Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chrannchur na scoile school raffle
" Ach ní ar cuairt a thagaidís go díreach ach is amhlaidh a bhíodh ag díol ticéad le haghaidh chrannchur na scoile nó ag cruinniú airgid do chúis, do cheist nó do chiste éicint.
Scoil Mhuire Schull
" Bíonn trí bhád farantóireachta ag gabháil isteach go Cléire i gcaitheamh an tsamhraidh, ó Dhún na Séad agus ó Scoil Mhuire, agus bád an phoist, Naomh Ciarán II, i gcaitheamh an gheimhridh.
iarchigire scoile a former school inspector
" Is iontach an smaoineamh é, a tháinig chugainn ó Shéamas de Creag, iarchigire scoile as Béal Feirste a bhí ina chónaí in aice le Toronto go dtí le déanaí.
scoil chuimsitheach comprehensive school
"scoil chuimsitheach ar an bhaile, scoil náisiúnta, Óstán Highlands, stáisiún gardaí, siopaí agus suas le deich dteach tábhairne, chomh maith le teach pobail Caitliceach a bhain duaiseanna ailtireachta.
scoil na nÍosánach the Jesuit school
" Fuair Pádraig a chuid bunscolaíochta go háitiúil ach chinn sé ar a dhul go cathair na Gaillimhe le freastal ar an mheánscoil de bharr go raibh cara dá chuid, Máirtín Ó Domhnaill, ag dul go scoil na nÍosánach ansin, Coláiste Iognáid.
gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil that he wanted to leave school
" " Nuair a chuir Pádraig in iúl dá thuismitheoirí tar éis na Meánteiste gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil chun bheith ina phluiméir, níor chuir siad i gcoinne an smaoinimh sin.
scoil grád áitiúil local grade school
" "Bhí dúil mhór agam i leabhair ó bhí mé an-óg," a deir McEvoy, a bhí ina chónaí tráth i bparóiste Naomh Brian i Manhattan, agus a d'fhreastail ar an scoil grád áitiúil, sula ndeachaigh sé go hAcadamh La Salle.
scoil ollmhór chuimsitheach large comprehensive school
" Ansin fuair sí post thall i Londain Shasana i scoil ollmhór chuimsitheach.
oide scoile school teacher
" Chuir sé ceist ar an chlár conas nach raibh a fhios ag na húdaráis eile go raibh na hionsaithe seo ag dul ar aghaidh, ós rud é gur éirigh leis féin an dlí a chur ar shagairt agus ar oide scoile áitiúil, agus gan ach roinnt blianta caite aige sa cheantar.
tinreamh scoile school attendance
" Tá go leor déagóirí atá go fóill ar scoil tugtha don ólachán agus cuireann sé seo isteach ar an tinreamh scoile, go háirithe gach maidin Dé Luain.
tá moladh mór aici ar an scoil she has great praise for the school
" D'fhreastail sí ar bhunscoil agus ar mheánscoil Bhéarla, Clochar na Toirbhearta ar an gCarraig Dhubh, agus tá moladh mór aici ar an scoil as ucht na tacaíochta a thug siad don Ghaeilge.
Scoil Scairte hedge school
" Faoi dheireadh thug muid ainm ar an ghrúpa - "An Scoil Scairte".
iarchigire scoile a former schools inspector
" Séamus de Cregg), iarchigire scoile as Béal Feirste, an eagraíocht timpeall 1995.
gar don scoil near the school
" Faoin am sin, áfach, ba bheag duine de na daltaí a bhí tar éis a bhealach a dhéanamh go dtí pictiúrlann an East Side, atá suite gar don scoil, áit a raibh an scannán seo, arb iad Paddy Considine agus Samantha Morton na príomhaisteoirí ann, ar taispeáint.
scoil chónaithe boarding school
" "Foghlaimíonn tú na rudaí gránna faoin saol i bhfad róluath agus tú ag freastal ar scoil chónaithe.
