Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cosúil mar a bheinn sa bhaile as I would be at home
" Bhí mé ag amharc amach ar an fharraige cosúil mar a bheinn sa bhaile ach chaith mé fada go leor ann.
sa bhaile in the home
" Rinne muid suirbhé ar na mallaibh ar labhairt na Gaeilge sa bhaile, agus thaispeáin sé gurb iad an naíscoil agus an bhunscoil innill na beochta maidir leis an Ghaeilge i nDún Pádraig.
Bítear ag súil leis bheith sa bhaile he is expected to be home
" Bítear ag súil leis bheith sa bhaile arís ag am áirithe tráthnóna don dinnéar ach ní mar sin a bhíonn; buailtear cnag ar an doras, cuirtear an drochscéala in iúl agus athraítear saol an teaghlaigh sin go deo.
cistí a bhíonn déanta sa bhaile homemade cakes
" Tá caife deas ann, a dhíolann cistí a bhíonn déanta sa bhaile.
dá bhfanfaidís sa bhaile if they stayed at home
" Daoine iad seo a bheadh ina gceannairí pobail dá bhfanfaidís sa bhaile agus a bheadh gníomhach i gcúrsaí teanga, ealaíne, agus drámaíochta, b’fhéidir.
ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile playing the tunes they used to practise at home
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, a big proportation of young voter stayed at home
" In 2005, thug an ciniceas agus an fhuarchúis an svae leo agus d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, ag ligean dá dtuismitheoirí agus dá seantuismitheoirí PiS a thoghadh chun an Sejm.
ina gcónaí sa bhaile who live at home
" Tá aithne agam ar Éireannaigh a bhfuil a leanaí fós ina gcónaí sa bhaile agus iad in aois a dtríocha bliain.
ní mór an bainne a choinneáil sa bhaile the Finnish milk must be kept at home
" Níor chuir a gceannaire, Timo Soini, fiacail sa scéal “Ní mór na ba Fionlannacha a bhleán ag baile” a dúirt sé, “agus ní mór an bainne a choinneáil sa bhaile”.
sa bhaile i gcéin home away from home
" Mar imirceach as Éirinn, braithim ar mo shuaimhneas anseo -- braithim sa bhaile i gcéin.
an té atá ina shuí sa bhaile the person sitting at home
" 
 “Cionn is go bhfuil an dá theicneolaíocht ag teacht le chéile, an chraoltóireacht agus an t-idirlíon – cumarú, nó convergence a thugtar air - bheidh roghanna níos fairsingí ag an té atá ina shuí sa bhaile agus beidh tionchar aige sin ar na bealaí teilifíse anseo in Éirinn, thuaidh agus theas, orthu sin atá ag brath ar chúrsaí fógraíochta, feicfidh siad cuid dá n-ioncam fógraíochta ag aistriú go dtí an t-idirlíon.
sa bhaile agus i gcéin near and far
" Is féidir iad a shíobadh de dhromchla an domhain mar cheacht do gach éinne sa bhaile agus i gcéin.
Labhraímid Spáinnis sa bhaile we speak Spanish at home
a chaill go leor measa sa bhaile who lost a lot of esteem at home
" Ag seasamh don suíochán folamh seo tá Tommy Thompson, iarghobharnóir an stáit a chaill go leor measa sa bhaile nuair a d'imigh sé go Washington chun obair le George W.
chan amháin sa bhaile not just at home
" AFRICOM ==== Thig leis an ‘Iarthar’ tolgadh ar aghaidh ó dheas le srian a chur ar an tSín, tír a bhfuil cathracha á dtógáil aici, chan amháin sa bhaile mar nach bhfuil díol ná ceannach orthu, ach san Afraic.
sa bhaile ar an tolg at home on the couch
" ‘B’fhéidir go dtiocfaidh sé timpeall gan rómhoill’ a dúradh uair eile i dtaobh imreora a fuair buille láidir sa chloigeann agus nach raibh cinnte ar feadh tamaill an raibh sé i bPáirc an Chrócaigh nó sa bhaile ar an tolg.
samhlaítear mná le hobair sa bhaile women are associated with domestic work
" Ós rud é go samhlaítear mná le hobair sa bhaile, is minic a fhaigheann siad poist i dtithe príobháideacha mar ghlantóirí nó chun aire a thabhairt do sheandaoine is leanaí.
go raibh an ceol i gcónaí i mo shaol agus go mbíodh (agus go mbíonn) an ceol á sheinm sa bhaile i gcónaí riamh music (has and) is always being played at home
" Tá an t-ádh liom go raibh an ceol i gcónaí i mo shaol agus go mbíodh (agus go mbíonn) an ceol á sheinm sa bhaile i gcónaí riamh.
dá muintir sa bhaile for their folk at home
" B’uafásach an scéal é dóibh siúd a bhí ar bord agus dá muintir sa bhaile.
mo dheirfiúr sa bhaile my sister home
" Bhí mo dheirfiúr sa bhaile as Londain agus bhí sí ag aithris dán Aoidh Ruaidh, ‘Triallaidh liom ar bhord mo loing’ arsa an captaen go dtí an béal binn bréagach’.
clóite aige sa bhaile printed out in his home
" Tarraingíodh m’aird ar an réimse teicneolaíochta seo arís le déanaí nuair a ghabh póilíní sa tSeapáin Yoshitomo Imura toisc go raibh 5 gunna clóite aige sa bhaile.