An tseachtain seo chugainn, beidh lucht canta Salm ag teacht aduaidh as Eilean Leòdhais sna hInnse Ghall le bheith ag ceol i nDroichead Átha ar an 4 Bealtaine san Eaglais Agaistíneach i Sráid an tSiopa, ag toiseacht ar a 7.
Bhí Liz Curtis i láthair ag ceolchoirm a thug amhránaithe salm as Albain i mBéal Feirste an mhí seo caite agus bhain sí féin agus an slua mór a bhí ansin an-sult as an ócáid.