Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scóig buidéil bottleneck
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
scóige throat
" Le roinnt blianta anuas, bhí greim scrogaill agus scóige ag iománaithe Chill Chainnigh ar gach comórtas agus bhí cuid mhór de lucht leanúna na hiomána ag éirí tuirseach den urlámhas daingean a bhí acu ar chúrsaí iomána.
greim scóige a choke lock
" Ach é sin ráite, an bhfuil rud fiúntach ar bith ar domhan níos mó nach bhfuil greim scóige ag an airgeadas agus ag an margadh air? Is maith linn a cheapadh anseo in Éirinn go bhfuil an Cumann Lúthchleas Gael, cuir i gcás, ina eagraíocht dheonach atá neamhspleách ar chúrsaí tráchtála ach is í an fhírinne go bhfuil an CLG taobh le comhlachtaí tráchtála oiread is atá aon dream eile chomh fada is a bhaineann sé le maoiniú a chur ar fáil do dhul chun cinn na heagraíochta.