Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ábhar sagairt cleric
" Tá sé curtha i leith George Pell, Ardeaspag Caitliceach Sydney agus an cléireach is sinsearaí sa tír go ndearna sé ionsaí gnéasach ar bhuachaill dhá bhliain déag d'aois i 1961 nuair a bhí Pell ina ábhar sagairt.
go ndéanfaí mná a oirniú mar shagairt that women be ordained priests
" Is mian leo go mbeadh ról níos tábhachtaí ag tuataí i ngnóthaí na heaglaise, ach níl siad ag moladh athruithe conspóideacha ar bith, ar nós cead a thabhairt do shagairt pósadh nó go ndéanfaí mná a oirniú mar shagairt.
shagart le trioblóidí a troubled priest
" Ina dhiúscairt, d'admhaigh Daily gur fhéach sé ar Shanley mar "shagart le trioblóidí" a raibh cabhair de dhíth air.
a dhéanfar a oirniú mar shagairt who will be ordained priests
" An mhí seo, tá deireadh ag teacht le cuid dá aistear fada mar go mbeidh sé ar dhuine de cheithre fhear déag a dhéanfar a oirniú mar shagairt san Eaglais Chaitliceach.
sagart pósta agus baineann married and female priests
" " Agus "an fhearg fhíréin" mar spreagadh aige, scríobhann Breslin go bhfuil sé i bhfábhar sagart pósta agus baineann, deir gur chaith Críost cuaráin agus "ní éide agus fáinní óir", agus deir go bhfuil "miosúr maith Críostaíochta" ag teastáil ón Eaglais Chaitliceach.
i líon na sagart in the number of priests
" Shílfeá, leis an titim atá tagtha i líon na sagart i bparóistí ar fud an domhain agus an laghdú atá sa líon daoine atá ag freastal ar aifrinn agus ag glacadh le comaoineach, go mbeadh straitéisí eile á moladh seachas cosc ar an aontumhacht agus ar homaighnéasaigh.
sagairt bhradacha mischievous priests
" Cuireadh sagairt bhradacha anonn go paróistí i Sasana agus níor tugadh aon eolas do na húdaráis thall fúthu.
an ghlúin sin de shagairt that generation of priests
" Bhain Ó hEaráin leis an ghlúin sin de shagairt a mhair in Éirinn fadó fadó.
oirníodh an oiread sin sagart ina chuideachta some many priests were ordained along with him
" Tháinig sé ar an saol sa bhliain 1897 agus oirníodh an oiread sin sagart ina chuideachta i Má Nuad sa bhliain 1925 nach raibh go leor oibre le fáil acu i bparóistí na hÉireann.
an sagart? the priest?
" An chóir di an scéal a insint dá tuismitheoirí? Cad é dhéarfadh an sagart? An gcuideoidh an Mhaighdean Mhuire léi? An bhfaighidh sí ginmhilleadh? Bhí gné pholaitiúil ag baint i gcónaí le saothar an DFVC, ach ba chathair an-pholaitiúil riamh í Doire.
róbaí an tsagairt the priest's robes
" D'oscail siad doras an bhus, ghoid siad róbaí an tsagairt a bhí in éineacht leis na buachaillí, an tAthair Terry Murray, agus rinne siad iad a stolladh as a chéile.
sagart paróiste, parish priest
" Labhair mé leis an sagart paróiste, an tAthair Dennis Conor, faoin éigneach.
sagart Oblátach Oblate priest
" Eagraíonn Terry Murray, ar sagart Oblátach é, turas mar seo gach bliain agus ní raibh trioblóid ar bith aige riamh.
teach an tsagairt the priest's house
" Ba iad muintir Ionad Buail Isteach an chéad dream a tháinig faoi amhras, ach níorbh fhada gur tháinig an Eaglais Chaitliceach faoi amhras i bhfad ní ba mhó, nó fuarthas clocha paidrín, ceann i ndiaidh a chéile, ar an bhealach idir An Bóthar agus teach an tsagairt sa Daingean.
chroith sé lámh shagairt Chaitlicigh he shook a Catholic priest's hand
" Éagóir mhillteanachChóir a bheith 25 bliain ó shin, rinne ministir Preispitéireach, an tOirmhinneach David Armstrong, éagóir mhillteanach: i 1983, chroith sé lámh shagairt Chaitlicigh aimsir na Nollag.
