Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áit scíthe a place of rest
" Tabharfaidh sé áit scíthe do dhaoine aosta agus cuirfidh sé postanna ar fáil do ghlúnta níos óige.
a scíth a ligint to have a rest
" Cuirfidh an t-ionad seo cúrsaí ar fáil do dhaoine fásta sa teanga, sa cheol agus sa tseandálaíocht, sa gcaoi go mbeidh deis acu a scíth a ligint ar an oileán, saor ó bhrú agus ó fhuadar na cathrach.
scíth rest
" Ghlac mo sheanchara, Micí Ó Máirtín, an tAire Easláinte, scíth bheag óna dhialann le cur le moltaí Mhic Dhiúil agus le moladh dá chuid féin a chur ar aghaidh.
scíthe rest
" Pointe eile ar son scíthe ar an taobhlíne ná faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair níl aon phionós ar an imreoir a fhaigheann cárta buí amháin; agus fiú má fhaigheann sé an dara ceann roimh dheireadh an chluiche níl de phionós air ach an chuid eile den chluiche sin a chailliuint.
a ligeann an mháthair a scíth that the mother rests
" Is é an t-aon lá sa bhliain a ligeann an mháthair a scíth, rud a bhíonn de dhíobháil go crua uirthi; tá sé de nós ag lánúineacha sa tír seo teaghlach mór a bheith acu agus, mar sin, bíonn an mháthair de shíor ag obair sa teach.
do scíth a ligean have a rest
" Tá buidéal maith fíona le fáil anseo ar níos lú ná cúig euro - mar sin, ní bhíonn mórán imní ort má dhoirteann tú cuid de! Faoiseamh ======= Tá go leor leor páirceanna poiblí anseo, áit ar féidir leat do scíth a ligean agus faoiseamh a fháil ó chrá croí *la vie quotidienne*.
scíth rest
" Cén dochar? Tabharfaidh sin scíth don chuid eile againn.
an scíth cheart the right rest
" Ach toisc go bhfuil siad ar nós imreoirí gairmiúla ó thaobh chaighdeán a gcuid traenála agus cur chuige agus go bhfuil poist acu chomh maith, seans nach mbíonn an scíth cheart á fháil acu idir seisiúin traenála agus cluichí.
scíth rest
" Réitigh sé tae agus chaith sé toitín, gach nóiméad agus é ina shuí díomhaoin ina nóiméad eile caillte aige ón obair leanúnach mhíthrócaireach nár thug cead dó scíth a ligean.
scíth rest
" Réitigh sé tae agus chaith sé toitín, gach nóiméad agus é ina shuí díomhaoin ina nóiméad eile caillte aige ón obair leanúnach mhíthrócaireach nár thug cead dó scíth a ligean.
ag ligean a scíthe resting
" I gcodarsnacht lom leis na pictiúir seo atá na cinn atá le feiceáil ó dheisceart na tíre ón tréimhse chéanna, ina bhfeictear radharcanna éagsúla, ina measc scaifte daoine curtha inár láthair ag Martin Parr agus iad bailithe i ngrúpaí beaga faoi chrainn ag fanacht ar theacht an Phápa Eoin Pól go Cnoc Mhuire i 1979 agus daoine ag ligean a scíthe cois farraige i gCiarraí sna hochtóidí i bpictiúir Harry Gruyaert.
scíth a thabhairt to give some rest
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
scíth bheag á glacadh aige ón obair taking a small break from the work
" Le linn na bpolcaí úd, thug mé sracshúil ar an mbeár agus ansin os mo chomhair bhí Gearóid (scíth bheag á glacadh aige ón obair), é ag stánadh amach roimhe ar thada agus méaracha a láimhe clé ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil.
bhí muid in ann ár scíth a ligint we were able to take a rest
" Bhí an-spraoi againn á thaifeadadh mar go raibh an aimsir go breá ag an am agus bhí muid in ann ár scíth a ligint ar an trá tar éis laethanta fada a chaitheamh ag taifeadadh.
ag ligean a scíthe taking a rest
" I gcás na Meiriceánach, seans go mb’fhearr le cuid acu ar aon nós a bheith sa mbaile ag ligean a scíthe ag deireadh séasúr fada, tuirsiúil ag carnadh na ndollar.
an bhfuil sé chun a scíth a ligean if he intends having a rest
" ” Fiafraím de Risteard ag deireadh an agallaimh an bhfuil pleananna móra aige ó thaobh oibre de sa todhchaí nó an bhfuil sé chun a scíth a ligean agus sult a bhaint as an saol.
