Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid:
James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian)
Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie)
Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun)
Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne)
Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern)
Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de
scaití.