rud a scriosfadh
which would ruin
Mhillfeadh seo áilleacht na háite,
rud a scriosfadh tionscal na turasóireachta sa cheantar.
scrios
destruction
Bhaineas triail as fón póca ach toisc gur
scriosadh roinnt aeróg agus de bhrí go raibh cúpla milliún eile ag iarraidh scairt a chur ar a muintir féin, ba shaothar in aisce dom é.
scriosadh gnáthóige
habitat destruction
Is ainmhí é atá i mbaol anois de bharr
scriosadh gnáthóige agus an sléacht a rinneadh orthu ag tús an chéid seo caite.
scriosta
exhausted
"Tar éis na cigireachta, bhí muid ar fad
scriosta, bhí *Transit Van* lán páipéir agus cáipéisí againn agus mhothaigh muid uilig gur am agus airgead amú a bhí ann.
scriosta
destroyed
D'ordaigh an breitheamh Geoffrey Eames i gCúirt Uachtarach Victoria go gcuirfí cosaint an chomhlachta ar ceal mar go raibh cáipéisí a bhain leis an gcás
scriosta d'aon turas acu agus nach mbeadh triail fhéaráilte ann dá bharr.
cumas scriosta an duine
man's destructive capability
Cad is carraig ann? Cad is cloch ann?
Táimid chun aghaidh a thabhairt inniu ar Hiroshima chun
cumas scriosta an duine a mheabhrú dúinn féin.
ag scrios
deleting
Anois go bhfuil teachtaireachtaí fógraíochta, nó *spam*, forleathan bíonn ar chuid mhaith daoine am a chur amú
ag scrios formhór na dteachtaireachtaí ríomhphoist a fhaigheann siad.
scriosta
in ruins
"Bhí dhá acra is caoga, ó Broad Street go South Street, agus ó Wall Street go ceantar ar a tugadh Coenties Slip,
scriosta.
ag déanamh scriosta orthu
destroying them
Cé gur throid na Bleá Cliathaigh go cróga an lá sin, dar le Mícheál ba í taithí Chill Chainnigh a sheas dóibh agus a chabhraigh leo teacht ar ais sa chluiche nuair a bhí Áth Cliath
ag déanamh scriosta orthu.
scrios ar an timpeallacht
destruction of the environment
In ainneoin an uafáis seo, is cosúil go bhfuil an rialtas lárnach i Maidrid agus an rialtas áitiúil in Santiago de Compostela níos buartha faoi na fadhbanna polaitiúla a bhaineann leis an tubaiste ná faoi chúrsaí eacnamaíocha, sóisialta nó faoin
scrios ar an timpeallacht.
scriosta
exhausted
Bhí siad
scriosta agus gan chodladh i rith na Nollag agus gach seans go mbeidh cúrsaí chomh dona céanna go ceann cúpla mí go fóill.
scriosta
destruction, damage
Tá na mílte duine óg ag tréigean a gceantracha féin de bharr an
scriosta atá déanta ag cuid cuótaí an Aontais Eorpaigh ar thionscal na hiascaireachta agus na talmhaíochta.
scriosta
destroyed
Tá ráite ag Tommy Kirkham, ball den Ulster Political Research Group, páirtí polaitíochta an UDA, go bhfuil a raibh acu de na buamaí seo
scriosta cheana féin.
á scriosadh
being destroyed
Na tancanna
á scriosadh.
scriosta
destroyed
Tá daoine ag fáil bháis agus á ngortú mar gheall orthu, sibhialtaigh agus páistí san áireamh, agus na mílte foirgneamh
scriosta acu.
ag scrios
destroying
Chuir Gwyn in iúl dom go raibh trioblóid sa cheantar le cúpla mí, go raibh duine nó daoine
ag scrios fógraí Breatnaise, agus mar sin de.
scrios agus fiche
many curses
Ní bheadh éalú ó chur an fhútóin le chéile nó bheadh orthu luí ar an urlár gan é, agus chuir Seán
scrios agus fiche ar an diabhal rud sula raibh sé i gceann a chéile aige.
scrios
destruction
Is siombail é den bheatha as an bhás, nó cruthaíocht as
scrios.
