Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
saineolas expertise
" Beidh sé i gcónaí aitheanta mar dhuine le taithí agus saineolas leathan, duine ar éirigh leis príomhinstitiúid ealaíne a bhunú ag am nuair nach raibh airgead ná áiseanna rófhlúirseach.
saineolas expertise
" Chomh maith leis sin an saineolas agus corpas mór oibre atá curtha i gcrích ó bunaíodh an áit, is cuid d'oidhreacht bheo an náisiúin iad sin.
saineolas expertise
" Tá ag éirí go han-mhaith le TG4 anois, a bhuíochas sin ar lucht bunaithe an stáisiúin, saineolas an chéad cheannasaí Cathal Goan agus an modh oibre straitéiseach atá ag a chomharba Pól Ó Gallchóir agus a fhoireann.
réimse saineolais area of expertise
" " Tar éis céim a bhaint amach sa Luibheolaíocht, thosaigh Diarmuid ag caitheamh níos mó ama ag aisteoireacht leis na Fánaithe, compántas taistil drámaíochta a bhí lonnaithe i nGaillimh, seachas gairm a lorg ina réimse saineolais.
saineolas expertise
" Na príomhláidreachtaí atá againn ná saineolas agus dea-mhéin: dea?mhéin agus féile ó bhaill an Choiste maidir lena saineolas; dea?mhéin ó shaineolaithe san iliomad réimsí maidir le comhairle faoi bhrí agus chomhthéacs téarmaí; ionadaíocht ó eagrais tríú leibhéal agus gaolmhara thuaidh agus theas; dea?mhéin ó dhaoine sa Ghaeltacht maidir le comhairle faoi ghnáthúsáid na teanga; deamhéin ó Fhoras na Gaeilge agus comhthuiscint ar thábhacht na hoibre.
saineolas expertise
" php?Publishers=Archaeology+Ireland breac le híomhánna snasta ó ríomhairí, mar aon le fógraí ó chomhairleoirí seandálaíochta a bhfuil saineolas acu ar an trealamh nua-aimseartha ar fad.
saineolas expertise
" Ní hé a scéal siúd, áfach, an rud is suimiúla nó is tabhachtaí sa scannán - is léargás ar an phróiseas cruthaitheach é agus an saineolas a bhí ag Vermeer maidir le léiriú an tsolais.
saineolas expertise
" Caithfear tacaíocht a thabhairt do na daoine atá ag déanamh taighde i réimsí ar nós na réalteolaíochta toisc go gcuireann an obair sin leis an saineolas atá ar fáil sa tír.
saineolas expertise
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an mBord? Ar na hábhair nirt atá againn, tá foireann chumasach dhíograiseach a bhfuil suim acu sa ghnó agus fonn orthu a gcion a dhéanamh; taithí agus saineolas na gcomhaltaí boird, daoine atá sásta feidhmiú go deonach chun dul chun cinn tomhaiste a bhaint amach san earnáil; agus tacaíocht oifigigh na Roinne, daoine a bhfuil dearcadh gairmiúil forásach acu i leith na hearnála.
saineolas den chéad scoth first-class expertise
" Tá gá le saineolas den chéad scoth agus traenálaithe agus oiliúnóirí den scoth freisin.
Saineolas expertise
" Seo a leanas na cinn is tábhachtaí: Saineolas (atá ar fáil ach é a lorg) a scaipeadh faoi oiliúint imreoirí, modhanna cearta agus minicíocht na traenála, an bia agus na leachtanna cearta, an tábhacht a bhaineann le codladh agus scíth cheart a fháil.
saineolas expertise
" " Tháinig Goggin ar an tuiscint ansin go raibh géarghá le saineolas gnó sa tionscal agus thug sí faoi mháistreacht i riarachán gnó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
meas ar shaineolas respect for expertise
" "Ach má thaispeánann duine éigin a dhochtúireacht agus go gcaithfidh na daoine eile ar fad éirí as eagar a chur ar altanna, ní sin meas ar shaineolas, sin meas ar cháilíochtaí.
saineolas expertise
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis AnBL? Is iad cumas, saineolas, agus breithiúnas na foirne na nirt is tábhachtaí atá ag an Bhrainse; tá beagnach ochtó bliain de thaithí taighde ar logainmneacha ann agus cartlann luachmhar ina bhfuil na mílte foirmeacha stairiúla de logainmneacha as gach contae sa tír, theas agus thuaidh.
