Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shainmhíniú na faidhbe the definition of the problem
" Féachadh ar na Taistealaithe féin mar shainmhíniú na faidhbe.
sainmhíniú definition
" Ceist: Cén sainmhíniú atá ar Ifreann.
sainmhíniú definition
" Tar éis an tsaoil nach é an sainmhíniú atá ar Chorcaíoch ar bheagán féinmhuiníne ná duine a cheapann go bhfuil sé chomh maith le duine ar bith eile! Cé go raibh fadhbanna ag na Corcaígh ag tús na bliana (chuadar ar stailc, in ainm Dé!) agus go raibh an t-ádh leo sa chluiche comhscóir i gcoinne Loch Garman, fós féin agus an t-am ag teacht níos gaire don Chraobh, bhí na húdair ag tuar go mbainfeadh Corcaigh barrthuisle as na Cait.
sainmhíniú definition
" An sainmhíniú atá againn ar an bhfocal "Gaeltacht" ná "áit ina labhraítear an Ghaeilge".
sainmhíniú definition
" Chomh maith le sainmhíniú ar na leaganacha gramadaí d'fhocail, tá áiseanna idirghníomhacha ar fáil áit gur féidir comhairle a fháil ar conas na focail a úsáid i gceart.
sainmhíniú definition
" " Faoin am a bheas an taighde déanta ag Cochrane, áfach, b'fhéidir go mbeadh sé réasúnta deacair sainmhíniú a thabhairt ar an téarma sin.
sainmhíniú definition
" Tugadh isteach an "pas láimhe" sna 70í agus bhí daoine ag rá go raibh an cluiche ar nós cispheile agus, dá bhrí sin, athraíodh an sainmhíniú arís ar céard is pas láimhe ann.
sainmhíniú beacht precise definition
" Sa chaoi chéanna, tá caighdeáin eile cruthaithe ag coistí d'innealtóirí a dhéanann sainmhíniú beacht ar an gcaoi ar chóir an t-eolas i ngrianghraif a stóráil go leictreonach i gcomhad JPG.
sainmhíniú definition
" Bhí spéis ar leith aige fosta san Athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú ina thír dhúchais, gluaiseacht a bhí ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cheisteanna ag baint le féiniúlacht agus náisiúnachas na tíre ag an am.
go leasófaí an sainmhíniú atá sa Bhunreacht ar an teaghlach that the definition of the family in the Constitution be amended
" Seo go díreach an rud atá go leor tuairisceoirí tar éis a chur i leith Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht, mar gheall air nár mhol siad – sa tuarascáil is déanaí uathu, “An Teaghlach” – go leasófaí an sainmhíniú atá sa Bhunreacht ar an teaghlach.
sainmhíniú definition
" Ach is é an sainmhíniú atá agamsa ar fhorbairt ná dul chun cinn a dhéanamh.
sainmhínithe defined
" Is éard a tharlaíonn ansin ná go n-athraíonn an íomhá sin ar an toirt de réir chomharthaí sóirt na mothúchán a bhaineann leis an duine atá “sainmhínithe” ag an cheamara gréasáin.
sainmhíniú definition
" Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo ná an sainmhíniú atá ar “theaghlach” de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
sainmhíniú ar shíceolaíocht spóirt a definition of sports psychology
" Lorg mé sainmhíniú ar shíceolaíocht spóirt agus, dar ndóigh, bhí na mílte díobh le fáil.
sainmhíniú definition
" Níl aon sainmhíniú tugtha sa cháipéis ar cad is ‘pseudo elitism’ ann (nó cén dóigh lena sheachaint) agus b'fhéidir gurbh fhiú an €3m é sin ann féin! Bíodh sin mar atá, shílfeá go gcaithfidh sé go raibh cás láidir curtha le chéile acu i mbliana leis an oiread sin airgid a shú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag am nuair atá na cianógaí gann.
sainmhíniú an tseicteachais the definition of sectarianism
" Sin sainmhíniú an tseicteachais agus ní strainséir ar bith é Cúil Raithin don seicteachas chéanna.
sainmhíniú definition
" Aithníonn an stát an ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht agus – bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch – moltar sainmhíniú i bhfad níos dinimiciúla den Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar úsáid rialta na Gaeilge seachas ar an tíreolaíocht stairiúil.
sainmhínithe definitions
" * Go bhfuil 42% de chainteoirí Gaeilge fostaithe i bpostanna gairmiúla, bainistíochta, nó teicniúla, le hais 27% dóibh siúd gan Ghaeilge * Nach bhfuil ach 12% de chainteoirí Gaeilge fostaithe i bpostanna neamhoilte, nó breacoilte, le hais 20% den phobal gan Ghaeilge Sin iad na fíricí loma don té a ghlacadh, gan cheist, leis na sainmhínithe a úsáideann na húdair.
