Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
córas scaipthe ceoil music distribution system
" Anuas air sin, bhí go leor eachtraí a bhain leis an saol ríomhaireachta sna cúirteanna - agus ar ndóigh, cuireadh deireadh le córas scaipthe ceoil Napster.
scaipthe scattered
" Chuir sé Gleann Cholm Cille i gcuimhne dom, leis na sléibhte móra donna, na tithe beaga bána scaipthe lena dtaobh agus trá gheal ghalánta i gcruth corráin.
scaipthe scattered
" Cé go mbíodh roinnt mhaith acu scaipthe ar chósta na hÉireann blianta ó shin, níl ach thart fá thrí cinn fágtha.
scaipthe scattered
" Cad é atá againn i ndáiríre, mar sin, ó thaobh lucht labhartha na Gaeilge de, ag tús an 21ú haois? Pobail scaipthe ina labhraíonn timpeall tríocha faoin chéad den daonra an Ghaeilge ar bhonn laethúil.
scaipthe scattered
" Is le linn na tréimhse míshocra seo dá shaol a rinne Caravaggio an chuid is tromchiallaí agus is géarchúisí dá shaothar, agus, murab ionann agus an chuid is cáiliúla dá shaothar, atá le feiceáil gan stró in eaglaisí agus iarsmalanna sa Róimh, tá an saothar deireanach seo scaipthe in áiteanna éagsúla.
scaipthe scattered
" Tá Coiste Dúiche breá díograiseach sa chontae; tá na baill scaipthe ar fud an chontae ach, mar sin féin, tá siad i gcónaí ar fáil le cuidiú a thabhairt.
scaipthe scattered
" Tá an port ag bun leithinse cothroime gaofaire, agus neart tithe scaipthe thart uirthi.
scaipthe scattered
" ie/)), scátheagras na gcoláistí, ar fáil, tá dhá choláiste is daichead san iomlán agus iad scaipthe ar fud na nGaeltachtaí uilig.
scaipthe anseo is ansiúd scattered here and there
" Turas gairid aoibhinn a bhí ann, na sléibhte thart ar an loch agus scáth na néalta ag corraí tharstu, agus oileáin charraigeacha ghlasa scaipthe anseo is ansiúd sa sáile gorm.
scaipthe ar bhruacha na habhann scattered on the banks of the river
" Tá bailte beaga scaipthe ar bhruacha na habhann agus tá ról lárnach aici i saol mhuintir an cheantair seo maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, agus is córas iompair agus foinse uisce don chócaireacht agus don níochán í chomh maith.
scaipthe scattered
" ***AÓF: Ach tá sibh ar fad scaipthe timpeall na tíre anois, nach bhfuil, i gcoláistí tríú léibhéal éagsúla?***CNicG: Tá.
scaipthe scattered
" Thaistil mé suas ar eitleán beag an chomhlachta – an-ghalánta i gcomparáid le bheith suite ar chúl sean-*pickup* éigin! Bhí an turas go hálainn; bhí Loch na Maláive le feiceáil thíos fúinn, bailte beaga scaipthe i ngach áit, agus bóithríní cúnga dearga ag casadh trí na sléibhte glasa.
scaipthe incoherent
" Bhí an Tóirse sin le pacáil isteach i mála mór Lidl, agus le cur ar ais ar an chéad eitilt eile chun na Síne – chomh maith leis an deichniúr sin a tháinig in éineacht leis, agus a bhí faoin am sin scaipthe i dtábhairní éagsúla ar fud na hÉireann.
scaipthe put about
" Ach más fíor go bhfuil cúrsaí chomh tromchúiseach sin, cén fáth nach bhfuil a fhios ag an saol mór faoi scéal fírinneach CFD? Cad chuige nach bhfuil an scéal scannalach seo scaipthe go forleathan ag na meáin? Bhuel, tá scéal rúnda CFD scríofa ag beirt iriseoirí a bhfuil inchreidteacht ag baint leo, ach tabhair faoi deara céard a tharla dóibhsean.