saineolas grianghrafadóireachta expertise in photography
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
saineolas grianghrafadóireachta expertise in photography
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
Saineolas expertise
" AÓF: Céard iad na tréithe a bhíonn á lorg agat i nduine a bheadh ag obair mar mholtóir? LÓM: Saineolas ar an ábhar, más damhsa nó ceol nó agallamh beirte nó amhránaíocht atá i gceist.
saineolas expertise
" Bhí saineolas acu faoin tslí a n-oibríonn an tionscal *canned hunting*, bhí siad go treán ina choinne agus gan eagla orthu é seo a rá go poiblí.
saineolas luachmhar valuable expertise
" Má tá saintuiscint agus saineolas luachmhar ag comhlacht tiocfaidh an *critical mass* de réir a chéile a theastaíonn le méadú.
saineolas luachmhar valuable expertise
" Má tá saintuiscint agus saineolas luachmhar ag comhlacht tiocfaidh an *critical mass* de réir a chéile a theastaíonn le méadú.
saineolas expertise
" Baol go gcaillfear saineolas Ceann de na fadhbanna a bhaineann leis an pholasaí díláraithe ná go dtiocfaidh athrú mór millteanach ar fhoirne na rannóg stáit agus go bhfuil an baol ann go gcaillfear an saineolas atá ag státseirbhísigh a bhfuil le taithí na mblianta fada acu.
ag roinnt do chuid saineolais leo sharing your expertise with them
" Is iontach an deis í freisin do na scoláirí thall a bheas ag éisteacht leat ag roinnt do chuid saineolais leo.
réimse saineolais area of expertise
" Is minic lucht blagadóireachta níos oilte ina réimse saineolais féin ná na hiriseoirí a bhíonn ag plé leis ó am go chéile.
saineolas faoi leith particular expertise
" Ina theannta sin, de thairbhe saineolas faoi leith a bheith acu ar réimse faoi leith den saol, bíonn blagadóirí ábalta díriú ar sciar áirithe den lucht airdill.
lena chuid saineolais with his expertise
" Bhí sé fial lena chuid saineolais agus lena chuid scileanna.
go leor saineolais a lot of expertese
" Mura bhfuil go leor saineolais nó taithí ar fáil i dtír atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh – má tharlaíonn timpiste in aerspás tíre bige, cuir i gcás – is féidir le tír eile a bhfuil baint aici leis an tionóisc freagracht an imscrúdaithe a ghabháil uirthi féin.
le húdair a áirítear mar údaráis ar a réimse féin saineolais. with authors who are considered authorities in their own field of expertise
" Is iad Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh eagarthóirí an tsaothair, ina bhfuil sraith aistí le húdair a áirítear mar údaráis ar a réimse féin saineolais.
go leor saineolais a lot of expertise
" “Nuair a thosaigh mé a chaint leis na daoine sa siopa, fuair mé amach go raibh go leor saineolais acu ar an ealaín agus go raibh céim sa Mhínealaín ag cuid acu fosta.
malartú saineolais exchange of expertise
" Bhí an malartú saineolais agus an taithí phraiticiúil leis na rannpháirtithe eile sa rang an-luachmhar go deo agus thug sé comhthéacs do go leor den teoiric.
saineolas expertise
" Ní raibh a fhios aici ag an am, ach bhí an saineolas a chuir sí ar an réimse seo chun a bheith fiorúsáideach di i gceann deich mbliana eile.
shaineolas expertise
" Le roinnt blianta anuas, tá sé mar aidhm ag ceannairí na tíre seo an eacnamaíocht a bhunú ar shaineolas.
shaineolas a roinnt le to share his expertise
" Ba cheart leas a bhaint as riail Bosman le Nick Leeson a aistriú láithreach ó Ghaillimh Aontaithe go hOifig an Rialtóra Airgeadais agus bliain shabhóideach a thabhairt do Joe the Plumber le go bhféadfadh sé a shaineolas a roinnt le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
saineolas expertise
" Tá 10 n-ionad nua a dhéanann leasú ar chorpáin i ndiaidh theacht chun cinn sa tSín agus tá saineolas sa tír sin ar dhioscadh coirp nach bhfuil le fáil i mórán tíortha eile.
