Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá scaoll fúthu they're in a panic, running scared
" Tá an chuid is mó den phobal sna Stáit Aontaithe paranóideach agus tá scaoll fúthu mar gheall ar eachtraí an 11 Meán Fómhair.
scaoll fúthu in a panic
" Ansin ligeadh scairt: "Táimid ar an bhád mícheart!" Beirt bhan Mheiriceánacha a bhí ann, agus scaoll fúthu.
Chuaigh mé i scaoll rud beag I panicked a little
" Chuaigh mé i scaoll rud beag, imní orm go rachainn ar strae arís agus go gcaillfinn an bád.
cúis scaoill reason for panic
" Níor gortaíodh Gina Adair ná na páistí, Natalie (16), Chloe (8) agus Jay (4) san ionsaí, agus cé gur eisigh an UFF bagairt eile in aghaidh an teaghlaigh an lá dár gcionn, dúirt na póilíní i mBolton nach raibh cúis scaoill ann.
Chuadar chun scaoill they panicked
" Chuadar chun scaoill sa 10 nóiméad deiridh nuair ba ghá dóibh guaim a choinneáil orthu féin.
Scaoll panic
" Níl sí in ann é a fheiceáil níos mó)* JANE: (Scaoll uirthi) Níl tú ag imeacht, an bhfuil? TRAVIS: (*Filleann sé, ansin*) Níl mé in ann thú a fheiceáil, a Jane.
scaoll panic
" Nuair a phléasc buama faoin dá thúr ar an lá sneachtúil sin beagnach dhá bhliain déag ó shin, níor tháinig scaoll ar McEneaney.
scaoll panic
" Mháigh siad gur chuir tuarascáil an NRPB scaoll ar an phobal ach nach raibh fianaise nua ar bith le fáil inti.
ag imeacht chun scaoill going into a panic
" “Thosaigh sé le tuismitheoirí ag imeacht chun scaoill mar gheall ar shábháilteacht a bpáistí, agus chuaigh seo i bhfeidhm ar na páistí ansin.
nach dtéann i scaoll who does not panic
" “Is duine an-stuama é, nach dtéann i scaoll.
scaoll panic
" Tiocfaidh scaoll ar rialtais na hEorpa agus méadóidh siad na rátaí úis chun smacht a choinneáil ar an bhoilsciú.
dá dtiocfadh taom scaoill uirthi if she got a panic attack
" Dúirt sí rudaí éagsúla a bhí suimiúil – mar shampla, gur bhreá léi dá dtiocfadh taom scaoill uirthi – ach nuair a dúirt sí go raibh fuath aici ar a bheith ag taisteal *coach*, tháinig *cringe *beag orm.
scaoll panic
" ” Ach tá scaoll tagtha faoin ngnáthdhuine, gan amhras – go háirithe faoin nglúin atá tagtha i méadaíocht le tríocha bliain anuas.
taom scaoill a panic attack
" )Ach a bheith ag dul ó *Macy’s* go *Sachs of 5th Avenue*, agus as sin go *Barney’s* ag cuardach *Angebots*, nuair nach bhfuil fágtha insna díolacháin Eanáir ach *junk* atá i bhfad rómhór nó i bhfad róbheag fá d’choinne, dá má rud é go ligfeadh náire duit dul amach ar an doras agus é ar do dhroim! Cinnte, bíonn rudaí deasa sna háiteanna seo, ach bí cinnte fá seo - rud ar bith a thugann do chroí taitneamh dó, bíodh geall nach bhfuil sé sa díolachán! Ansin tá na “*outlet stores*” seo ann nach bhfuair mise riamh a dhath iontu gur fiú trácht air, ach taom scaoill b’fheidir.
an scaoll the terror
" Ní hamháin go raibh gealltanas scríofa i gClár Comhaontaithe don Rialtas go reáchtálfar leagan áirithe den bhille seo, ach chomh maith leis sin níor mhaith a lán polaiteoirí fós do na heagraíochtaí feirmeoireachta as an scaoll a chuir siad ar fheirmeoirí roimh an chéad Reifreann ar Chonradh Liospóin.
ná himigh le scaoll don’t panic
" Glac leis na rialacha seo a leanas ar mhaithe leis na rónta agus ar mhaithe leat féin! - Ná bí ag snámh id’ aonar agus ná himigh le scaoll má thagann rón i do threo; - Ná spreag iad chun teacht chugat i slí chairdiúil nó ar bhealach bagrach; - Ná déan talamh slán d’iompar ‘cairdiúil’ an róin.
scéalta scaoill tales of panic
" Ní ghlacfar le scéalta scaoill ó lucht an amhrais is minic a scéal báite ag lucht cantail agus dream an uisce faoi thalamh, sna meáin phoiblí nó sna meáin fhéinchraolta ar an idirlíon.
Tá scaoll sna daoine the populace are terrified
" Tá scaoll sna daoine roimh na dronganna armtha de chuid an NTC atá scaoilte ina measc, ach níl siad ag glacadh leo agus i roinnt áiteanna ligeadh isteach ina mbailte d’aon úim iad lena marú.
faoi scaoll terrified
" Ansin nuair a dhruideann an lá mór leat, ní cheannóidh tú faoi scaoll aon ní arís go brách.
rud atá ag cur scaoll ar cheannairí na tíre something which frightens the national leaders
" An Cat Mara Romhainn ====== Amach romhainn tá an "Aill Fhioscach", rud atá ag cur scaoll ar cheannairí na tíre.
Galar an Scaoill the terror illness
" Galar an Scaoill ===== Faraor géar, tá Meiriceá lán le daoine mar Nancy Lanza, a chreid, is cosúil, go raibh tubaiste éigin i ndán dúinn go luath, agus a bhí ag ceannach gunnaí agus earraí eile le cur i dtaisce san íoslach ar fhaitíos na bhfaitíos.
ag cur scaoll ins an phobal terrifying the people
" ’ Measadh i 1930 go raibh idir 5,000 agus 7,000 ball de dhíormaí agus iad ag cur scaoll ins an phobal sna ceantair ba bhoichte sa chathair.
le scaoll is le cosaint gan chéill with senseless defensiveness and terror
" Tá lucht na ngunnaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag dul chun donachta ar fad le scaoll is le cosaint gan chéill.