Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scoilte split
" Tá Páirtí Aontachtach Uladh scoilte ina dhá chuid, dream amháin ag iarraidh bogadh chun tosaigh agus muinín a chur i náisiúnaithe, dream eile ag cur gach bac ar féidir leo sa bhealach, agus David Trimble ag luascadh anonn is anall ar an rópa teann.
scoilte split
" Tá a pháirtí fein scoilte - bhíodh sé leath ar leath ach b'fhéidir anois gur lú an tacaíocht atá ag Trimble ná an leathchuid - agus is é easpa aon duine cumasach a thabharfadh dúshlán Trimble an fáth is mó go bhfuil sé ina cheannaire ar an pháirtí go fóill.
de shochaí scoilte of a divided society
scoilte split
" An raibh a fhios acu siúd nach dtiocfadh le Trimble glacadh leis an doiléireacht ab éigean don IRA, dar leo féin, a chur thart ar an díchoimisiúnú? Má bhí a fhios, cad chuige nár fhuascail Trimble agus Adams an cheist sular thosaigh an damhsa? Agus an SDLP fágtha in áit na leathphingine - is cinnte go dtitfidh siad níos faide ar chúl Shinn Féin - agus na haontachtaithe scoilte, fágann sin *Godzilla *versus *Megalon*, Sinn Féin in éadan an DUP, san idirbheartaíocht d'anam na Sé Chontae i ndiaidh an toghcháin seo.
scoilte split
" In áit léim mhór amháin a thógáil a chuirfeadh crut nua radacach ar an státseirbhís, tá an baol ann go gcruthóidh sé státseirbhís atá scoilte ina dhá leath - leath Bhaile Átha Cliath agus leath na tuaithe.
scoilte split
" Rachaidh sé deacair go leor ar Fhianna Fáil an tríú suíochán a bhuachan i gContae na Mí agus, cé go bhfuil pobal an chontae ríoga scoilte ar cheist an M3, tuigtear do *Beo! *go bhfuil imní ar Fhianna Fáil go gcaillfidh siad vótaí má ligeann siad don NRA dul ar aghaidh.
scoilte split
" Ní raibh sé mar sin nuair a bhí mise ag éirí aníos – bhí Béal Feirste scoilte idir thiar, thoir, thuaidh agus theas.
scoilte split
" Bhí leath dá chloigeann in easnamh, agus bhí a pheilbheas go hiomlán scoilte.
scoilte split
" Ní run ar bith é go bhfuil an grúpa paraimíleatach is mó ó thuaidh scoilte go dona.
scoilte split
" Ta an iúré inmhéanach scoilte ionam ar an gceist sin.
aonáin scoilte separate units
" Sa stíl loighciúil smaointeoireachta seo, feicter an domhain ina aonáin scoilte; feictear é trí lionsa a fhágann gnéithe dinimiciúla agus gaolmhaireachta as an áireamh.
scoilte split
" Tá sé seo le tabhairt faoi deara go soiléir i measc na bPoblachtánach, atá scoilte ina dhá leath faoi láthair.
scoilte split, separated
" “Chinn mé go mbeadh an Gaeloideachas mar chuid de remit gach rannóige agus nach mbeadh sé scoilte ó chinntí eile mo Roinne.
scoilte split
" Tá an Alliance in aimhréidh, agus tá an SDLP scoilte ar an cheist.
scoilte split
" Labhair Edith Windsor agus a dlíodóirí ar feadh lae iomláin, agus ba chosúil go raibh na breithiúna scoilte.
chomh scoilte le as split as
" Tá Fianna Fáil chomh scoilte le Fine Gael ar an gceist seo agus táthar ag rá anois nach gá go mbeadh aon vóta ar an reachtaíocht seo riachtanach, fiú.
scoilte ó bhun go barr split from top to bottom
" Ní háibhéil a rá go raibh an páirtí scoilte ó bhun go barr, mar a míníodh ar an iris seo sa samhradh.
Tá meon an phobail scoilte public opinion is divided
" Tá meon an phobail scoilte maidir le cé acu ar chóir dúinn amharc ar shaothair ghaifítí mar ealaín, nó ar chóir dúinn iad a rangú mar shamplaí den loitiméireacht.