Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcóras satailíte satellite system
" Dúirt Lillis Ó Laoire, duine de na hamhránaithe sean-nóis is cáiliúla sa tír, liom go bhfuil sé féin ag súil go mór le bheith ag éisteacht le Corn Uí Riada ar an gcóras satailíte agus é i Nua-Eabhrac! Tá rudaí eile ann ar ndóigh seachas na comórtaisí - seoltaí leabhar agus dhlúthdhioscaí, mar shampla, agus ansin Scléip na hÓige, féile taobh istigh d'fhéile, d'fhéadfá a rá.
tuairisceoirí na mórchainéal satailíte the reporters of the satellite channels
" Níorbh iad na Meiriceánaigh amháin a chreid a gcuid amaidí, ach tuairisceoirí na mórchainéal satailíte sa domhan iartharthach a thug léargas chomh claonta dúinn ar a raibh ag titim amach gur fágadh ar snámh gan chompás iad nuair nár imir muintir na hIaráice an cluiche a bhí leagtha amach dóibh.
a gcuid fón daor satailíte their expensive satellite phones
" Anois agus an phríomhchuid den chogadh san Iaráic thart, tá roinnt mhaith de na hiriseoirí a bhí "neadaithe" le harm na Stát Aontaithe ar a slí abhaile - agus is cinnte go mbeidh na heagraíochtaí nuachta a chuir ann iad ag súil go dtiocfaidh a gcuid fón daor satailíte abhaile leo freisin.
gcóras loingseoireachta satailíte satellite navigation system
" Bhain na fóin satailíte a bhí cuid mhaith de na hiriseoirí ag úsáid leis an tsatailít Thuraya, agus bhí gléas speisialta iontu a cheangal iad leis an gcóras loingseoireachta satailíte GPS nó Global Positioning System.
chóras satailíte satellite system
" Dá bharr seo, tá daoine áirithe in Árainn agus Conamara ag smaoineamh ar chóras satailíte a chur isteach iad féin, córas a chosnódh €4,000 ag an tús agus trealamh curtha san áireamh.
le cuidiú satailíte with the help of a satellite
" Tá sé an-deacair é a aimsiú, ach bhí gléas ag David Thompson, maor an Iontabhais Náisiúnta, a aimsíonn rudaí le cuidiú satailíte.
húsáid satailítí the use of satellites
" Le linn di bheith ag obair sin, ba é an t-ábhar sainspéise a bhí aici ná forbairt na bpolasaithe a bhaineann le húsáid satailítí.
teacht na teilifíse cábla agus satailíte the coming of cable and satellite TV
" Agus le teacht na teilifíse cábla agus satailíte, táthar in ann táillí féachana a ghearradh go díreach orthu siúd atá ag féachaint sa mbaile.
mar shatailít chultúrtha as a cultural satellite
" Ar ndóigh, is teanga dhomhanda é an Béarla ach nach bhfuil Sasana anois mar shatailít chultúrtha de Mheiriceá, a fhiafraím den Ollamh Welch? Nach bhfuair cultúr na Stát Aontaithe greim ar an domhan trí na cineálacha éagsúla popcheoil? Ní aontaíonn An Dr Welch leis an dearcadh sin.
satailít namhad, enemy satellite
" Táthar i mbun tuairimíochta gurbh é ba chúis le cinneadh na Stát Aontaithe ceann dá satailítí féin a scrios ná go raibh siad ag iarraidh a chruthú go bhféadfaidís an rud céanna a dhéanamh le satailít namhad, dá mba ghá.
más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith if you are interested in getting information about the position of a particular satellite
" Agus más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith nó maidir leis an tsatailít áirithe atá ag déanamh teagmhála le do charr, bain triail as an suíomh n2yo.
íomhánna satailíte satellite images
" Ní oibríonn sé go cruinn i gcónaí, ach má bhíonn tú foighneach go leor, tagann léarscáil ó Google chun cinn ar an scáileán agus is féidir íomhánna satailíte den cheantar a fháil freisin.
ré na satailítí tráchtála the era of commercial satellites
" Nuair a tháinig deireadh leis an spásrás chuir na tíortha móra tús le ré na satailítí tráchtála.
ná míle satailít i bhfithis than a thousand satellites in orbit
" Tá níos mó ná míle satailít i bhfithis timpeall an domhain, agus tá trealamh éisteachta agus spiaireachta ag na tíortha móra nach bhfuil ar eolas againn ar chor ar bith.
teacht i dtír ar theicneolaíocht satailíte to take advantage of satellite technology
" Is mithid do lucht teicniúil na hÉireann teacht i dtír ar theicneolaíocht satailíte sa chaoi is nach mbeimid ag brath ar chórais na Stát Aontaithe, dar le Diarmuid Mac Mathúna.