Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire casting a ray of sunshine, light and joy
" Spéirbhean - nó spéirfhear - ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire timpeall na cathrach.
ag scaipeadh síolta scattering seeds
" Gheofá a rá go mbím i gcónaí ag scaipeadh síolta le féachaint an bhfásfaidh aon rud.
scaipeadh bileoga flyers were distributed
" Ag deireadh mhí Aibreáin, scaipeadh bileoga ar thithe sa cheantar ag iarraidh ar bhunadh na háite bata agus bóthar a thabhairt do Chaitlicigh a bhí ina gcónaí in árasáin i gCearnóg Whitehall.
scaipeadh fairsing wide distribution
" AÓF: Tá tionscadal eile staidéir ar siúl agat faoi láthair, nach bhfuil? Céard atá ar bun agat anois? CÓCC: Tá Ollscoil na hÉireann tar éis staidéaracht taistil sna Dána a bhronnadh orm agus is éard atá i gceist agam a dhéanamh ná féachaint ar an bpróiseas seachadaíochta a ghabhann le roinnt de mhóramhráin na Gaeilge, a bhfuil scaipeadh fairsing ilchúigeach orthu agus a bhfoirm sa traidisiún míshocair dá réir, de bharr an ról cruthaitheach a bhíonn ag fonnadóir i seachadaíocht na n-amhrán.
chun an scéal a scaipeadh to spread the word
" Cén fáth ar gá dúinne, na tomhaltóirí, íoc as na fiacha móra atá ar na comhlachtaí fóin toisc go ndearna siad botúin amaideacha fadó?! A chairde Gael, tá an réabhlóid ag tosú anseo! Tá muid chun an fód a sheasamh i gcoinne na nguthán siúil ainnis! Anois, fan nóiméad go seolfaidh mé teachtaireacht téacs chun an scéal a scaipeadh … Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
chun eolas a scaipeadh ina dtaobh to spread information about them
" Cén fáth ar bunaíodh an CC? Bunaíodh í chun teangacha agus cultúir na dtíortha Ceilteacha a chur chun cinn, chun eolas a scaipeadh ina dtaobh, agus chun deis a thabhairt do mhuintir na dtíortha sin taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile.
ag scaipeadh a gcuid físeán baile féin distributing their own home videos
" Agus tá a lán daoine ag scaipeadh a gcuid físeán baile féin saor in aisce freisin.
nuair atá cáipéis le scaipeadh go forleathan when a document has to be widely distributed
" Tá comhaid PDF ar fheabhas agus an-úsáideach nuair atá cáipéis le scaipeadh go forleathan agus nuair atá sé tábhachtach go mbeadh an chuma chéanna ar an gcáipéis sin ar ríomhairí éagsúla.
ag scaipeadh bileog giving out leaflets
" Bhí siad i mbun aisteoireachta ar ardáin bheaga, ag scaipeadh bileog nó ag seinm ceoil.
chun an dorchadas a scaipeadh. to drive away the darkness.
" Bíonn babhtaí againn ar fad a bhíonn dorcha agus deacair agus is guí nó paidir an t-amhrán seo go mbeadh an mhaitheas agus an grá atá inár gcroí láidir go leor chun an dorchadas a scaipeadh.
ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi spreading malicious stories about him
" Chuir sé i leith na ngardaí go raibh siad ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi sna meáin chumarsáide cionn is nach raibh dóthain fianaise acu chun é a chúiseamh.
bhí ráflaí á scaipeadh rumours were being circulated
" Go luath sa bhliain dar gcionn, áfach, bhí ráflaí á scaipeadh i measc lucht leanúna na hiomána i mBaile Átha Cliath go raibh Mick Holden, sariománaí Átha Cliath, ag aistriú ón iománaíocht go peil.
agus iad a scaipeadh go poiblí láithreach. and distribute them publicly immediately
" Tá Google Earth agus na híomhánna satailíte atá mar chuid den phacáiste sin á n-úsáid in am éigeandála cheana féin, ach bheadh sé i bhfad níos fearr dá bhféadfaí teacht go tapa ar íomhánna atá suas chun dáta agus iad a scaipeadh go poiblí láithreach.
ag scaipeadh ábhar margaíochta distributing marketing material
" Beidh siad ag díol síntiús, ag spreagadh siopaí agus ionad Gaeilge le *Lá Nua *a ghlacadh agus spás a chur ar fáil dó ar an tseilf, ag moladh do leabharlanna agus do scoileanna an nuachtán a bheith ar fáil acu, ag scaipeadh ábhar margaíochta don nuachtán agus ag cur ábhair ar fáil, idir ábhar scríofa agus ghrianghraif.
scaipeadh na nuathéarmaíochta, dissemination of neogolisms
" Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga: cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach).
