Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
léirscrios a saíochta the plundering of their culture
" Féachann siadsan air mar an lá in ar cuireadh tús lena ndíshealbhú agus le léirscrios a saíochta.
saíochta wisdom
" Diaidh ar ndiaidh, roinneann Cantona a chuid saíochta ar Eric seo’gainne ina sheomra codladta, ar bhalcóin an chip árasáin, agus i mír ‘an-Loach-úil’ ar fad, le linn argóna sa tábhairne faoi éiteas agus eitic chorporáideach Manchester United na saolta seo.
Aire Saíochta Minister for Culture
" Agus anois an coup de grace - ainmniúchán Nelson McCausland mar Aire Saíochta (an t-oscsamórón is déanaí i nGaeilg nó i mBéarla) sa Tionól ó thuaidh.
saíochta of culture
" Dá leithne a scaiptear an dream beag eitneach seo ar fud na cruinne, áfach, is ea is dóichí go gcaillfear cleachtais chreidimh is saíochta agus, nach bhfágfar den chultúr ársa seo ar deireadh ach cur síos tur i leabhair scolártha.
bearna mhór saíochta a large cultural gap
" Bhí bearna mhór saíochta eatarthu freisin.
thobar saíochta cultural font
" Murar féidir le foghlaimeoirí saibhreas, iomláine, agus áilleacht theanga na Gaeltachta a thabhairt leo, an fiú an Ghaeltacht a chaomhnú ar chor ar bith? Nó an é go mbeadh Gaeilge na gcathracha ní ba bhoichte fós murach an Ghaeltacht a bheith ann? Nó an bhfeidhmíonn an Ghaeltacht ar leibhéal eile in intinn an fhoghlaimeora, go seasann sí mar bhunchloch faoi choincheap éigin a bhaineann le féidearthachtaí teanga? Is é sin, gur mó an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeltacht mar thaca i samhlaíocht an fhoghlaimeora ná a bhaineann leis an fhíor-Ghaeltacht mar acmhainn daonnachta nó mar thobar saíochta ann féin? An Bhuíon Bheag Chinniúnach Is dóigh liom féin gur beag seans anois atá ag an Ghaeilge mar theanga phobail.
saibhreas saíochta cultural wealth
" Chuirfeadh brath láidir fairsing staire agus saibhreas saíochta na cathrach meadhrán ort go luath sa turas.
saíochta of culture
" 
Is é ról an ÚCÉ, a bunaíodh i 2009, "a chinntiú go bhfreastalaíonn an líon agus catagóirí na seirbhísí craolacháin a chuirtear ar fáil sa stát ar an gcaoi is fearr ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cuimhniú i gcónaí ar a dteangacha, ar a dtraidisiúin agus ar a n-ilchineálacht creidimh, eitice agus saíochta.
leagan amach saíochta agus polaitíochta cultural and political view
" Tá ealaíontóirí roghnaithe ag Castro agus Viveros- Fauné atá clúiteach ina gcáilíocht féin agus a bhfuil dearcadh domhanda ag baint leis an leagan amach saíochta agus polaitíochta atá le fáil ina saothar.
saíochta culture
" Trí oíche a bhí caite againn ar oileán Mljet tamall ó thuaidh de Dubrovnik: oileán sceirdiúil, crannach a raibh áit in óstán beag ann láimh le glaschuan aoibhinn do scór de Chumann na hÉireann agus na Cróite agus iad ag cur síos ar chúrsaí staire agus saíochta.
gcúrsaí saíochta cultural matters
" "An tri c'hard eus va mignoned a zo brezhonegerien ha dedennet gant ar sevenadur" (Is cainteoirí Briotáinise iad trí ceathrú de mo chairde agus tá suim acu i gcúrsaí saíochta).
tobar ár saíochta the source of our culture
" Is ceist bheo í seo, gan amhras ar bith agus tá an cuimsiú fairsing seo le moladh go mór tharla gur ríchosúil go bhfuil tobar ár saíochta, an slabhra gan briseadh sin, an Ghaeltacht, i gcontúirt mhór, faraor.
ní hionann is briseadh slabhra saíochta it’s not the same as the loss of cultural continuity
" ) Léiríodh ag an Tóstal chomh maith nach dtuigeann an sách an seang, is go n-amharcann cuid de mhuintir na Galltachta, bíodh sé ina hiar-Ghaeltacht, ina hath-Ghaeltacht, nó mar is fearr a sheachaint, ina húr-Ghaeltacht, ar dhíothú teanga na Gaeltachta mar dhíothú teanga ar bith, ní hionann is briseadh slabhra saíochta na mílte bliain.
saíochta of culture
" Ceisteanna i Réimsí Eile Saoil ========== Na *Northern Irish*, na hiománaithe ar an chlaí seo, an ansa leo *The Late, Late Show* nó Jonathan Ross? U2 nó Guns and Roses? Laethanta saoire i dTír Chonaill nó i bPort Rois? An abrann siad ‘TG Ceathair’ nó ‘TG Four’? (Maidir leis an teilifís de, cén fáth nach n-amharcann aon duine ó thuaidh ar *Fair City*? Ó thosaigh sé i 1989, cad chuige nár chuala oiread is duine amháin éinne ag fiafraí "Bhfaca tú Fair City aréir?") An dtugann siad douze points d'Éirinn agus null points don Ríocht Aontaithe sa chomórtas Eoraifíse? An dtugann siad Arm na Breataine nó An tArm ar, em, Arm na Breataine? An bhfuil naoi nó sé chontae in Ultaibh? Tá na mílte ceist againn ó thuaidh a léiríonn a bhfreagraí cén dearcadh polaitíochta atá ag duine, agus miondifríochtaí saíochta.
saíochta culture
" Má tá an spaga teann agat agus am le caitheamh, labhair le habhcóide agus tabhair caingean in aghaidh aon mheán cumarsáide a dhéanann beag is fiú díot mar gheall ar do chúlra, aicme, teanga/saíochta, creidimh nó ar aon bhun faoin ghréin.
suaitheadh codarsnach na saíochta reverse culture shock
" com/tracks/122887154&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ba mhór agam bualadh leis an scríbhneoir iomráiteach Alex Hijmans le deireanas, agus luaigh sé rud a chuir ag machnamh mé, is é sin: *reverse culture shock* nó suaitheadh codarsnach na saíochta, más maith leat.
an suaitheadh saíochta cultural shock
" Is minic a dhéantar trácht ar an suaitheadh saíochta, agus ar ndóigh, bhí ar Hijmans dul i ngleic leis sin agus saol nua á chruthú aige i dtír atá sách éagsúil le tíortha na hEorpa.
an nasc saíochta idir the cultural link between
" Tugann an fhéile deis comóradh a dhéanamh ar an chultúr Cheilteach chomh maith leis an nasc saíochta idir na tíortha Ceilteacha, Éire, Alba, an Bhreatain Bheag (Cymru), Corn na Breataine (Kernow), an Bhriotáin (Breiz) agus Manainn (Mannin) a threisiú.
saíochta of culture
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfuil ilghnéitheacht saíochta, tíreolaíochta agus eile go léir ag imoibriú ar an óige i gcontaetha áirithe le sárimreoirí a chur chun páirce bliain i ndiaidh bliana.
ag cíoradh ceist luach na saíochta considering the matter of cultural worth
" Bhí Seosamh Ó Riain ag cíoradh ceist luach na saíochta agus dearcadh an Éireannaigh ar ghnéithe den tsaíocht chéanna, mura bhfuil ann ach diddly aye dye.