Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scartaí teaghlaigh families used to be separated
" Go dtí seo, scartaí teaghlaigh i gcónaí nuair a thugtaí dídean dóibh - chuirtí an t-athair go háit amháin, an mháthair go háit eile agus na páistí go háit eile arís.
Murar scar sé le pingin mhaith if he didn't part with a fair amount of money
" Murar scar sé le pingin mhaith bheifí ag déanamh nach raibh meas madaidh aige uirthi.
scaramar we separated
" Ach throideamar ar buile agus scaramar.
sloinnte dúbáilte, fleiscín-scartha double-barrelled hyphenated surnames
" Tá oiread Meiriceánach ann, idir shean agus óg, lena sloinnte dúbáilte, fleiscín-scartha, a bhíonn de shíor ag lorg a fréamhacha agus eolais faoina ngéaga ginealaigh - dealraíonn sé go mbíonn muid i gcónaí ag lorg fhreagra na ceiste sin, "Cé muid féin?" Ach b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbreathnódh muid isteach ionainn féin.
scartha go hiomlán completely separated
" Thuig mé an focal "dúchas" den chéad uair, agus go leor againn de bhunadh an domhain thuaidh anseo san Astráil inár gcónaí sna cathracha móra, agus sinn scartha go hiomlán ó dhúchas agus ó bhundúchasaigh na tíre seo.
muid a scaradh óna chéile to separate us
" "Tá siad ag iarraidh muid a scaradh óna chéile, mar go raibh muid in ann acu.
coilm scars
" Is luí a shúile go stadach ar chosa den uile chineál - cosa ramhra, cosa tanaí, cosa crupacha féitheacha, cosa cama, cosa ataithe, cosa stálaithe maide, cosa míne agus gruagacha, cosa cosúil le cosa boird, cosa le coilm is lorg greamannaí, spotaí dubha is marcanna.
scaradh na heaglaise agus an stáit the separation of church and state
" Os a choinne sin, tá *Americans United for Separation of Church and State *(AU), eagraíocht a chuireann béim ar shaoirse reiligiúnda, ag maíomh gurb é an t-aon phrionsabal a chinnteoidh go mbeidh saoirse fhealsúnach agus reiligiúnda ag gach Meiriceánach ná scaradh na heaglaise agus an stáit.
scartha separated
" Tá Ionad Ealaíon an Axis lonnaithe faoi scáth na dtúr i mBaile Munna, túir a bhfuil an liathróid treascartha i ndán dóibh.
á scaradh being separated
" “Tá Borradh Buan Óg á scaradh ó Bhorradh Buan Fásta mar go n-aithnímid tábhacht an lucht féachana óig,” a deir Ray Yeates, stiúrthóir axis.
ag maireachtáil lena chuid colm living with its scars
" Chonaicemar ceantar a scriosadh agus a atógadh agus atá ag maireachtáil lena chuid colm.
ag scaradh separating
" Agus ní chreidimse go bhfuil daoine ag scaradh óna chéile níos mó anois ná mar a bhí deich mbliana ó shin.
scartha separated
" Tuigtear do *Beo!*, trí bhéim a leagan ar leas an pháiste, go gcabhródh a leithéid d’alt le tuistí aonair agus iad ag éileamh tacaíochta ón stát agus go dtreiseodh sé freisin cearta aithreacha, go háirithe iadsan atá scartha ó mháthair a bpáiste.
scarann trí cheathrú de na tuistí nach bhfuil pósta three quarters of unmarried parents split
" De réir staitisticí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, scarann trí cheathrú de na tuistí nach bhfuil pósta sula mbíonn na páistí sé bliana déag d’aois, agus i gcás tuistí pósta, ní scarann ach an tríú cuid.
coilm scars
" Thug mé faoi deara go raibh coilm ar na guaillí ag cuid acu .
leis an dá dhream a scaradh óna cheile to separate both sides from each other
" Ach mar thoradh ar na cainteanna idir Kelly agus an PSNI, ní raibh saighdiúirí na Breataine le feiceáil ar na sráideanna, níor tógadh na fálta móra a bhíonn ann leis an dá dhream a scaradh óna cheile agus bhí an mórshiúl síochánta.
nuair a scar a thuismitheoirí when his parents separated
" Anuas air sin, deir sé go bhfuil sé bródúil nach le tuin Mhanchain a labhraíonn sé: taobh na máthar den gclann, daoine atá “an-Éireannach”, ina fhocail féin, a thóg é nuair a scar a thuismitheoirí.
a scaradh na compánaigh. that the companions were separated.
