Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scéalta idirghníomhacha interactive stories
" Ina measc tá na scéalta idirghníomhacha *Cormac agus Órla agus Fionn Mac Cumhaill agus Drochlá Ruairí*.
traidhfil scéalta beaga a small number of little stories
" "Tuairim is ar dhá bhliain ó shin d'iarr Raidió na Gaeltachta orm traidhfil scéalta beaga a chur le chéile le cur amach ar an aer.
chumacht na scéalta the power of stories
" Deir McEvoy gur fhoghlaim sé faoi chumacht na scéalta go luath ina shaol óna ghaolta Éireannacha.
ag spréadh scéalta spreading stories
" (I Meiriceá, tá oifig eolais Ambasáid na Breataine ag spréadh scéalta fá uafás an IRA.
nár foilsíodh go leor scéalta a bhí fírinneach that a lot of truthful stories weren't published
" Ach chinntigh sé leis nár foilsíodh go leor scéalta a bhí fírinneach agus a raibh géarghá ann go bhfoilseofaí iad.
ag plé le scéalta dealing with stories
" Tá tú ag plé le scéalta agus carachtair nár chum tú féin agus tá tú ag cur le rudaí a cheap daoine eile.
scéalta grinn humourous stories
" Chomh maith leis na scéalta grinn agus na heachtraí aisteacha, na himreoirí iontacha agus na hagallaimh spéisiúla, tá cur síos sa leabhar freisin ar na nithe sin nach bhfuil go deas agus gur údar náire iad don tír agus don Chumann.
dá cumas ceaptha scéalta her ability to make up stories
" ? geilleagareconomy ina dtuile amholain a flood of crude oil a rómhróinn fúmthat I would dig the ground under me i mbaol a blaosc a scoitheadhin danger of having her head cut off bantrachtwomen dallamullógdeception dá cumas ceaptha scéaltaher ability to make up stories bíogúilsprightly is gan a dhath agam dá bharrwith nothing to show for it maitheasgood mo dhícheannadhmy decapitation cúiscause mo dhianéagmy violent death anbhásviolent death babhta mionnaí móraa bout of cursing bómántaslow-witted
scéalta miotais myths
" Ba chainteoir dúchais í a máthair agus is cosúil gur uaithise a d'fhoghlaim sí na síscéalta agus na scéalta miotais a bhailigh an tOllamh.
scéalta draíochtúla magical tales
" Dúirt muid amhráin sa rang - rud nach ndéanann Sasanaigh go minic - agus léigh muid scéalta draíochtúla ón bhéaloideas.
Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne stories were made up and the truth was hidden
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne stories were made up and the truth was hidden
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
scéalta náireacha shameful stories
" Chuir céasadh Dholores an dlaoi mhullaigh ar shraith de scéalta náireacha a foilsíodh le leathbhliain anuas.
scéalta bréagacha false stories
" Anuas ar na scéalta suaracha seo, creidim go bhfuil sraith de scéalta bréagacha a foilsíodh ar na mallaibh ag cur inchreidteacht na nuachtán i mbaol.
réimse leathan scéalta all sorts of stories
" D’inis sé réimse leathan scéalta do na páistí faoina shaol in Éirinn, i dtosach le siamsaíocht a chur ar fáil dóibh, ach ina dhiaidh sin chun ceachtanna a mhúineadh dóibh go slítheánta faoi reacaireacht agus struchtúr scéalta.
ag sceitheadh scéalta leaking stories
" Fosta admhóidh sé gurb é féin an brathadóir cáiliúil contúirteach *Soupspoon*, a bhí ag sceitheadh scéalta faoi láithreacha scannánaíochta na hÉireann do Arnold Swartzenknickers, fear an dá hata: hata panama an Ghobharnóra agus hata *baseball *an léiritheora scannán.
scéalta magaidh jokes
" Níorbh ionann is bliain ó shin fiú, cluintear scéalta magaidh nach raibh i Janet riamh ach banaisteoir i B-scannáin agus tagraítear dá seal spórtaíochta i measc lucht Playboy.
scéalta uafáis horror stories
" Seachas an t-amhrán sin agus na scéalta uafáis a tháinig ón ait le linn an chogaidh chathartha sna nóchaidí, ba bheag eolas a bhí agam faoi Mhósaimbíc go dtí gur shroich mé í ón Afraic Theas ag tús mhí an Mheithimh.
