Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar feadh scaithimh for a while
" Chaith sé tamall ina chonstábla freisin agus bhí teach tábhairne aige ar feadh scaithimh.
scaití sometimes
" Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid: James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian) Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie) Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun) Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne) Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern) Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.
scaití sometimes
" Is iad na blianta tosaigh is deacra, scaití.
scaití at times
" Leagadh púir dheataigh ar an gcathair a bhí chomh dona sin nach bhféadfá an taobh eile den tsráid a fheiceáil scaití.
scaití sometimes
" Déanaimid dearmad scaití gur a bhuíochas d'obair dheonach atá na seirbhísí seo chomh forbartha is atá.
ar feadh scaithimh for a while
" B'fhéidir gurb é tábhacht na Féile seo ná go bhfuil muintir an domhain, nó cuid mhór díobh ar aon nós, dírithe ar rud éigin nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leis ar bhealach amháin ach a tharraingíonn daoine le chéile agus a thugann deis dóibh a gcuid fadhbanna agus cúraimí a chur i leataobh ar feadh scaithimh.
scaitheamh den tsaol once upon a time
" Ar ndóigh, caithfear a chur san áireamh nach bhfuil na teaghlaigh leath chomh mór anois, ar an meán, is a bhídís scaitheamh den tsaol, agus fágann sin go bhfuil lagan ar an líon daoine óga, gan cúinsí eacnamaíochta a chur san áireamh, beag nó mór.
scaitheamh ó shin some time ago
" Ach, céard faoin nGaeilge? Sa dara roinn a chuir an nuachtán Foinse foireann pheile Charna i suirbhé a rinne siad scaitheamh ó shin.
go ceann scaithimh for a while
" Ach níl aon bhaol go ndéanfar dearmad ar scéal an Chatalpa go ceann scaithimh.
Scaití sometimes
" Scaití, thugtaí feilméara orm féin nuair a deirinn rud éicint as Baváiris.
scaití sometimes
" Tá nós ag daoine scaití a bheith ag rá go bhfuil na damhsóirí anois ag tabhairt neamhairde ar an traidisiún agus ar stíleanna agus céimeanna na ndamhsóirí a bhí mar fhoinse.
Scaití sometimes
" Scaití feiceann tú daoine ag cur strainceanna orthu féin agus iad ag gabháil d'amhrán mall agus iad ag gáire agus iad ag gabháil d'amhrán scafánta.
scaití sometimes
" Bíonn daoine bodhraithe agam scaití! AÓF: Céard faoi chomórtaisí? An mbíonn tú neirbhíseach? ÁNíD: An-neirbhíseach go deo! Amanna d'fhéadfadh sé cur le caighdéan do ghlóir agus na mothúchán, ach is minicí faitíos orm go ligfidh mé na focail i ndearmad nó go dtiocfaidh tocht i mo ghlór.
scaití sometimes
" Bíonn sé deacair scaití mórán brí a bhaint as an stuif a dtugann na meáin san Astráil nuacht agus cúrsaí reatha orthu.
scaití sometimes
" AÓF: Is féidir leis an amhránaí a bheith i bhfoirm mhaith nó i ndrochfhoirm sna cúig nóiméad atá aige/aici leis an amhrán a chasadh, ach nach féidir le rudaí a bheith amhlaidh don mholtóir chomh maith céanna? An gceapann tú go mbíonn daoine ag súil leis an iomarca ó mholtóirí scaití, is é sin go mbeidís foirfe i gcónaí? LÓM: Aontaím leat ar fad.
le scaitheamh for the last while
" Má leanann páirtithe an fhreasúra leis an chur chuige a bhí acu le scaitheamh tá an baol ann go gcuirfear as feidhm go hiomlán iad an chéad iarraidh eile.
ar feadh scaithimh mhaith for a good deal of time
" Rud a rinne siad ar feadh scaithimh mhaith den dara leath.
Scaití sometimes
" Scaití bím ag ceapadh go mbíonn sacar ar an teilifís chomh minic leis na ‘Simpsons’, ‘Eastenders’ nó ‘Friends’ agus is minic a bhíonn! Le fírinne, bainim taitneamh as cláracha teilifíse ar nós ‘Match of the Day’ agus ‘The Premiership’ ach ní thuigim cén fáth go mbíonn an oiread sin rírá faoin bPríomhroinn chéanna.
scaití sometimes
" Is saol uaigneach é a bheith ag treabhadh ghort na Gaeilge scaití agus is iomaí iriseoir a bhraitheann gur fáidh san fhásach é atá ag stróiceadh leis gan aitheantas.
ar feadh scaithimh for a little while
" Labhair Geldof mar a labhair sé riamh – bhí sé soiléir, greannmhar agus lán *fuck*anna! Níos déanaí, i dTeach an Ard-Mhéara, labhraíos leis ar feadh scaithimh ach bhí an iomarca daoine timpeall air, ag lorg grianghraf agus cúpla focal leis, le haon chomhrá fada a bheith againn.