á scaipeadh ar luas lasrach being distributed at a fast rate
" Tá eolas, caipiteal agus earraí á scaipeadh ar luas lasrach ar fud an domhain.
ó thaobh teachtaireachtaí tábhachtacha a scaipeadh in terms of spreading important messages
" Dar ndóigh, bhí sé feicthe aici cheana féin, ach bhí sí ag súil go mór le hé a bheith ar an teilifís mar go dtuigeann sí cumhacht an mheáin áirithe sin ó thaobh teachtaireachtaí tábhachtacha a scaipeadh.
á scaipeadh being spread
" Is seoid é an cineál seo daonlathais Shíónaigh atá á scaipeadh ag Bush agus ag a chuid cairde ar fud an Mheánoirthir, nach ea? Cad chuige nach ndéanann na príomhmheáin plé oscailte ar an eolas atá san alt seo? Eolas tábhachtach is ea é a d’fhéadfaí a úsáid le cogaí a sheachaint; cogaí ar nós na coimhlinte gairide a bhí ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh seo, nó cogadh idir cumhachtaí núicléacha a d’fhéadfaí a bheith ar siúl amach anseo agus a bheadh ní ba thubaistí fós, b’fhéidir.
scaipeadh to spread
" Go fiú má dhéantar iarracht acmhainn gann a dhéanamh de acmhainn digiteach agus é a chosaint ó dháileadh agus ó athrú, bíonn daoine ar líne ar na saolta seo agus níl faic níos gaire dá gcroí ach cosaint na hacmhainne sin a bhriseadh agus an acmhainn a scaipeadh fud fad an ghreasáin, má's féidir.
scaipeadh circulate
" com eolas a bhailiú faoin ábhar is mó spéise le do léitheoirí, is féidir suirbhéanna a chruthú is a scaipeadh, is féidir ábhar ar leith a dháileadh ar ghrúpaí ar leith agus ligfidh córas CustomerMinds duit margaíocht téacs a dhéanamh freisin.
scaipeadh to spread
" Bheadh an t-idirlíon ina chuidiú do thionscadal na nuachtán, ní bheadh ann ach bealach eile chun na scéalta móra a scaipeadh agus, go bunusach, bhaileofaí an nuacht féin ar an bhealach chéanna.
scaipeadh send out
" Socraíonn tú ar phreasráiteas a scríobh is a scaipeadh.
scaipeadh scattering
" Ó shin i leith, tá a stádas íseal, laghad a lín agus scaipeadh a gcomhphobal ag cur go mór lena laige pholaitiúil agus leis na deacrachtaí atá acu a gcearta a éileamh.
scaipeadh scatter(ed)
" Ach seo atá molta: 2009 Annus horribilis na Gaeilge: Deireadh le Roinn rialtais faoi leith do chúrsaí Gaeltachta agus gearradh 196 ball dá fhoireann; Údarás na Gaeltachta le briseadh ina ghiotaí agus a chúraimí le scaipeadh soir siar; deireadh le ceann de na tionscail is dúchasaí agus is rathúla sa Ghaeltacht, is é sin, na Coláistí Samhraidh; gan aon ionadaíocht faoi leith ag an Ghaeltacht nó ag an Ghaeilge ag bord an Rialtais; deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge agus leis an Scéim Tithíochta Gaeltachta; deireadh leis an eagraíocht a bhí ag dul i ngleic le riachtanais Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.
scaipeadh divided
" ” Saol na Polaitíochta Is léir gur bean í Ivana atá thar a bheith cumasach is lán de bhrí, ach ar tháinig iarracht den aiféala uirthi riamh nár dhírigh sí a cuid fuinnimh go léir ar an aon réimse amháin a bhféadfadh sí a rian a fhágáil air? “Tá dlúthbhaint ag na réimsí go léir lena chéile – an cleachtas, an obair acadúil agus an pholaitíocht, ní bhraithim go bhfuil mo chuid fuinnimh á scaipeadh go róleathan agam.
scaipeadh spreading
" Ní cóir do dhuine ar bith a bheith á scaipeadh ná fiú ag éisteacht leo.
scaipeadh to spread
" Ach céard is fiú do dream ar bith duais ar bith a urrú sa chomórtas muna bhfaigheann siad oiread is focal ar shuíomh an Oireachtais? Le Foinse agus Lá Nua imithe bealach an gharraí, beidh leitheidí an Oireachtais agus na heagraíochtaí Gaeilge ag brath ar an bpobal agus ar an bpobal arlíne, ach go háirithe, chun an scéal a scaipeadh.
