Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
saorga artificial
" Tá siopaí a dhíolann cosmaidí Afracacha agus píosaí fada gruaige - fíor agus saorga - leis an ghruaig a shíneadh.
ag crú na gréine saorga milking the artificial sun
" Agus mé i mo sheasamh ag amharc síos ar Ionad Úr Oidhreachta Ghleann Cholm Cille (tógtha le deontais mhóra ó Roinn na Gaeltachta agus ón Údarás) bhí mé ábalta na daoine áille ina gcuid *bikinis *agus gan a gcuid *bikinis *a fheiceáil ina mílte thíos: daoine as gach tír ar domhan, seachas Éire, ag crú na gréine saorga, á dtumadh féin sna tobáin feamainne, ag dul ó *jacuzzi *go linn snámha, ag teacht amach as na *Casinos *ar an Chaiseal agus isteach sna bialanna ardnósacha fán Chlachán.
shaorga artificial
" Bhí trá dheas shaorga ann ach bhí sé go hálainn, an fharraige an-ghlan agus seans agat báidíní beaga, agus gloine i dtóin an bháid, nó kayak, a fháil ar cíos chun turas gearr farraige a dhéanamh.
inseamhnú saorga artificial insemination
" Mar a dúirt an *New York Times*, "tá sé ráite go soiléir nach bhfuil íocaíochtaí ceadaithe faoin phlean le díol as frithghiniúint, ginmhilleadh, aimridiú nó inseamhnú saorga.
sruth saorga artificial stream
" Feiceann muid sruth saorga, agus roinnt foirgneamh maisiúil, ina measc áit an-aisteach darb ainm an “*nymphaeum*”.
cnoc saorga a man-made hill
" Tá *motte* - nó cnoc saorga – i bpáirc in aice leis an bhaile, agus radharc fada fairsing ar feadh an chósta.
saorga artificial
" An rud tarraingteach faoi na cluichí seo ná go dtugann siad saoirse do dhaoine dul ar aistear tríd an domhan nua-chruthaithe saorga seo.
domhain shaorga níos réadúla a chruthú to create more realistic artificial worlds
" Cuirfidh an teicneolaíocht seo ar chumas foilsitheoirí domhain shaorga níos réadúla a chruthú le, mar shampla, uisce a shreabhann i gceart agus deatach a scaipeann go réalaíoch.
srianta saorga artificial restrictions
" Más féidir dul díreach ó Bhaile Átha Cliath go San Francisco, is fearr é sin ná eitilt amháin go Heathrow nó go Nua-Eabhrac agus eitilt eile ina dhiaidh sin go San Francisco, agus tá an comhaontú nua ag cur deireadh le srianta saorga mar sin.
shaorga man made
" Tugadh Cuas Sydney ar an gcéad lonnaíocht Eorpach seo agus sa lá atá inniu ann, tá an cuas idir an dá ghné shaorga is íocónaí san Astráil: an tÁras Ceoldrámaíochta I Sydney agus Droichead Chuan Sydney.
saorga artificial
" Ní maith liom rudaí nua, saorga, in áiteanna fiáine, áille, de ghnáth, ach tá cuma shnasta ar an leacht seo, atá déanta de chloich áitiúil.
saorga artificial
" Fuaireas ‘liombó’ agus ‘neamh’ Jackson saorga, áiféiseach.
saorga artifical
" A luaithe agus a chuirtear rudaí saorga mar ionad cuairteoirí, clár fógraí, binsí plaisteacha agus mar sin de san áit, tá sé scríosta.
saorga artificial
" Agus cé gur iontach ann iad na háiseanna nuafhorbartha seo, is minic cluichí tábhachtacha a mbíonn fíorchoimhlint ghéar ag baint leo a bheith á n-imirt ar oícheanta fuara, fliucha geimhridh (faoi shoilse) ar dhromchlaí saorga nuair ba chóir na cluichí sin a imirt le linn na haimsire breá.
saorga artificial
" Níl a fhios agam cén dóigh ar tharla seo, ach chuir sé brón orm, agus ar an mbuíon a bhí in éineacht liom, éan maorga mar seo a fheiceáil marbh mar gheall ar rud saorga de dhéantús an duine.
sintéiseach nó saorga synthetic or artificial
" Ó thaobh na hiománaíochta féin, tá formhór mór na n-iománaithe fós ag brath ar an gcamán fuinseoige in ainneoin go bhfuil iarrachtaí ar bun ó na 1970í (camán Wavin) camán sintéiseach nó saorga a dhéanamh.
na hintleachta saorga artificial intelligence
" Scrúdaíonn sé teacht an idirlín agus a chlaochlú ó ghníomhaíocht imeallach i saol an domhain go dtí lár an aonaigh trí scéalta phríomhphearsana, leithéidí Alan Turing, athair na ríomheolaíochta agus na hintleachta saorga, agus Tim Berners-Lee, a chéadcheap an Gréasán Domhanda.
intleachtaí shaorga artificial intelligences
" Roinneann an cine daonna seo, agus na speicis eile atá ar chomhshibhialtacht leo, an saol seo le “*Minds*”, intleachtaí shaorga.
cromán nua saorga a fháil dó féin to get a new manmade hip
" Ta sé ag fanacht anois le glaoch ón otharlann le go rachaidh sé faoi scian agus cromán nua saorga a fháil dó féin.
intleacht shaorga artificial intelligence
" Dá réir agus de réir iad siúd a bhfuil dá dhearcadh ar an gceist, sroichfidh intleacht shaorga pointe, sách luath, ina mbeidh na meaisín níos cumhachtaí ná a gcruthaitheoirí.
saorga artificial
" Ní maith liom rudaí nua, saorga, in áiteanna fiáine, áille, de ghnáth, ach tá cuma shnasta ar an leacht tuisceaneach seo, atá déanta de chloich áitiúil.
saorga artificial
" D'éalaigh Balor bundúnslán ó na lúchorpáin agus bhuail isteach sa Ghaeltacht ar thaobh Loch Michigan le gairid, mar a bhfuil an bheoir saor agus an fheoil saorga.