líon teoranta scéalta a limited number of stories
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil méid bocht iriseoirí agus craoltóirí ag fámaireacht thart i gConamara ag lorg líon teoranta scéalta.
fuílleach scéalta a surplus of stories
" Ó tharla go bhfuil formhór na meán Gaeilge lonnaithe sa Ghaeltacht, bíonn fuílleach scéalta againn a bhaineann le hiarthar na hÉireann.
scéalta móra a thuairisciú to report big stories
" Leabhar eile, nó <!-- D(("mb","scéalta móra a thuairisciú roimh a comhghleacaithe is ea an saghasuaillmhéine atá ar intinn agam.
a scéalta brónacha féin a insint their own sad stories
" Ligeann sé dóibh a scéalta brónacha féin a insint os comhair an cheamara agus fágtar fúinn féin breithiúnas a thabhairt orthu.
scéalta bréagacha gan bhunús false stories without basis
" Cruthaítear scéalta bréagacha gan bhunús faoi dhaoine, chun iad a náiriú agus a ghortú.
ag malartú scéalta swapping stories
" Ní raibh mórán ar bun agam an chéad seachtain, ach ag malartú scéalta le mo chairde, ag ní mo chuid éadaí agus ag socrú isteach i saol a bhí go hiomlán difriúil le saol na hAfraice.
dea-scéalta good stories
" Thar áit ar bith eile ar domhan, bhí an oiread sin dea-scéalta cloiste agam faoi chósta thoir na hAstráile.
ceann de na scéalta cáiliúla one of the famous stories
" Mar shampla, ceann de na scéalta cáiliúla faoi Sheán Óg ná go ndeachaigh sé ag traenáil ina aonar an lá i ndiaidh cluiche ceannais na hÉireann cúpla bliain ó shin in áit fanacht sa leaba tamaillín níos faide ar maidin.
dea-scéalta good news
" Agus tuigeann na polaiteoirí an buntáiste a bhaineann le dea-scéalta a scaipeadh oiread agus is féidir.
dea-scéalta den chuid is mó good stories for the most part
" Níor chuala mé ach dea-scéalta den chuid is mó faoi na hÉireannaigh, go háirithe sa tSaimbia, áit a raibh dea-chuimhní ag go leor daoine ar mhúinteoirí Éireannacha a bhí acu.
bhí sé tugtha do scéalta a insint, he was inclined to be telling stories,
" Rugadh é in Sussex sa bhliain 1948 agus, de réir cara óna óige, bhí sé tugtha do scéalta a insint, fiú agus é in aois scoile.
ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi spreading malicious stories about him
" Chuir sé i leith na ngardaí go raibh siad ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi sna meáin chumarsáide cionn is nach raibh dóthain fianaise acu chun é a chúiseamh.
scéalta na Maorach, the stories of the Maori,
" Dar le scéalta na Maorach, téann spioraid chun na háite seo i ndiaidh dóibh a gcoirp fhisiciúla a fhágáil.
chluininn scéalta I used to hear stories
" Bhí an t-ádh orm; chluininn scéalta fá mo chairde ar tugadh gríosáil dóibh as siocair iad a bheith ina gCaitlicigh.
scéalta uafásacha terrible stories
" Costas geilleagrachNíl anseo ach mioneachtra a tharla dom féin, agus tá scéalta uafásacha le hinsint ag daoine eile, ach bhí alt ag David McKittrick in The Independent an mhí seo caite a chuir síos ar chostas geilleagrach na cinedheighilte neamhurchóidí seo.
Bíodh an diabhal ag scéalta beaga To hell with little stories
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
scéalta móra nuachta big news stories
" Cúis mhórtais do Bhalor a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an *Sindo* agus an *Star*, an *Mirror* agus an *Messenger of the Sacred Heart* ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch.
scéalta uafáis tales of horror
" I dtreo dheireadh na bliana a tháinig scéalta uafáis faoin chóicín chun tosaigh.
ar na scéalta a bhí taobh thiar de na hamhráin about the stories behind the songs
" Bhí suim mhór aige sa cheol agus san amhránaíocht, agus bhí eolas mór leathan aige ar na scéalta a bhí taobh thiar de na hamhráin.
ar scéalta Tuaisceartacha on Northern stories
" Polasaithe eagarthóireachtaNí dóigh liom gur féidir le nuachtán a thugann &quot;nuachtán náisiúnta&quot; air féin an oiread sin béime a chur ar scéalta Tuaisceartacha i gcónaí.
ag insint scéalta. telling stories.
