Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an ghad is giorra don scornach the most urgent issue
" Ach ba mhaith liom anois díriú isteach gan mhoill ar an ghad is giorra don scornach: Cad é an chéad tír eile a rachaidh fórsaí míleata SAM isteach ann ar mhaithe le slándáil na cruinne? Mac Sceiche: Tomhais cad é atá ansin, a Bhaloir.
ní bhrúfaidh mé síos a scornach í I won't force it down their throat
" Ar ndóigh, ní bhrúfaidh mé síos a scornach í.
ar scornacha a chéile at each others' throats
" Bheadh lá eile ar scornacha a chéile ag campaí na beirte leonta cogaidh, Colley agus Haughey.
mo scornach my throat
" Tá sé deacair orm labhairt óir tá mo scornach lán le mothúcháin mar a bheadh pota lán le huisce ag fiuchadh.
scornach throat
" Ní dhéanann Collins na teachtaireachtaí a shá síos scornach an lucht féachana, ach tá siad ann, séimh agus macánta.
an gad is giorra do scornach an Albanaigh the most urgent need of the Scotsman
" Tá cuid den mhuinín sin le feiceáil fosta i réimse an airgeadais, an gad is giorra do scornach an Albanaigh más fíor don steiréitíopa ciníoch.
scornach throat, neck
" Tá líne ann chomh maith, gan amhras, gan a shá síos scornach aon duine ach an oiread, agus ansain, déarfaidís, “*oh your man’s sort of cool*”, labhraíonn sé Gaeilge, labhraíonn sé Béarla.
scornach throat
" (Samhlaigh mise agus an chearc fhrancach seachtain roimh Lá Nollag - ní fhéadfainn é a dhéanamh!) Cuirtear an t-ainmhí ina luí ar an talamh, a aghaidh i dtreo Mheice, agus gearrtar a scornach in ainm Allah.
mo scornach my throat
" Ag tiomáint dúinn faoi scáth na mullaí scáfara agus an airde mhearbhallach ag tarraingt an chroí agus na hanála aníos trí mo scornach, mhínigh Jacques Thiers dom gur leagan de chanúint Toscani na hIodáile atá i dteanga na Corsaise ach go bhfuil iarsmaí ann den chaint a bhí ar an oileán roimh aimsir na Laidne.
is é an gad is gaire don scornach first things first
" Ach is é an gad is gaire don scornach ná cén bronntanas a thabharfaidh sé do cén duine? Seo an cheist a bhí ag dó na geirbe ag Balor bocht.
síos scornach mairtíreach down the throats of martyrs
" I bhfreascó amháin feictear saighdiúirí ag doirteadh tinne leáite síos scornach mairtíreach agus i bpictiúr eile tá mairtíreach ina sheasamh go séimh i gcorcán lán le huisce bruite.
ag gearradh scornach saighdiúra cutting a soldier’s throat
" Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.