Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcaitheamh an tsamhraidh during the summer
" Bíonn trí bhád farantóireachta ag gabháil isteach go Cléire i gcaitheamh an tsamhraidh, ó Dhún na Séad agus ó Scoil Mhuire, agus bád an phoist, Naomh Ciarán II, i gcaitheamh an gheimhridh.
mórán samhraí eile many other summers
" Is é fírinne an scéil ná nach amháin go raibh an Nollaig scriosta ar lucht leanúna Chorcaí ach tá seans ann go bhfuil an samhradh seo chugainn agus mórán samhraí eile scriosta leis.
an samhradh atá romhainn the summer ahead
" Ansin, le ríomhaire glúine cois tine, is féidir linn dul siar ar bhóithrín na smaointe agus dorchadas an gheimhridh ag bailiú timpeall orainn agus smaoineamh ar aghaidh go dtí an samhradh atá romhainn.
Chinn sé an samhradh sin ar chur faoi i gConamara. He decided that summer to settle in Conamara.
" Chinn sé an samhradh sin ar chur faoi i gConamara.
conas mar a bheidh ag cúrsa samhraidh how a summer course will be
" Ní bhíonn a fhios agat riamh conas mar a bheidh ag cúrsa samhraidh.
córas na gcoláistí samhraidh the summer college system
" Dála go leor tionscadal eile, tá níos mó ná buntáiste amháin ag baint le córas na gcoláistí samhraidh.
laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh long sunny days of summer
" Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
Ba ghnách le Gráinne freastal ar choláistí samhraidh Gráinne used to attend summer colleges
"Ba ghnách le Gráinne freastal ar choláistí samhraidh fosta, le feabhas a chur ar a cuid Gaeilge, ach admhaíonn sí gur ar mhaithe leis an chraic a chuaigh sí ann fosta.
samhraí brothallacha sultry summers
" Má thosaigh na Sasanaigh níos déanaí ná na tíortha coilíneacha eile, ámh, ghlacadar talamh maith, leathbhealach idir geimhrí sioctha Québec, agus samhraí brothallacha Florida.
chaitheadh muid an samhradh iomlán, Samhain, an Cháisc we used to spend the whole summer, Halloween, Easter
" Tógadh muid ansin ach cionn is go raibh sé ag teagasc chaitheadh muid an samhradh iomlán, Samhain, an Cháisc i Rann na Feirste.
níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí I haven't spent a summer with my parents
" “Bhí mé an-neamhspleách riamh; chuaigh mé sna gasóga nuair a bhí naoi nó deich mbliana agam agus níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí ó shin! Bhí mé an-ghníomhach agus an-chróga nuair a bhí mé óg, ní raibh mé riamh cúthail.
lá samhraidh summer's day
" Bhí saol crua acu go dtí lá samhraidh sa bhliain 1932 nuair a d’aimsigh máthair an teaghlaigh díon seantí faoin talamh.
Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, The summer is sliding from us slowly,
" Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, agus tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís.
i rith an tsamhraidh during the summer
" Tiocfaidh na páirtithe le chéile i rith an tsamhraidh ansin chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh agus a n-iarrthóirí oifigiúla a ainmniú.
ag tús an tsamhraidh at the start of the summer
" Chuaigh an fhoireann i gcion go mór ar an bpobal in Éirinn ag tús an tsamhraidh seo caite agus tharraing sí go leor cainte agus molta uirthi féin.
Ní raibh teach samhraidh aimsithe agam, I hadn't found a holiday home
" Ní raibh teach samhraidh aimsithe agam, ach bhí mé i ndiaidh saoire shuimiúil a bheith agam, buíochas le Dia!*Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Nollaig Ó Néill agus tá sé ag obair sa Roinn Comhshaoil sa chathair sin.
teach samhraidh holiday home
" Chaith mé ceithre lá i ndeisceart na Spáinne le gairid; bhí mé thall mar go raibh mé ag iarraidh teach samhraidh a cheannach.
cúrsa samhraidh summer course
" Cúrsa teangaBhí ceann de na cúrsaí sin á dhéanamh agamsa: cúrsa samhraidh Manainnise do dhaoine fásta sa halla séipéil i mBallabeg (An Baile Beag), i ndeisceart an oileáin.
ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh about the events of the wet miserable summer
" Chuirfeadh sí Maggie Thatcher i gcuimhne do dhuine lena: “Spriocdháta is ea spriocdháta is ea spriocdháta!” É sin ar fad ráite, tá Balor sásta a bheith i mbun pinn arís an mhí seo, nó tugann sé seans dó a mhachnamh a dhéanamh ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh sin a bhfuil iomrá air ar tí dul isteach sna comhaid thuas i Met Éireann mar an samhradh ba mheasa a bhí riamh againn.
thug mé samhradh I spent a summer
" D’fhan mé i gcathair Dhún Éideann faoi dhó, thug mé samhradh ag obair san Oileán Sgítheanach, d’fhreastail mé ar chúrsa Gaidhlige ar an Oileán Sgítheanach agus chaith mé seachtain ag taisteal thart sna hOileáin Siar nuair a bhí mé ag obair ar Thuras na bhFilí.
saoire an tsamhraidh summer holiday
" Bhí scéal amháin ar chuir mé suntas ann, scéal faoin gclann seo a bhí ag dul ar ais go dtí an Ísiltír tar éis saoire an tsamhraidh a chaitheamh in ionad campála i ndeisceart na Fraince.
imeachtaí an tsamhraidh summer carry on
" Ar scor ar bith, as go brách le Balor chun seal a chaitheamh ag súilnimheáil thart ar imeachtaí an tsamhraidh atá fós beo ar fhód glas na hÉireann.
le linn an tsamhraidh during the summer
" Chuaigh Thomas Sotinel agus Jacques Mandelbaum, criticeoirí scannáin, céim níos faide i Le Monde ag deireadh mí Márta agus iad ag scríobh faoin inimireach neamhdhleathach mar phearsa i scannáin an lae inniu: Is é an fáth go bhfuil na scannáin ‘*Welcome*’ agus ‘*The Visitor*’ (scannán de chuid Tom McCarthy a tháinig amach in Éirinn le linn an tsamhraidh 2008) chomh éifeachtach sin ná go gcuirtear saol corrach cumhach an inimircigh os comhair gnáthdhuine, garda tarrthála i linn snámha nó múinteoir ollscoile i gcás an dá scannán thuas.
samhradh summer
" Is ag deireadh seachtaine na Cincíse a chuirtear tús leis an samhradh agus leis an aimsir bhreá, más fíor.
teacht an tsamhraidh the arrival of summer
" Ach níorbh é teacht an tsamhraidh a bhí ag déanamh imní do mhuintir Pháras in 1940.
scoileanna samhraidh summer schools
" B’fhearr i bhfad a leithéid a bheith mar théama ag na scoileanna samhraidh líonmhara agus na tionóil acadúla ná cuid de na téamaí aduaine a phléifear i ndorchlaí intleachtúla sna míonna beaga amach romhainn.
tSamhraidh Summer
" Tá moill curtha ar fhoilsiú na straitéise agus tá teipthe ar a n-údar trí spriocam a bhaint amach go dtí seo – deireadh na bliana 2008, an Cháisc agus tús an tSamhraidh.
thugamar féin an samhradh linn summer's arrived
" Ceoltóirí amuigh ar an tsráid, daoine ag damhsa – is fíor gur ‘thugamar féin an samhradh linn’, gan amhras.
scléip an tsamhraidh summer fun
" Cén fáth a mbíonn ar mhic léinn in Éirinn fanacht chomh fada sin le torthaí scrúdaithe? Ach má tá deireadh tagtha leis an mbliain acadúil nó leis an mbliain scoile agus mic léinn ar fud na tíre anseo ag fanacht lena gcuid torthaí scrúdaithe roimh thús ceart a chur le scléip an tsamhraidh, ní hamhlaidh atá an scéal i roinnt mhaith ollscoileanna sa Fhrainc.
tsamhraidh of summer
" Shúamar áilleacht na láithreach isteach, gona sléibhte, crainnte, bláthana fiáine agus dathanna spleodracha an tsamhraidh.
samhraidh summer's
" Bhuail mé le hÉtaoin Ní Ailpín in óstán gar do chathair Chorcaí ar lá fliuch samhraidh.
sos an tsamhraidh the summer break
" Cé gur lú i bhfad líon na ndaoine a bhíonn timpeall an Oireachtais le linn sos an tsamhraidh, ba dheacair teacht ar áit chiúin go leor leis an agallamh a thaifeadadh gan an iomarca torainn a bheith sa chúlra orainn.