" ”Bob Burke, múinteoir Gaeilge, Washington State agus Portland, Oregon“Bhíodh Seán i gcónaí ag lorg spraoi &ndash; ba bhreá leis damhsa, ceol agus a bheith ag insint scéalta.
ag cogaint na scéalta chewing the stories
"ag cogaint na scéalta, ceann ar cheann, agus rachaidh draíocht an tseanama i bhfeidhm ort.
go n-insíodh sé scéalta dúinn that he used to tell us stories
" Is cuimhin liom go n-insíodh sé scéalta dúinn mar gheall ar na síogaí a thagadh amach i ndiaidh leath i ndiaidh a deich san oíche agus an ghrian ag dul faoi sa samhradh.
scéalta tubaisteacha distastrous stories
" *CMA: Chualamar na scéalta tubaisteacha ó na Stáit Aontaithe faoi Bear Stearns, Fannie Mae, Freddie Mac agus faoi bhainc eile nach iad.
scéalta nuachtáin newspaper takes
" Agus é ag labhairt ar an fhealsúnacht san eacnamaíocht, ’sé sin an tionchar a bhíonn ag smaointí agus barúlacha an duine ar an gheilleagar, dúirt sé gur cheart dúinn uile go léir ár gcuid teilifíseán a mhúchadh agus éirigh as a bheith ag léamh scéalta nuachtáin faoin gcruachás ina bhfuil muid faoi láthair.
scéalta éadroma spleodracha light, boisterous stories
" Ní thógfaí ort é dá bhfeicfí thú tar éis duit ‘Cuireadh’, an chéad scéal sa chnuasach Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta, a léamh agus tú sínte ar tholg, cuimhní maidir le M’Asal Beag Dubh i do cheann agus tú ag súil le scéalta éadroma spleodracha.
scéalta sí fairytales
" “Tá Balor ag éirí rómhór do na scéalta sí sin,” a dúirt sé le Kathleen Mavourneen.
scéalta dúrúnta the secret tales
" Bhí spéis aige a bheith ag tochailt níos doimhne ná sin, le go scaoilfeadh sé saor lena chuid scuaba péinte na scéalta dúrúnta a bhí faoi cheilt sa tírdhreach.
bhriseann scéalta nuachta newstories break
" Má léim alt eile i nuachtán faoina sciobtha is a bhriseann scéalta nuachta ar Twitter, Facebook is ar YouTube caillfidh mé a laghad stuaime is atá fanta ionam.
chun na scéalta a ghoradh to cook/prepare news
" Baintear feidhm as iriseoirí cathrach chun na scéalta a ghoradh nó a fhás agus úsáidtear leis Twitter agus Facebook agus ligtear do na léitheoirí iad féin gach uile scéal a chíoradh ina bhfocail féin.
ina gcuid scéalta in their tales
" Ba liosta le háireamh na scribhneoirí a d’úsáid carachtair ón Lucht Siúil ina gcuid scéalta agus drámaí.
Anó Scéalta na Liarlóg the rags’ craving for news
" Anó Scéalta na Liarlóg ============ Maíonn go leor iriseoirí gur bhagairt do shaoirse cainte na meán iad na ‘sárurghairí.
scéalta scaoill tales of panic
" Ní ghlacfar le scéalta scaoill ó lucht an amhrais is minic a scéal báite ag lucht cantail agus dream an uisce faoi thalamh, sna meáin phoiblí nó sna meáin fhéinchraolta ar an idirlíon.
ag roinnt scéalta sharing stories
" Mí ina dhiaidh sin, bhíos ag caint le B’leáth Cliathach eile sa Cholóim, ag roinnt scéalta faoinár gcuid taistil agus d’inis sé dom go ndearna sé Potosi chomh maith, ach é ag léimt na bearna céanna, níor bhain sé an taobh eile amach agus thit sé amach sa duibheagán, agus bhí sé ag luascadh ar an téad tarrthála go dtí gur tharraing triúr fear aníos é.
