Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sainiúil distinctive
" Ní inniu ná inné a tosaíodh ar an chaint seo faoi mheath na teanga sna ceantair éagsúla ach an rud is tábhachtaí ná go bhfuil neart Gaeilge á labhairt sa Ghaeltacht, go fóill ar aon chuma, rud a chinnteoidh go gcoinneofar í ina pobal sainiúil ar feadh glúin nó dhó eile.
sainiúil distinctive
" Tá siad sainiúil mar a bheifeá ag súil leis ó dhuine sainiúil mar é.
shainiúil distinctive
" Measann muidne nach féidir tús a chur le caomhnú phobal Gaeilge na Gaeltachta go dtí: Go dtiocfaidh polaiteoirí agus lucht Rialtais ar an tuiscint gur fiú an Ghaeltacht a shábháil mar go gcuireann sí le féinmhuinín agus le féiniúlacht na tíre, agus gur gá di a bheith ann chun a chinntiú gur tír neamhspleách shainiúil a bheas in Éirinn i measc thíortha eile na hEorpa.
beo beathaíoch sainiúil alive and special
sainiúil distinctive
" Tá éagsúlacht an-deas ar an diosca agus ceol sainiúil, pearsanta ó chuid de na ceoltóirí is fearr atá sa tír.
shainiúla specific
" Tá obair mhór déanta ar dhearadh ábhair d'fhoghlaimeoirí fásta agus tá ceithre chúrsa shainiúla ag an Aonad faoin am seo.
dár gcultúr sainiúil féin our own distinctive culture
" Bhí uainn go mbeadh TnaG ag freagairt dár gcultúr sainiúil féin.
sainiúla distinctive
" Is é an cuspóir atá ag an taispeántas seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad, chultúr agus stair na tíre agus ag an am céanna turasóirí agus daoine áitiúla a mhealladh chun na ba sainiúla seo a fheiceáil.
sainiúil unique
" "Saoire ar dóigh - sainiúil, sultmhar, sláintiúil, suaimhneach!" a deir ceann acu.
sainiúil unique
" Tá "géarchéim féiniúlachta" againn i gCeanada - cé hé muid féin, agus cén rud faoi leith atá againn le tabhairt don chomhphobal domhanda? Faoi dheireadh (i gceann 500 bliain, b'fhéidir) beidh orainn a admháil gurb é inphrionta na mbundúchasach Ceanadach an t-aon rud amháin sainiúil atá againn nach bhfuil le fáil in aon áit eile ar domhan - sin í " an fhéiniúlacht" agus an "rud áirithe sin" atáimid ag lorg.
sainiúil distinctive
" Ba bhreá linn a cheapadh go bhfuil ár gcuid ceoil sainiúil féin againn ach, ag an am céanna, nach bhfuil sé rófhada ó cheol iontach fidle iarthar na hÉireann.
a séala sainiúil féin its own distinctive mark
" Níl aon amhras ach go gcuirfidh Corcaigh a séala sainiúil féin ar ócáid 2005.
sainiúla distinctive
" Antaine Ó Faracháin: A Áine, cad a chiallaíonn "sean-nós" duitse? Áine Ní Dhroighneáin: Is traidisiún é - ealaín, dúchas, comhluadar, seanchas AÓF: An bhfuil aon tréithe áirithe sainiúla a bhaineann leis? ÁNíD: Amhráin as Gaeilge iad ar ndóigh! Agus freisin braitheann sé ar an gceantar.
sainiúil distinctive
" D sa Léann Ceilteach bainte amach aige, nó ceann a chur ar an bhfear as an tuaisceart a bhfuil a dhearcadh sainiúil féin aige ar chúrsaí ansin.
níos sainiúla more unique
" Tá cuid acu níos sainiúla: léiríonn íomhá amháin fear sna tríochaidí ina shuí ar leaba atá cóirithe go néata.
sainiúil unique
" D'inis sé dom go bhfuil an bád sainiúil – is é an t-aon soitheach bunaidh mar seo ar domhan.
chomhrádaíocht shainiúil unique comradeship
" "Bhí muid ar tí an chomhrádaíocht shainiúil sin a bhí le fáil sa Liverpool Irish a chailleadh," a deir sé.
sainiúil distinctive
" Is é príomhláidreacht na Gaeltachta ná an cultúr sainiúil atá ansin, nach bhfuil caomhnaithe chomh maith céanna in aon áit eile.