scoil mheánaicmeach a middle-class school
" Agus mé i mo dhéagóir cantalach ag freastal ar scoil mheánaicmeach i mBaile Átha Cliath 4, chuaigh cumha an fhile ón iarthar "ar imirce" sa bpríomhchathair i bhfeidhm go mór orm: Thóg an fear seo teach Is an fear úd Claí nó fál A mhair ina dhiaidh Is a choinnigh a chuimhne buan.
chláracha tar éis scoile after-school programmes
" Ní bheidh aon ardú i gceist do chláracha tar éis scoile ná sa Chúnamh Sealadach do Theaghlaigh Bhochta.
scoil dhá oide two-teacher school
" I 1945 fuair sé post i mBunscoil Mhuire i nDroichead Átha agus theagasc sé i gContae Lú go dtí go bhfuair sé post mar phríomhoide i scoil dhá oide in aice le Ráth Mealtáin i nDún na nGall.
lasmuigh d'uaireanta scoile outside school hours
" Sílim go raibh mé timpeall deich mbliana ag an am agus, ag an aois sin, ba iad ranganna sean-nóis Mháire Phíotair an t-aon áit a bhféadfá a dhul le bualadh le cairde lasmuigh d'uaireanta scoile.
scoil Íosánach Jesuit school
" Tar éis a chuid oideachais a fháil i scoil Íosánach i Learpholl, fuair Béaslaí post mar iriseoir gairmiúil agus bhí sé ina eagarthóir ar an *Catholic Times *ar feadh tamaill.
Scoil na mBráithre the Christian Brothers' school
" Fuair Seoirse a chuid oideachais i Scoil Rosario i Sráid Sunnyside agus i Scoil na mBráithre.
chóras cumhachtach na scoileanna paróiste the mighty parochial school system
" "Tá meath mór ag teacht ar chóras cumhachtach na scoileanna paróiste a d'fhás céad go leith bliain ó shin ó gheoiteonna na n-inimirceach, ar dhoras isteach sa tsochaí Meiriceánach é do na milliúin agus ar fhoinse cumhachta gan teorainn, beagnach, é d'institiúid na Eaglaise Chaitlicí," a scríobh Jim Dwyer le gairid sa New York Times.
scoileanna príobháideacha private schools
" " Tá feachtas den chineál céanna, dar teideal *Future in Education*, ar bun ag Jean O'Shea agus tá eagraíocht eile, Future in Education, atá faoi stiúir Peter Flanigan, ag cur scoláireachtaí dar teideal *Students Sponsor Partners *ar fáil dóibh siúd ar mian leo freastal ar scoileanna príobháideacha.
scoil Ghiúdach Jewish school
" Tá Louis é féin pósta le Chookie, múinteoir bunscoile i scoil Ghiúdach Stratford i Ráth Garbh.
an t-iaroide scoile the former school teacher
" Tá dhá scór bliain ann, mar shampla, ón uair dheireanach a bhí an t-iaroide scoile Micheál Ó Seighin os comhair na cúirte, tráth ar gearradh fíneáil £2 air mar nach raibh solas ar a charr, a bhí pairceáilte taobh amuigh de Halla Uí Éallaithe i nGleann na Muaidhe.
scoil lán-Ghaelach an all-Irish school
" AÓF: Cén áit a raibh tú ar scoil? An Gaelscoil a bhí inti? An raibh béim ar leith ar an gceol inti? MNíE: Chuaigh mé go dtí Bunscoil Feirste, scoil lán-Ghaelach.
ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl one only has to look at how the standard of Irish went down in schools
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
go raibh ag éirí go maith leis an scoil that the school was succeeding
" Bhí eagla orainn ar dtús nach mbeadh múinteoirí líofa ar fáil nó nach mbeadh suim ag daltaí ar bith teacht ach chuir sé iontas orainn go raibh ag éirí go maith leis an scoil.
iarmhúinteoir scoile former school teacher
" Mary Hanafin ======= Beidh ar an iarmhúinteoir scoile seo díriú ar cheist na Gaeilge sna scoileanna, go háirithe sna Gaeltachtaí.
ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl one only has to look at how the standard of Irish went down in schools
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
an Scoil Phéintéireachta Phléimeannach the Flemish School of Painting
" 1395-1441), a chuir tús leis an Scoil Phéintéireachta Phléimeannach agus an duine a thug teicnicí péintéireacta ola chun foirfeachta; Rogier Van Der Weyden (1400-64), a rinne staidéar ar dhaoine cráifeacha inár éirigh leis a bpearsantacht a léiriú; Hieronymous Bosch (1450-1516), ealaíontóir eile a rinne staidéir chráifeacha ach a raibh teachtaireachtaí dorcha fáthchiallacha taobh thiar díobh; agus Pieter Bruegel Sinsear (1525-69), a d’úsáid tírdhreacha na hOllainne agus saol mhuintir na tuaithe mar amhábhar a chuid pictiúr.
scoil phríobháideach private school
" Dar ndóigh, ar nós mórán eile sa tír seo, má tá go leor airgid ag tuismitheoirí is acmhainn dóibh a gclann a chur chuig scoil phríobháideach agus bheith cinnte go mbeidh togha na n-áiseanna oideachais agus spóirt ar fail dóibh.
scoileanna neamhspleácha independent schools
" Molann an Páipéar Bán go gcuirfí scoileanna neamhspleácha, nó “Trust Schools”, in áit scoileanna atá curtha ar fáil ag údaráis áitiúla agus atá freagrach, mar sin, do pholaiteoirí áitiúla.
scoil tionsclaíoch industrial school
" Ba scoil tionsclaíoch tráth an coláiste ina raibh sé ach ní raibh na scéalta faoi bhrúidiúlacht na n-institiúidí sin ar eolas ag mórán de phobal na hÉireann ag an am.
mura rachfar i ngleic leis an "ghéarchéim" sna scoileanna if the 'crisis' in the schools is not tackled
" Tá an t-eolas seo ag teacht sna sála ar thuarascáil ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta inar dúradh nach mbeadh aon scoil Ghaeltachta ag múineadh trí Ghaeilge i gceann scór bliain mura rachfar i ngleic leis an "ghéarchéim" sna scoileanna, mar a thug siad air.
cór na scoile the school choir
" Ní raibh aon dochar ann ar aon nós agus, cé go mbínn ar crith agus mé ag gabháil fhoinn asam féin, bhain mé an-sásamh as a bheith ag casadh le cór na scoile agus i ngrúpaí.
ag freastal ar scoil de chuid an rialtais attending a government school
" Tá siad ag freastal ar scoil de chuid an rialtais faoi láthair ach an bhliain seo chugainn, rachaidh siad go dtí meánscoil príobháideach.
scoil idirnáisiúnta international school
" Cad chuige gur bheartaigh tú sin a dhéanamh agus cad é mar atá ag éirí leat? SNíR: Chaith mé cúig bliana ag múineadh páistí bunscoile i scoil idirnáisiúnta sa Bheilg sular tháinig mé go Meiriceá le m'fhear céile.
in iomaíocht le scoil aonair competing with a single school
" Dar leo, níl sé cóir go mbeadh foireann agus imreoirí as scoileanna éagsúla uirthi in iomaíocht le scoil aonair.
murach gur osclaíodh an scoil sin if it wasn't for the fact that that school was opened
" Ní bheinn ar aon mheánscoil riamh murach gur osclaíodh an scoil sin an bhliain sin mar ní fhéadfainn dul in aon áit eile.
ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna such as the publishing of the school inspection reports
" Tá céimeanna dalba glactha aici i dtaca le trédhearcacht bíodh is go bhfuil cuid acu conspóideach go leor, ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna agus sraitheanna na dtorthaí scrúduithe.
bainistíocht scoile school management
" Cén ról atá agat féin i gComhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) agus cén fhad atá tú sa phost? Oifigeach Forbartha atá ionam ach tá ról ar leith agam ag plé cúrsaí gobharnóireachta, polasaithe scoile (Gaeilge) agus bainistíocht scoile.
scoileanna aitheanta recognised schools
" Bím féin agus oifigeach eile ag plé le scoileanna aitheanta mar a bhaineann sé le polasaithe, bainistíocht, cúrsaí buiséid, cúrsaí áitribh agus araile.