samhradh summer
" Chaith mé cuid den samhradh in Éirinn.
shamhradh summer
" com/watch?v=S2d5khGy20Q) Tá sé breá sásta a bheith ar ais in Éirinn, cé go bhfuil deireadh leis an dá shamhradh a bhí againn i mbliana – an ceann a bhí againn ar feadh seacht n-uaire an chloig i mí an Mheithimh agus an ceann a mhair dhá lá go leith i mí Mheán an Fhómhair.
tsamhraidh summer's
" Samhain (Sam+fuin) Is mar fhuineadh, nó mar ‘dheireadh’ an tsamhraidh, mar ‘thráth báis’ na bliana a braitheadh an tSamhain riamh anall, agus bítear ag cuimhneamh ar ghnóthaí báis i leath thuaidh an domhain trí chéile, an t-am seo den bhliain.
samhradh roimhe sin the previous summer
" Bhíomar an sé seachtaine an samhradh roimhe sin agus bhíomar ann sé seachtaine roimhe sin.
Samhradh summer
" Imríonn an tEarrach, an Samhradh, agus an Fómhar ar shaol an duine ar bhealaigh éagsúla agus múineann siad a gceachtannaí féin dúinn faoi thimthriail an tsaoil, ach is é an geimhreadh a chuireann in iúl, go crua cinnte, nach dtugann rud ar bith ach a sheal.
rith an tsamhraidh during summer
" Deacair a chreidiúint gur imigh an duilliúr breá a mhaisigh i rith an tsamhraidh iad agus go bhfuil na duilleoga anois ag lobhadh ina screamh salachair.
tsamhraidh bhig seo this past summer
" Lena chois sin, crochfar comharthaí ‘Fáilte’ dátheangacha i bhforhallaí oifigí na ranna rialtais éagsúla i rith an tsamhraidh bhig seo.
cuach an tsamhraidh the summer cuckoo
" M’oidhreacht ===== Cad a fhágfaidh mé im’ dhiaidh? Bláthanna an earraigh, cuach an tsamhraidh, mailpeanna craoraga an fhómhair.
samhraí summers
" Ní luaitear na samhraí a chaith sí i gCloch Cheann Fhaolaidh ag foghlaim na Gaeilge, ná na laindéir dhraíochta a thaispeáin sí do pháistí scoile i mBéal Átha an Ghaorthaidh, ná na camchuairteanna a thug sí timpeall na tíre, i lár an gheimhridh, chun saol na ndaoine a lasadh lena laindéir dhraíochta agus chun airgead a bhailiú do Chonradh na Gaeilge.
tráthnóna samhraidh on a summer evening
" Deirtear gur féidir cloig séipéil Ys a aireachtáil ag bualadh ó am go chéile le fuineadh gréine tráthnóna samhraidh.
i rith an tSamhraidh during the summer
" Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh, is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag.
lár an samhraidh midsummer
" Sásamh ==== Seoladh *Quora* i lár an samhraidh seo chaite ach bhí sé dúnta do chách seachas an dream a raibh cuireadh faighte acu.
campa samhraidh summer camp
" **SMM: Thosaigh tú campa samhraidh do na gasúir as na scoileanna éagsúla ansin?** RÓS: Thosaigh mé le meastúchán.
chaith siad samhradh they spent a summer
" Sa bhliain 1967, cuirim i gcás, nuair a bhí siad pósta agus clann óg acu, chaith siad samhradh i nGort a’ Choirce, in iarthuaisceart Dhún na nGall, ag dul don phéintéireacht agus an fhilíocht i gcuideachta a chéile.
I rith an tsamhraidh in the summer
" Ceathrú na gCloch ========== **SMM: An dtéann tú abhaile go Ceathrú na gCloch go minic a Bhríd?** BNC: I rith an tsamhraidh, óó! (Gáire) Síos ansin, dhea, síos ag an Rinn Rua! An áit a bhfuil mo chroí; suí ar chloch, ag an’c amach ar an bhfarraige.
samhradh summer
" Bhí an samhradh romham agus airgead i mo phóca.
i gcaitheamh an tsamhraidh during the summer
" Is ina dhiaidh sin a fuair mé amach go raibh feidhm á baint fós as an stáisiún chun aibhléis a ghiniúint agus go mbíodh muintir na háite ag tarraingt móna ann go rialta i gcaitheamh an tsamhraidh.
lár an tsamhraidh midsummer
" Glacfaidh a pháirtí cinneadh maidir lena iarrthóir an mhí seo (Bealtaine), beidh feachtas a reáchtáil ó lár an tsamhraidh go tús an Fhómhair agus beidh an toghchán ann i mí Dheireadh Fómhair 2011.