Scrios lom
Damn it
"
Scrios lom," ar sí agus thóg sí an guthán le hiarracht a dhéanamh an coinne a athrú, ach bhí neamh beag d'fháilteoir ag an fhiaclóir agus dúirt sí nach bhfaigheadh sí coinne go deireadh mhí Eanáir, mura nglacfadh sí an ceann seo.
an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol
the horror that ruined the rest of his life
Ba ansin a thosaigh
an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol.
á scriosadh
being destroyed
Nós seanbhunaithe
=======
Ní rud nua é saothair ealaíne a bheith
á scriosadh agus bíonn cúiseanna éagsúla ag daoine chun a leithéid de rud a dhéanamh.
a scrios
to destroy
Agus is féidir le daoine iarracht a dhéanamh na páipéir bhallóide
a scrios - is cuimhin liom oifigeach toghcháin a fheiceáil ag caitheamh cuid mhaith ama ag cur páipéar ballóide stróicthe ar ais le chéile.
scrios
destruction
Bhí cath is cogadh fógraithe aigesean ar liúis Loch na Síobóige, agus, le cúnamh Dé, dhéanfadh sé
scrios fós orthu.
scriosta
spoilt
Is é fírinne an scéil ná nach amháin go raibh an Nollaig
scriosta ar lucht leanúna Chorcaí ach tá seans ann go bhfuil an samhradh seo chugainn agus mórán samhraí eile
scriosta leis.
á scrios
being destroyed
Mar sin, de réir mar atá saibhreas agus éagsúlacht chultúrtha
á scrios ag na comhlachtaí móra ceirníní d'aon turas, tá géarghá le dlí a chuirfeadh iallach ar na stáisiúin raidió dóthain ama a chur ar fáil do na teangacha dúchasacha.
go bhfuil ár n-oidhreacht á scrios
that our heritage is being destroyed
Bhí tuairim is 10 ngrúpa agus suas le 25 duine sa seomra leis na toscairí agus iad uile ag tabhairt na teachtaireachta céanna dóibh:
go bhfuil ár n-oidhreacht á scrios ar mhaithe le forbairt ainrianta agus go bhfuil an rialtas agus an tAire beag beann ar thuairim an phobail.
go scriosfar codanna móra den phlainéad
that large parts of the planet will be destroyed
Ach *tá* siad ag rá go bhféadfadh siad tarlú agus, go deimhin, go bhfuil fianaise láidir eolaíoch ann go bhfuil muid ar thairseach na dtarlúintí seo - go bunúsach, go bhfuil olltubaiste dhomhanda i ndán dúinn uaidh seo go ceann 20 bliain,
go scriosfar codanna móra den phlainéad agus go gcaillfear na milliúin dá bharr.
gur scrios sé
that he destroyed
Ach nach é Bertie Búistéir na Bóinne? Is éard a bheas scríofa ar a leac cuimhneacháin ná
gur scrios sé Gleann na Bóinne.
a scrios
to delete
Cé gur féidir grianghraif a bhogadh ón gcárta go dtí ríomhaire go héasca, agus na cinn nach maith leat
a scrios, is crá croí é a bheith ag iarraidh é sin a dhéanamh faoi bhrú nó faoi dheifir.
ina scriostar an oiread sin postanna
in which so many jobs are destroyed
Níl aon tír eile san Eoraip
ina scriostar an oiread sin postanna in aghaidh na bliana is a scriostar sa nGearmáin.
agus ár maoin a scrios
and to destroy our property
Mar sin, tá sé furasta acu clocha a chaitheamh orainn, agus buamaí peitril a chaitheamh ar ár dtithe, nó *graffiti *maslach a chur ar ár dtithe,
agus ár maoin a scrios.
scriosta
destroyed
Ach cé chomh fada is a bheidh sé go mbeidh sé sin
scriosta fosta?
An bhfuil imní ar dhuine ar bith sa Roinn Turasóireachta nó i gComhairle Contae Dhún na nGall mar gheall ar an dóigh a bhfuil cúrsaí ag dul in olcas i nGleann Cholm Cille?
*Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
scrios lom orthu
damn them
"Bhuel,
scrios lom orthu," arsa Clíona, "níl múineadh madaidh orthu.
scriosfar a gcultúr ársa
their ancient culture will be destroyed
Nuair a thosófar ag bá na háite faoi uisce, áfach, bainfear a n-áit chónaithe de na daoine seo agus
scriosfar a gcultúr ársa.
a scrios
to wipe off
In Ohio, tá iarracht ar siúl ag an Pháirtí Poblachtánach 35,000 vótóir nua - ar Daonlathaigh agus daoine ó mhionlaigh eitneacha a bhformhór -
a scrios ó na rollaí.
ag scrios
destroying
Sa mbliain sin rinneadh iarracht smacht bitheolaíochta a chur i bhfeidhm ar chiaróga a bhí
ag scrios an chána siúcra in Queensland.
scrios
destruction
Sa mbliain sin rinneadh iarracht smacht bitheolaíochta a chur i bhfeidhm ar chiaróga a bhí ag
scrios an chána siúcra in Queensland.
a scrios
to destroy
Tugann an leasú ar an Acht seo cead séadchomhartha náisiúnta
a scrios más féidir a chruthú gur chun leas an phobail i gcoitinne a leithéid a dhéanamh.
a scrios
which destroyed
Tá míbhuntáistí eile ag baint leis an iargúil - tinte mar shampla, mar a bhí le feiceáil coicís ó shin i Leithinis Eyre san Astráil Theas, áit ar maraíodh naonúr sna tinte
a scrios cuid mhaith den leithinis sin.
a scrios
to delete
Cé nach bhfuil ann ach líon teoranta daoine (ar a dtugtar "riarthóirí") a bhfuil cead acu ábhar
a scrios ón suíomh, tá cead ag léitheoir ar bith ábhar a athrú nó cur leis.
a scrios
to destroy
SUSAN: Ní thig leat oidhreacht na hÉireann
a scrios le scéim tithíochta den chineál sin.
scriosta
ruined
Dá mba rud é nach bhfuair tú pas, bhí tú
scriosta – ní bhfuair tú an Ardteistiméireacht.
rud a scriosadh
something that was destroyed
Cé nach raibh sé ina chónaí in Dingle le fada, is cuimhin leis comhphobal a bheith ann,
rud a scriosadh i go leor áiteanna eile i Learpholl nuair a leagadh a lán ceantar go talamh sna 1960í.
a scrios
to destroy
Newheartlands an t-ainm atá ar an scéim úr atáthar ag brath a thógáil agus leagfar 20,000 seanteach ar Merseyside mar chuid den fhorbairt, trí oiread an méid
a scrios an Luftwaffe sa cheantar sa *Blitz.
a scrios
to delete
Tá an fhadhb seo furasta go leor a réiteach le treoir, b’fhéidir, ach cad a dhéantar leis na céadta grianghraf seo ansin? An fiú iad uilig a choinneáil? Gan amhras tá cartlann pictiúr tábhachtach agus is stór luachmhar atá ann ar go leor cúiseanna, ach tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar chartlann agus grianghraif laga
a scrios.
chan é a scrios
not destroy it
Arís, da mbeadh droichead stairiúil, tarraingteach mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú,
chan é a scrios.
a scrios
to delete
Tá an fhadhb seo furasta go leor a réiteach le treoir, b’fhéidir, ach cad a dhéantar leis na céadta grianghraf seo ansin? An fiú iad uilig a choinneáil? Gan amhras tá cartlann pictiúr tábhachtach agus is stór luachmhar atá ann ar go leor cúiseanna, ach tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar chartlann agus grianghraif laga
a scrios.
a scrios
to delete
Chomh maith leis sin, nuair a ionsaíonn loitiméirí an suíomh, is féidir le daoine stuama na nithe atá scríofa acu
a scrios láithreach bonn.
gur scrios siad a gceantracha féin
that they destroyed their own areas
”
Bhí siad chomh feargach sin gur thug cuid acu iarraidh péas a mharú,
gur scrios siad a gceantracha féin, gur chuir siad moill ar na mílte duine agus iad ar a mbealach chun a gcuid oibre, chun na hotharlainne agus dá réir.
ag scriosadh ár gcruthaitheachta
ruining our creativity
Ach, anuas air sin – agus seo an difear idir m’altsa agus GnáthAlt Ar Google (nó GAAG) - ceapaim go bhfuil Google
ag scriosadh ár gcruthaitheachta.
a scriosadh go hiomlán
which was totally destroyed
Chonaiceamar an áit a ndearnadh an chéad ionsaí gáis; Wyteschagte, an baile ina raibh Hitler lonnaithe le linn an chogaidh; baile Ypres,
a scriosadh go hiomlán ach a rinne muintir na háite a atógáil go foighdeach thar tréimhse daichead bliain.