Scéalta tharainn na teipeanna go léir all the failures are a matter of the past
" A bhFuil Romhainn ========= Scéalta tharainn na teipeanna go léir, Cionn tSáile, an Drochshaol, díothadh na teanga, drochíospairt ar leanaí lenár linn féin, agus díol na tíre anuraidh san áireamh, ach sinn an leon a leigheas: Ní hí an ainnis is measa linn a bheith thíos go deo, ach an tarcaisne a leanann é nach leigheastar an leon.
scéalta is úire latest news
" Is áit é le scith a ligean agus leis na scéalta is úire a chloisteáil.
Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta conceiving and pushing stories
" Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta ================= D’eagraigh Terry preasagallamh ag am amháin inar labhair sé mar a bheadh sé fós i gceannas ar an bhfoireann.
an tsraith scéalta the series of stories
" Ní hionadh go bhfuil an tsraith scéalta faoin gcóála dalba óg, *Blinky Bill*, leis an scríbhneoir Dorothy Wall, ar na scéalta is ansa le páistí na hAstráile ó foilsíodh í tuairim is ochtó bliain ó shin.
a bheith ag cumadh scéalta to be composing tales
" Tá an chuma air gur maith le daoine a bheith ag cumadh scéalta.
nuachtáin breac le scéalta newspapers full of news
" Bíonn na nuachtáin breac le scéalta fúthu, go fiú an dornán nuachtán inmholta mar El País agus corrcheann eile.
béaloideas agus scéalta mhuintir family history and lore
" Tá níos mó ná scéal amháin le hinsint sa leabhar seo agus tá béaloideas agus scéalta mhuintir Donna fite fuaite ina scéal féin, aguisín a shaibhríonn an leabhar agus a dhúisíonn ionainn an mothúchán go bhfuil muid beo faoi scáth ár muintire i gcónaí.
na scéalta laochais hero tales
" Scéalta faoi dhíbeartaigh, smuigléirí agus dreamanna imeallacha ar nós na chéad Chríostaithe ag lorg tearmainn is ea a bhformhór; is féidir iad a áireamh i measc na scéalta laochais chomh maith.
le fios go raibh mé ag sceitheadh scéalta ar say that I was ratting on
" "Mar sin, i ndiaidh bliana de bheith ag diúltú an chúirt a aithint, thiontaigh mé suas le dlíodóir agus abhcóide, rud a chuir na bleachtairí fríd a cheile ar fad! Cuireadh an cás ar athló agus tugadh chuig na cillíní mé áit ar dúradh liom go dtabharfadh na póilíní le fios go raibh mé ag sceitheadh scéalta ar mo chomrádaithe agus go raibh mé ag comhoibriú leo dá rachainn ar aghaidh leis an chás.
gnéithe de scéalta crua aspects of the hard stories
" Tuiscint ar an Chos ar Bolg ============ Coirdínigh, Airméanaigh, Bascaigh, chomh maith leis na Palaistínigh, tá gnéithe de scéalta crua a dtíortha agus a muintire a léiríonn roinnt gnéithe den chos ar bolg agus den díothadh a tharlaíonn go rómhinic in áiteanna éagsúla ar an domhan.
Insíodh na scórtha scéalta grinn many funny stories were told
" Insíodh na scórtha scéalta grinn agus scéalta faoi eachtraí éagsúla.
na scéalta uafáis the tales of woe
" Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.
dea-scéalta good stories
" An Turas Spleodair ======== Ach, má bhíonn leithéidí Lance Armstrong ann, bíonn na dea-scéalta ann freisin agus dóthain díobh sin le nach baol dúinn géilleadh don éadóchas.
scéalta faoi laochra as Éirinn heroic tales of Ireland
" Anois, bím ag léamh scéalta faoi laochra as Éirinn le mo pháistí san oíche.
tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol there’s news about the loyalist band that played taobh amuigh de Theach Pobail outside the parish church
" Sna nuachtáin inniu, tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol taobh amuigh de Theach Pobail Naomh Pádraig ainneoin gur chinn Coimisiún na bParáideanna nach raibh cead acu ach buillí druma a bhualadh.
