Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chun an tsochaí Éireannach a shainiú to define Irish society
" Ach ní leithscéal é sin; caithfear dul i mbun gnímh chun an tsochaí Éireannach a shainiú as an nua.
sainiú defining
" Bíonn síorsheachadadh eolais ar na gnéithe éagsúla cultúir ó ghlúin go glúin i rith an ama agus bítear ag sainiú agus ag cur leis an eolas le himeacht ama.
sainiú defining
" Dúirt sé go raibh praghas íseal san áireamh i sainiú na huirlise chomh maith leis an liosta mianta eile.
sainithe proven, defined
" Bhí tuairim na n-údar bunaithe ar thorthaí agus ar thaispeántais na bliana seo caite! Rinneadh neamhaird, nó dearmad, arís ar a bhfuil sainithe sa traidisiún le breis agus céad bliain: buann Corcaigh ar Thiobraid Árann beagnach i gcónaí nuair atá an cluiche eatarthu ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh.
faighteoir a shainiú to define the receiver
" com) ná go mbailíonn an bheirt bhan a chruthaigh an suíomh na bronntanais is fearr ó gach cearn den idirlíon: d’fhéadfá coimeádaithe na mbronntanas a thabhairt orthu! Sheol siad feidhmchláirín don iPhone le déanaí a ligean duit an faighteoir a shainiú ionas go mbeidh an cláirín in ann an bronntanas is oiriúnaí a roghnú duit.
a shainiú to define
" Chreid sé, a dúirt sé, go mba ghá do na baill dul chun cinn na heagraíochta a mheá agus an cineál eagraíochta atá uathu a shainiú.
shainiú go mion define minutely
" Ach má tá tú buartha faoi phríobháideachas, is fiú go mór Facebook mar go ligeann sé duit socraithe príobháideachais a shainiú go mion.
Béascna shainithe iomána a specified culture
" Béascna shainithe iomána a bhunú agus íomhá fhuinniúil den iomáint i mBaile Átha Cliath a thionscnamh.
shainigh assigned
" De réir meamram ón Roinn Dlí is Cirt, shainigh Uachtarán na Cúirte Dúiche an Breitheamh Keenan Johnson go dtí an Bun Beag ar bhonn sealadach ar an tuiscint *“that he knew Irish.
breitheamh a shaineofaí chuig a judge who would be assigned to
" Maidir leis an fhoráil gur cheart go mbeadh oiread Gaeilge ag breitheamh a shaineofaí chuig ceantar mar seo chun go mbeadh sé ábalta feidhmiú gan ateangaire dúradh: *“While we would not suggest that the provisions of section 71 of the 1924 act are mere exhortation, the only obligation they impose on the Government can – we think – arise only at the time an assignment is made i.
ranníocaíocht sainithe specified contributions
" Ach lena chois sin tháinig an neamhchinnteacht agus an brú, an dianbhainistiú agus an síorathrú, an pinsean le ranníocaíocht sainithe agus an sprioc dhodhéanta!
ní mar a chéile na rialacha a shainíonn the rules which define (political particularity) are not similar to
" Nó lena chur ar shlí eile, ní mar a chéile na rialacha a shainíonn pairticleárthacht na polaitíochta agus pairticleárthacht na moráltachta.
a shaineofar trí luachanna an chúraim which shall be defined by the values of caring
" Agus an bhliain nua buailte linn, tá mé sásta go dtarraingeoidh muintir na hÉireann ar an gcarachtar agus ar an teacht aniar sin atá léirithe chomh minic sin acu cheana chun léargas nua ar an gcomhghaelachas sin againne a mhúnlú, a shaineofar trí luachanna an chúraim, na dlúthpháirtíochta, na hiontaoibhe agus na freagrachta.