Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scrúdú iarbháis post-mortem
" Níor cuireadh scrúdú iarbháis ar an gcorp, cé nach raibh Morrison ach sna fichidí, rud a bhí neamhghnách.
scrúdú na leifteanant the lieutenants' test
" Dá mba rud é go raibh pas faighte ag Bill i scrúdú na leifteanant, a rinne sé díreach sular éirigh sé as a phost, "is dócha go mbeadh sé ag obair mar leifteanant ar an 11 Meán Fómhair," a deir Golway.
scrúdú leighis medical examination
" Tugtar cosaint dlí do na mná agus is gá dóibh scrúdú leighis a fháil ar bhonn rialta.
scrúdú iarbháis postmortem examination
" scrúdú iarbháis ======= Ba chúis mhór bróin eile don teaghlach nuair a fuair siad amach ó na póilíní nach mbeadh siad ábalta corp Brenda a fháil nó sochraid a eagrú ar feadh 25 lá ar a laghad, mar go mbeadh scrúdú iarbháis ann.
ag scrúdú examining
" "Bhí mé i mo sheasamh i scuaine le dul isteach chuig scannán," a dúirt sé, "agus thug mé faoi deara go raibh an bheirt chailíní a bhí romham ag scrúdú ceann de mo chuid nótaí.
scrúduithe béil oral exams
" An jab a bhí agamsa ná scrúduithe béil a chur ar na mic léinn.
aimsir na scrúduithe cainte at the time of the oral exams
" "Seo cuid den aiféala a bhíonn orm ag deireadh gach bliana, go dtosaím ag cur aithne orthu aimsir na scrúduithe cainte agus mé ar buile liom féin agus leis an gcóras nach gcuireann muid aithne ar a chéile ag tús na bliana.
cúig dhúnmharú a scrúdú to study five murders
" Mar chuid den phróiseas síochána, ag na cainteanna i bPáirc Weston i 2001 d'fhógair an dá rialtas go raibh siad chun iarraidh ar an mBreitheamh Peter Cory ó Cheanada cúig dhúnmharú a scrúdú le feiceáil an raibh fianaise ann go raibh claonpháirteachais ar siúl ag na fórsaí slándála.
forbairt scrúduithe agus marcáil scrúduithe the development and marking of exams
" Tá stádas breathnadóra bainte amach ag Ionad na dTeangacha in ALTE (Association of Language Testers in Europe), eagraíocht a bunaíodh i 1989 agus é mar aidhm aici caighdeáin thrasnáisiúnta a fhorbairt maidir le gnéithe difriúla den mheasanú teanga, mar shampla, forbairt scrúduithe agus marcáil scrúduithe.
theip air sa scrúdú Gearmáinise faoi dhó he failed the German exam twice
" Ach ní hamháin gur mná a bhí iontu, ach Protastúnaigh a bhí iontu chomh maith!” Bhí sé ar intinn aige céim a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis ar dtús ach theip air sa scrúdú Gearmáinise faoi dhó.
scrúdú iarbháis post-mortem
" Léirigh an scrúdú iarbháis go raibh duine éigin tar éis an leanbh a shá cúpla uair.
ag scrúdú mí-iompair examing misconduct
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
ag scrúdú mí-iompair examing misconduct
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
á scrúdú being examined
" Ar smaoinigh tú riamh go dtiocfadh le mogaí s’agat sa bhaile bheith ina phéintéir tréitheach atá ag fanacht le duine éigin é “a aimsiú”? Nó, cuir i gcás an *ornithological dejecta* sin ar scáthlán do chairr: an feidhm nádúrtha éin atá ann nó an fianaise an steall de chac éin sin ar chruthaitheacht ardealaíonta ríocht na n-éan? Is ceisteanna bunúsacha mar sin, agus tuilleadh nach iad, a bhíonn á scrúdú ag foireann an Museum of Non Primate Art (MONPA) (www.
sraitheanna na dtorthaí scrúduithe the exam results league tables
" Tá céimeanna dalba glactha aici i dtaca le trédhearcacht bíodh is go bhfuil cuid acu conspóideach go leor, ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna agus sraitheanna na dtorthaí scrúduithe.
scrúdú béil oral exam
" Is cosúil gur scrúdú scríofa agus scrúdú béil a bheidh sa gceann Béarla.
scrúduithe proifisiúnta sa chuntasaíocht professional exams in accountancy
" Ina dhiaidh sin, rinne sé scrúduithe proifisiúnta sa chuntasaíocht agus glacadh leis mar bhall d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn.