" “Agus is mar seo a briseadh croí na cathrach, croí an náisiúin; is mar seo a scaradh na compánaigh.
colm scar
" Dúirt ár dtreoraí Jim Johnston, ar ardmháistir meánscoile é, gur chaith Fionn Mac Cumhaill collach ón sliabh sin agus gur fhág crúibíní an chollaigh colm mór fada ar thaobh an tsléibhe.
go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile that they would separate the parents from each other
" Shocraigh na mic go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile ionas go dtiocfadh an solas isteach.
leis an scaradh; with the separation;
" Ní mó ná sásta a bhí Rangi agus Papa leis an scaradh; bhí baol ann go mbeadh na mic báite ag deora Rangi ag titim ón spéir.
mar scaradh na gcarad as the parting of friends
" D’fhág sé an *Times* anuraidh – i gcúinsí nach bhféadfaí cur síos orthu mar scaradh na gcarad – agus tá sé anois ag scríobh don *Irish Independent*.
scartha óna chéile. separated from each other
" Siobhán Mullally, Cathaoirleach Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann, go gcuireann an teorainn aoise seo leis an gcruatan a fhulaingíonn teaghlaigh atá scartha óna chéile.
i ndiaidh dóibh scaradh óna chéile after they have split up
" Tá carachtar Hansard croíbhriste mar gheall ar go bhfuil a chailín imithe chun na Breataine i ndiaidh dóibh scaradh óna chéile.
scaradh ón Stát to separate from the State
" Bhí imní air faoi thionchar na ruathar ar na daoine, ach chuir sé in iúl go láidir nach raibh siad go léir ag iarraidh scaradh ón Stát.
gluaiseacht an scartha. separatist movement
" Scarúnaithe Tá Erkin Alptekin, iarfhostaí de chuid Radio Liberty – eagras cumarsáide a bhfuil baint an-láidir ag an CIA leis – an-ghníomhach i ngluaiseacht an scartha.
scartha separated
" “Bíonn sé deacair a bheith scartha ón teaghlach agus mé ar camchuairt agus níor theastaigh uaim tuilleadh laethanta leis na gasúir a chailleadh.
scartha separated
" ” Tá sé scartha ó Anne, atá ina leas-eagarthóir ar The Sunday Independent, le breis is scór bliain, ach ní dheachaigh siad chomh fada le colscaradh go dtí le déanaí.
scarfaidís they would separate
" Bheartaigh cuid de na stáit ó dheas go scarfaidís ón Aontas dá gcuirfí deireadh leis an sclábhaíocht.
scar lena chéile (they) split, separated
" Mac aonair le lánúin a scar lena chéile.
scarann separates
" Más ea, scarann an dá phróiséas ina dhiaidh seo.
scartha separated
" Sular osclaíodh é i 1869, tógadh balla naoi dtroigh FAOIN TALAMH le Caitlicigh agus Protastúnaigh a choinneáil scartha!) Mar léargas eile ar dhearcadh McCausland, i 2002 dhiúltaigh Comhairle Chathair Bhéal Feirste maoiniú a thabhairt do fhéile scannánaíochta cionn is go raibh an focal Celtic sa teideal.
scar parted
" Oileán protastúntach is ea Í Cholm Cille ón uair a scar formhór na gCríostaithe in Albain leis an Róimh agus ní hiontas ar bith go gcuirtear béim ar an mBíobla ar an oileán.
scartha separated
" Ceist Phearsanta Tosaím le ceist an-phearsanta, róphearsanta, b’fhéidir, mar gheall ar thuismitheoirí Ivana atá scartha lena chéile.
dá scarfá le were you to leave
" com/watch?v=L2GaCnAiuvo) Post Eile? SMM: Ar chuimhnigh tú ariamh cén post eile ab fhearr leat dá scarfá le RTÉ nó leis an gcraoltóireacht/obair físe ar fad? BNC: Ag plé leis an bpobal cheapfainn.
scaradh to separate
" Ar ndóigh, ní féidir an saol pearsanta agus an saol polaitíochta a scaradh lena chéile agus tá sé sin fíor, ach go háirithe i gcás Gerry Adams.
scartha apart
" Choinnigh an réalta Sualannach í féin scartha amach ón phobal agus bhí sí beagnach ina díthreabhach i rith a saoil.
scaradh separation
" De réir bhunreacht na Stát Aontaithe tá scaradh na gcumhachtaí an-tábhachtach.