shagart cúnta curate
" Agus an braon deireanach ag sileadh de bhéal an dara buidéil *Jameson 15 Year Old Reserve*, dúirt Balor go dtosódh sé le roinnt ceisteanna boga, chun Dermo a chur ar a shuaimhneas: **Balor: Ar mhiste leat a rá liom, a Ardeaspaig, an raibh bean agat riamh?** Dermo: Bhuel, a Bhaloir, seachas mo mhamaí agus mo chuid deirfiúracha, bhí cúpla aintín agam agus bean tí thall is abhus nuair a bhí mé i mo shagart cúnta.
shagairt priests
" D'fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.
sagairt priests
" B’iad na sagairt i ndáirire a chothaigh scileanna léitheoireachta i mBriotáinis, chun go mbeadh an pobal in ann a gcuid paidreacha a rá.
sagart priest
" “Is cuimhin liom mé féin ag cur ceiste ar an Aire Oideachais, Fernando Cardenal, sagart Íosagánach, cén fáth go raibh siad ag caitheamh an oiread sin airgid ar chúrsaí oideachais agus dúirt sé liom ‘el education es muy importante”.
shagairt chróga brave priests
" Ní Balor féin atá faoi thromaíocht acu (“ar an drochuair,” a chluinim cuid agaibh ag rá!) ach is ar dhornán beag de shagairt chróga, mheáite atá an bhachall ag titim.
titeann giota sin shagart Chorkery isteach im’ aigne that piece of C.’s priest pops into my mind
" ”* Pé uair a léim aon tagairt i leith reifrinn in Éirinn, titeann giota sin shagart Chorkery isteach im’ aigne.
roinnt sagart some priests
" Theith Ard-Easpag Críostaí Aleppo agus roinnt sagart ón Eaglais Aonaíoch Mheilcíteach chun na Liobáine nuair a rinne lucht trodaíochta ionsaí ar an séipéal s’acu.
sagairt priests
" Thug na sagairt *"Cannibal Island"* ar an Chreagán agus thógadh siad thú amach as do shuíochán le greim daingean ar do ghruaig nó ar do leathchluais.
ar chomhairle ó shagart áitiúil on the advice of a local priest
" Daoradh an chéad triúr a cuireadh ar a dtriail chun báis agus ar chomhairle ó shagart áitiúil, phléadáil an cúigear eile ciontach as an choir leis an chrochadóir a sheachaint.
d’eagraigh sagairt priests organized
" Ach níor ghá dóibh dul thar sáile chun cultúr na hÉireann a bhlaiseadh mar bhí trí chraobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair agus, chomh maith le sin, d’eagraigh sagairt céilithe go rialta sna hallaí paróistí.
pheacaí’ an tsagairt ‘naofa the sins of the saintly priest
" Bhíodar iomlán dall, mar ba ghnách dóibh san am, ar ‘pheacaí’ an tsagairt ‘naofa’.
de cheal sagairt for lack of a priest
" Cúig bliana ó shin dúnadh ceann de na tithe pobail a bhí i bparóiste Droim Thuama i ndeisceart Thír Chonaill de cheal sagairt.
nach annamh a chuirtear cosc ar shagart a priest is occasionally stopped
" Tchítear sa tír seo féin nach annamh a chuirtear cosc ar shagart a labhródh go hoscailte faoi cheisteanna móra an lae, cuirim i gcás ról na mban san Eaglais nó ceist na haontumha.
ba chuma leis an sagart the priest didn’t mind
" Bhí cumhacht ollmhór aici agus ba chuma leis an sagart baint a bheith aige i gcúrsaí pobail nó baile.
sagart amháin one priest
" Aimhréidhe Saoil, Aimhréidhe Intinne ============ Is le hEaglais Cheartchreidmheach na Rómáine an mhainistir lom bhocht seo, í ar bharr sléibhe, agus sagart amháin agus seisear ban rialta ag cur fúthu inti.
Bhí an eaglais ag smachtú sagart the church was disciplining priests
" Bhí an eaglais ag smachtú sagart a bhí ar thaobh an Chonartha.