Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lena shaolré its life cycle
" Chun a chinntiú go dtugann déantúsóirí todhchaí fhadtéarmach a dtrealaimh san áireamh, tá sé á mholadh ag an Aontas Eorpach go mbeadh orthu féin íoc as athchúrsáil an trealaimh nuair atá deireadh tagtha lena shaolré.
saolré life cycle
" Agus deireadh 2006 ag druidim linn, seo ceist shuimiúil: ag cur san áireamh na dtreochtaí seo ar fad, cén chuma a bheidh ar eitleáin i gceann fiche nó tríocha bliain? Ar dtús, caithfimid a rá nach mbeidh cuma ródhifriúil ar roinnt mhaith acu! Bíonn saolré timpeall 25 nó 30 bliain ag aerlínéar nua-aimseartha mar an Airbus A320 nó Boeing 737 - tar éis na tréimhse sin éiríonn an chothabháil róchostasach.
ar feadh shaolré an Choimisiúin. for the life of the Commission.
" Lean seo ar aghaidh ar feadh shaolré an Choimisiúin.
saolré an chomhlachta. in the life-time of the company.
" An galar crúibe is béil ba chúis leis na cealuithe seo, agus dar le hIrial, ba é seo an tréimhse ba dheacra i saolré an chomhlachta.
i saolré an Rialtais in the lifetime of the government
" B’fhéidir gurb é an eachtra is tromchúisí atá tite amach i saolré an Rialtais seo ná conspóid na mamagram i bPort Laoise.
de shaolré an rialtais. of the government's life cycle.
" Santóidh sé an dá áit cliathánacha sa líne lántosaithe don dara leath de shaolré an rialtais.
shaolré na n-altanna lifetime of these articles
" Tuigfidh tú, a léitheoir, agus aithne á cur orm thar shaolré na n-altanna seo go bhfuilim craiceáilte faoin na meáin sóisialta agus is é Twitter an greasán is giorra dom’ chroí i láthair na huaire.
saolré the life time
" Is é gainne ábhair a chuirfeas lena luach Is é bun agus barr na seirbhísí seo agus ceist shíoraí ghnó an cheoil faoi láthair, ná conas saolré ghnó an cheoil a chothú.
shaolré lifetime
" SMM: Le do shaolré féin a Rónáin, an bhfaca tú athruithe, an bhfuil sé feiceálach? RMAB: Á Dhia, tá sé feiceálach.
saolré lifetime, term
" Cor suntasach ab é sin i saolré an rialtais seo agus cuireadh an lasóg sa bharrach nuair a d’imigh an tAire Stáit Trevor Sargent sna sála air.
saolré lifetime
" Ghlacfadh an próiseas ar fad traidhfil mhaith de bhlianta agus níor ghá go mbeadh cinneadh le déanamh faoina gcuid moltaí le linn saolré an rialtais.
shaolré lifetime
" Cé gur admhaigh an tAire Pat Carey, sa gcur i láthair meáite stuama a rinne sé, nach bhfuil ach “idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa nGaeltacht,” níor thug sé le tuiscint go mbeidh an Straitéis ag dul i ngleic, go príomha in aon bhealach, leis an ngéirchéim teanga sa mhéidín beag de Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge fós á husáid mar theanga i measc an phobail.
saolré an rialtais seo this government’s lifetime
" Níl sa mhéid sin ach barúil faoin mhalairt rogha agus tá mé cinnte go ndéanfar an t-ábhar cigilteach seo a scansáil go mion agus go minic le linn saolré an rialtais seo, agus uair na cinniúna don tSeanad ar an tsúil againn.
táirgí ar saolré ghairid short life products
" Is é an faisean gasta (nó táirgí ar saolré ghairid) an toradh ar mhianta fánacha doshásta an tomhaltóra.