á scaipeadh being delivered
" Beidh buntáiste áirithe ag Foinse sa chath seo sa mhéid is go mbeidh siad ábalta a mhaíomh go bhfuil breis is 152,000 cóip den nuachtán á scaipeadh leis an Irish Independent le hais an chúpla míle cóip a bheas Gaelscéal ag díol.
Scaipeadh split, move away
" Scaipeadh Soir Siar B’fhéidir nach ionadh mar sin nach bhfuil fágtha san Iaráic faoi láthair ach timpeall 5,000 Mandaean.
scaipeadh spread
" Éascaíonn na teicneolaíochtaí seo scaipeadh an ábhair ach níl sé soiléir go gcruthaíonn siad saol níos cóire ina bhfuil an saibhreas a thuilltear roinnte ar chách a chruthaigh an saibhreas céanna.
scéal a scaipeadh to spread the word
" Tá dreamanna éagsúla, ar nós foireann an Plastiki, ag iarraidh an scéal a scaipeadh, ach ní mór dúinn a thuiscint ag an deireadh thiar thall go dtéann tionchar ár ngníomhartha i bhfad níos faide uainn ná an saol lasmuigh de fhuinneog an tí s’againn féin.
scaipeadh to spread
" Ach is gá an scéal a scaipeadh go forleathan NACH bhfuil fás tagtha faoi líon na scoileanna ó Mheán Fómhair 2008! Is é buairt AITHEANTAS ná go mbeidh deireadh ré roimh an ngaelscolaíocht, mar earnáil oideachais atá ag fás, muna mbuaitear Cath Ráth Tó.
scaipeadh spread
" Ach an bua ba mhó a bhí acu ná a thapúla is a heagraíodh na hagóidí, agus an luas inar scaipeadh eolas i measc na bhfeachtasóirí.
scaipeadh to spread
" Agus cosúil leis an idirlíon baineadh úsáid as na meáin seo ar fad, na meáin chló san áireamh, chun pornagrafaíocht a dhíol is a scaipeadh! Bearnaí á Líonadh ========= Tá roinnt fiontraithe Éireannacha agus seanmhná uaisle na nuachtán ag baint trialach as múnlaí na meán eile cheana féin.
scaipeadh spreading
" Is iontach an méid atá bainte amach i gCathair na Gaillimhe maidir le hainmniú eastáit, ó thaobh eolas ar an nGaeilge a scaipeadh ar chuile chineál duine i measc an phobail.
scaipeadh na nÉireannach sna ceithre hairde the Irish Diaspora
" Tá scéal scaipeadh na nÉireannach sna ceithre hairde scagtha go minic ag Keneally ina shaothar, sa leabhar The Great Shame ach go háirithe.
scaipeadh eolais spread, diffusion of information
" Deir sé nach bhfuil sé cinnte an dtuigeann lucht dréachta dúnghaoisí féin na himpleachtaí sin agus na tionchair a d'fheadfadh a bheith acu ar chúrsaí daonlathais, ar scaipeadh eolais agus ar thuiscint na ndaoine ar a bhfuil ag tarlú.
soiscéal sin a scaipeadh to spread that good news
" Fuair sé deis shainiúil a chomhphobal féin a athdhearadh de réir phrionsabal dleathach nua-aimseartha, agus tá fonn air an soiscéal sin a scaipeadh.
scaipeadh nuachtlitreacha the spreading of newsletters
" Ar na héilimh seo thathantaigh sé go gcuirfí stailc ar bun, stailc nach staonfadh go dtabharfaí ar ais an athuair an tsaoirse cainte, agus go gcoscfaí scaipeadh nuachtlitreacha de chuid fhórsaí an Airm Shóivéadaigh.
chun eolas a scaipeadh ar to spread the word
" org’* ann chun eolas a scaipeadh ar an maitheas a dhéanann gach bolgáin CFL in úsáid agat, gach mála plaisteach a dhéanann tú a athúsáid agus gach ní eile a dhéanann tú ar son na timpeallachta.
an dearcadh a scaipeadh to spread the view
" Impíonn an suíomh idirlín ar dhaoine a lámh a shíneadh amach agus an dearcadh a scaipeadh.
