Pota Focal Intergaelic
seo | se | sea | seá |
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seó soilseoireachta light show
" Na míreanna go léir maisithe le seó soilseoireachta agus greasán tine atá draíochtúil amach is amach.
seó puipéad puppet show
" "Is cuimhin liom, dúirt duine de na *lads* lá amháin le Trevor Ó Clochartaigh go raibh sé ag iarraidh seó puipéad a dhéanamh.
seónna shows, spectacles
" Déanta na fírinne, chuirfeadh sé scanradh ort an chaoi go bhfuil náisiúnachas na Sasanach chomh dlúite leis an teaghlach ríoga agus le seónna le blas míleata.
seó iomráiteach famous show
" Balorina atá uirthi agus Ballerina atá inti, nó bhain sí clú agus cáil amach di féin ar fud na cruinne mar bhall den seó iomráiteach ballet, "Puddle Dance".
seó taoibhe side-show
" Tá gníomh substaintiúil de dhíth ar aontachtaithe más mian leo muinín a bheith acu i bpoblachtánaigh, ach is cineál seó taoibhe iad na haontachtaithe i súile na bpoblachtánach - beidh an idirbheartaíocht thábhachtach á déanamh idir Sinn Féin agus Rialtas na Breataine.
ar seó on show
" Dála achan fhéile Mheicsiceach bíonn deis ag stócaigh agus girseachaí na háite a bheith ar seó.
mar sheó as a show
" Mé féin a chonaic é agus ní raibh sé deas mar sheó.
aonach seó funfair
" Níl sé chomh gleoite sin mar bhaile, measaim, ach tá atmaisféar breá réidh ann, leis na báid sa chuan agus aonach seó beag agus bialanna ag tairiscint iasc úr.
seó de chineál inteacht a show of some type
" Bíonn modhanna éagsúla ceiliúrtha ann ó bhaile go baile nó ó eastát go heastát ach, go ginearálta, bíonn ceol, ól agus seó de chineál inteacht ag dul ar aghaidh an lá ar fad.
seó aonaigh sideshow
" Beidh sé níos deacra ag lucht a cháinte, dá bharr seo, cur ina leith nach bhfuil ann ach seó aonaigh.
seónna shows
chuig na seónna. to the shows.
" Tháinig Maoraigh agus muintir na nOileán Pasifika chuig na seónna.
ag breathnú ar an seó. watching the show.
" Go!” Ba rud nua é seo do chuid mhaith daoine eile freisin a bhí ina seasamh thart ag breathnú ar an seó.
Seó den scoth an excellent show
a fhreastalaíonn ar a gcuid seónna. who attend their shows.
" "Fíbín: pléascadh lúcháire agus sonais" Ba sa bhliain 2003 a bunaíodh Fíbín agus ó uair a bhunaithe tá aisteoirí de chuid an chompántais puipéad ag cur gliondair ar chroí na ndaoine a fhreastalaíonn ar a gcuid seónna.
seó dá gcuid a show of theirs
" ” Tháinig mé ar Fhíbín den chéad uair nuair a chonaic mé seó dá gcuid a bhí ag dul ar aghaidh in Ionad Ealaíon an Axis i mBaile Munna i rith an ESB Fringe Festival sa bhliain 2004.
trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana to produce three shows per year
" Bíonn sé mar aidhm acu trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana – ceann amháin atá dírithe ar pháistí bunscoile, a thugann siad ar camchuairt idir mí Eanáir agus mí an Aibreáin; ceann eile (a bhíonn rud beag níos *risqué*) atá dírithe ar dhéagóirí, a thugann siad ar camchuairt go scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí uilig i rith an tsamhraidh; agus ceann eile arís a léiríonn siad go speisialta le haghaidh na bhféilte drámaíochta a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.
déantar an seó a fhorbairt ar bhealach orgánach the show is developed in an organic way
" Cé go mbíonn scríbhneoir i gceist, déantar an seó a fhorbairt ar bhealach orgánach freisin.
seó grinn ar a bhoinn stand-up comedy shows
" Ón uair a chuaigh sé i mbun fuirseoireachta proifisiúnta i 1997, ní háibhéil é a rá go bhfuil na mílte seó grinn ar a bhoinn déanta aige, in Éirinn agus i gcéin.