lucht saineolais sa réimse seo experts in this field
" Tá ciallachais mhóra ag an chlaonadh seo ar ndóigh do shochaí na hÉireann frí chéile ó tharla go measann lucht saineolais sa réimse seo go mbíonn dea-eisleamáirí fireanna de dhíth go mór ar ghasúirí agus iad ag teacht i méadaíocht - ar bhuachaillí ach go háirithe.
lucht saineolais experts
" Ní hé go bhfuil an t-eolas istigh ann agus go bhfuil an pobal ag triall ann lena fháil, cé go dtuigimid go léir go bhfuil lucht saineolais sna hollscoileanna, ach is iad na daoine agus an t-eolas atá acu féin an tsócmhainn is tábhachtaí.
saineolas expert knowledge
" Níor nocht an léarscáil mórán seachas nach bhfuil saineolas ag an gcomhlacht teileacumarsáide i leith léarscáiliú.
tsaineolais expertise
" In ainneoin an tsaineolais atá againn faoi dhéantús na gealaí agus an dóigh a fheidhmíonn sí, tá draíocht ag baint léi go fóill, draíocht rúnda álainn a spreagann agus a mheallann an té a amharcann uirthi.
lucht saineolais experts
" I ngan a fhios don chuid is mó againn, tá lucht saineolais ag iniúchadh agus ag athbhreathnú na seanchoincheap níos mó ná ariamh, i ngeall ar an dul chun cinn atá déanta ina réimsí léinn éagsúla.
saineolas expert information
" Níl sé sásta aird ar bith a thabhairt ar chritéir a leag na saineolaithe síos, cé gur caitheadh airgead go leor le teacht ar an saineolas.
saineolas expert knowledge
" Ní mór anois an saineolas sin a fháisceadh le chéile le nuachtán seachtainiúil, téagartha a chur ar fáil.
lucht saineolais experts
" php) Tá roinnt de lucht saineolais ag faire orthu, ag súil le tionscnamh ar fónamh a fheiceáil ag eascairt as.
lucht saineolais experts
" com/watch?v=juYmKSYQiy0) Chríochnaigh an cluiche go gairid i ndiaidh an fhill agus de réir na n-údar agus lucht saineolais, chaill an fhoireann ab fhearr.
saineolas expert knowledge
" Is ceart dom a lua sa chéad dul síos nach bhfuil aon saineolas faoi leith agam ar an ábhar seo seachas an t-eolas atá agat féin, a léitheoir.
Saineolas expert knowledge
" An Saineolas Idirnáisiúnta Bunaíodh an dréachtstraitéis cuid mhaith ar thuarascáil a d’ullmhaigh buíon saineolaithe idirnáisiúnta faoi stiúir FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath don rialtas.
lucht an tsaineolais experts
" Tá daoine ar spéis leo cás na teanga ag dul i ngleic leis na fíricí loma faoi dheireadh ach tá lucht an tsaineolais teangeolaíochta ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán an geábh seo chomh maith.
saineolas expertise
" Sa leabhar ‘*Outliers*’ le Malcolm Gladwell, cíorann sé an nós go caithfear 10,000 uair a chur isteach in aon cheird chun teacht ar an saineolas, bíodh sé sin ar an ngiotar, an piano nó i sampla amháin atá aige, ag clárú ríomhaire.
saineolas expert knowledge
" Ritheann sé liom, agus ní den chéad uair, dá mbeadh an CLG, ach oiread leis an Rialtas féin, dáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn, go mbeadh méid áirithe de chluichí móra an tsamhraidh beo ar TG4 – ní hé nach bhfuil an oilteacht agus an saineolas ag an stáisiún.
saineolas expert knowledge
" Ní raibh an doiciméad bunaithe ar aon saineolas ná taighde.
saineolas specialist knowledge
" Sa tuaisceart, ní rachainn i muinín straitéis ar bith a thiocfadh ón stát, nó níl an saineolas ag an stát agus níl an tiomántas aige.
saineolas expert knowledge
" Suite i lár na Róimhe, tugann sé léargas ar an saineolas a bhí ag na Rómhánaigh ar an innealltóireacht agus ar an ailtireacht ag an am.
lucht saineolais experts
" Murar chuir lucht saineolais spéis in intinn an linbh roimhe seo, is iontach an chaoi ar chuir an pobal dúil i dtorthaí an taighde.