Cuirfear scrúdú scríofa orthu they will undergo a written exam
" Cuirfear scrúdú scríofa orthu trí lá sa tseachtain ar a mbeidh le rá ag an eagarthóir Gaeilge, Balor an Bhéil Bhinn.
Tá scrúduithe ar fáil exams are available
" Tá scrúduithe ar fáil ag ceithre leibhéal cumais, is é sin ag Bonnleibhéal 1 agus 2 (A1 agus A2) agus ag Meánleibhéal 1 agus 2 (B1 agus B2) agus tá foireann teg ag obair ar na hArdleibhéil (C1 agus C2) faoi láthair.
Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, if a person suceeds in passing the exam
" Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, bronntar teastas air le dearbhú go bhfuil cumas sa teanga bainte amach aige ag leibhéal áirithe.
scrúdú samplach sample paper
" Ina theannta sin, tá scrúdú samplach ag na ceithre leibhéal curtha ar fáil ar an suíomh www.
scrúdú leighis medical exam
" Dúirt mo dheirfiúr go raibh sí ceaptha ag an sneachta i stáisiún Greyhound uair amháin le linn stoirme agus í ar a bealach go Philadelphia le scrúdú leighis a dhéanamh.
toisc brú scrúduithe agus staidéir a bheith orthu because the pressure of exams and study was on them
" Mé i m’aonar mar go raibh na *lads* eile tar éis éirí as na ranganna toisc brú scrúduithe agus staidéir a bheith orthu – agus easpa spéise ba chúis le hiad a bheith as láthair chomh maith, déarfainn.
scrúdú exam
" Tá 38 múinteoir ag obair leis an eagraíocht faoi láthair agus tá an scrúdú bainte amach acu siúd ar fad ó bhí 1996 ann.
á scrúdú studying him
" Táimid tagtha go deireadh chéad ráithe Uachtaránacht Bharack Obama, agus mar is iondúil d'uachtarán nua, táthar á scrúdú go géar, féachaint ar éirigh go maith leis nó nár éirigh, agus ag lorg tuaranna don chuid eile dá thréimhse oifige.
scrúdú exam
" Críochnóidh an bhliain scoile an tseachtain seo, ar an gceathrú lá is fiche de Mheitheamh, nuair a bheidh scrúdú deiridh an baccalauréat ann.
scrúdú examination
" Íoctar a leithéid ar scrúdú i ngaráiste, gan aon bhall den charr a chóiriú ar chor ar bith chor ar bith! Coinnigh an t-airgead sin in do phóca.
scrúdú examine
" Is leamh an rud é go mairfidh an Teach atá freagrach as an phraiseach agus go gcuirfear deireadh leis an cheann atá beagnach saor ó mhilleán! Agus an tír báite i bhfiacha, is cóir gach caiteachas stáit a scrúdú, ach nílim ag teacht leis na tráchtairí a chuireann an bhéim ar chostas an tSeanaid mar chruthú gur chóir deireadh a chur leis.
scrúdú aistrithe transfer exam
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
An Scrúdú exam
" An Scrúdú ====== Ar na ceisteanna is conspóidí dá bhfuil sí ag déileáil leo, tá An Scrúdú aistrithe, an 11+.
scrúduithe exams
" B’ait don bheirt againn gur gortaithe seachas cúrsaí eile ar nós scrúduithe, saoire, cúrsaí oibre nó eisimirce ba chionsiocair leis an tsáinn ina raibh an fhoireann.
faoi scrúdú acu being investigated by them
" D’eisigh údaráis na Síne ráiteas le rá go raibh sé faoi scrúdú acu mar gheall ar ghníomhaíochtaí coiriúla éagsúla, ina measc calaois chánach.
scrúduithe exams
" Chuaigh sé chun na Beilge tar éis na scrúduithe le traenála in éineacht le Justine Henin a bhí mar Uimhir a hAon i measc imreoirí ban in 2003.
scrúdú géarchúiseach a sharp scrutinty
" Rinne an scríbhneoir/iriseoir Éamonn Mc Cann, in éineacht leis na léiritheoirí cláir bhreathnadóireachta, Julian Keane, Ewan Angus, Paul Mc Guigan agus Steve Carson ó RTÉ, scrúdú géarchúiseach ar an bhonn eiticiúil a bhí faoi ‘chláracha réaltachta’ agus mheabhraigh siad an mhórtharraingt a bhí ag cláracha ar nós *The Estate* agus *The Scheme*.