scaradh spreading
" Luibheolaíocht ====== Tuigeann oifigigh mo Roinne an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht an duine sa phortach; an siúl, scoradh, a bheith ag baint, an scaradh, an gróigeadh srl.
cholm a scar
" Tá bóthairín lábánach chuige mar cholm trasna an phortaigh.
scartha separated
" Ciallaíonn úsáid fhorleathan an Bhéarla inár measc, scartha ón traidisiún, gur dearcadh cúng agus éadoimhin atá againn sa tír go minic.
scaradh to leave
" I mbunú an pháirtí úrnua seo, tá cinneadh críochnúil déanta againn scaradh go deo le seanpháirtí na teipe; nach bhfuil d’oidhreacht fágtha aici ach an tubaiste agus an feall.
scartha divided
" Dá iontaí é an dul chun cinn atá déanta ó thuaidh, is léir gur sochaí leithscartha a bheas againn go cionn fada go leor eile.
scaradh na gcarad separation of friends
" Is léiriú é an scéal seo ar cheann de na gnéithe míthaitneamhacha, díomácha a bhaineann le spórt ag gach leibhéal agus is é sin scaradh na gcarad nó an t-easaontas a tharlaíonn rómhinic idir dhaoine a bhí tráth den saol ina ndlúthchairde.
scartha separated
" Bliain amháin ina dhiaidh sin, tá athrú tagtha ar an scéal, na cairde scartha, an gaol briste.
Scar sí she separated
" Scar sí leis an bhfear seo, ach níorbh mhór do Assange agus dá mháthair dul ar a dteitheadh ar feadh cúig bliana ón gcultas.
scarann separates
" Is baile beag é Gunnedah, lonnaithe ar bhruach na habhann Namoi, ar an taobh thiar den Imleach Mór, a scarann an stiall chaol ar chósta thoir na hAstráile ó na machairí ollmhóra intíre.
chithréim dhomhain ghoineach deep hurting scar
" Bhainfeadh an tagairt a dhéanann Corduff don chithréim dhomhain ghoineach atá fágtha, dar leis, ag na himeachtaí seo ar phobal beag tuaithe, deor as cloich, lorg a mhairfidh, dar le Corduff, ar feadh na nglún agus a chuirfidh comharsana agus clanna in adharca a chéile go ceann i bhfad.
lorg a mhairfidh a scar which shall remain
" Bhainfeadh an tagairt a dhéanann Corduff don chithréim dhomhain ghoineach atá fágtha, dar leis, ag na himeachtaí seo ar phobal beag tuaithe, deor as cloich, lorg a mhairfidh, dar le Corduff, ar feadh na nglún agus a chuirfidh comharsana agus clanna in adharca a chéile go ceann i bhfad.
scartha an oiread sin so split
" Bí ag caint ar bhailchríoch a chur ar scéal - *unfinished business!* Sracadh na Dála ========= Beidh coimhlintí sa chéad Dáil eile idir Sinn Féin agus Fine Gael mar tá an dá pháirtí scartha an oiread sin ó thaobh idé-eolaíochta de, ach beidh sé suimiúil a fhail amach cad é mar a throidfidh Fianna Fáil in éadan Shinn Féin agus iad ag roinnt na hidé-eolaíochta céanna.
scaramar we left
" D’imir siad tionchar an-mhór ar an chruth a bhí ar an phoblacht óg: ba é DeValera a dhréachtaigh an bunreacht agus bhí lámh mhór aige sa dóigh ar scaramar faoi dheireadh leis an Ríocht Aontaithe.
Scaradh na gCompánach the parting of friends
" Scaradh na gCompánach ============= É sin ráite, b’fhéidir go scarfaí an rón beag lena mháthair le drochshíon.
scarfaí would be separated
" Scaradh na gCompánach ============= É sin ráite, b’fhéidir go scarfaí an rón beag lena mháthair le drochshíon.
scaradh lena separate from their
" Is é an t-aon dóigh a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh lena ngunna ná é a thógáil uaidh óna lámha fuara, marbhánta, a dúirt Charlton Heston tráth.
Scartaí amach were spread out
" Scartaí amach a raibh á iompar aige ar an mbinse fada ag bun an tseomra léachta.
scaradh separation
" Athair ceanúil atá ann! Ach sin é an saol nua-aimseartha, scaradh na dtuismitheorí lena gcuid páistí do roinnt milliún duine sa tSín agus ní rud as an ghnáth é, dar leo.
bainte agus scartha was cut and laid out
" I móinéar eile bhí an féar bainte agus scartha, agus an meitheal sínte fúthu ag ligean scíth an mheánlae.
