Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a sheachaint avoid
" Nuair a tharlaíonn sé go mbíonn drochaoibh ar dhuine acu, bíonn a fhios ag an chuid eile gur gá é nó í a sheachaint go dtí go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí.
a sheachaint to avoid
" Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar seoladh faoi leith ar aon duine nuair a chuirfear na fearainn nua ar fáil go hoifigiúil agus is fearr na buachaillí bó i mbailte fearainn an idirlín a sheachaint agus cloí leis na seoltaí ponc com go fóill.
a sheachaint to avoid
" Is minic a sheoltar cláracha ar nós cluichí timpeall, ach toisc gur féidir le víris scaipeadh mar chuid de na cláracha sin is fearr iad a sheachaint.
a sheachaint to avoid
" Is féidir rudaí iontacha a dhéanamh ar ríomhairí baile le printéir na laethanta seo - agus má roghnaítear printéir maith an chéad lá is féidir na costais reatha arda a sheachaint.
ag seachaint avoiding
" Tarlaíonn sé seo de ghnáth nuair a chloisim polaiteoirí ag labhairt agus ag seachaint croílár pé ceiste a cuireadh orthu.
dul ar mo sheachaint go on the run
" B'fhéidir gur cheart dom dul ar mo sheachaint.
a sheachaint to avoid
" Bhí an-bhéim ar mhaidhmeanna sneachta agus an dóigh is fearr le hiad a sheachaint.
ag seachaint na sclogaíola avoiding the swallowing
" ? Ceathrú uaire, cheapfainn, nó b'fhéidir níos faide a mhair an ciúnas, muid ag seachaint na sclogaíola a dhéanann deoch i bpíobán chomh maith is a d'fhéad muid.
a sheachaint to avoid
" Sampla eile is ea focail iasachta sa chaint bheo, seachas focail chumtha chun Béarla a sheachaint, nach féidir le haon chainteoir a thuiscint.
a sheachaint to avoid
" I measc na seirbhísí atá ar fáil tá SpamCop, a chabhraíonn le daoine teachtaireachtaí fógraíochta a sheachaint.
a sheachaint to avoid
" Muinín ======= Ach conas is féidir cleasanna mar seo a sheachaint? An phríomhshlí atá ag gnáthúsáideoirí chun suíomh a mheas ná an clú agus cáil atá air.
ag seachaint cainteanna avoiding talks
" Anois, tá Trimble agus a chomhghleacaithe ag seachaint cainteanna ag Stormont oiread agus is féidir, ag cuartú gach uile leithscéal le fanacht ar shiúl.
ócáidí eile a sheachaint to avoid other events
" Tarlaíonn sí i mí na Bealtaine, cé go bhfuil muid tar éis na dátaí a athrú beagán ó bhliain go bliain, ag iarraidh ócáidí eile a sheachaint.
a sheachaint to avoid
" Is mór an méid scairtí agus béicíola a bhíonn le cluinstin mar go mbíonn achan duine ag iarraidh na *fire crackers *a sheachaint.
is fearr na féidearthachtaí nua seo a sheachaint it's best to avoid these new possibilites
" Ach toisc go bhfuil an méid sin ríomhairí éagsúla ar an idirlíon - idir shean agus nua - is fearr na féidearthachtaí nua seo a sheachaint go ceann tamaill eile.
nach féidir a sheachaint that can't be avoided
" Is deacracht é sin nach féidir a sheachaint.
a sheachaint to avoid
" An téacs don Bhunreacht a bheidh idir chamáin ag na rialtais san Iodáil, tá sé ann agus is amhlaidh atá sé toisc gur theastaigh ó chách an díobháil a rinneadh i Nice a sheachaint.
