Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan scrupall scrupleless
" Bíonn daoine gan scrupall ina dtír féin a fhéachann le treisiú a dhéanamh ar an íomhá bhréagach seo; ligeann siad seo orthu féin go bhfuil teagmhálacha maithe acu san Iodáil, gur féidir leo lóistín agus post maith a eagrú don té ar mian leis dul ansin, agus baineann siad formhór an airgid a bhí sábháilte acu don turas dá n-íospartaigh.
scrupall scruple
" Is cosúil nach raibh aon scrupall ar Sheán Boylan nuair a bhí cinneadh le déanamh faoi imreoir a choinneáil nó a dhíbirt ón bpainéal nó ón bhfoireann.
daoine gan scrupall people without scruples
" Déantar líomhaintí gan údar i gcoinne daoine a bhíonn ag obair le gasúir nó le déagóirí ó am go ham toisc go bhfeiceann daoine gan scrupall deis chun airgead mór a dhéanamh go bog tré éileamh ar dhamáiste a dhéanamh.
ní bheidh scrupall dá laghad orthu they won't have any scruples
" De bharr go bhfuil an geilleagar an-láidir, tá ciste mór dubh ag an rialtas agus ní bheidh scrupall dá laghad orthu úsáid a bhaint as chun a leasa féin.