scaipthe spread out
" Bhí an tobar fós scriosta, ach bhí troscán suarach plaisteach curtha thart timpeall na háite – bhí táblaí picnic agus binsí scaipthe timpeall ón charrchlós atá píosa beag suas an cosán.
scaipthe scattered
" Meastar go bhfuil tuairim is 90,000 Batwa fágtha faoi na Mór-Lochanna agus iad scaipthe thar achar tuairim is 100,000 ciliméadar cearnach, achar ábhairín níos mó ná oileán na hÉireann.
scaipthe sent out
" Tá foirmeacha na bliana seo scaipthe agus líonta isteach, agus go deimhin tá próiseáil agus cigireacht déanta orthu agus, i gcásanna áirithe, tá airgead íoctha le teaghlaigh go fiú.
scaipthe scattered
" Nílim cinnte céad fán gcéad go bhfuil rochtain ag foireann ár gcuid otharlann ar ríomhaire gan chaint ar r-phost ar ghléas soghluaiste! Maith dom mar sin go bhfuil m’alt rud beag scaipthe an mhí seo.
scaipthe spread out
" Cé go bhfuil muid scaipthe ar fud na tíre, is féidir linn a bheith i dteagmháil lena chéile tríd an teicneolaíocht nua agus tá dream bunaithe againn cheana féin ar www.
scaipthe spread
" Bhí a fhios againne go maith go raibh 10,000 cainteoir dúchais i nGaeltacht Chonamara as féin, ó Bhearna siar go Carna, gan caint ar Ghaoth Dobhair ná ar chainteoirí dúchais a bhí scaipthe ar fud na tíre.
scaipthe spread
" Lenár dtraidisiúin dhifriúla, idir Bhéarla agus Ghaeilge, nó an éagsúlacht chultúir, tá bríonna difriúla scaipthe tríd an tír, buntáiste ann féin.
síceapatach scaipthe crazy psychopathic
" Nach iad go deimhin an drong óigfhear síceapatach scaipthe céanna atá ina scáil dhubh ar shráideanna shuaracha Luimnigh agus Bhleá Cliath againn féin le blianta beaga anuas? Ach tá an mháthairphearsa seo ar scála lasmuigh fiú amháin den mhínádúrthacht choiteann – ise an ais ar a chasann an t-olc breoite uile.
scaipthe strewn out
" Cosúil le cur chuige ghníomhaithe agus scríbhneoirí eile a glúine, d’fhoilsigh Ní Mhaolagáin a cuid scríbhinní i nuachtáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus bhí siad uilig scaipthe i ngach ball go dtí gur thosaigh coimeádaí an taispeántais, an Dr.
scaipthe ar fud spread throughout
" **SMM: An gcronaíonn tú California uait, tharla gur tirime mar áit í ná iarthar na hÉireann, agus tá seanchairde leat scaipthe ar fud na Stát Aontaithe ar fad chomh maith? An gcronaíonn tú na seanchairde go léir?** SÓD: Tá mé sa mbaile in Éirinn, i ndáiríre.
scaipthe go forleathan very widespread
" Faoin séú céad déag áfach, bhí eolas ar dhlí na haontumhachta scaipthe go forleathan agus sa chuid is mó bhíothas umhal don dlí seo.
scaipthe spread
" 15 oileán atá scaipthe ar fud 2 mhilliún ciliméadar cearnógach atá i gceist anseo.
scaipthe fud fad spread throughout
" Tá an saothar ar fad scaipthe fud fad na cathrach i suíomhanna suntasacha éagsúla ar nós Dánlann Hugh Lane, Dánlann Náisiúnta na hÉireann agus i suíomhanna taobh amuigh faoin spéir sa chathair féin.
scaipthe spread out
" Cén fáth? Fathach na Seacht gCeann =============== Níl aon tír ar domhan a bhfuil ceannasaíocht chomh scaipthe is atá i Libia.
scaipthe ar ghréasán put out on the web
" A luaithe is a bhí ábhar faoi chóipceart scaipthe ar ghréasán bhí sé i gceist an gréasán sin a ghearradh ón idirlíon trí iarraidh ar ISP a chuntas a dhúnadh agus trí stop a chur le suíomhanna eile, beag nó mór, nascadh leo.
