mo dheirfiúr liom go ndéanann siad róst le súlach atá ar an bhéile is blasta ar domhan – chomh luath agus a bhlaiseann tú é, bíonn fonn ort tú féin a chuachadh mar a bheadh féatas ann! Bhí stócach amháin ar an bhus a bhí ag dul i rith an bhealaigh go Nashville.
súlach an phortaigh the bog juice
" Ar mhaithe lena sláinte? Ní shíleann muid é; tá súlach an phortaigh fós ag stealladh as na sconnaí ann.