Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sciúirse lasrach oíchiúil a nightly fiery scourge
" Sráideanna faoi léigear, lánaí a fágadh gan chosaint agus sciúirse lasrach oíchiúil á fhearadh orthu ag póilíní agus ag dílseoirí a bhí ag obair as lámh a chéile.
sciúirse leanúnach continuous scourge
" Fear a chleachtaigh sciúirse leanúnach ar Mhac Gearailt sa Dáil – thug sé fogha fíochmhar faoin Aontú Angla-Éireannach (1985).
sciúirse dubh aniar aduaidh orainn an unannounced black scourge on us
" Ní fearg agus fonn díoltais an phobail i leith na mbanc, na n-amhantraithe réadmhaoine, na forbarthóirí tógála, príomhstiúrthóirí na mbancanna, ciorcal órga na droinge damanta sin uilig a theilg sinn isteach i lár na bualtraí agus a tharraing an buiséad is déanaí seo ina sciúirse dubh aniar aduaidh orainn - ní sin an t-aon comhthéacs amháin do bhuiséad peannaideach Uí Lionnacháin.
Sciúirse na gCoimhlintí the conflict scourge
" Sciúirse na gCoimhlintí Anuas ar an díshealbhú atá á dhéanamh ar na Batwa le fada, ar ndóigh, fulaingíonn siad chomh maith de dheasca na gcoimhlintí atá is a bhí mar sciúirse ar thíortha Réigiún na Mór-Lochanna.
sciúirse a scourge
" Ós rud é gurb iad SAM is mó is cúis leis an tubaiste reatha atá mar sciúirse ar na Mandaean, b’fhéidir go mbeadh sé oiriúnach go ndéanfaidís an iarracht is mó chun todhchaí na saíochta seo a chosaint is a choinneáil slán.
sciúirse scourge
" Bíonn an easpa bia mar sciúirse orthu i rith an ama.
sciúirse scourge
" Tá an sórt céanna anachana is anró mar sciúirse ag mionlaigh éagsúla eile ar fud na Colóime gan dabht, agus is cinnte gur fada go staonfaidh na hEmberá de bheith ag éileamh a gceart, ach is deacair aon léaró dóchais a aithint i dtír nach bhfuil urraim don bheatha, gan trácht ar phrionsabal an smachta reachta.
deireadh a chur leis an sciúirse seo to end this scourge
" Fad is a bheidh éileamh ar thaobh amháin den domhan ó fhostóirí ar sclábhaithe-oibrithe d’fhonn costais a laghdú is brabúis a ardú, agus daoine ar an taobh eile a bhfuil saol chomh anróiteach sin acu gur éasca gáinneáil a dhéanamh orthu, beidh sé deacair deireadh a chur leis an sciúirse seo.
atá mar sciúirse ar which are the scourge
" I bhfianaise na ndeacrachtaí geilleagair atá mar sciúirse ar an Eoraip faoi láthair, is lú fós an bhá a bheidh ag Eorpaigh le hinimircigh fho-Shaháracha agus is in iomadúlacht a bheidh scéalta leithéidí Eric Tabo ag dul.
an bochtanas a bhí mar sciúirse ar a thír the poverty which scourged his country
" Theastaigh ó Jacobo Árbenz, an t-uachtarán a thogh vótálaithe Ghuatamala, an bochtanas a bhí mar sciúirse ar a thír a mhaolú trí chóras na talún a leasú: bhí trí cheathrú den talamh arúil i seilbh 2% d’úinéirí agus ba é an comhlacht Meiriceánach, United Fruit Company, an t-úinéir talún ba mhó.