Scoil an Léinn Cheiltigh the School of Celtic Studies
" ” Tar éis an MA a chur de, d’éirigh le Ó Ciardha scoláireacht a fháil le taighde a dhéanamh i Scoil an Léinn Cheiltigh san Institiúid Ardléinn i mBaile Átha Cliath.
i rith na dtéarmaí scoile during the school term
" Cén fáth ar bunaíodh é?***Bunaíodh é le go mbeadh seirbhís náisiúnta ar fáil i rith na dtéarmaí scoile do dhéagóirí a bheadh ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh, go háirithe iad siúd a bheadh tar éis freastal ar chúrsaí samhraidh Choláiste na bhFiann.
róthógtha leis an scoil áirithe sin. too taken with that school.
" ” Fuair Risteard a chuid meánoideachais i gColáiste Cholmcille i nDoire ach is léir óna chuid cainte nach raibh agus nach bhfuil sé róthógtha leis an scoil áirithe sin.
sé go ruaigfí mac dochtúra nó mac fiaclóra nó mac dlíodóra amach as scoil. that a doctor's son or a dentist's son or a lawyer's son would be thrown out of the school.
" Ní minic a tharlódh sé go ruaigfí mac dochtúra nó mac fiaclóra nó mac dlíodóra amach as scoil.
acmhainní idirlín na scoile the school's internet resources
" An aidhm atá leis ná “go bhfaighidh daltaí buntáistí agus deiseanna foghlama as acmhainní idirlín na scoile ar bhealach sábháilte agus éifeachtach”.
cluichí scoile san áireamh, including school games,
" Nuair a dhéantar cluiche ceannais a bhuachan nó a chailliúint, cluichí scoile san áireamh, bíonn an t-alcól mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh.
tíorántacht na leabhar scoile the tyranny of school books
" B’ábhar gearáin é tíorántacht na leabhar scoile ag Pádraic Ó Conaire.
i seilbh scoile owned by a school
" Tá an teach sin i seilbh scoile anois, ach is féidir cuairt a thabhairt air ag an deireadh seachtaine i mí Mheán Fómhair, nuair a bhíonn cead isteach saor in aisce go dtí a lán áiteanna suimiúla in Albain (www.
líon na scoileanna a bhí páirteach inti. the number of schools taking part in it.
" D'éirigh thar cionn leis an scéim phíolótach, agus mar thoradh uirthi, shocraigh muid go gcuirfimis le líon na scoileanna a bhí páirteach inti.
Iarmhúinteoir scoile former school teacher
" Iarmhúinteoir scoile é Mícheál de Barra a raibh sé mar bhrionglóid aige an turas a dhéanamh.
scoil maidí luascáin, trapeze school,
" Romhainn tá na Náisiúin Aontaithe, an bád seoil is mó sa chathair, aerfort ar uisce, scoil maidí luascáin, dún Sasanach ón 18ú haois, Wall Street, agus Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir.
cuntais a chomrádaithe scoile the accounts of his school mates
" Ní gá dúinn géilleadh d’umhlaíocht bhréige Mhic Grianna sa chás seo nó tugann cuntais a chomrádaithe scoile le fios gur mhinic é chun tosaigh orthu.
comhghleacaithe scoile school colleagues
" D’aithin a chuid comhghleacaithe scoile go raibh eagna chinn as an choitiantacht aige.
cúpla iarscoláire de chuid mo scoile féin a few former pupils of my own school
" Bhí áthas orm leis gur bhuaigh Cill Mhantáin Corn Tommy Murphy sa pheil, go háirithe toisc go raibh cúpla iarscoláire de chuid mo scoile féin, Dara agus Breandán Ó hAnnaidh, ag imirt le Cill Mhantáin.
sa scoil náisiúnta, in national school,
" Agus mé i rang a sé sa scoil náisiúnta, chinn mo thuismitheoirí ar mé a chur go meánscoil áitiúil de chuid na mBráithre de La Salle.
mar phríomhspórt na scoile. as the main sport of the school.