Grianstad an tSamhraidh the summer solstice
" * *(Not Dark Yet - 1997)* PB Scripsit, Grianstad an tSamhraidh, 2011
Múscailt an tSamhraidh Summer’s awakening
" Múscailt an tSamhraidh ========= Beidh leath d'airgead an Redadeg (timpeall €60,000) ag dul chuig Diwan, agus an leath eile chuig réimse tionscadal a roghnaíodh ag 'kuzul ar re fur' (comhairle na ngaoiseach), comhairle speisialta eagraithe ag foireann an Redadeg le daoine ón earnáil cultúrtha nó teagaisc.
sa samhradh during the summer
" ie/) An Cheist ==== **Cén coláiste i gContae Chorcaí ina n-eagraíonn Gael Linn coláiste sa samhradh?** Seol do fhreagra chuig oifig@beo.
cluichí samhraidh summer games
" Thabharfadh go leor daoine ‘seó gnó’ seachas ‘féile’ ar na cluichí samhraidh ar an ábhar go mbíonn tionchar nach beag ag cúrsaí gnó, airgead agus gnóthaí polaitíochta orthu.
roimh shaoire an tsamhraidh before the summer holiday
" Scríobh feidhmeannach de chuid an Ombudsman ar ais ag impí ar an Roinn iarracht a dhéanamh an obair seo a chríochnú roimh shaoire an tsamhraidh.
níos túisce an samhradh seo earlier this summer
" Ag seoladh go hÍ Cholm Cille níos túisce an samhradh seo, meabhraíodh dom an scrios a deineadh in Éirinn ag béarlú na logainmneacha dúchais.
achan samhradh every summer
" Théadh sinn go Maoinis achan samhradh nuair a bhí na páistí óg agus bhí dúil mhór againn go léir ann.
Má ba dhona an samhradh if summer was bad
" Íseal Grian, Gearr a Rith ======== Má ba dhona an samhradh a fuair Éire, is doirche, is fliche agus is fuaire a bheas an aimsir in íochtar domhain go ceann ráithe.
Fordheontas ar shaoire an tsamhraidh a subsidy for a summer holiday
" Fordheontas ar shaoire an tsamhraidh do pháistí ón Ghalltacht atá ann ar bhealach.
nuair a bhí brothall an tsamhraidh againn when we had summer weather
" Tá cuimhne agam ar am eile, i mbaile eile, nuair a bhí brothall an tsamhraidh againn tráth na Samhna agus bhí dream mór ag canadh taobh amuigh den óstán mall san oíche.
bhriseadh an tsamhraidh the summer recess
" Achainí ar Aontas na hEorpa: ============ Níl aon dóchas agam as an gcomhrialtas, de bharr an Acht Gaeltachta a brúdh tríd an Oireachtas faoi dheifir roimh bhriseadh an tsamhraidh.
tionscal na gcoláistí samhraidh the summer college industry
" Thitfeadh an tóin as tionscal na gcoláistí samhraidh, mar shampla, agus is cinnte gur lú ráchairt a bheadh ar leabhair, ar chláracha agus ar irisí Ghaeilge chomh maith.
ar laethanta breátha samhraidh on fine summer days
" Chuala mé trácht ar liathróid shalach go minic fiú amháin ar laethanta breátha samhraidh gan ruainne puití le feiceáil ar bhuatais ná ar gheansaí imreora ar bith.
le linn an tsamhraidh during the summer
" 
 Cúpla lá roimhe rinne an tOrd Oráisteach géarcháineadh ar shagart na paróiste, ag baint díoltais amach sular tharla a dhath mar sin is léir go mbeidh an tOrd ag gníomhú mar pháiste millte le linn an tsamhraidh, compordach go leanfaidh an teideal oidhreachta a bhronn ceannairí aontachtacha orthu leis na cianta ar aghaidh go deo na ndeor.