Scar split
" Scar an dá thír, Poblacht na Seice agus Poblacht na Slóvaice lena chéile i 1992.
ag scaradh leo leaving them
" Agus nuair a chonaic a chairde é gléasta mar a bhí, dúirt siad go mba mhór an trua é a bheith ag scaradh leo, nó nach raibh fear ar bith ar an domhanchlár a bhí in inmhe dul chun spairne leis ó thaobh na háilleachta agus na cumhachta agus na cumhrachta de.
a scaradh separate
" Ní hamháin sin, ach caithfidh an t-ábhar a bheith réitithe a’t ó thaobh fuaime agus eile de, ó thaobh fiú amháin bheadh ort an dialogue a scaradh ón gcuid eile don fhuaim.
scaradh to separate
" Ní féidir an dul chun cinn agus an bharbarthacht a scaradh – as riachtanais na cogaíochta a d’eascair cuid den teicneolaíocht is iontaí dá bhfuil againn, ach cuireann an teicneolaíocht ar chumas an duine ollscriosadh uafásach a dhéanamh ar a dheartháireacha.
Le Chéile ach Scartha together while yet separated
scartha le separated from
" Domhnach Broc ====== **SMM: Mura ndéanfar an nascadh sin idir an dá sheirbhís, arbh fhearr libh a bheith scartha le Domhnach Broc, nó tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le Domhnach Broc?** ENíCh: Tá caidreamh agus teagmháil eadar Casla, Baile na nGall, Doirí Beaga agus Domhnach Broc i bhfad níos dlúithe anois ná mar a bhí.
ainneoin na mílte bliain a bheith ár scaradh despite the thousands of years which separate us
" Mothaím caidreamh iontach leo agus mé ag siúl ar na cnoic seo ainneoin na mílte bliain a bheith ár scaradh.
róshásta leis an scaradh seo too pleased with this division
" Níl muintir Thír Aodha róshásta leis an scaradh seo, ach deir an rialtas go laghdófaí an méid Teachtaí Dála ó 166 go 158 de réir na moltaí nua.
ag scaradh leo parting from them
" Agus nuair a chonaic a chairde é gléasta mar a bhí, dúirt siad go mba mhór an trua é a bheith ag scaradh leo, nó nach raibh fear ar bith ar an domhanchlár a tháinig riamh slán abhaile ó Chaisleán na Banríona.
scar mé leo we parted company
" Le cúpla bliain anuas, bhí cúpla gasúr agam agus ainneoin gur scar mé leo, tá mé cairdiúil go fóill leo uilig.
gcaithfidh muid scaradh we’ll have to break up
" Shíl mo ghasúr go raibh sé ag magadh ach d'inis an fear eile deargbhréaga fúm, gur scríobh mé maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar agus mar sin de! Is breá liom David, bíonn an-chraic againn ag éisteacht le ceol, ag ithe i mbialanna, ag dul chuig clubanna, ag magadh ar a chéile, ach beidh orm a rá leis go gcaithfidh muid scaradh má tá cairde dá chuid naimhdeach liom cionn is gur Caitliceach náisiúnaíoch Gaelach mé.
más éigean dúinn scaradh if we have to part
" Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas =============== Ach cad é an bhaint atá aige seo liomsa agus leis an ghasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis? Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann más éigean dúinn scaradh mar gheall ar an aineolas atá ar a chairde - a chuaigh ar scoil iomlánaithe, dála an scéil.
scaradh the separation
" Insna litreacha sin, rinne sé cur síos ealaíonta ar chaimiléireacht impriúlach na mBeilgeach agus na mBriotanach, agus ar na laigeachtaí ilghnéitheacha polaitiúla a chur srian ar shaoirse Hammarskjöld scaradh de jure Katanga a sheachaint de réir ráitis oifigiúla an Choiste Slándála.
scartha ach comhionann separate but equal
" D'fhan dlíthe eile a cheadaigh na ciníocha a dheighilt ("scartha ach comhionann") go dtí 1964.
beagnach seasca bliain i ndiaidh dóibh a bheith scartha almost sixty years after they were separated
" Bhí deora i súile Luigi nuair a bhuail sé lena ghrá gheal beagnach seasca bliain i ndiaidh dóibh a bheith scartha óna chéile agus spreag an teacht le chéile tochtmhar seo na dealbhóirí, Oleksandr Morgatsky agus Gregory Kostjukov saothar a chruthú le comóradh a dhéanamh ar a gcaidreamh.
ar scaradh óna chéile apart from each other
" Geall le 1Iú Aithne é go gcoinneofar an pholaitíocht agus an Ghaeilge ar scaradh óna chéile.
ar scaradh gabhail os cionn standing above
" B'fhacthas do roinnt finnéithe go raibh duine éigin ar scaradh gabhail os cionn duine eile a bhí ina luí ar an talamh, agus taispeánann an fhianaise gur buaileadh cloigeann Zimmerman in aghaidh na talún, gur briseadh a shrón, agus go bhfuair sé dhá shúil dhubha.