a gcuid saineolais their expertise
" com – tá siad sásta a gcuid saineolais a roinnt leat ar an nguthán, ar r-phost, ar Facebook nó ar Twitter is tú ag roinnt an fhíona fhoirfe don bhféasta.
saineolas expertise
" Seo dream daoine a bhfuil saineolas acu, ní hamháin ar chruthú gréasáin sóisialta, ach ar úsáid, mí-úsáid agus ar fhorbairt gréasáin sóisialta.
saineolais expertise
" Cé gur mór an méid saineolais agus comhairle atá ar fáil maidir le gortaithe a sheachaint agus cúram a dhéanamh díobh, ní léir go bhfuil mórán cainte nó iniúchadh á dhéanamh ar na fáthanna atá leis an méadú a bhraitear a bheith ar líon agus ar mhinicíocht gortú tromchúiseach.
saineolas cuí proper expertise
" **Teorainneacha na Gaeltachta:** Triúr coimisinéirí a cheapadh, leis an saineolas cuí, agus 6 mhí a thabhairt dóibh chun a gcuid moltaí a chur os comhair an rialtais maidir le teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú.
taithí agus saineolas experience and expertise
" Ar an ábhar sin, de réir na hargóna, tá sé inghlactha go n-íocfaí bainisteoir foirne a bhfuil taithí agus saineolas aige agus a mbíonn air a lán ama agus dua a chaitheamh ag ullmhú na foirne, ag plé le lucht leighis, ag bualadh le lucht na meán, ag taisteal anseo is ansiúd agus mar sin de.
de bharr easpa saineolais due to lack of expert knowledge
" Ní fhéadfadh Bord an Údaráis feidhmiú mar is ceart ar thrí chúis im’ thuairimse: - (i) i dtosach tá an Bord rómhór le bheith feidhmiúil; - (ii) is comhairleoirí contae nó iarchomhairleoirí contae 13 as an 17 ball tofa ar bhord na heagraíochta, agus ní bheadh sé de mhisneach acu vótaí a chur i mbaol trí sheasamh a ghlacadh, a chuirfeadh caomhnú na Gaeilge roimh chruthú fostaíochta; - (iii) de bharr easpa saineolais, ní hacmhainn don bhord dúnghaois a shocrú ná dianscrúdú a dhéanamh ar obair na heagraíochta.
saineolas ar leith a special expertise
" De réir Jobvite, comhlacht a bhfuil saineolas ar leith acu ar earcú sóisialta, tá fás as cuimse faoin earcú sóisialta (iontas na n-iontas!).
saineolas expertise
" “Is Eorpach mé ó log m’imleacáin go gleann mo thóna,” a dhearbhaíonn Balor, fear a bhfuil saineolas aige ar chúrsaí gnéithe aiceanta agus ar chúrsaí tóna.
saineolas a roinnt leat to share expert knowledge with you
" Nach bhfuil sé thar ama duit an crann Nollag a mhaisiú? Más ea, tá péire cat ann atá sásta a saineolas a roinnt leat.
saineolas uathúil particular expertise
" Is feidhmiúil a leithéid i dtíortha eile ar an bhonn gur fiú go mór go ndéanfadh daoine le saineolas uathúil scagadh níos doimhne ar reachtaíocht de chuid na Parlaiminte.
saineolas sna réimsí seo specialized knowledge in these areas
" Arbh fhiú a bheith ag smaointiú ar phacáiste iomarcaíochta deonach a thairiscint do bhaill foirne áirithe lena chinntiú go dtig leat daoine úra le saineolas sna réimsí seo a earcú? Cúram dúshlánach é an ní ar a dtugtar 'bainistíocht athruithe' in eagraíocht ar bith agus is tusa a bheas á stiúradh sa chás seo.
ag roinnt a gcuid saineolais ar leith teicneolaíochta sharing their specialized technological knowledge
" Bhí mic léinn, iarchéimithe agus ollúna ann ag roinnt a gcuid saineolais ar leith teicneolaíochta, innealtóireacht leictreonach agus eolaíochta.
saineolas uathúil specialized knowledge
" Sílimse gur meancóg a bheadh ansin mar go bhfeidhmíonn teach uachtarach go fónta i dtíortha eile ina ndéanann daoine le saineolas uathúil scagadh níos doimhne ar reachtaíocht de chuid na Parlaiminte.
saineolas specialized knowledge
" Léiríonn an saothar sa chuid seo den taispeántas an saineolas a bhí ag ealaíontóirí na tréimhse sin ar choincheapa mar pheirspictíocht líneach/atmaisféarach agus an tionchar a bhí ag an Iodáil ar fhorbairt stíl na hÍsiltíre - bhí sé coitianta ag an am sin go rachadh ealaíontóirí na hÍsiltíre chun seal ama a chaitheamh san Iodáil le staidéar a dhéanamh ar mhodhanna péintéireachta an taoibh sin.
