Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht scimeála an idirlín Internet surfers
" An chuid is mó den am, bím ag déanamh taighde ar an Ghaeilge fá choinne foclóra Fionlainnise agus Gaeilge atá mé a chur ar an idirlíon, nó ag scríobh leathanaigh eolais nó siamsaíochta as Gaeilge le haghaidh lucht scimeála an idirlín.
scimeáil ar an idirlíon surfing the internet
" Éinne a bhfuil gnáthmhóideim aige, agus atá ag brath ar dhiailiú-rochtain, tuigfidh sé an frustrachas a bhaineann le nascleanúint agus scimeáil ar an idirlíon.
ag scimeáil ar an idirlíon surfing the internet
" Ní bheadh sé fíor a mhaíomh gur íocadh go fial mé as bheith díomhaíon 95% den am, mar níor íocadh, ach ar a laghad d'fhoghlaim mé an t-uafás faoi bheith ag scimeáil ar an idirlíon.
ag scimeáil ar an idirlíon surfing the Net
" Oíche amháin, agus mé ag scimeáil ar an idirlíon, chonaic mé teachtaireacht ó dhuine a bhí ag cur crosfhocal i dtoll a chéile d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.
téacsála, scimeála texting and skimming
" Idir daoine bheith i mbun téacsála, scimeála ar an idirlíon nó ag breathnú ar an mbosca sa chúinne, níl aon dul as ach go bhfuil ceird an chomhrá sa phub, mar a bhí, faoi bhagairt.