an scrúdú chainte the oral exam
" Cuimhnímis go raibh pas faighte ag an naonúr Garda a bhí lonnaithe ar an Bhun Bheag ins an scrúdú chainte Ghaeilge ach, d'ainneoin sin, ní raibh ochtar acu in innimh déileáil leis an phobal trí mheán na teanga.
scrúdú do dheoch mheisciúil a test for alcohol
" Tagann Fionnachrith Orm ========== Dúirt Sheila Coleman, ón HJC, leis an slua “shíl mé nach raibh sé inrásta preab a bhaint asam go dtí gur léigh mé faoin dóigh a rinne na póilíní scrúdú do dheoch mheisciúil ar chorp buachalla 10 bliana d’aois mar cuid den fheachtas a bhí acu an locht a chur ar na tacadóirí.
scrúdú le súil ghrinn a sharp-eyed inspection
" Ach, má dhéanaimid scrúdú le súil ghrinn, ghéarchúiseach ar an gcaoi ina bhfuil cúrsaí spóirt admhóimid gur gá i gcónaí do lucht stiúrtha spóirt a bheith san airdeall ar theacht chun cinn drochthréithe an duine, tréithe atá in ann an spórt a mhilleadh ar na céadta míle duine.
don scrúdú cainte for the oral exam
" Tá 40% de na marcanna iomlána ag dul don scrúdú cainte anois ach bíonn an bhéaltriail bunaithe ar scór shraith de phictiúir agus is léir go bhfoghlaimíonn na scoláirí nathanna cainte de ghlanmheabhair.
scrúdú saoránachta a citizenship exam
" Go bhfios dom, níl a leithéid de scrúdú le déanamh ó dheas (ní maith linne, nordies, an Phoblacht a thabhairt air go dtí go mbeidh an gnó gan chríochnú críochnaithe) ach rith sé liom gur ceart scrúdú saoránachta a chur ar dhaoine a mhaíonn gur Éireannaigh an tuaiscirt/ tuaisceartaigh na hÉireann iad.
scrúdú ab ea é i ndáiríre ar it was really an inspection of
" Cé gur dianscagadh an leabhar féin ar an ndromchlár ar imeachtaí leadránacha rúnda an Internal Revenue Service sna hochtóidí, scrúdú ab ea é i ndáiríre ar fhisiciúlacht thimpeallacht ársa Mheiriceá.
agus é faoi scrúdú leanúnach under continual scrutiny
" Taobh istigh d’achan ‘chillín’ acu feictear samhaíl mhillteanach de Ai Wei Wei, dingthe isteach sa spás beag agus é faoi scrúdú leanúnach ag beirt de lucht a ghabhála.
eagras atá i mbun scrúduithe sabháilteachta an organization which runs safety examinations
" Ó thaobh chúrsaí sabháilteachta de, ghnóthaigh an T250 cúig réalta sa Euro Ncap – eagras atá i mbun scrúduithe sabháilteachta san Eoraip agus a chuireann in iúl don chustaiméir cé chomh slán agus atá na gluaisteáin ar fad atá ar fáil ar an Mór-Roinn.
ag leanacht agus ag scrúdú coimhthíoch following and inspecting strangers
" Mar gheall ar seo, tá forairdeallaithe armtha ag siúl timpeall ceantar “Geala” ag leanacht agus ag scrúdú coimhthíoch.
scrúduithe exams
" Is dóigh liom go bhfuil an córas oideachais cúngaithe a lán go dtí scrúduithe.
i scrúduithe in examinations
" Ó thaobh chúrsaí sabháilteachta de, d’éirigh go maith leis an 159 i scrúduithe NCAP agus ghnóthaigh sí 5 réalta ar na meáin.
sna scrúduithe stáit in the state examinations
" B’é ceann de na geallúintí a rinne Fine Gael agus an Lucht Oibre sa bhfeachtas ná go bhfaighfí réidh le Gaeilge éigeantach sna scrúduithe stáit agus sa státseirbhís.
faoi scrúdú ag an ghrianghrafadóir being studied by the photographer
" An rud is suntasaí faoin taispeántas, ‘Gan Dídean’, atá le feiceáil i Museo di Roma in Trastevere faoi láthair, ná an solas a lonraíonn ó shúile na ndaoine bochta atá faoi scrúdú ag an ghrianghrafadóir Lee Jeffries.
tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh na scrúduithe in the amount of people who do the exam
" Ó cuireadh tús le Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) in 2005, tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh na scrúduithe gach bliain.