Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scaoil iar-chomhghleacaithe de chuid Haddock sé huaire é former colleagues of Haddock's shot him six times
" Ag deireadh mhí na Bealtaine, scaoil iar-chomhghleacaithe de chuid Haddock sé huaire é i dtuaisceart Bhéal Feirste le linn dó bheith amuigh ar bannaí agus é ag fanacht le breithiúnas na cúirte.
nuair a scaoileadh é de thaisme when he was shot by accident
" Sna cúigí ciúineAisteach le rá níor cailleadh fiú duine amháin de na saighdiúirí Astrálacha i gcoimhlint armtha le linn na cúig bliana forghabhála – cailleadh saighdiúir amháin nuair a scaoileadh é de thaisme ina seomra leapa lena phiostal féin.
scaoileadh roinnt urchar i sráid de leataobh some shots were fired in a street to one side
" Bhí mé mall ag dul isteach sa phub, mar scaoileadh roinnt urchar i sráid de leataobh ar mo bhealach ansin agus chuir an tródam slándála a rinne na póilíní moill orm.
is cuid de ghléas scaoilte an scéil part of the key to the story is
" Ach is cuid de ghléas scaoilte an scéil an ‘bítear’ sin a shíltear a bheith fíor, nuair is minicí don fhírinne bréagriocht a chur uirthi féin ó am go chéile.
le cuid de na capaill a scaoileadh to shoot some of the horses
" Tá sé an-deacair iad a scaoileadh sa dúiche gharbh ina gcónaíonn siad agus d’fhógair na húdaráis le déanaí go bhfuil siad ag cuimhneamh ar fheidhm a bhaint as aimsitheoirí in ingearán le cuid de na capaill a scaoileadh.