scaipeadh na hurchair the bullets would fly
" Nuair a d’imeodh an buama, scaipeadh na hurchair agus chaithfeá titim ar an urlár go mear mar bhí fuinneoga in aice leis an áit agus is cuimhin liom buachaill beag amháin ag teacht abhaile agus bhí a láimh aige ina phóca, don chéad uair go raibh sé ag tógaint airgid abhaile don a mháthair, agus shíleadar go raibh rud éigin ina phóca aige agus lámhachadh é.
scaipeadh soir siar scattered in all directions
" Bhí na cúraimí seo faoi bhagairt mhór ó mhol údair Thuarascáil an Bord Snip Nua go mbrisfí an tÚdarás ina ghiotaí agus go ndéanfaí a chúraimí a scaipeadh soir siar.
inar scaipeadh an Chríostaíocht where Christianity spread
" Bhí an Damaisc ar na chéad cheantair inar scaipeadh an Chríostaíocht.
laistigh den Chóras Scaipeadh Briotanach within the British dispersal system
" An leabhar seo, Special Category, cuireann sé lear mór faisnéise nua os ár gcomhair i leith ghníomhaíochtaí an IRA laistigh den Chóras Scaipeadh Briotanach.
i ndiaidh an focal a scaipeadh has spread the word
" Tá sé i ndiaidh an focal a scaipeadh i measc cheannairí an domhain, a Bhaloir, a chroí.
theip orainn bac a chur ar scaipeadh we failed to stop the spread
" Ar an drochuair, theip orainn bac a chur ar scaipeadh na n-arm eithneach.
bhí scaipeadh mionéan na himirce orthu they emigrated to the four corners of the earth
" Bhí cónaí ar na fonnadóirí sna chríocha is iargúlta in Éirinn, é sin nó bhí scaipeadh mionéan na himirce orthu.
is mó scaipeadh ariamh ever circulated
" Ó tharla go raibh dailiúchán de os cionn 150,000 ag *The Irish Independent* tá seans ann go raibh an leagan sin de Foinse ar an nuachtán Gaeilge is mó scaipeadh ariamh.
iarracht an leigheas anróiteach a scaipeadh an attempt to spread the severe cure
" Ní aontóinn le gach athrú a rinneadh sa cháinaisnéis ach sílim go ndearna an rialtas iarracht an leigheas anróiteach a scaipeadh go cothrom, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na hathruithe pianmhara a cuireadh i bhfeidhm orainn le cúig bliana anuas.
chun cur in éadan scaipeadh to oppose the spread
" *’ (36) Bunaíodh The Scottish Protestant League chun cur in éadan scaipeadh an Chaitliceachais in Albain.
míthuiscintí á scaipeadh misunderstandings being spread
" Tá go leor leor míthuiscintí á scaipeadh i measc an phobail faoi nuachtán clóite.
ag scaipeadh bileog spreading leaflets
" Ní fáidh fear ina dhúiche féin, áfach: is cuimhin lena mhac an uair ar briseadh Pól as a phost mar bhainisteoir ar an gcomharchumann áitiúil, agus go raibh daoine ag scaipeadh bileog ag an séipéal áitiúil agus iad ag iarraidh an pobal a ghríosadh chun fear Dhúrlas Éile a ruaigeadh amach as an áit.
scaipeadh na n-iarnród the spread of the railways
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
Scaipeadh (were) sent around
agus an chóisir ag scaipeadh as the party split up
" “Feicfidh mé ag an mbricfeasta thú,” arsa Peggy Seeger liom agus an chóisir ag scaipeadh.
bileog á scaipeadh ar the leaflet being spread around
"bileog á scaipeadh ar na iarrthóirí ag an gConradh faoi láthair ina bhfuil dhá cheist curtha.
a scaipeadh ar thithe which was delivered around the houses
" Sách dona agus mar bharr ar an donais is i mBéarla, cé is moite d’abairtín fánach amháin, a bhí an bhileog faoi Matt Carthy a scaipeadh ar thithe anseo i nGaeltacht Chonamara.
scaipeadh to scatter
" Cruthaíonn ceolchoirm tonnchreathanna ar leith ina bhfuil ní hamháin an ceol atá á sheinm ach smaointe is mothúcháin na gceoltoirí is an lucht féachana araon agus cad a dhéanfadh bualadh bos ach na tonnchreathanna breátha sin go léir a scaipeadh! Teoiric spéisiúil.