sainiúil unique
" Mar a dúirt Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, sa treoirleabhar a d’fhoilsigh an comhlacht i 1997: “Dúinne i nGleann Cholm Cille, tá an fhorbairt eacnamúil agus an cultúr dlúthcheangailte lena chéile; ní gnáth-thurasóir a thig chugainn ach cuairteoirí ar spéis leo saibhreas sainiúil na Gaeltachta agus níl áit níos fearr leis sin a fháil ná paróiste seanda an Ghleanna.
shainiúil distinctive, unique
" Ní nach ionadh, fidléireacht den chuid is mó atá ar fáil - taifeadtaí baile de cheoltóirí áitiúla, den ghnáthbhunadh a d’fhás aníos leis na damhsaí baile agus le stíl shainiúil cheoil nach bhfuil cloiste ach ag scaifte beag daoine.
shainiúil distinctive, unique
" Ní nach ionadh, fidléireacht den chuid is mó atá ar fáil - taifeadtaí baile de cheoltóirí áitiúla, den ghnáthbhunadh a d’fhás aníos leis na damhsaí baile agus le stíl shainiúil cheoil nach bhfuil cloiste ach ag scaifte beag daoine.
ina stíl shainiúil ionraic féin, in his own distinctive honest style,
" Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
sna ceantair shainiúla seo in these distinctive areas
" Anois, is gá pleanáil agus bainistíocht chuí a chur i gcrích sna ceantair shainiúla seo lena chinntiú go ndaingneofar na pobail Ghaeltachta atá láidir ó thaobh na teanga de faoi láthair.
dá mbeadh saothar sainiúil nó bunleagan de shaothar a special work or an original
" Tá réimse leathan saothar ar fáil ó thaobh praghais de – d’íocfá idir 100 agus 15,000 Linden dollar orthu, nó níos mó arís dá mbeadh saothar sainiúil nó bunleagan de shaothar ar leith á cheannach agat.
sochaí shainiúil distinctive society
" Mar gheall ar go bhfuil mé lonnaithe i measc an phobail, gheobhaidh mé ábhar don chlár thar thréimhse fhada, agus tá súil agam go gcabhróidh an fhísiriseoireacht liom léargas níos doimhne a thabhairt ar an tsochaí shainiúil seo.
Guth sainiúil distinct voice
" Guth sainiúil John Ghráinne a fhaighimid anseo agus é lán de shaibhreas agus de shaíocht Ghaeltacht Thír Chonaill.
rogha de léitheoireacht shainiúil a choice of distinctive reading
" Tá *Lá Nua* le moladh as rogha de léitheoireacht shainiúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus tá an baol ann go mbeidh sciar suntasach de Ghaeil an Tuaiscirt balbh gan é.
ar bonn sainiúil in particular instances
" Feidhmíonn siad ar bonn sainiúil an chuid is mó den am.
lusra sainiúil unique herbage
" Tá siad ag déanamh an-dochar don lusra sainiúil agus ag cur i mbaol gach cineál éin a dhéanann nead ar an talamh.
lorg sainiúil a láimhe his own quintessential mark
" Anuas den díon leis an mbeirt ansin, bia, alcól agus sóláisti eile á mbailiú acu ón gcuisneoir don gcampáil éigiallta amuigh! Níl in aon ní ach seal Ach is i mbreathnú agus in éabhlú an chaidrimh idir Roman agus Maru is fearr a leagann Neranjo lorg sainiúil a láimhe ar ‘I’m Going to Explode’.
sainiúil particular
" Tá úsáid bainte ag Somers as na scileanna agus na taithí uilig atá aige mar shléibhteoir agus mar údar le húrscéal inchreidte, spleodrach, sainiúil a chruthú.
gcosa sainiúla particular standpoints
" Seasann an dá scannán ar a gcosa sainiúla féin.
sainiúil special
" ---------- Léirmheas na Míosa ‘*The Lovely Bones*’ le Peter Jackson In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘*The Lovely Bones*’.
sainiúil special
" Ach tuigeann na comhlachtaí go léir go bhfuil Éire anois, ó thaobh earnáil an thonnfhuinnimh de, in áit sainiúil, an áit ina raibh an Danmhairg fiche bliain ó shin.