sainmhínithe defined
" Drochleid á Chraobhscaoileadh Bhíos thar a bheith míchompórdach faoin dtuairim go n-iomlánaítear ar neamh cailíní a dúnmharaítear faoi gháirsiúlacht bhreoite leithéid de dhuine agus carachtar Stanley Tucci, agus níos míchompórdaí fós, b’fhéidir, go mbeidís le chéile go síoraí sna flaithis, buíon íobartach, sainmhínithe de bharr oilc a ndúnmharfóra! Mo leithscéal, a chairde, ní thagann maith riamh ón olc agus tá sé contúirteach agus mífhreagrach an tuairim sin a chraobhscaoileadh.
sainmhíniú definition
" Beidh reachtaíocht nua ag teastáil, reachtaíocht maidir le sainmhíniú ar cad is Gaeltacht ann agus reachtaíocht maidir le feidhmeanna an Údaráis.
sainmhínithe defined
" ' Leagan Gaeilge é seo ar 'rationalisation' atá sainmhínithe ag foclóir Collins mar seo a leanas: 'to eliminate unnecessary equipment, personnel, or processes from a group of businesses in order to make it more efficient.
a shainmhíniú to define
" Dhéanfadh a leithéid de thionscnamh obair bhaile agus cearta na n-oibrithe baile a shainmhíniú.
nach lia duine ná sainmhíniú there are as many definitions as people
" ”* Cé go bhfuil níos lú ná 25 faoin gcéad de lucht vótálá sa toghcheantar ina nGiúdaigh, agus cé nach lia duine ná sainmhíniú maidir le cad is “leas na nGiúdach” ann, ní holc an t-achoimre é ar fheachtas Joel Pollak, Poblachtánach, an lámh in uachtar a fháil ar an sealbhóir oifige, Jan Schakowsky, Daonlathach.
sainmhínithe defined
" É sin ráite, níl cead ag aon lánúin ach amháin fear agus bean pósadh in aon áit san Astráil mar go bhfuil pósadh sainmhínithe sa Marriage Act 1961 mar *“the union between a man and a woman”*.
thugann sainmhíniú ar defines
" Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal – nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.
sainmhíniú definition
" org> Baineann an CSCS, atá lonnaithe i Londain, úsáid as an sainmhíniú ag UNICEF (*Paris Principles and guidelines on children associated with armed forces or armed groups*) Feabhra 2007: *"A child associated with an armed force or armed group refers to any person below 18 years of age who is, or has been, recruited or used by an armed force or armed group in any capacity, including but not limited to children, boys and girls, used as fighters, cooks, porters, spies or for sexual purposes.
sainmhíniú definition
" Dátheangachas ar an ábhar nach dtig leat sainmhíniú a dhéanamh ar dhátheangachas i dtearmaí teangacha labhartha amháin, ar an ábhar go bhfuil teagmháil teanga labhartha-comharthaíochta againn.
sainmhíniú definition
" Mheabhraigh an maíomh seo dom an sainmhíniú a thug an Dochtúir Samuel Johnson ar thírghrá: *“the last refuge of the scoundrel”*! B’fhearr le lucht na meaisíní go leanfaí ar aghaidh leis an gcóras *self-exclusion*, nó féintoirmeasc, atá i bhfeidhm acu le tamall anuas.
shainmhínithe definitions
" Le linn do na húdaráis a bheith ag iarraidh theacht ar shainmhínithe den tseicteachas agus den chiníochas, beidh an scéal ag dul in olcas i rith an ama.
sainmhíniú is gonta most incisive definition
" Ní eascaí don té nach raibh an galar seo air é a mhíniú agus is i litir i gceann de na nuachtáin laethúla ar na mallaibh, a scríobh Éireannach, atá ina chónaí thar sáile i Meiriceá Theas, a bhí an sainmhíniú is gonta faoi, nuair a mheabhraigh sé ‘go mothaíonn an duine gur éacht atá curtha i gcrích aige nó aici, nuair a thagann siad tríd aon lá amháin beo beathach agus gach dochar a bheith déanta acu dóibh féin.
sainmhíniú nua a new definition
" An smaoineamh is mó atá sa ‘pacáiste’ a cuireadh ina áit is ea bileog dheas faoi na buntáistí a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge! An Tionscnamh Suntasach Eile: Próiséas Pleanála Teanga: ========================= Sa bpreasráiteas dúradh go dtabharfar sainmhíniú nua don Ghaeltacht, sa mBille Gaeltachta atá á dhréachtadh faoi láthair, a bheas ‘bunaithe ar chritéir teangeolaíochta seachas ar limistéir thíreolaíocha’.