ar feadh scaithimh for a while
" Buanna éagsúla Ar chaoi ar bith, d’imigh na blianta agus chuamar ó neart go neart mar fhoireann iomána agus ar feadh scaithimh ní raibh ár sárú i measc chlubanna sóisearacha agus idirmheánacha iomána Átha Cliath.
ar feadh scaithimh for a while
" Tá a fhios agam go bhfuil gach rud ar fáil i Nua-Eabhrac, ach scoil mhaidí luascán? Sheasamar ar feadh scaithimh ag féachaint ar a dteicníc.
ar feadh scaithimh for a bit, for a time
" Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
scaití sometimes
" Jípeanna a thugtar ar charranna mar seo in Éirinn agus bíonn siad le feiceáil scaití os comhair tithe móra faoin tuath.
scaití occasionally
" Obair na tógála, an t-iascach, an fheirméireacht agus mórán nach iad, ní hé amháin nach saothróidh lucht oibre sna hearnálacha sin an deichiú cuid de thuarastal Gerry Ryan, ach maraítear iad, scaití, trí thimpíste.
le scaitheamh for some time
" Thugtaí ‘Rás Tailteann’, tráth, ar an rás rothair timpeall na hÉireann, ach is cosúil go bhfuil an Ghaeilge ligthe i ndearmad ag muintir na rothar le scaitheamh.
scaití sometimes
" Lena bhfolt snasta is a gcoimeanna caola, is ar éigean a chreidfeá scaití gur fíordhaoine iad seo in aon chor.
scaití occasionally
" Bíonn ceardlanna agus seimineáir oiliúna ann ag deireadh na seachtaine scaití agus tugann sin deis do dhaoine as áiteanna éagsúla líonrú a dhéanamh.
scaití from time to time
" Bogann sé, nuair is gá dó, faoi choim na hoíche ach bíonn sé de dhánacht ann, scaití, dul isteach sna sráidbhailte chun a chuid litreacha a shacadh sa phost nó chun sracfhéachaint a chaitheamh ar na nuachtáin má bhíonn an deis aige.
scaithimh time
" Caithfidh gach imreoir dá bhrí sin, a bheith an-lúfar, is é sin a bheith in ann rith go tapa suas agus síos fad na páirce agus ar feadh scaithimh fada, ach ní hé go gcaithfidh mórán scileanna peile aige.
scaitheamh while
" Fanfaidh tú ar feadh scaitheamh fada fá choinne ceann amháin agus tiocfaidh cúpla ceann ansin sa mhullach ar a chéile.
scaití sometimes
" Cloistear na hurchair á scaoileadh scaití i lár an bhaile má bhíonn an ghaoth ag séideadh as an aird cheart.
scaithimh a while
" Craobhscaoileann sí soiscéal an ghrá neamhchoinníollaigh, ach cailleann sí an cloigeann le Haru nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil Haru le filleadh ar feadh scaithimh ar a hógfhear.
scaithimh a while
" Tá sí ar an tír is mó a tháirgíonn bithbhreosla cheana féin agus ní mar gheall ar neart an gheilleagair amháin a bheidh súile na cruinne ar thír an samba as seo go ceann scaithimh: beidh Corn an Domhain ar siúl ann in 2014 agus na Cluichí Oilimpeacha in 2016.
scaití at times
" Agus fiú más intuigthe féin an foréigean scaití le teann éadóchais agus frustrachais, ní cur chuige feidhmiúil é, dar leis an údar.
Scaití sometimes
" Scaití, taispeántar gur buaileadh an rón go trom ar shlí éigin agus sa chás seo, ní fhéadfaimid rud ar bith a dhéanamh.
scaití sometimes
" Caocháin na Dúluachra ============= Titfidh an teocht i bhfad faoin reophointe sa gheimreadh scaití ach ní gá duit dul ós cionn talún.
tar éis scaithimh after a while
" Ach tar éis scaithimh tháinig amhras orm ceart go leor mar go raibh an iomarca ama agam le bheith ag smaoineamh orm féin.
raibh sé croite go maith ar feadh scaithimh maith he was really shook for a fair while
" Labhair Stringer faoin eachtra tar éis an chluiche agus dúirt go raibh sé croite go maith ar feadh scaithimh maith tar éis na heachtra.
ar feadh scaithimh for a while
" Mar sin féin, de dhroim riachtanais is dócha go mbeadh ceannasaíocht an pháirtí toilteanach a gcuid prionsabal a chur ar leataobh ar feadh scaithimh ar mhaithe le cothromaíocht na cumhachta.
scaitheamh ó shin some time ago
" Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
Sheas mé scaitheamh I stopped a while
" Sheas mé scaitheamh ag breathnú ar chluiche rugbaí idir dhá ardscoil in áit a bhí an-chosúil le Bóthar na Trá.
ar feadh scaithimh for a while
" Ba bhainisteoir ar mhonarcha ceimiceán é in Éirinn ar feadh scaithimh agus d’oibrigh sé mar fhear scripte i Hollywood lena chois sin.
le scaitheamh for a while
" Ní hiad muintir Róma na Sé Chontae amháin a mhothaigh buille doirn agus ainspíd le scaitheamh.