mar chuid de sheó speisialta as part of a special show
" Beidh siad le cloisteáil ar an 13 Márta mar chuid de sheó speisialta a bheas á reáchtáil ag Club Sult in Vicar Street le linn Sheachtain na Gaeilge, tráth a dhéanfaidh Des an chuid dheireanach den dúshlán a chur i gcrích mar gur daoine a bhfuil Gaeilge acu, den chuid is mó, a bheas sa lucht féachana.
seó aonair dírbheathaisnéiseach an autobiographical one person show
" Tá sé furasta a bheith i do chriticeoir nuair nach bhfuil seó aonair dírbheathaisnéiseach déanta agat! Bhí seó Colin Dunne millteanach maith.
agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin. while he was getting ready for that evening's show
" *” Bhuail mé le King ar an 28 Iúil agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin.
seónna puipéad, puppet shows
" Ach ní hé go raibh cigire ag dul timpeall agus bata ina lámh aige lena chinntiú go raibh an teanga á labhairt ag gach uile dhuine: ba í an sprioc a bhí leis ná spraoi agus siamsaíocht a chur ar fáil – agus diabhlaíocht a chothú! “Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl sa phuball – fíbíní cleamhnais, seónna puipéad, fuirseoireacht agus ceachtanna inar múineadh do dhaoine conas eascainí a ligean trí Ghaeilge! I measc na n-imeachtaí ba mhó ar éirigh leo, dar liomsa, bhí imeacht ar ar bhaist muid Cáirióice CLG.
seó grinn ar a bhoinn standup comedy show
" Ach sa deireadh, tháinig sé chuige féin agus tháinig sé ar ais leis an mic a thabhairt dúinn! “Buaicphointe eile ab ea an seó grinn ar a bhoinn a rinne an fuirseoir Des Bishop.
i mbun an tseó, doing the show
" Agus é ar an ardán i mbun an tseó, chuir sé ceisteanna ar bheirt nó thriúr chun bhreith amuigh orthu! Fuarthas amach bréagach iad nuair a d’fhreagair siad na ceisteanna i mBéarla – ní raibh siad toilteanach iarracht a dhéanamh, fiú, cúpla focal a chur le chéile.
deireadh an tseó end of the show
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
seó tallainne talent show
" ‘Bhí imní orm go mbeadh an togra ina chinéal seó tallainne, ní hionann is léiriú éirime, mar sin, níl mé ag dul a bheith ag ceol nó ag damhsa – a mhalairt ar fad.
seó show(s)
" Tá dhá seó le déanamh agat.
seó-oíche razzmatazz, spectacle
" Tógaim sos beag ón rabharta scannán, a bhformhór mór den dara grád, is baolach, (seachas *‘Shutter Island’*, *‘The Girl with the Green Tatoo’*, *‘A Single Man’* agus cúpla ceann eile) a seoltar amach ar chúr an tsrutha stiúraigh a leanann seó-oíche na nOscars.
seó cluiche a game show
" Árasán suarach, seó cluiche gan dealramh ar an teilifís, eisean ag féachaint air.
seó sleamhnán a slide show
" Rinne mé seó sleamhnán astu le haghaidh an taispeántais," a dúirt Leo liom.
chualathas sa seó aoir heard in this satiric show
" Nach raibh *Apple* ag Éabha? Sin ceann de na jócanna a chualathas sa seó aoir, *The Bible: The Complete Word of God (abridged)* de chuid an *Reduced Shakespeare Company* a bhí ar ardán *The Theatre at the Mill* i mBaile na Mainistreach, an baile beag a bhí sna cinnlínte lastuaidh de Bhéal Feirste ar feadh dhá oíche an tseachtain seo caite.
d’fhreastail sé ar seó taistil he attended a travelling show
" Agus é ar seachrán san India, d’fhreastail sé ar seó taistil agus taispeántas le lóchrainn draíochta lárnach ann.
seó-oíche razzmatazz, spectacle
" In airde leis ar ardán na cainte, más ea, faoi scannán ar leith, ar neamhaird seó-oíche na nOscar go léir.