samhradh fada falsa long lazy summer
" Má chríochnaíonn siad an gnáthlá oibre ar a trí a chlog, bhuel níl ann ach ullmhúchán don samhradh fada falsa a bhíonn acu, agus bíonn an t-ullmhúchán sin de dhíth go géar.
samhradh fliuch a wet summer
" Bíonn an geimhreadh fada againn, agus nuair a bhíonn samhradh fliuch ann go rialta fosta, bíonn siúlóirí ag lorg áit nach mbíonn siad sa ‘ceobháisteach dhlúth.
roimh bhriseadh an tsamhraidh before the summer break
" Is cuid den córas parlaiminte sa stát seo, go bhfuil sé ceadaithe don Taoiseach bagairtí oscailte a dhéanamh ar Theachtaí Dála, vótáil do réir mar a shocraíonn an rialtas, fiú amháin má tá sin ag dul glan in aghaidh geallúintí a tugadh don phobal sa toghchán inar toghadh na Teachtaí Dála go daonlathach! Reachtaíocht Lochtach ========= Is í mo thuairimse gur reachtaíocht lochtach atá sa Bhille faoin nginmhilleadh, ar ghlac tithe an Oireachtais leis roimh bhriseadh an tsamhraidh.
An samhradh timpeall orainn summer all around us
" An samhradh timpeall orainn, agus trácht dhíograiseach na hollscoile ar an bhfaiche.
ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh during the warm summer
" Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite.
faoi lán seoil i gcaitheamh an tsamhraidh going full swing during the summer
" Bhí Tóstal na hÉireann, nó an *Gathering* mar a thugtar air, faoi lán seoil i gcaitheamh an tsamhraidh, agus is beag baile nó sráidbhaile fiú nach raibh tóstal de shórt éigin acu.
bhrothall an tsamhraidh the summer’s heat
" Agus Balor an Bhéil Bhinn ar a chamchuairt thart ar oileán iathghlas na hÉireann ag iarraidh faoiseamh a fháil ó bhrothall an tsamhraidh, fuair sé amach gur mhó an deacracht a bhí aige faoiseamh a fháil ó fhógraí agus ó mheirgí móra ag fógairt *Gathering* Anseo agus *Gathering* Ansiúd.
le linn an tsamhraidh during the summer
" Ar chuairt le linn an tsamhraidh chuig cairde, bhí duine díobh ag insint dúinn faoi roinnt tógraí leictreonacha a dtug sé fúthu le sé mhí roimhe sin.
daltaí an choláiste samhraidh of (all) the summer college students
" Tar éis léiriú daltaí an choláiste samhraidh uilig agus an banna ‘Seo Linn’ ar an Late Late Show, tá na mílte i ndiaidh breathnú ar an bhfíseán ar Youtube.
casadh amhráin mhóra an tsamhraidh the big summer hits were played
" Ar TG Lurgan, bealach Youtube an choláiste samhraidh in Indreabhán, casadh amhráin mhóra an tsamhraidh i nGaeilge.
go raibh a leithéid de thionchar ag coláistí samhraidh s. colleges had such influence
" D’fhéadfaí a mhaíomh go raibh a leithéid de thionchar ag coláistí samhraidh le blianta, ach don chéad uair, tá táirge á chur i láthair an tsaoil mhóir ag na coláistí samhraidh.
i rith an tsamhraidh during the summer
" Duine díobh sin, Tomás, bhí sé ag obair i siopa leabhar Ystwyth ar an mbaile i rith an tsamhraidh, agus nuair a chonaic sé an doras isteach mé, is i nGaeilge a bheannaigh sé dom.
an iris seo sa samhradh this magazine in the summer
" Ní háibhéil a rá go raibh an páirtí scoilte ó bhun go barr, mar a míníodh ar an iris seo sa samhradh.
uair nó dhó i rith an tsamhraidh once or twice during the summer
" Bhí brú orainn uair nó dhó i rith an tsamhraidh foireann a chur chun páirce nuair a bhí daoine ar saoire, ag obair, gortaithe is araile ach tháinig cuid de na peileadóirí i gcabhair orainn nuair ba ghá.
mbrothall an tsamhraidh summer heat
" Agus na súile… iad chomh gorm agus chomh glé leis an lus gormáin nó le droim na farraige i mbrothall an tsamhraidh, nó le droim locha in uaigneas an tsléibhe lá geal seaca sa gheimhreadh.