Grinníonn lucht saineolais experts examine
" An dtig linn corraí? Grinníonn lucht saineolais gnéithe de scéal an téarnaimh, más téarnaimh é, ag Tóstal na Gaeilge a cheistíonn nó a dheimhníonn nach amháin go bhfuil gothaí orainn ach go bhfuil an cur chuige i gceart.
ag brath ar an saineolas atá acub depending on the expert knowledge they have
" Tá daoine ann le tuairimí éagsúla nach dtagann ón saol polaitiúil de ghnáth, daoine a thugann an-léargas ó thaobh na gcúiseanna a thagann isteach, ag brath ar an saineolas atá acub.
ag lorg an tsaineolais seeking the expertise
" Ba léir Dé Sathairn go bhfuil muintir na Gaeltachta i Maigh Eo ag lorg an tsaineolais len iad féin a threorú chun cuain in aghaidh farraige arda an Bhéarla.
de réir lucht saineolais according to experts
" Ó Ré Nua na Cloiche atá na hulacha moghlaeracha seo, agus mar sin, ó thaobh na staire de, níl siad róshean ar chor ar bith ! Tá uirlis, lámhdéanta as breochloich idir 300,000 agus 400,000 bliain roimh Chríost, b’fhéidir, in Ard-Iarsmalann na hÉireann, ach de réir lucht saineolais ansin snoíodh í in áit éigin eile agus ba é an oighearchlúid a leag síos ina dhiaidh sin í gar do chósta na hÉireann.
an saineolas expertise
" Cé go mbeadh siad in ann, mar shampla, ábhar a léamh i 10 nóiméad a thógfadh 30 noiméad ar ghnáthléitheoir, b’fhéidir go mbeadh orthu sos 20 noiméad a thógáil ina dhiaidh! ● Tá fianaise ann go léimid ag luasanna éagsúla ag brath ar an saineolas atá againn ar an ábhar, nó mar a chuir Harvard Press le déanaí é: “*There is an "app" that has been proven to allow faster reading and complete comprehension.
le saineolas with expertise
" D'inseoinnse an scéal ó thús deireadh go fial, fonnmhar, ach bhí daoine eile sa gcomhluadar, cuntasóir Béarlóra as Baile Átha Cliath, agus beirt as Londain, rud a thug orm freagra gonta a thabhairt ar an gceist ar fhaitíos go gcuirfinn bréantan ar an gcóisir le saineolas.
maíomh as a shaineolas boast of one’s expertise
" Má fhíoraítear an tairngeacht is féidir le duine maíomh as a shaineolas agus mura bhfíoraítear í is féidir leis an milleán a chur ar réiteoir éigin! Tá daoine ann os cionn aoise áirithe, Ciarraígh den chuid is mó, a chreideann agus a áitíonn agus nach n-athróidh a n-intinn go brách ina thaobh, gurb í foireann Chiarraí '75-'86 an fhoireann ab fhearr riamh.
saineolas expertise
" Tagann athruithe ar nósanna agus ar chaighdeán maireachtála, ar shlite beatha daoine, ar an gcaighdeán oideachais, ar chineál agus ar chaighdeán bia, ar chúrsaí leighis, ar an saineolas agus ar an tuiscint ar mhodhanna agus ar theicnící traenála agus imeartha, ar chur chuige, ar rialacha, ar eagrú na gcluichí (córas an chúldorais, fágaim), ar fhearas agus ar theicneolaíocht an spóirt agus mar sin de.
bhfuil an saineolas agus na hacmhainní againn we have the expertise and the resources
" Níl aon amhras orm ach go bhfuil an saineolas agus na hacmhainní againn, agus is mian linn na deiseanna úra seo a thapú.