Sainiúil individual
" A Bealach Sainiúil Féin ========= Thosaigh sí ag obair go tréan ar a cuid ealaíne ansin, ach in ainneoin gur éirigh go maith leis na taispéantais s’ aici sna daicheadaí agus na caogaoidí, ní raibh sí ábalta dul i ngleic leis na Abstract Expressionists – Jackson Pollock, Willem de Koonig agus Mark Rothko, a bhí go mór i bhfaisean ag an am.
ionannas sainiúil ban a particular feminine identity
" ’Siad dúchas an ghrá féin agus ionannas sainiúil ban dhá phríomh ábhar a fiosraithe.
go sainiúil singularly
" Fáth nach leor an Béarla – teanga sholúbtha na meán cumarsáide – mar ghnáth-theanga gnó na tíre seo ná nach linne amháin go sainiúil í.
sainiúil singular
" html> Lucht Coimeádta na mBronntanas ================= An rud sainiúil faoi (People Love Presents)(http://www.
scread sainiúil sráide particular street shout
" Tá sí cosúil le cat caolsráide agus cuireann a scread sainiúil sráide i gcuimhne dúinn ar feadh an dráma gur den íosaicme í.
deis shainiúil a special opportunity
" Fuair sé deis shainiúil a chomhphobal féin a athdhearadh de réir phrionsabal dleathach nua-aimseartha, agus tá fonn air an soiscéal sin a scaipeadh.
cuí sainiúil particular and fitting
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
sainiúil uirbeach special urban
" B’ilghnéitheach na léargais dár ghin an bhéim sin, ach ní cóir beag is fiú riamh do dhéanamh den thimpeallacht intleachtúil sainiúil uirbeach sin dar ghearr Tóibín as an gcloich.
rud sainiúil féin a dhéanamh to do his own distinct thing
" Tuigtear nach bhfuil aon sárú prionsabail i gceist nuair a aithnítear cearta na comharsan agus nuair a thugtar slí dósan fosta a rud sainiúil féin a dhéanamh.
gné shainiúil lárnach a central characteristic aspect
" Ní oirfeadh a leithéid do mhuintir na tíre seo a mhaíonn go hurrúsach gur gné shainiúil lárnach dá sochaí í cothrom na Féinne, nó a fair go mar a thugann siad air.
sainiúil ar an localised
" Is galar uafásach í clamadóis, atá sainiúil ar an gcóála, agus eascraíonn galair éagsúla eile aisti, eadhon daille, aimride, aicíd na scamhóg agus ionfhabhtú chonair an fhuail.
foinsí socheolaíochta sainiúla particular sociological sources
" D’úsáid sé leabhair neamhghnácha, cinnte, ina léacht in NYU mar gheall ar stair imirceach na hÉireann, leabhair cosúil le foinsí socheolaíochta sainiúla de chuid Orlando Fals Borda, Conrad Arensberg, Sol Kimball agus E.
cleachtadh sainiúil the definitive practice
" Cloíonn ainm na féile le cleachtadh sainiúil Corcaíoch, ’sé sin, go ngiorraítear príomhghné an ainm agus go gcuirtear an iarmhír 'a' leis mar chúiteamh.
an íogaireacht mhórálta shainiúil seo this singular moral sensitivity
" Blas ar an nGontacht ======== Cá bhfuair an fear seo an fhéinmhuinín agus an íogaireacht mhórálta shainiúil seo? Cé go raibh an-chosúlachtaí idir Lincoln féin agus na daoine neamhoilte a phlódaigh prós tuaithe William Carleton in Éirinn roimis Chogadh na gCarad, d’éirigh leis an bhfear ait ó Springfield Illinois ceol ar leith a bhaint as an mBéarla le linn a shaoil.
draíocht na bhfocal sin a mhíniú go sainiúil to explain specifically the magic of those words
" Agus cé ná féadfaí draíocht na bhfocal sin a mhíniú go sainiúil, do mheas Greenblatt gur chruthaigh siad *‘stir in the mind’* mar a dúirt sé i Shakespearean Negotiations toisc gur bhain siad le traidisiún claisiceach de chuid energia, ’sé sin an traidisiún scríbhneoireachta a rinne iarracht cúpla téamaí casta teibí a achoimriú le focal nó dhó nó le híomhá amháin.
