Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bior seaca icicle
" Thíos ar an talamh, fuair mé amach ó Lyndsay gur bhris bior seaca nuair a chuir sí a piocóid oighir taobh thiar de agus gur bhuail sé sa tsrón í.
le linn phósadh seaca a thuistí. during his parents' frozen marriage.
" Seo páiste a d’fhulaing le linn phósadh seaca a thuistí.
timthriall 'seaca-coscairt the freeze-thaw cycle
" Ba chaitheamh aimsire coitianta é fiche bliana ó shin i Sléibhte Cuimbria (i gCeantar na Lochanna), sna Sléibhte Pennine i Sasana agus i Sléibhte Coimre, sa Bhreatain Bhig, ach thógadh sé mí nó dhó chun staid na sléibhte a bheith i gceart, leis an timthriall 'seaca-coscairt.
maidin seaca frosty morning
" Is aoibhinn liom féin an tsoiléire a bhaineann le maidin seaca, an bháine thréan a bhaineann le solas na gréine.
néalta seaca frosty clouds
" >Labhrann Cnoc Bréanainn liom, néalta seaca thar Chom a’ Lochaigh amach romham.
uafás seaca freezing horror
" Ach in ainneoin an reo anama sin agus gach uafás seaca eile, is éacht scríofa agus aisteorachta é go gcoiméadann an bhean ghránna seo ribe beag dár gcomhbhá suas chomh fada leis na teidil chreidiúna deiridh.
ag cur seaca freezing
" Cén t-ábhar mórtais a bheadh ag duine agus gan eochair ina phóca, gan chuntas bainc aige, gan cumhdach athar ná máthar ar an saol dó, agus gan a fhios aige cén áit a gcodlódh sé agus an oíche ag cur seaca? Sin ceist a rith liom arís agus arís eile go ceann trí lá tráthnóna ag a cúig.
lá geal seaca a frosty day
" Agus na súile… iad chomh gorm agus chomh glé leis an lus gormáin nó le droim na farraige i mbrothall an tsamhraidh, nó le droim locha in uaigneas an tsléibhe lá geal seaca sa gheimhreadh.