cráite agus scaipthe distressed and scattered
" Bhíodar cráite agus scaipthe, na fuinneoga briste i gcuid des na scoileanna ann, agus na haithreacha ar teitheadh agus ní raibh a fhios ag na mná cá rabhadar agus ní raibh a fhios ag na páistí cá rabhadar, ach fuaireadar aire mhaith ón Rialtas, déarfainn é sin, agus ós na dochtúirí agus na haltraí.
teachtaireacht scaipthe message has spread
" Is cinnte go bhfuil teachtaireacht scaipthe mórthimpeall an domhain, ach is í an cheist is práinní ná, an bhfuil na figiúrí cruinne ar fáil dúinn? Bhí an méid sin daoine á cháineadh gur eisigh an charthanacht físeán nua chun na ráflaí seo a chur ina luí, agus ó shin i leith tá gach eolas maidir le cúrsaí airgeadais na carthanachta ar fáil ar an suíomh idirlín (Invisible Children)(http://www.
scaipthe ar fud spread throughout
" An Taobh Tuathail ======== Tá lucht éisteacht eile ansin chomh maith ag an raidió ó thaobh an cheoil de agus tá siad scaipthe ar fud na tíre agus ar fud na cruinne agus níl focal Gaeilge acu, nó níl aon bhaint acu leis an tír seo, b’fhéidir, agus ’siad sin lucht leanúna An Taobh Tuathail, an clár ceol domhanda agus techno.
chan fhuil siad chomh scaipthe they’re not as spread out
" Agus, agus chan fhuil siad chomh scaipthe! Ach tá sé fíor chomh maith gurb í Glaschú an Ghaeltacht is mó in Albain.
atá scaipthe fud fad which are spread far and wide
" An duine a thabharfadh camchuairt ar an chontae thuaisceartach, ní fhéadfadh sé ach iontas a chur sa mhéid muilte gaoithe atá scaipthe fud fad na gcnoc álainn gorm.
scaipthe anois ar fud na hEorpa now spread throughout Europe
" Tá an galar scaipthe anois ar fud na hEorpa agus is le déanaí a shroich sé an tír seo.
tithe ollmhóra scaipthe massive houses scattered
" Cairde go Lá, Cairde go Brách ============= Le linn bhorradh an Tíogair bhí tionchar an ábharachais le feiceáil ar fud na tíre: tithe ollmhóra scaipthe faoin tír, carranna móra nua, éadaí dearthóra, agus mar sin de.
scaipthe ar fud na háite scattered throughout the area
" Agus muid san aer os cionn Bhoston ar an mbealach abhaile, bhí paistí beaga, glasa scaipthe ar fud na háite le feiceáil trí fhuinneog an eitleáin.
cionn is go bhfuil sí an-scaipthe because it’s very scattered
" Tá a sainleochaileacht féin ag baint le Gaeltacht Mhaigh Eo cionn is go bhfuil sí an-scaipthe siar, ó thuaidh agus ó dheas.
an slua scaipthe the crowd scattered
" Nuair a bhí an slua scaipthe, d'ól mé deoch le fear a' tí.
scaipthe le chéile (which are) separated from each other
" Séard atá iontu ná lipéidí téacs ar líonra a cheanglaíonn píosaí ábhar scaipthe le chéile.
scaipthe óna chéile separated from each other
" Ní hamháin go raibh níos lú ábhar ann, bhí siad scaipthe óna chéile.
scaipthe fud fad na tíre flung far and wide throughout the country
" Tá foirne na nuachtán sin scaipthe fud fad na tíre anois agus iad fostaithe i réimsí éagsúla den saol.
scaipthe ar fud na Glinne spread throughout the valley
" Déantar an turas seo de ghnáth ag meánoíche ar 9ú Meitheamh (Lá Fhéile Cholm Cille) nuair a shiúlann na hoilithrigh thart cúig stad déag atá scaipthe ar fud na Glinne.