tús an tsamhraidh early summer
" In ainneoin mianta léitheoireachta an phobail, mar a léiríodh iad go soiléir sa phróiséas cuimsitheach comhairliúcháin a reáchtáladh níos túisce i mbliana le fáil amach céard a theastaigh ó phobal na Gaeilge ó thaobh nuachtáin dhó, níl Foras na Gaeilge sásta tacaíocht a thabhairt do nuachtán clóite a thuilleadh! Ghlacas féin páirt sa bpróiséas, mar chuid de ghrúpa fócais a tugadh le chéile ag tús an tsamhraidh ar an gCeathrú Rua.
cúrsaí an tsamhraidh seo chugainn next summer’s courses
" IS BEAG bainisteoir ar choláiste samhraidh a bhí in ann a fhógairt roimh Nollaig go raibh cúrsaí an tsamhraidh seo chugainn lán go doras cheana féin.
coláistí áirithe samhraidh particular summer colleges
" Níor mhiste an t-ainm a athrú, mar chéad chéim, mar tá íomhá Chumann na bhFiann róchúng agus rónáisiúnach, dar liom, don lá atá inniu ann? Chomh maith le sin tá sé rócheangailte le coláistí áirithe samhraidh.
An samhradh dár gcionn the following summer
" An samhradh dár gcionn, anuraidh, bhí le feiceáil duilliúr glas ag fás as géaga crainn a chruthaigh gur crainn astu féin anois is feasta.
dara samhradh acu their second summer
" Is é an dara samhradh acu ag fás astu féin agus tá an snafach fútha cheana féin.
an tsamhraidh seo this summer
" com/tracks/148256139&amp;auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ní nach ionadh, bhí go leor le rá nuair a d’fhógair Cumann Lúthchleas Gael (CLG) ar na mallaibh go raibh margadh déanta acu leis an gcomhlacht teilifíse, Sky TV, le líon áirithe de chluichí craoibhe CLG an tsamhraidh seo a chraoladh ‘beo’ ar an gcainéal úd den chéad uair.
an samhradh seo this summer
" ** Tá fiontraí áitiúil ag súil le cúis chéiliúrtha le teacht an Chorn Domhanda sa Bhrasaíl an samhradh seo, agus é ag seoladh feathal úr Bróg.
lá samhraidh amháin one summer’s day
" Ag labhairt ar an fhiontar úr, deir an tacadóir sacair Seán gur: “Cuireadh an síol lá samhraidh amháin agus mé ag díol bróg ar Thrá Bondi san Astráil.
ocht samhradh eight summers
" Chaith muid, sílim, ocht samhradh sa Tuirc, ag teagasc Béarla, mé féin agus Joy, agus ba ghnách linn 13 seachtain a chaitheamh ann achan samhradh.
dheireadh an tsamhraidh the end of the summer
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.
le linn an tsamhraidh during the summer
" Éilíonn Caoi Ruda Caoi Ruda Eile ========== Is muid ag campáil le linn an tsamhraidh, b’éigean dúinn a bheith tionscantach go maith is muid ag ullmhú beilí.
samhradh gnóthach a busy summer
"samhradh gnóthach i ndán do Cholm Ó Snodaigh agus do cheoltóirí eile an ghrúpa Kíla.
ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh about the events of the wet miserable summer
" Ina ochtódú colún, déanann sé cur síos ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh atá díreach curtha dínn againn.
samhradh summer
" Gheobhaimid deis an samhradh seo, má bhíonn an saol ina cheart, siúl le cladach agus feicfimid an cloigeann úd ag gobadh aníos go fiosrach ag faire isteach orainn.
an samhradh suarach seo this lousy summer
" Tá cruatan na múinteoirí ag goilliúint ar Bhalor, iriseoir an chroí bhoig mhaoithnigh, óir tuigeann sé go maith gur i muinín árasáin sa Bhulgáir a bheas roinnt acu an samhradh suarach seo.
Draíocht coláiste samhraidh the magic of a summer school in the G.
" Draíocht coláiste samhraidh agus draíocht na Gaeltachta a chrom Cáit Ní Cheallacháin ar an méarchlár lena céad alt a chur di go díreach sular imigh Beo.