Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sclábhaithe slaves
" Bíonn tiománaithe tacsaí na tíre ag obair mar sclábhaithe do na daoine gur leo na tacsaithe agus bíonn siad nach mór ina gcónaí sna carranna sin.
sclábhaithe gnéis sex slaves
" Chuirfeadh siad i gcuimhne do dhaoine ansin an chaoi, sna 1830í agus 1840í, ar dódh séipéil Chaitliceacha, agus a raibh foilseacháin lasánta á scaipeadh a "thug chun solais" an dóigh a raibh sagairt agus mná rialta ag fuadach páistí breátha Protastúnacha agus á gcoinneáil mar sclábhaithe gnéis.
sclábhaithe gnéis sex slaves
" Bíonn go leor de na hinimircigh ag obair go fadtéarmach mar sclábhaithe gnéis, agus ní éiríonn leo go leor airgid a shaothrú le cur ar a gcumas saol níos fearr a bheith acu.
sclábhaithe Afracacha African slaves
" Deirtear go bhfuil níos mó ná 30 grúpa san iarthar amháin, idir threibheanna de dhúchasaigh, Ghiúdaigh, Sheapánaigh, Rúisigh, agus dhaoine a shíolraigh ó na sclábhaithe Afracacha; gach dream acu lena gcuid nósanna agus cultúr féin.
sclábhaithe fiú even slaves
" Tá líon dochreidte dealbh thart ar bhallaí agus ar dhíonta na cathrach - naoimh, déithe clasaiceacha, maighdeana mara, sclábhaithe fiú.
sclábhaithe slaves
" Cleas bradach é sin mar ní hamháin go ndéanfar sclábhaithe de dhaoine dífhostaithe ach cuirfear an-bhrú ar oibrithe rialta a bhfuil an gnáthráta pá acu cur suas le huaireanta oibre níos faide agus pá níos ísle.
sclábhaithe slaves
" An dóigh a tharla sé, dar leis, ná go raibh úinéirí plandálacha de bhunús Albanach ann agus sclábhaithe acu a d’fhreastail ar na seirbhisí céanna Preispitéireacha.
caitheamh níos fearr lena chuid sclábhaithe to treat his slaves better
" In alt ar *An Phoblacht*, maítear go ndeachaigh Naomh Pádraig ar stailc ocrais le brú a chur ar rí darbh ainm Trian caitheamh níos fearr lena chuid sclábhaithe.
na sclábhaithe Afracacha the African slaves
" Mhínigh sé don lucht féachana nár thuig na sclábhaithe Afracacha an scála Eorpach agus gur chuir siad nótaí eile isteach mar chúiteamh ar an easpa tuisceana.
na sclábhaithe traenach, the train slaves,
" Ag scríobh ar amhrán amháin de chuid na sclábhaithe traenach, cuireann Cassidy ina luí ar an léitheoir gurb ionann curfá an amhráin: Fil-i-me-oo-re-i-re-ay agus “Fillfidh mé uair éirithe” a chiallaíonn, dar leis, “time to get up, I’ll go back.
ag brath ar obair sclábhaithe sna plandálacha. depending on the work of slaves on the plantations.
" Mar sin, bhí rath Chromba ag brath ar obair sclábhaithe sna plandálacha.
ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir. on which an account was given of two Irish slaves to escaped from their owner.
" Agus mé ag freastal ar léacht a thug an tOllamh Ken Nilsen ag comhdháil Éireannach le déanaí, baineadh siar asam nuair a thaispeáin sé fógra cuardaithe dúinn ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir.
formhór na sclábhaithe most of the slaves
" Ach tháinig formhór na sclábhaithe ón Afraic.
Cheannaítí na sclábhaithe the slaves used to be bought
" Cheannaítí na sclábhaithe ar chósta thiar na hAfraice go príomha, agus chuirtí trasna an Aigéin Atlantaigh iad go dtí na plandálacha sa Mhuir Chairib agus chucu siúd i Meiriceá Theas**.
líon na sclábhaithe the number of slaves
" Cé go raibh méadú tagtha ar líon na sclábhaithe i Meiriceá faoi thús an chogaidh chathartha – uair a bhí 4.
sclábhaithe slaves
" Bhí áiteanna mar na dúnfoirt in Iarthar na hAfraice óna gcuirtí sclábhaithe chuig tíortha eile feicthe agam, mar aon le Apartheid Museum na hAfraice Theas, ach ceapaim go bhfuil uafás ar leith ag baint le Auschwitz, b’fhéidir mar gheall go dtuigeann muid chomh millteanach is a bhí na polasaithe a bhain leis na campaí seo.
sclábhaithe slaves
" An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfraiceach a tugadh mar sclábhaithe chun na Brasaíle ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht? Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk, san Ísiltír, i 1975.
sclábhaithe slaves
" Is i Meiriceá Theas ar ndóigh, idir an Airgintín agus an Bhrasaíl, atá Paragua agus cé go bhfuil Afra-Pharaguaigh in áiteanna éagsúla sa tír, ní ó sclábhaithe Pharagua a shíolraigh muintir Chambacuá, murab ionann is Afra-Pharaguaigh eile.
sclábhaithe feirme farm labourers
" Fána smacht siúd tá an stíobhard, na seirbhísigh, na hoibrithe, na sclábhaithe feirme.
sclábhaithe anoir slaves arriving from the east
" Bhí an chathair seo ar cheann de na chéad radhairc den Bhrasaíl a chonaic na sclábhaithe anoir as an Afraic.
fuascailt na sclábhaithe daite nor the emancipation of the slaves
" Níorbh í aontacht bhunreachtúil Mheiriceá ná fuascailt na sclábhaithe daite ná duais na huachtarántachta féin príomhaidhm Abraham Lincoln ina shaol.
b'iad sclábhaithe were slaves
" As an am seo amach b'iad sclábhaithe formhór mór na ndaoine gorma a facthas san Eoraip agus sa domhan nua.
húinéireacht sclábhaithe ownership of slaves
" Faoi dheireadh an 17ú haois bhí deireadh le húinéireacht sclábhaithe san Eoraip, ach ní sa domhan nua.
sliocht na sclábhaithe the offspring of the slaves
" Ní bhaineann ceisteanna an chiníochais leisean, dar leo, ach le sliocht na sclábhaithe a tháinig anseo na céadta bliain ó shin, atá fós ag fulaingt faoi ualach chrua na sclábhaíochta sna hiamhchríocha fud fad na tíre.
sular thug na Lochlannaigh sclábhaithe dubha before the Vikings brought black slaves
" Spreagann sé an cheist, cá mhéad duine in Éirinn a bhfuil "fuil na nGormán" iontu i ngan fhios dóibh? Measann Bill Rolson go raibh i bhfad níos mó daoine gorma in Éirinn ná mar a shamhlaíonn muid leis na céadta, sular thug na Lochlannaigh sclábhaithe dubha go Dyflinnarskiri/Baile Átha Cliath, croílár na sclábhaíochta Lochlannaí, a deirtear.
sclábhaithe slaves
" Bhí mórchuid de lucht gorm na háite sin ina sclábhaithe go dtí 150 bliana ó shin, ach fiú má saoradh iad i ndiaidh cogadh cathartha na tire in 1865, níor coscadh an ciníochas.
óna sclábhaíocht ag sclábhaithe from their slavery of slaves
" Tháinig mná aníos ar aistear fada óna sclábhaíocht ag sclábhaithe in imeacht céad bliain.