níl sainmhíniú ar leith there’s no one definition
" Ach an ionann dul chun cinn teicneolaíochta agus dul chun cinn an duine? Ní féidir an cheist seo a fhreagairt gan tabhairt faoi cheist atá níos casta fós, mar atá, cad é a chiallaíonn dul chun cinn an duine? Ar an drochuair níl sainmhíniú ar leith a nglactar go forleathan leis.
mar aon leis an sainmhíniú simplí doimhin as well as the deep and simple definition
" Agus is maith is cuimhin le gach mac léinn bunscoile inniu na nathanna eile uaidh; *‘the Father of Waters goes again unvexed towards the sea’*, *‘the quiet dogmas of the past’*, *‘ a new birth of freedom’*, mar aon leis an sainmhíniú simplí doimhin ar an ndaonlathas dar thairg sé féinig i reilig Gettsburg, *‘government of the people, by the people, for the people’*.
sainmhíniú nua á thabhairt a new definition being given
" Bhí Dinny McGinley chun reachtaíocht nua a thabhairt isteach ina mbeadh ‘don chéad uair riamh’, a dúirt sé, sainmhíniú nua á thabhairt don Ghaeltacht.
sa Ghaeltacht ‘nua-shainmhínithe in the newly defined G.
" Mar shampla, tá na bruachbhailte ar imeall Chathair na Gaillimhe fágtha sa Ghaeltacht ‘nua-shainmhínithe’.
a shainmhíniú síoraí ar an ionracas his eternal definition of honesty
" Is ionann an rabhadh seo agus an rabhadh chéanna a thug Joyce cúpla bliain roimhe nuair a thug Bloom a shainmhíniú síoraí ar an ionracas: “*Love, says Bloom.
tar éis sainmhíniú úr a dhéanamh ar having given a new definition to
" Alt cothrom go maith a bhí ann, measaimse: an locht is mó a fuaireas air ná gur shlog an t-údar an bhréag mhór siar go raibh Acht na Gaeltachta 2012 tar éis sainmhíniú úr a dhéanamh ar an nGaeltachta, bunaithe ar critéir teangeolaíochta seachas critéir tíreolaíochta.
aon shainmhíniú beacht air any accurate definition of it
" Is léir gur cruthaíodh dlúthnasc idir Gormaigh New Orleans agus na treibheanna seo na cianta ó shin, ach ní thugtar aon shainmhíniú beacht air le linn an chláir.
sainmhíniú ceart a thabhairt ar an chineál suímh give a proper definition of the kind of site
" Ba cheart dá leithéid de bhord sainmhíniú ceart a thabhairt ar an chineál suímh atá mífhóirsteanach d'fhorbairtí den chineál seo.
sainmhíniú neamhghnáth an unusual definition
" Tugtar sainmhíniú neamhghnáth, fiú Orwellian, ar an bhfocal ‘liobrálach’ i gcúrsaí polaitíochta na hAstráile.
sainmhíniú nua a new definition
" Gheall tú féin go dtabharfadh Acht na Gaeltachta ‘sainmhíniú nua don Ghaeltacht a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha’ ach is a mhalairt a tharla.
sainmhíniú agus bainistiú ar defined and managed
" Má áirtear gur duine homafóbach nó ciníoch an té atá i gceist, cén chaoi a ndéantar sainmhíniú agus bainistiú ar lipéid den sórt sin? Agus cé leis na lipéid sin? An t-íospartach nó an t-úsáideoir? Cé hé ‘réiteoir’ chluiche na lipéad? Tá cumhacht na teanga in úsáid mar uirlis shóisialta agus mar bhuthal aithneachtála go tréan i gcúlra na ceiste seo; go ndéantar daoine ar leith a aicmiú de réir iompair, tuairimí agus de réir chur i láthair.
ina phointe sainmhínithe seo in its definition
" Is cinnte go bhfuil toradh an lipéidithe, ina ghníomh agus ina phointe sainmhínithe seo le feiceáil go soiléir i gcás bheirt ealaíontóirí le deireanas; Ani DiFranco, amhránaí Meiriceánach feimineach, ar tugadh an lipéad ‘chiníoch’ uirthi, agus Miss Panti Bliss, banríon draig Éireannach, atá lipéadaithe mar bhéadchainteóir.
sainmhíniú definition
" Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil leisce ar na polaiteoirí an sainmhíniú ar an teaghlach a athrú mar go bhfuil an cheist róchonspóideach.