" B’athrú mór millteach i mo shaolsa é dul ar mheánscoil ina raibh an rugbaí mar phríomhspórt na scoile.
ná lucht na scoile náisiúnta. than the group from the national school.
" D’fhreastail na daoine eile ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach agus ba léir gur shíl siad go rabhadar níb éirimiúla, ní ba chliste agus ní ba shofaisticiúla ná lucht na scoile náisiúnta.
tar éis scoile after school
" Cinnte, bhíodar ní ba ghalánta agus níb ardnósaí! **Céad bhlas den rugbaí**Ar cheann de na céad laethanta, d’fhógair an Bráthair Thomas go mbeadh seisiún traenála rugbaí tar éis scoile gach Luan agus go mbeadh cluiche gach Céadaoin agus gach Satharn - bhíodh ranganna maidine ar siúl ar an Satharn ag an am.
éide scoile gheal, a bright school uniform,
" Bhí siad uilig gléasta in éide scoile gheal, agus d'amharc siad féin agus a dtuismitheoirí ar na bláthanna, bréagáin agus léinte sacair ar an scrín, gach duine fós faoi bhrón mar gheall ar bhás an bhuachalla óig.
dá ndiúltódh scoil ar leith if a particular school
" Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
dá ndiúltódh scoil ar leith if a particular school refused
" Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
a scríobhadh i leith scoil amháin which was written in regard to one school
" Anuas air sin, dúradh gur bunaíodh polasaí náisiúnta ar thuairisc cigire a scríobhadh i leith scoil amháin i dTrá Lí, agus gur tugadh an chluas bhodhar don mhéid a bhí le rá ag Gaelscoileanna, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) nó Foras na Gaeilge ar an ábhar.
ag tógáil scaifte páistí scoile taking a group of school children
" Tá muid ag breathnú ar amaidíocht Jack Black sa scannán *The School of Rock *agus é ag tógáil scaifte páistí scoile chuig comórtas chath na mbannaí.
scoil ullmhúcháin preparatory school
" Fuair sé féin, agus an deartháir ba shine roimhe, scoláireacht, áfach, a chuir ar a gcumas freastal ar Choláiste Éinde, ar scoil ullmhúcháin í dóibh siúd ar mhian leo dul leis an mhúinteoireacht bhunscoile.
scoileanna a mhaoiniú ar an dóigh chéanna to fund schools in the same way
" Agus lucht na ngairmeacha imithe amach go dtí na bruachbhailte, ní raibh lucht na gcathracha in ann scoileanna a mhaoiniú ar an dóigh chéanna is a bhí lucht na mbruachbhailte a dhéanamh.
daltaí scoile school pupils
" Tá guth á thabhairt do na daltaí scoile féin agus an chosúlacht ar an scéal go dtabharfaí aird ar a dtuairim.
ag fágáil na scoile leaving the school
" An dtabharfar vóta amach anseo dóibh ar ábhair Ardteiste, ar cheapadh múinteoirí, ar obair bhaile nó ar leathlá ar an Aoine fiú? Bhí daoine eile den tuairim gur ábhar iontais é go mbeadh vóta ag daltaí a bheadh ag fágáil na scoile faoi cheann cúpla mí ach gur chuma faoi thuairim na ndaltaí a bheadh ag teacht isteach ann.
shainspiorad na scoile particular ethos of the school
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
díbríodh as an scoil I was expelled from school
" D’fhéadfaí a rá go raibh mé cineál mífheidhmiúil sular fhág mé Nua-Eabhrac agus díbríodh as an scoil mé.
