Chomh maith leis na scéalta grinn agus na heachtraí aisteacha, na himreoirí iontacha agus na hagallaimh spéisiúla, tá cur síos sa leabhar freisin ar na nithe sin nach bhfuil go deas agus gur údar náire iad don tír agus don Chumann.
Bhíodh scéal grinn ag dul thart ag tús na dTrioblóidí, tráth a raibh leisce ar an RUC “dúnmharú seicteach” a chur síos ar dhúnmharaithe Caitliceach ag paraimíleataigh dílseachta.