a scíth a ligean to rest
" Maidir leis na maoir eitleáin ar na haerbhealaí cianaistir - a thugann do bhia agus do dheoch duit idir Baile Átha Cliath agus Nua-Eabhrac - de réir na rialacha, is cóir go mbeadh deis acu a scíth a ligean ar feadh lá nó dhó tar éis dóibh gach turas trasatlantach a chríochnú.
sínte ar a leaba ag ligean a scíth stretched out a a bed relaxing
" Bhí siad sínte ar a leaba ag ligean a scíth Iad sona ar nós cuma liom ar snaoisín.
do scíth a ligean relax
" Is féidir an-chuid de na príomhradhairc a fheiceáil in aon lá amháin agus do scíth a ligean ag ól Zywiec nó Ozocim, nó d’fhéadfá triail a bhaint as na céadta cineál éagsúil vodka atá ar fáil – má bhíonn tú cróga go leor! **Campaí géibhinn**Bhí seancheantar na nGiúdach, Kazimerz, mar chathair inti féin go dtí an bhliain 1791.
le mo scíth a dhéanamh to relax
" Shiúil mé go dtí Auberge Orisson – aistear atá naoi gciliméadar ar fhad agus 900 méadar ag dul suas in éadan na mala – agus ghlac mé briseadh le mo scíth a dhéanamh agus le greim a ithe.
scíth a ligean to relax
" ” Am Saor Is iomaí glao ar Ivana, gan aon agó, ach mar sin féin bíonn am aici a scíth a ligean chomh maith.
Ligim mo scíth I relax
" Ligim mo scíth idir na seisiúin, agus b’fhéidir go rachainn ar ais a chodladh idir na seisiúin.
lig muid ár scíth we relaxed
" Thug an traein is compordaí ar an oileán go Baile Átha Cliath muid, áit ar lig muid ár scíth ar feadh dhá lá.
scíth a ligean relax
" Gheall fáilteoir dó nach raibh gá ar bith le teilifís a chur sa seomra toisc nach raibh ach cainéal áitiúil amháin ar fáil! Nuair a théarnaigh seisean ó easpa Sky News, thiteamar isteach go héasca ar an tslí cheart le scíth a ligean.
scíth le fáil rest
" Dá bhrí sin, níl scíth le fáil ag imreoirí maithe, go mór mór ón ngéarchoimhlint nuair ba chóir, agus ní fios cén dochar atá á dhéanamh, má tá, do leas fadtréimhse na rannpháirtithe.
chun ár scíth a ligean to relax
" Tugadh ciseán míre don bheirt againn agus shocraíomar síos i lúib dheas den trá chun ár scíth a ligean tar éis ghníomhaíochtaí na maidine.
gan scíth unrelentingly
" Ach is iomaí foras stáit a bheas faoi lúchair gur cuireadh múineadh ar an Choimisinéir óir gur bhior sa bheo a bhí ann agus é i mbun póilíneachta gan scíth ar chearta teanga phobal na Gaeilge is na Gaeltachta.
ag ligean scíth an mheánlae having their siesta
" I móinéar eile bhí an féar bainte agus scartha, agus an meitheal sínte fúthu ag ligean scíth an mheánlae.
scíth a ligean to relax
" Anuas ar an deis a thug sé do lucht ragairne teacht chucu féin an lá dár gcionn, is áil le Spáinnigh i gcoitinne a scíth a ligean ar an Domhnach.
scíth a ligean to relax
" Is deacair dóibh scíth a ligean agus go minic, bíonn siad ag léim timpeall gan smacht nó a mhalairt – sínte ar an tolg, an teilifís nó an ríomhaire os a gcomhair.
ag ligean do scíthe in aon chor relaxing at all
" An mbeidh tú ag ligean do scíthe in aon chor nó a ghlanmhalairt sa saol úr atá romhat, meas tú?** ÍNíCh: Ba mhaith liom leanacht ar aghaidh leis an gcraoltóireacht, más féidir.
ag geabadh gan scíth faoi talking incessantly about
" Sin Séamus bocht Heaney ag éisteacht go fadfhulangach le Lou Reed atá ag geabadh gan scíth faoi Taobh Fiáin den saol atá le teacht – nó an saol in bhfuil muid anois, a Mhaggie.
lena scíth a ligean to relax
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.