scoil chónaithe boarding school
" “Tamall beag ina dhiaidh sin, bhí mé i scoil chónaithe i Loch Garman – Scoil Naomh Peadar i bhFearna.
chuaigh mé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí. I went to a Christian Brothers school
" An dtig leat tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi d’óige, le do thoil? Ian: Bhuel, níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach chuaigh mé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí.
ar scoil le chéile at school together
" Bhí Lunny agus Christy ar scoil le chéile i nDroichead Nua agus chónaigh siad le chéile i mBaile Átha Cliath i lár na seascaidí.
atlas scoile. school atlas
" Nuair a bhí mise ag déanamh staidéir ar an tíreolaíocht sa mheánscoil in Éirinn fadó, bhí léarscáileanna na hAstráile agus na Nua-Shéalainne ar an dá leathanach dheireanacha den atlas scoile.
ar bhord bainistíochta na scoile áitiúla. on the board of management of the local school
" Éiríonn daoine chomh cleachta sin le Bianca a fheiceáil ar fud na háite go dtosaíonn siad ag caitheamh léi mar fhíorbhean – castar “chairde” uirthi agus faigheann sí tairiscintí poist chomh maith le háit ar bhord bainistíochta na scoile áitiúla.
Scoil Chuimsitheach Comprehensive School
" Is cuimhin liom a bheith ag iomaíocht i gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós i seomra ranga i Scoil Chuimsitheach Bhaile Munna.
mar ábhar roghnach scoile. as an optional school subject
" Faoi 1990, bhí 36 faoin gcéad de phobal an oileáin ag iarraidh go múinfí an Mhanainnis mar ábhar roghnach scoile.
creideann scoil smaointeoireachta amháin one school of thought believes
" Go bunúsach, creideann scoil smaointeoireachta amháin nár fhág an pléascadh aon tionchar diúltach ar mhuintir na gceantar seo.
cé acu scoil smaointeoireachta is cirte which school of thought is more correct
" org/wiki/Chernobyl_disaster) Caithfidh mé a admháil nach bhfuil tuairim agamsa cé acu scoil smaointeoireachta is cirte.
scoileanna clochair convent schools
" Na mná a bhí ar ollscoil liomsa, chaitheadh siad *cardigans *agus tháinig siad as scoileanna clochair.
Forbartha Scoileanna school development
" De réir taighde a rinne an Áisíneacht um Thraenáil agus Forbartha Scoileanna (TDA) sa Bhreatain anuraidh, fritheadh gur rólchuspaí ríthábhachtacha iad múinteoirí fireanna do bhuachaillí agus iad ag éirí aníos.
imríodh ar scoil air done to him at school
" Níos déanaí isteach sa scéal, nuair nach bhfuil a fhios fós ag Oskar gur vaimpír í - ‘*If I wasn’t a girl would you still like me anyway?*’ Agus iad beirt ina luí ar leaba le chéile, ise croíbhriste tar éis di fear a mharú d’fhonn go mairfeadh sí féin, eisean i ndólás na maistíneachta is déanaí a imríodh ar scoil air – ‘*’I’m not a girl.
scoileanna samhraidh summer schools
" B’fhearr i bhfad a leithéid a bheith mar théama ag na scoileanna samhraidh líonmhara agus na tionóil acadúla ná cuid de na téamaí aduaine a phléifear i ndorchlaí intleachtúla sna míonna beaga amach romhainn.
scoileanna schools
" Cuireadh córas na scoileanna náisiúnta ar bun.
éide scoile school uniform
" Oíche Dé Sathairn bhíos mar bouncer ag dioscó i Chicago agus maidin Dé Luain bhíos thar n-ais in éide scoile arís – bhí sé sin deacair! Bhí mo chuid cairde ar fad imithe chomh maith.
