Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scabhaitéara blackguard
" Ní fhéadfaí í a chur go hifreann, siúráilte, fiú dá mba scabhaitéara a bheadh ann mar thiocfadh dó aithrí agus gníomh croíbhrú a dhéanamh, go háirithe anois ó bheadh neart ama aige le smaoineamh air féin ar an saol seo agus ar an saol eile sul má léimfeadh isteach ann ar a leathchois.
an scaifte scabhaitéirí sin that crowd of blackguards
" Ní an DUP a bheas mar ainm níos mó air, nó tá mé dubh dóite de Adams agus McGuinness agus an scaifte scabhaitéirí sin ag cogarnaíl liom go mioscaiseach, mailíseach, maslach agus iad ag siúl tharam sna dorchlaí: 'Hé a Ian, do you pee san oíche? Hé a Ian, do you pee ar maidin? Hé a Ian, do you pee go minic?' Ní bheidh orm glacadh leis níos mó mar tharcaisne, nó is é an t-ainm úr a bheas ar an pháirtí feasta Democratic Unionist Party na hÉireann, nó na DUPEs más fearr libh.
scabhaitéirí blackguards
" Bhí díomá ar go leor daoine faoin méid a tharla i Staid Semple, ach tuigimid nach scabhaitéirí ná drochdhaoine iad leithéidí Sheáin Óig Uí Ailpín, Dhónail Óig Uí Chíosóig nó imireoirí eile mar iad.
scabhaitéirí messers, rascals
" Mí-úsáid na meán atá ansin, go ndéanfaí iarracht an dream scabhaitéirí a scanradh le bladar nuachta tráthnóna, in áit an rud ceart a dhéanamh.
Scabhaitéir scoundrel
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
scabhaitéirí messers
" Tá potholes go leor sa tír anois, i ndiaidh a raibh againn de shioc agus sneachta agus oighear – a bhuíochas sin do scabhaitéirí Fhianna Fáil nach raibh sásta na píobáin teasa a chur faoi na bóithre mar a mhol mé.
scabhaitéir blackguard
" Mar sin, nuair a fhaighimid amach go bhfuil laoch spóirt dár gcuid gan a bheith foirfe agus níos measa ná sin, é a bheith ina chladhaire nó ina rógaire, ina fhalcaire nó ina scabhaitéir, bíonn díomá agus fearg orainn, braithimid go bhfuil feall déanta orainn.
scabhaitéirí messers, rascals
" Go fánach a chrochadh uainn é, deirtear linn, agus nach iontach cliste an dream abhus a d’aimsigh iad is a chuir stad leis na scabhaitéirí?