scéalta an domhain nó na tíre world and national news
" Is cosúil áfach nach gann na gnéithe sin de scéalta an domhain nó na tíre a chuirfeadh díomá nó brón, míshásamh nó fearg agus fiú amháin, buille ar dhuine.
ní bheidh ach mórchuimsiú scéalta ar mhórshiúlta the only major coverage shall be the marches
" Ach sna nuachtáin, ar an teilifís agus ar an raidió sna míonna atá amach romhainn, ní bheidh ach mórchuimsiú scéalta ar mhórshiúlta, teannas agus easaontas.
scéalta a bhí ina mbior sa bheo di stories which really hurt her
" Is annamh a d’imigh mí thart sa tréimhse sin nach raibh scéal éigin sna meáin ó ‘fhoinse fheasach’ faoi challóid sa pháirtí i dtaca le ceannaireacht Gillard, scéalta a bhí ina mbior sa bheo di.
na scéalta is neamhchonspóidí amuigh the most uncontroversial stories you can imagine
" “Is aisteach é ach is iad na scéalta is neamhchonspóidí amuigh, dar leat, na scéalta is mó a chuireann isteach orthu.
ag inse scéalta reporting
" Rinne sí céim san iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ach níor thuig sí go dtí go ndeachaigh sí go TG4 agus go ndeachaigh sí ag inse scéalta ar an teilifís a chumhachtaí is atá an meán.
Díol trua ab ea scéalta na bhfear seo sad were the tales of these men
" Díol trua ab ea scéalta na bhfear seo agus bhain siad craitheadh as achan duine a chuala iad.
ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh to whom the victims had told their stories
" Conas a tharla sé mar shampla gur cailleadh fianaise thábhachtach agus cé a bhí freagrach as? An fíor mar a mhaígh dlíodóir Uí Lubhlaí, James Orange, ag an am nár lorg na Gardaí cuid den fhianaise a bhain leis na líomhaintí agus nach bhfuarthas ráitisí ó fhinnéithe ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh blianta sula ndeachaigh siad chuig na húdaráis? Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin nach bhfuair cothrom na Féinne ariamh.
an méid scéalta atá fós gan insint the amount of tales still untold
" Léiríonn leabhar úr a dhéanann cur síos ar an bhaint a bhí ag imirceoirí as Éirinn le díormaí coiriúlachta i nGlaschú an méid scéalta atá fós gan insint sa leagan oifigiúil de stair na tíre seo.
scéalta corraitheacha a thairiscint in offering moving stories
" Ní foláir nó gur éirigh le Ripper Street scéalta corraitheacha a thairiscint mar aon le foclóir saibhir neamhghnách.
scéalta chuid de na hinimircigh the stories of some of the immigrants
" Is éard atá in *Arrivals* ná cúig ghearrdhráma scríofa ag tuaisceartaigh nó ag daoine atá ina gcónaí anseo ag inse scéalta chuid de na hinimircigh atá ag cur fúthu ó thuaidh.
scéalta go leor faoina bhaint le plenty of stories about connections to
" Nuair a bhásaigh athair Corby, Michael, sa bhliain 2008 foilsíodh scéalta go leor faoina bhaint le cúrsaí drugaí agus maíodh go raibh seisean freagrach as an chnáib a chur i mbagáiste a iníne.
cosúil le scéalta like the stories
" Tá scéal Guillermo cosúil le scéalta na mílte Gael a chuaigh go Meiriceá Theas ó leag beirt cos ar an tír den chéad uair in 1520.
ag tochailt le haghaidh scéalta te bruite digging for hot pieces of news
" Ní bheidh aon easpa scríbhneoirí ar fáil chun colúin agus píosaí tuairimíochta a sholáthar don nuachtán úr ach cá bhfaighfear na hiriseoirí a rachaidh ag tochailt le haghaidh scéalta te bruite? Tá líon fairsing iriseoirí Gaeilge ann atá fostaithe ag leithéidí TG4, RTÉ, RnaG, BBC srl.
ag cumadh scéalta making up storylines
" Cad é tá ar siúl ansin?** ANGBh: Nach bhfuil sin saoifiúil ar fad! Chaith mé bliain déag ag obair le cara liom, Patricia Forde, ag cumadh scéalta do Ros na Rún agus is mór an spórt a bhí againn ag an am, ach bhí croí Tricia i gcónaí i scríobh leabhar do pháistí, i nGaeilg agus i mBéarla.
scéalta s’againne our tales
" Roghnaigh siad scéalta s’againne, Tricia, mé féin agus Bridget Breathnach.