Ábhar scoile school subject
" - Áireamh ar riachtanais dhifriúla foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais - Polasaí náisiúnta ó thaobh an tumoideachais de - Scéim ‘Erasmus’ na Gaeltachta a bhunú agus Cúrsa Gaeltachta an BA (Oideachas) a leathnú - Clár oibre d’fhorbairt na hollscolaíochta lán-Ghaeilge - Ábhar scoile eile “Saíocht agus Litríocht na Gaeilge” a sholáthar - Curaclam comhtháite a chur i bhfeidhm -5 Tacaíocht, treoir agus maoiniú cuí a chur ar fáil do na heagrais dheonacha agus phobail a mbeidh ról criticiúil acu i gcur i bhfeidhm pleananna teanga insna ceantair Ghaeltachta.
scaoil aláram éigeandála na scoile set of the school alarm
" Nó an scéal faoi ghasúr dhá bhliain déag d’aois, Oussmane Cissé, ar tugadh íde béil dó ar scoil toisc go rabhthas in amhras gurb é a scaoil aláram éigeandála na scoile le linn rang corpoideachais.
foirgneamh na scoile school building
" Tógadh muid sall chuig foirgneamh na scoile tar éis dúinn éisteacht le caint ar stair agus ar nósanna na treibhe ó roinnt ógánach, a bhí i gceannas ar an tionscadal turasóireachta, de réir dealraimh.
meán scoile secondary school
" Luaigh an Taoiseach an lá céanna sin thuasluaite, 16 Feabhra 2011, nach raibh daltaí meán scoile in ann “cúig abairt Gaeilge a chur i ndiaidh a chéile” tar éis 13 bliain staidéir ar an Ghaeilg amhail is gur chruthú an méid sin nach raibh rath ar an gcóras.
cláir scoile a school program
" Mhol sé cláir scoile a chuirfeadh cosc ar an bhfadhb roimh ré de bharr go mbíonn sé an-deacair dul i ngleic leis an bhfadhb nuair a bhíonn na gasúir tite i bhfeoil cheana féin.
mála scoile school bag(s)
" Ina chur i láthair ‘Ag cuimhneamh’ (2009), a rinne sé do Haus der Kunst i Munich, chroch sé 9,000 mála scoile ar bhalla leis an abairt ‘Mhair sí go sona ar feadh seacht mbliana ar an domhan seo’.
Scoil Cheartúcháin reformatory
" * Cleamhnas Trasphobail ============ Tá cur síos thar a bheith spéisiúil tugtha ag Mary Ward ar na tréimhsí a chaith a hathair agus huncail léi i Scoil Cheartúcháin Leitir Fraic.
scoileanna ceartúcháin centres of correction
" Bhí baint aige le coiriúlacht ar feadh i bhfad agus cuireadh go scoileanna ceartúcháin agus chun carcrach é as eachtraí gadaíochta.
scoil chónaithe boarding school
" Chuaigh mé ag scoil chónaithe, Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal.
altra ceanntair agus scoile district and school nurse
" Tá a fhios agam gur oibrigh tú mar altra i Nua-Eabhrac sna caogaoidí, ach abair liom ar dtúis, conas a tharla sé gur bhain tú jab mar altra ceanntair agus scoile amach in iarthar Bhéal Feirste agus conas gur fhan tú ag obair ar feadh seacht mbliana déag, ag obair i measc an phobail le linn na mblianta is deacra i dTuaisceart Éireann?** PNC: Tháinig m’fhear céile, Seosamh Mac Parthaláin, ó Bhéal Feirste.
foireann peil ghaelach na scoile the school’s football team
" Beidh foireann peil ghaelach na scoile ag feabhsú a gcuid imeartha i gcluichí nuair a chasfaidh siad i gcoinne foirne óga i Sord agus i mBaile an Chaistil.
dhaltaí scoile pupils
" Glactar leis go coitianta gur saothar mífhóirsteanach a bhí in Peig do dhaltaí scoile na fichiú haoise.
dhaltaí scoile na tíre seo school children in this country
" Labhraíonn os cionn 30 milliún duine an teanga sin, ach chuirfinn geall nár chuala 99% de dhaltaí scoile na tíre seo trácht uirthi mar theanga.