Caithfear é sin a sheachaint that must be avoided
" Chonaic muid sin in Alban nuair a thug Comataidh na Gàidhlig airgead do chomhlachtaí mar SMG (ar leo Scottish TV agus Grampian TV) agus ansin chraol SMG na cláracha ar a haon a chlog ar maidin! Caithfear é sin a sheachaint," arsa Aled.
nach féidir a sheachaint that can't be avoided
" Is deacracht é sin nach féidir a sheachaint.
ar a sheachaint on the run
" Fínín ab ab é agus bhí sé ar a sheachaint ó na póilíní in Éirinn.
a sheachaint to avoid
" Dá ndéanfaí a leithéid in Éirinn, is é an dúshlán is mó a bheadh ann ná na botúin a rinneadh i mBaile Átha Cliath a sheachaint sa bpríomhchathair nua.
a sheachaint to avoid
" Ach is ábhar iontais é gur bhuail Paisley le hAhern nuair a d'éirigh leis Lemass, Lynch, Cosgrave, Haughey, FitzGerald, Reynolds agus Bruton a sheachaint.
ag iarraidh iad a sheachaint trying to avoid them
" Bhí cuid mhaith den phobal a bhí i dteagmháil linn faoi strus de chinéal éigin, agus go minic bhíodh daoine san oifig ag iarraidh iad a sheachaint.
shlite chun seo a sheachaint ways to avoid this
" Ach tá daoine ag teacht ar shlite chun seo a sheachaint anois agus tá na costais ag titim go leanúnach.
an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint to avoid the dirty internal politics
" " Le linn a cuid ama in RTÉ chomh maith, d'éirigh léi an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint.
é sin a sheachaint to avoid that
" "Beidh sé deacair dúinn é sin a sheachaint agus sinn ag scannánú," arsa an stiúrthóir liom.
a sheachaint to avoid
" Is beag rud atá i gcoiteann ag an trealamh i liosta Aer Lingus, agus tá an chuma air go bhfuil siad den tuairim gur fearr aon ghléas nua nach bhfuil tástáilte go hiomlán a sheachaint más féidir.
a sheachaint to avoid
" Measaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach taisteal síos faoin tír chun an cineál "institutionalisation" sin a sheachaint.
a sheachaint to avoid
" Ach tá muid ag iarraidh a leithéid a sheachaint anseo.
a sheachaint to avoid
" Níos minice ná a chéile d’fhreagraínn féin “Áth Cliath” nó b’fhéidir “Rovers” (Shamrock Rovers) dá mbeadh an fonn orm argóint nó troid a sheachaint.
a sheachaint to avoid
" Táid ann a deir gurb é Lemass a chuir an Loingseach chun tosaigh mar iarrthóir comhréitigh le scoilt sa pháirtí a sheachaint.
a sheachaint to avoid
" Cuimhnigh fosta gur adhmhaigh na húdaráis sláinte gur féidir aon trian de na cásanna MRSA a tholgaítear sna hotharlanna a sheachaint.
a sheachaint to avoid
" Dá ndéanfaí iad seo a pháirceáil le chéile, shínfidís timpeall an domhain – 125 uair! Chun méadú mór ar an truailliú a sheachaint, ní foláir go n-éireofaí as peitreal a dhó sna féithiclí seo.
chun é a sheachaint to avoid it
" "Ar an drochuair, níl aon leigheas éifeachtach ar AMD, agus mar sin tá sé tábhachtach na cúiseanna atá leis a thuigbheáil chun é a sheachaint.
a sheachaint to avoid
" daoine nach bhfuil faoi mhíchumas) aon rud a sheachaint nach bhfuil muid ar ár suaimhneas faoi.
a sheachaint to avoid
" Ach timpeall na bliana 2030, ní bheifear ábalta leanúint ar aghaidh leis an ganntanas breosla, agus ní bheifear ábalta tobthitim dhomhanda, iomlán agus buan, a sheachaint.
ag seachaint na meán avoiding the media
" Agus an tUachtarán Bush ag seachaint na meán, bhí an chosúlacht ann nach raibh an tír faoi stiúir ar bith.
a sheachaint to avoid
" Mar gheall air seo, agus ar chúiseanna eile, is fearr liom na ceantair seo a sheachaint den chuid is mó.
a sheachaint to avoid
" Mar gheall air seo, agus ar chúiseanna eile, is fearr liom na ceantair seo a sheachaint den chuid is mó.