ag scriosadh carranna
destroying cars
Thugadar ruathar faoi chuid de na bruachbhailte cois trá in oirthear agus i ndeisceart Sydney,
ag scriosadh carranna agus ag ionsaí daoine.
ag scriosadh ár gcruthaitheachta
ruining our creativity
Ach, anuas air sin – agus seo an difear idir m’altsa agus GnáthAlt Ar Google (nó GAAG) - ceapaim go bhfuil Google
ag scriosadh ár gcruthaitheachta.
na ceardchumainn a scriosadh
to destroy the trade unions
Iarracht eile de chuid an rialtais Choimeádaigh a bhí ann
na ceardchumainn a scriosadh sa tír seo agus ba bheag an tsuim a bhí ag na meáin chumarsáide sa scéal go dtí gur nocht Fowler a theachtaireacht beo ar an teilifís.
scrios uafásach
terrible destruction
Bhuail Tracy Darwin Lá Nollag, 1974 agus rinne sé
scrios uafásach ar an gcathair sin.
a scrios amach
to delete
Is féidir leat ligean do dhaoine eile freagraí nó nótaí ar d’iontrálacha féin a fhoilsiú ach mura maith leat an méid atá ráite acu is féidir leat a dteachtaireacht siúd
a scrios amach!
Ceapann go leor daoine gur mhaith le blagadóirí a bheith ina n-iriseoirí, ach mar a dúirt duine de na hionadaithe ag Oíche Ghradam na mBlaganna, tá ceist níos doimhne ná sin i gceist.
a scriosfadh an geilleagar
which will destroy the economy
Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach?
Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide
a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
ag léiriú coimhlinte, scriosta agus foréigin
showing conflict, destruction and violence
Is leis na Trioblóidí céanna a bhaineann formhór na bpictiúr ó na seachtóidí agus na hochtóidí, go leor acu
ag léiriú coimhlinte, scriosta agus foréigin agus, ar ndóigh, is iad na híomhánna is truamhéalaí na cinn a léiríonn na gnáthdhaoine: páistí ag súgradh, déagóirí ag fánaíocht thart timpeall na sráideanna briste brúite.
a scrios amach
to delete
Is féidir leat ligean do dhaoine eile freagraí nó nótaí ar d’iontrálacha féin a fhoilsiú ach mura maith leat an méid atá ráite acu is féidir leat a dteachtaireacht siúd
a scrios amach!
Ceapann go leor daoine gur mhaith le blagadóirí a bheith ina n-iriseoirí, ach mar a dúirt duine de na hionadaithe ag Oíche Ghradam na mBlaganna, tá ceist níos doimhne ná sin i gceist.
nuair a scriosadh an Pholainn de mhapa na hEorpa
when Poland was wiped off the map of Europe
“Ba mhórchumhacht í an Pholainn,” a dúirt sé agus aoibh an gháire air, amhail is go mbeadh cuimhne aige fós ar an aimsir sin, cé gur tháinig deireadh léi breis is dhá chéad bliain ó shin
nuair a scriosadh an Pholainn de mhapa na hEorpa i 1795.
scriosadh iad
they were destroyed
Throid an bhriogáid seo go láidir i rith an chogaidh, agus
scriosadh iad, beagnach ar fad.
Parthas a scrios
to destroy Paradise
”
Dá dtabharfaí cead a gcinn d’Éireannaigh ní bheadh aon drogall orainn
Parthas a scrios ar an dóigh a bhí Joni Mitchell a thuar san amhrán “Big Yellow Taxi”.
scriosta
ruined
Bhí an Ghearmáin fós
scriosta agus bhí bochtanas i go leor tíortha eile san Eoraip.
a scriosadh
which was destroyed
Ach tá scéal na nua-aoise le feiceáil fosta, idir an leacht cuimhneachán breá don óglach áitiúil, an Ceannfort Donnchadh Mac Niallais (1897-1954) atá suite in aice le sráidbhaile an Chaisil, an Chros Cheilteach ar uaigh an Fholeifteanaint Thomas Stokes Curry ó fhoireann an HMS Wasp,
a scriosadh i dToraigh in 1884, agus, in aice leis, i reilig Eaglais na hÉireann, na leaca cuimhneacháin de chuid Arm Shasana ar uaigheanna an tSaighdiúra F.
go scriosfadh spéirling neamhchoitianta an rud ar fad
that an uncommon hurricane would spoil the whole thing
Níor chabhraigh an aimsir agus bhí baol ann ag pointe amháin
go scriosfadh spéirling neamhchoitianta an rud ar fad.
an comhshaol a scrios
to spoil the environment
Caithfear gan
an comhshaol a scrios agus tionscadail mar thabhairt ar ais an iolair a spreagadh.