Scarfaidh siad they shall split
" Scarfaidh siad na daoine a bhaineann móin as an bportach ina gcodanna.
scartha i bhfad separated a long way
" In Iorras féin, tá muintir Dhú Chaocháin scartha i bhfad ón bhFál Mór/an Eachléim/an Fód Dubh.
Beartais Imirce a Scarann Teaghlaigh migration policies which separate families
" Agus ar deireadh thiar thall an mbainfeadh an riail seo amach an aidhm atá léi, mar atá, líon na n-inimirceach atá ag cur fúthu sa Bhreatain go neamhdhleathach a laghdú? Beartais Imirce a Scarann Teaghlaigh ================= Tá riail eile i bhfeidhm sa Bhreatain, ó mhí Iúil na bliana seo caite, nach ligeann do shaoránach Briotanach páirtí ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt chun cónaí sa Bhreatain, mura bhfuil tuarastal bliantúil £18,600 ar a laghad ag an saoránach sin.
sula scaradar before they divorced
" Saothar Dina Gottliebova ========= Tharraing cás ealaíontóra Mheiriceánaigh amháin Dina Gottliebova (Babbitt) – (bhí Gottliebova pósta ar chartúnaí mór le rá darbh ainm Art Babbit sula scaradar), tharraing an cás sin aird ar na ceisteanna casta seo ní fada ó shin nuair a d’iarr sí ar Iarsmalann Auschswitz cúpla pictiúr a tharraing sí nuair a bhí sí faoi ghlas ansin a thabhairt ar ais di.
siúd a scar an contae amach who cut the county off
" Chaith sé deich mbomaite ag moladh Jimmy *When He Was Winning Matches Mc Guinness*; luaigh sé a chuid comhghleacaithe ar fad ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; thug sé íde na muc is na madraí dóibh siúd a scar an contae amach óna chúlchríoch nádúrtha dúchasach, ach… abairt ná nath ná fiú focal ar bith ní dúirt sé faoi phearsa úrcheapaithe na bliana reatha, Liam Uasal Ó Cuinneagáin.
scar sí lena compánach she separated with her other half
" N’fheadar ar Bhrianach é, mí-aistrithe go ‘Gaolainn’ ag fear inscríofa na lice? Brian O Brien, abair, Éireannach Aontaithe, daortha i Loch Garman agus curtha an cuan amach ar an ‘Atlas II’ i 1800? Nead Éireannach Aontaithe =========== Nó b’fhéidir gurb é Bryan O Brien a luíonn anseo, an té a bhog isteach le Mary Ryan i Parramatta nuair a scar sí lena compánach William Mahoney in 1812.
scaradh were separated
" Thosaigh Québec ag déanamh iarrachta an caidreamh seo a bhaint díobh agus scaradh an Stát leis an Eaglais i rith na 90idí.
scartha leo fein separate unto themselves
" “An chéad seo caite, bhí na pobail Éireannacha druidte, scartha leo fein ar na feirmeacha agus ar na estancios (feirmeacha ollmóra), agus phós Éireannaigh Éireannaigh eile.
scartha leathchéad troighe separated fifty feet
" Bhí siad scartha leathchéad troighe nuair a chuala sé an abairt ina dhiaidh, “*Brian, you’re a good man, you’re a good man*”.
sula scarfaimid before we part
" Ruaig Chun na Rúise ========= **SMM: Ceist faoi Chuaifeach mo Lon Dubh Buí sula scarfaimid: an dtáinig aon scéal ó éinne sa Rúis in imeacht na mblianta fá dtaobh don leabhar áirithe sin?** Séamas Mac Annaidh: Fuair mé an deis dul chuig an Rúis.
cuma aonarach scartha a lone and singular appearance
"cuma aonarach scartha orthu agus, ainneoin go bhfuil blas den bhoithéimeachas ag baint leis an radharc, amharcann an triúr acu rud beag dúdóite.
a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna you could separate a lot of Americans from their guns
" Mar a dúirt Charlton Heston, is é an t-aon dóigh a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna ná é a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta.