Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sceimhle terror
" Ba é an RUC lámh láidir an *hegemony* seo, laochra áitiúla a choinnigh an sceimhle ón doras agus a lig do Phrotastúnaigh luí go suaimhneach ina leapacha.
sceimhle terror
" Is é an ról atá ag Paisley agus a lucht leanúna anois ná a bheith ag screadaigh in éadan na gaoithe, ag cur bacanna ar dhul chun cinn an athmhuintearais ach gan a bheith ábalta é a stopadh, in ainneoin an sceimhle atá ag titim amach faoi láthair.
sceimhle terror
" Bhodhraigh brioscarnach an leathair mé agus is beag nár chac mé i mo bhríste ar mhéid an sceimhle a bhain sé asam.
sceimhle terror
" " "Tá an tír seo ag imeacht le drabhlás agus le díobhlás," a mhaíonn fear na súile nimhe, "Murab ionann agus na laethanta glórmhara sin nuair a socraíodh aighnis le creach agus sceimhle agus comhrac aonair le breacadh an lae.
gCogadh ar Sceimhle War of Terror
" Go deimhin, táthar ag cur i leith an Uachtaráin Bush i láthair na huaire gur ag tarraingt chumhacht an rí dó féin atá sé leis an "gCogadh ar Sceimhle" a ghairm sé i ndiaidh ionsaithe an 11 Meán Fómhair.
sceimhle terror
" Gabhaigí mo leithscéal, sibhse a bualadh, ar dódh bhur gcarranna, ar briseadh bhur gcuid fuinneog, ar cuireadh sceimhle oraibh, Charlie Bird féin, ach ba é an chéad smaoineamh a bhí agam ná an dochar a dhéanfadh an foréigean do-mhaite don phróiseas polaitiúil ó thuaidh agus an tionchar a d’imreodh na híomhánna uafásacha a chonacthas ar an teilifís ar mheon na n-aontachtach sa tuaisceart.
sceimhle terror
" Sin ráite, tá an baol ann i gcónaí sa taobh sin tíre go ligfí sceimhle Milosevic i ndearmad le himeacht aimsire, agus go gcothófaí cultas na mairtíreachta timpeall ar mhiotas “an laoich ar lár”.
sceimhle shíochánta peaceful terror
" Gan dabht, bhuaigh Dev an gharchogaíocht shiombalach ina chuid sceimhle shíochánta in aghaidh na Breataine.
rian an sceimhle agus an uafáis mark of terror and horror
" Baineann na coireanna seo leis an bpobal ina iomláine – le muintir chathair Luimnigh, nó cibé áit ina mbíonn rian an sceimhle agus an uafáis a fhágann na dronga le sonrú.
bonneagar na sceimhle the terror(ist) infrastructure
" “Fuair muid ráiteas polasaithe (ó na hIosraelaigh) a dúirt: ‘Tá sé mar aidhm againn bonneagar na sceimhle a scriosadh agus le deireadh a chur le seoladh diúracán ar Iosrael.
sceimhle terror
" Méadaítear ar sceimhle Eric – beidh air bualadh le Lily.
a cuid sceimhle of her fears
" Is léir go bhfuil sí an-bhreoite - tá seisean chun í a thabhairt i bhfianaise raon iomlán a cuid sceimhle, d’fhonn téarnamh agus leigheas d’fháil di.
ag cur sceimhle ar terrifying
" Cé gur thosaigh an eisimirce as an Iaráic agus Saddam Hussein fós ag cur sceimhle ar an tír, tá méadú as cuimse ar fad tagtha ar líon na Mandaean atá tar éis a n-áit dúchais a thréigean ó d’fhuascail fórsaí Mheiriceá í sé bliana ó shin.
sceimhle terror
" In ainm an ‘chogaidh ar sceimhle,’ tá an t-uafás reachtaíochta tugtha isteach ag an seanadóir neamhspleách ó Connecticut ó bhí 9/11 ann a bhfuil bonn bainte aige de chearta bunreachtúla na saoránach ansin.
tearmann ag lucht sceimhle a terrorist refuge
" Am Scoir ===== Luaigh an príomhaire an dá phríomhaidhm a bhaineann le misean na nAstrálach san Afganastáin: le cinntiú nach mbeadh an tír ina tearmann ag lucht sceimhle arís agus leis an bhfód a sheasamh leis an “gcomhghuaillí is neasa dúinn”, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
lucht sceimhle terrorists
" De réir Arm na nIosraelach a mharaíonn daoine le ladrainn i nGaza, is iad muintir Ghaza an lucht sceimhle nuair nach bhfuil iontu ach seanbhunadh na tíre a cartadh as a dtithe agus as a dtailte féin agus a sáinníodh isteach ar mhullach a chéile, 1,657,155 duine i gceantar atá níos lú ná leath de Chontae Lú.
hanailísithe sceimhle terror analysts
" Dá mba Moslamach é Anders Behring Breivik, bheadh na hanailísithe sceimhle á mhíniú ó mhaidin go hoíche gur “éan cuideáin” a bhí ann ar spreag fealsúnacht marfach bin Laden é chun na scórtha dá chomhthírigh óga a mharú in aice le hOsló ar an 22 Iúil.
sceimhle terror
" Má bhaineann ‘Godot’ leis an staid dhaonna uilíoch, nach séanann an dóchas, is le sceimhle an duine aonair i bhfianaise na mistéire céanna a oibríonn Larkin.
réimse leathan sceimhle wide range of terror
" ”* Ba “mheabhrúchán láidir” iad na hionsaithe maidir leis an réimse leathan sceimhle atá ag bagairt orainn sa lá atá inniu ann, dar leis an ngrúpa.
eachtraí sceimhle terror incidents
" Le cúpla bliain anuas, tá go leor preaseisiúintí agus tuairiscí eisithe ag an ADL i dtaobh eachtraí sceimhle “éan cuideáin” le teidil ar nós *“White Supremacist Shooting at U.
faoi sceimhle terrified
" Ní foláir go bhfuil ceannaireacht Londain na linne seo faoi sceimhle ag dul chun cinn agus ag gnóthaí Alastar Mhic Bhradain agus an Páirtí Náisiúnach.
sceimhle céanna same terror
" Sinne faoi gheasa na bruíne freisin, an sceimhle céanna á bhlaiseadh againn leosiúd istigh - tá sinne comhpháirteach leo sa slad, rannpháirteach leo sa díothú.
sceimhle agus náire shame and terror
" Ní ghineann an bochtanas polaitíocht radacach rómánsúil dar leis an ndialann seo; gineann an bochtanas sceimhle agus náire.
sceimhle ina súile terror in their eyes
" Sa mhír ar an Uileloscadh, cheol páistí ó Scoil na Croise Naofa Ode to Joy de chuid Schiller (agus cuid de 9ú Siansa Beethoven) mar chomhartha greannaithe dá ngardaí géibhinn ach d'amharc muid go héidreorach ar na páistí ag dul thart linn i leoraí oscailte a fhad leis an bhás, sceimhle ina súile agus réaltaí buí ar a gcótaí.