Scriosadh cuid mhaith de lár na príomhchathrach,
much of the centre of the capital city was destroyed
Scriosadh cuid mhaith de lár na príomhchathrach, Nuku’alofa.
gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol.
that the experience they had on television ruined their lives.
Creideann an dream seo
gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol.
scriosadh a saol
their life was ruined
Rinneadh éagóir ar na daoine seo agus
scriosadh a saol orthu.
a scrios dóchas 1974.
who destroyed the optimism of 1974.
Nach íorónta é gurb é Ian Paisley, an té a bheas mar Phríomh-Aire sa Tionól úr seo (má éiríonn leis), an fear ba mhó
a scrios dóchas 1974.
scriosann tú agus stróiceann tú do chuid éadaí.
you destroy and tear your clothes.
Nuair a bhíonn tú ag dreapadóireacht, go minic bíonn tú ag strácáil leat in áiteanna salacha, garbha, contúirteacha agus
scriosann tú agus stróiceann tú do chuid éadaí.
agus gur scrios sé áilleacht nádúrtha
and that it destroyed the natural beauty
Chuir grúpaí éagsúla in éadan an fheachtais, cuid acu den tuairim go raibh an saothar gránna le feáchaint air
agus gur scrios sé áilleacht nádúrtha an cheantair.
Scriosadh an t-ionad
the centre was destroyed
Scriosadh an t-ionad agus d’éalaigh na sabaitéirí.
a scrios
who destroyed
Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini,
a scrios trí cheathrú den baile agus a mharaigh na céadta ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937.
á scrios ar mhaithe leis an airgead.
being destroyed for the sake of money.
Mar atá le feiceáil san fhorbairt atá beartaithe sna Clocha Liath, mo bhaile dúchais féin, tá áiteanna áille, seanáiteanna,
á scrios ar mhaithe leis an airgead.
tá an fhoraois bháistí á scrios
the rain forest is being destroyed
An fhoraois bháistí á milleadhTá fadhbanna eile ag teacht chun cinn: san Indinéis,
tá an fhoraois bháistí á scrios níos tapúla ná mar a bhí riamh, chun crainn phailm a fhás do bhithbhreosla eile.
scriosta nó díghrádaithe
destroyed or degraded
De réir na Náisiún Aontaithe, beidh 98% d’fhoraois bháistí na tíre sin
scriosta nó díghrádaithe roimh 2022.
scriosta
destroyed
Ach faraor, nuair a bhí muid ansin ag tús mhí Iúil bhí an tobar
scriosta agus na clocha móra briste.
scrios
destruction
Pictiúr le smál de dhaoine ag éalú ó charráiste lán deataigh agus a glacadh le fón póca a bhí ar an íomhá ba mhó chuimhne den
scrios a rinne buamálaithe féinmharfacha ar thraein agus busanna Londan ar 7 Iúil, 2005.
scriosadh an foirgneamh.
the building was destroyed.
Bhí boggart ina cónaí ansin agus
scriosadh an foirgneamh.
scriosta
wrecked
Táthar ag súil go gcuirfear an cosc i bhfeidhm de bharr go mbíonn go leor imreoirí
scriosta ag aois óg.
scriosadh na Ríochta.
the destruction of the Kingdom.
Tá píosa beag den fhírinne ag baint leis an tuairim sin sa chás seo mar i ndeireadh ama is dócha gur ar chúinsí eacnamúla a dhéanfar an cinneadh i leith
scriosadh na Ríochta.
lucht scriosta
wreckers
Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur
lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail?
An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu?
Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
a scrios.
destroy
Baineadh siar as go leor daoine le déanaí nuair a rinne Stáit Aontaithe Mheiriceá cinneadh ceann dá satailítí féin
a scrios.
as ucht a gcultúr a bheith scriosta
for their culture being ruined
Mar chéad mhír ar chlár gnó an tseisiúin, mhol Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, rún inar ghabh sé leithscéal oifigiúil le Bundúchasaigh na hAstráile
as ucht a gcultúr a bheith scriosta ag muintir gheal na hAstráile.
saol duine a scrios
to wreck the life of a person
Ach níl sé ceart, ach an oiread,
saol duine a scrios agus é a athrú ó bhonn taobh istigh de thrí seachtaine mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd.
scrios chomhshaol agus áilleacht na tíre
the distruction of the environment and beauty of the country
Tar éis an tsaoil, níl aon chúis go mbeadh na húdaráis a cheadaigh
scrios chomhshaol agus áilleacht na tíre róbhuartha faoin oidhreacht chultúrtha ach chomh beag.
scriosta ag an aclaíocht
destroyed by the exercise
Ach ní bhíonn daoine ag éisteacht leat! Caithfidh tú ól go maidin! Tá tú ar laethanta saoire, nach bhfuil? Bíonn an corp
scriosta ag an aclaíocht cibé, agus ní bhíonn tú ag iarraidh a bheith ag déileáil leis an cheann chomh maith – go háirithe mar go mbeidh ort na *flippin’* buataisí, nach féidir leat siúl iontu, a chur ort an mhaidin dár gcionn.
scriosta
destroyed
“Bhí brón orm nuair a fuair mé amach go raibh mo chuid breagán
scriosta,” a dúirt sé liom.
ag scriosadh
destroying
Tabhair faoi deara: deir SPNF go bhfuil siad ag brath ar an Chomhairle ó thaobh na Limistéir faoi Chosaint Speisialta a chaomhnú, ach tá an Chomhairle chéanna ag dul thart
ag scriosadh áiteanna galánta go rialta.
scriosta
wrecked
Nuair a bhain muid Díseart Aoidh Mhic Bhricne amach, chonaic muid go raibh an tobar beannaithe
scriosta go fóill.
scriosta.
ruined
Tá bainc na hÉireann
scriosta.
scrios
destroyed
" I mí Iúil 2006, thug Emanuel oráid i dTeach na nIonadaithe ag tacú leis an ionsaí a rinne Iosrael ar an Liobáin inar
scrios siad bonneagar na tíre agus mharaigh siad os cionn míle sibhialtach.
scriosadh
being ruined
Tuigimid go bhfuil an aeráid ag athrú agus go bhfuil an comhshaol á
scriosadh againn, ach táimid tugtha don chineál saoil seo, saol atá bunaithe ar an tomhaltas agus ar an fhás gheilleagair.
scriosadh
ruined
Díothaíodh dhá theach sa tsráid taobh linn, agus
scriosadh 35 teach ar fud an bhruachbhaile s’againn féin.
goideadh nó gur scriosadh
was stolen or destroyed
I ndomhnach, tá sé ag teacht chun solais anois gur
goideadh nó gur scriosadh go leor den airgead a chuir gnáthinfheisteoirí faoi choimirce na mbancanna agus na gcomhlachtaí airgeadais.
scrios
destruction
“Níl fadhb ar bith agam leis an athchóiriú atá ar bun ag an *East Side Gallery*” a dúirt an tUasal Vrubel “ach ní thig liom teacht ar ais agus an pictiúr céanna a phéinteáil arís – ba phictiúr go hiomlán difriúil a bheadh ann!”
Dhearbhaigh fear labhartha na dánlainne, Kani Alavi, atá ina ealaíontóir balla é féín, nach raibh an dara rogha ann ach na pictiúir a bhaint mar gheall ar an truailliú a bhí déanta orthu ag an trácht, an aimsir agus ag an
scrios a rinne loitiméirí.
scriosta
flat broke
Bhí na seomraí bídeach agus bhí mé
scriosta ag díol ar shon deochanna agus bia iontu.
scrios siad
they destroyed
Tamall ó shin, cháin Walsh an IRA mar gur "
scrios siad airm ar le muintir na hÉireann iad, airm a bhí le húsáid chun saoirse iomlán na hÉireann a bhaint amach.
scriosta
in ruin
Tá an tír
scriosta tar éis fhorghabháil bhrúidiúil a mhair dhá bhliain.