Bhíodh sé féin ag aistriú scéalta he himself used to translate stories
" Don chéad uair ariamh, chas mé le fear agus bhí sé ag smaoiteamh ‘ó, tá sé i nGaeilg, ach tá saol mór amuigh ansin! Cad chuighe nach mbeadh suim acu i scéalta s’againne?’ Bhíodh sé féin ag aistriú scéalta as teangacha eile go Gaeilg agus dúirt sé leis féin, ‘táimid féin chomh maith céanna agus tá na scéalta s’againn féin chomh maith céanna.
scéalta púcaí dá chéile ghost stories to each other
" Insíonn siad scéalta púcaí dá chéile i rith na hoíche, agus ritheann sé leis an lucht féachana leathshlí tríd an gcomhrá idir eatarthu nach scéalta greannmhara iad siúd ach an oiread, ach iarrachtaí fíorphearsanta greim a dh’fháilt ar a gcuid díomá agus a gcuid tubaistí éagsúla.
ina dtugtar aird ar scéalta where attention is drawn to stories
" Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an mblagadóir Laura Bates agus ag an tionscadal ar líne 'Everyday Sexism' (féach sna naisc ar dheis), tionscadal nua-aoiseach ina dtugtar aird ar scéalta mná atá céasta ag an ngnéasachas.
mar gheall ar na scéalta bleachtaireachta due to the detective stories
" Tá clú agus cáil air anois i mBéarla mar gheall ar na scéalta bleachtaireachta a scríobh sé, ach dúirt sé in agallamh – agus léigh mé é – gurb é an chéad cheann a aistríodh, an ceann sin go Gaeilg agus bhí iontas an domhain airsean gur tharla sé.
ach scéalta brónacha nó áthasacha just sad stories or joyful
" Sa triail seo rinne na taighdeoirí ionramháil ar shruth nuachta úsáideoirí ionas nach bhfeicfeadh siad ach scéalta brónacha nó áthasacha.
an-scéalta nár insíodh great stories which weren’t told
" Bhí an-scéalta nár insíodh sa scannán ar ndóigh.
Thit scéalta úr is aisteacha isteach in intinn strange and new stories occurred to
" Thit scéalta úr is aisteacha isteach in intinn PJ Mhic Gabhann le linn a stad deiridh i gceann de na stáisiúin artola seo ar na mallaibh.
scéalta gan téagar silly stories
" An mbeidh páiste eile ag Carla Bruni nó nach mbeidh? Ba leamh le PJ Mac Gabhann roinnt de scéalta gan téagar na meán thall.
scéalta againne our tales
" An áit ar sacadh eisean Leitir Fraic, níor thada na scéalta againne, le hais éigniú, dúnorgain nó marú agus uaigeanna nach dtugadh gaolta cuairt.
scéalta na ndaoine the tales of people
" Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil athrú ag teacht ar dhearcadh mhuintir na Sé Chontae mar gheall ar nochtú fhírinne roinnt de scéalta na ndaoine a maraíodh agus roinnt de scéalta na ndaoine atá ar marthain!
scéalta móra an chos ar bolg major incidents of imperialism
" Tugann Alan Desmond léargas i mbeagán focal ar bhunteachtaireacht Harvest of Empire, scannán faisnéise a ríomhann scéalta móra an chos ar bolg.
i scríobh na scéalta fógraíochta in writing for advertising purposes
" Molann Roseanne Smith don té Smutleabhrach ar mian léi nó leis a bheith feiceálach ann, a bheith go haischlibeach i scríobh na scéalta fógraíochta.
bhris sí scéalta faoin she spilt the beans on
" Bhí sé ag cúléisteacht le hÍosa Mhic Giolla Mháire nuair a bhris sí scéalta faoin Abu Proinsias.