Is gné iontach sainiúil í féiniúlacht an duine a person’s identity is a very distinct matter
" Is gné iontach sainiúil í féiniúlacht an duine agus imríonn eachtraí beaga pearsanta teaghlaigh, scoile agus gaolta go léir a dtionchair ar fhéiniúlacht an duine.
a raibh luach sainiúil aige, as féin, tráth which had a special value of its own once upon a time
" Is é an toradh a bhí ar an athrú bunúsach seo nach bhféachtar ar an ngrá mar bhraistint nó mar mhothúchán i gcónaí ar na saolta seo, mothúchán idirphearsanta a raibh luach sainiúil aige, as féin, tráth.
idir chúinsí sainiúla thinneas between the distinct conditions of (Mrs. F’s) illness
" Ach ní léir in aon chor féiliúnacht an reductio sin mar níor scríobh na breithimh i ndáiríre mar gheall ar an nasc idir chúinsí sainiúla thinneas Mrs Fleming agus na torthaí diúltacha san Ísiltír dár béimníodh.
fiú smaoineamh i leith eisceacht sainiúil don to consider even as a distinct exception for
" Muna rabhadar sásta fiú smaoineamh i leith eisceacht sainiúil don bhean seo amháin, ní léir in aon chur cad ba chúis leis na ráitis truamhéile seo a leanas uathu: *‘The Court appreciates, of course, that from Ms.
an fheidhm shainiúil sin amháin that singular application
" Dá bhféadfaí a léiriú do bhreithimh an tslí ina gcuireann dlí nó reacht isteach ortsa amháin, is féidir leo an fheidhm shainiúil sin amháin den reacht a thoirmeasc.
foclóir sainiúil a distinct lexicon
" Cruthaíonn an ceol ilghnéitheach foclóir sainiúil.
Iarracht sainiúil a special effort
" Iarracht sainiúil ab ea an dráma seo an id agus super-ego Freud a chur i riocht drámatúil dúinn.
thug a leithéid tréithe sainiúla such an aspect gave distinct traits
" Tá an Rotha Mór tiontaithe anois agus maítear gur gné uathúil é i stair na tíre agus gur thug a leithéid tréithe sainiúla dá mhuintir.
foclóir sainiúil a select speech register
" Teastaíonn ó Schama labhairt le gach earnáil daonna ina chuid scríbhneoireachta agus ina chuid abhcóidíochta ar an dteilifís, agus más ea, úsáideann sé foclóir sainiúil.
bheartaigh siad inneall a dhéanamh go sainiúil they decided to make an engine specifically
" Bhíodh sé de nós acu innill de chuid Mercedes Benz a úsáid, ach bheartaigh siad inneall a dhéanamh go sainiúil don charr seo agus don Korando Sports.
sainiúil deireanach last explicit
" Scríobh Hitchens leabhar sainiúil deireanach darbh ainm Mortality, cnuasach aistí ilghnéitheacha a rinne cur síos ar a mheath tapaidh fisiciúil.
cé chomh sainiúil how specific
" An ann do Hiberno-English a thuilleadh, áfach, agus más amhlaidh atá, cé chomh sainiúil is atá sé go háirithe faoi anáil thonn tuile an chultúir dhomhanda? Agus an fíor go fóill focail Joyce? "*The language in which we are speaking is his before it is mine.
an oidhreacht shainiúil dar díobh muid the distinct heritage from whom we descend
" B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tá tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.
ghlór sainiúil unique voice
" Ach caithfear an cheist a chur cén ghlór sainiúil a bheas ag an nuachtán úr agus é i gcomórtas leis na céadta míle suíomh eile atá ar fáil chomh furasta céanna? ’Sé an t-aon dóigh go n-éireoidh leis an nuachtán nua meas an phobail a bhfuil sé dírithe air a chothú ná trí ardán a thabhairt do scéalta atá ag dó na geirbe acu.
Leabhar neamhghnách sainiúil an unusual and special book
" com/tracks/138036247&amp;auto_play=false&hide_related=falseauto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Leabhar neamhghnách sainiúil ab ea leabhar Sheáin de Fréine, *Saoirse gan Só*, a foilsíodh don chéad uair le linn ré Lemass i 1960.
cheantar geografach sainiúil a specific geographic area
" Imríonn an fheiceálacht teanga tionchar ar an mbaint a bhíos ag beartas teanga ar an bpobal, agus ar an gcaoi a gcuirtear an beartas sin in iúl i measc na sluaite daoine taobh istigh de cheantar geografach sainiúil.
shainiúil specialised
" Bhain teideal an taispeántais leis an téarma a úsáideadh i dtús aimsire le cur síos a dhéanamh ar an stíl shainiúil péintéireachta sin a d’fhorbair leithéidí Picasso agus Braque idir na blianta 1910 agus 1912.
shainiúil special
" Díríonn Colm Mac Séalaigh aghaidh an ailt seo ar an aicme shainiúil seo i saol an spóirt.