a sheachaint to avoid
" * Gluais &#149; Glossary glúin nuaa new generation brívigour ag dul ó neart go neartgoing from strength to strength fiontar foilsitheoireachtapublishing enterprise cnuasach gearrscéaltacollection of short stories cé gur mhionnaigh Artairalthough Artair swore slíomairesmooth, flattering, hypocritically friendly person saint an ghoilethe greed of his stomach a chomhairle a athrúto change his mind ar fheabhas uiligabsolutely excellent osnasigh ar chúl an mhuinílbehind the neck muisiriúnmushroom ní réitíonn siad sin liom beag ná mórthey don&#148;t agree with me at all snaghiccups gráinnínpinch cainéalcinnamon síoltaseeds a sháith biaenough food ag cruthú rud úrcreating something new má thuigeann tú leat méif you know what I mean a sheachaintto avoid muiníntrust blastatasty ordóg coisetoe an iarraidh sinthis time cnapheap á ghreadadh go cúramachcarefully mixing it babhlabowl scilléadskillet shamhlaigh séhe imagined go díbhirceacheagerly subhachascheerfulness ag leathadhspreading geirfat bréanfoul doilighdifficult a chreidbheáilto believe ar leithseparately mar a thit rudaí amach domhow things worked out for me ní raibh dadaidh le fáilthere was nothing available i mo ghlacin my hand ag diúlsucking bhí an t-ádh dearg ormI was dead lucky dea-chumthashapely láchfriendly fialgenerous níor bhlais mé riamhI never tasted faic na ngrástnot a thing ag cuimilt a béilrubbing her mouth a mháshis thigh seanmóireachtpreaching greimbite iomrámention deisopportunity luachmharvaluable seanchaslore as ar fáisceadh iadfrom which they were wrought doilíssorrow, difficulty i leathchogarin a half-whisper iad a chur i ngníomhto put them in action seal beag gearra short period sa Nua-Shéalainnin New Zealand ina ghabhalcrotch ag sápressing críonmhíoltawood-worms corrachprojecting lorgashin damanta nimhneachdamn sore scoilteadh a chraiceannhis skin was split crá gan mhaolútorment without alleviation chun an tí bhigto the toilet ina gcuideachtain their company báisteach mhillteanachterrible rain foscadhshelter a bhaint amachto reach ag bleadaracht go díchéillíblattering senselessly scaiftecrowd ag casachtachcoughing breallánfool millteanach dóighiúilextremely pretty as miosúrextraordinary gan choinneunexpected blas searbha sour taste breis agus a sáithmore than her fill strambánachlong-winded smut féin den fhírinneeven a small bit of truth é a thionlacanto accompany him a bhéarfadh íthat would take her críochend gan mhórchuid náirewithout a lot of embarrassment gnóthachbusy straois léanmharwoeful grimace trína gruaig mhín bhánthrough her soft white hair sula bpléascfadh a lamhnánbefore his bladder would explode ag cogaint a spúnóigechewing the spoon déaraimislet us say drochnósannabad habits tuairimíopinions cogaíwars slí mhaireachtála fholláinhealthy way of life a mhealladhto coax a chuir fíorionadh uirthiwhich really surprised her ag cur tharstutalking away go díbhirceach dícheallacheagerly and diligently d&#146;fholmhaigh séhe emptied sásarsaucer doirtealsink thriomaigh éhe dried it slachtmhartidy á thionlacan féinaccompying himself sultmharenjoyable spídslander gan mhuirnwithout tenderness magairlítesticles nuair a dheifrigh Artair tharstu de léimwhen Artair hurried past them with a jump <t
ní féidir iad a sheachaint they can't be avoided
" Agus ní féidir iad a sheachaint toisc nach bhfuil aon chnaipe mearchasta ar fáil.
ní féidir é a sheachaint it can't be avoided
" Má theastaíonn ón bhfoilsitheoir go bhféachfaidh daoine ar fhógra i lár cláir teilifíse, mar shampla, beidh ar dhaoine féachaint ar an bhfógra &ndash; ní féidir é a sheachaint.
leis na tuilte a sheachaint to avoid the floods
" Bhí amhras ar chuid mhaith daoine go bhféadfaí tada a dhéanamh leis na tuilte a sheachaint agus cheap siad gurbh fhearr imeacht go háit éicint eile go mbeadh an phráinn thart.
deacair a sheachaint difficult to avoid
" Is cinnte go mbaintear barraíocht úsáide as an fhocal “ildánach” ach is focal é atá deacair a sheachaint i gcás Nikki Ragsdale: amhránaí sean-nóis, ceoltóir, dearthóir grafach agus léitheoir lámh.
a sheachaint to avoid
" Déanaim turais eagraithe a sheachaint de ghnáth, ach seachas carr a thógáil ar cíos, rud nach raibh mé in acmhainn a dhéanamh, ní raibh mórán de rogha agam ach áit a chur in áirithe ar thuras i Windhoek, príomhchathair na tíre.
a sheachaint. to avoid.
" Is deacair an *Premiership* a sheachaint.
a sheachaint, to avoid,
" Déantar trácht i Meiriceá ar “The Holidays” agus uaireanta breathnaítear ar na focail sin mar chinn a úsáidtear chun &quot;Christmas&quot; a sheachaint, ach is éard atá i gceist ag daoine ná &quot;Lá Altaithe agus Lá Nollag&quot;.
a sheachaint. to avoid.
" Beidh sé mar cheann scríbe nua ag roinnt traenacha ó Mhaigh Nuad, chun scrogall Stáisiún Uí Chonghaile a sheachaint.
chun an cineál seo mí-úsáide a sheachaint. to avoid this type of misuse.
" Cad ba chóir a dhéanamh? Ba cheart go mbeadh smacht níos doichte ar bharra fuinnimh (agus tacaíocht níos éirimiúla dóibh) chun an cineál seo mí-úsáide a sheachaint.
Chun a leithéid a sheachaint, To avoid the likes of this,
" Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha.
comhlachtaí fóin a sheachaint go hiomlán to completely avoid the mobile phone companies
" Faoi mar a luadh ag comhdháil de chuid Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) a bhí ar siúl le déanaí, is cuid den speictream é seo a chabhródh le leithéidí Google comhlachtaí fóin a sheachaint go hiomlán agus iad ag dul sa tóir ar an margadh soghluaiste, agus tá comhlachtaí Meiriceánacha ag teacht anseo chun an teicneolaíocht nua a thriail.
a sheachaint to avoid
" Ar éirigh le Liam an pholaitíocht inmheánach a sheachaint? “D’éirigh, a bheag nó a mhór, cé nach bhféadfá gan í a thabhairt faoi deara.
ráitis a mhúsclódh fuath a sheachaint. to avoid statements that would incite hatred.
" **Dualgas** Sa chomhthéacs sin, is dóigh liom, bhí dualgas ar pholaiteoirí &ndash; go háirithe orthu siúd a bhí i gceannas na bpáirtithe móra &ndash; ráitis a mhúsclódh fuath a sheachaint.
a sheachaint to avoid
" B'fhéidir gurb é sin an rud is fearr faoin eolas agus faoin gcomhairle seo ar fad atá ar fáil ar an idirlíon: is féidir linn a bheith ag foghlaim ó na botúin atá déanta ag daoine eile agus na fadhbanna a tháinig chun cinn agus iad i mbun oibre sa teach a sheachaint &ndash; rud a shábhálann a lán stró, agus níos mó airgid.
beimid in ann na costais sin a sheachaint we will be able to avoid those costs
" I gceann cúpla bliain, b’fhéidir, beimid in ann na costais sin a sheachaint trí úsáid a bhaint as léarscáileanna foinse oscailte.
ag seachaint na lochán uisce. avoiding the puddles
" Tchíonn muid lachain ar an mbóthar, iad ag seachaint na lochán uisce.
ag seachaint avoiding
" Is cuid den réabhlóid dhigiteach é an gnó seo; tá daoine ag dul i ngleic le ceol ar bhealaigh dhifriúla gach lá agus táthar ag seachaint cuairt a thabhairt ar shiopaí ar nós Mojo Records.
le cogaí a sheachaint; to avoid wars
" Is seoid é an cineál seo daonlathais Shíónaigh atá á scaipeadh ag Bush agus ag a chuid cairde ar fud an Mheánoirthir, nach ea? Cad chuige nach ndéanann na príomhmheáin plé oscailte ar an eolas atá san alt seo? Eolas tábhachtach is ea é a d’fhéadfaí a úsáid le cogaí a sheachaint; cogaí ar nós na coimhlinte gairide a bhí ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh seo, nó cogadh idir cumhachtaí núicléacha a d’fhéadfaí a bheith ar siúl amach anseo agus a bheadh ní ba thubaistí fós, b’fhéidir.
sheachaint to avoid
" Ciallaíonn na seirbhísí seo gur féidir na costais a bhaineann le pacáistí bogearraí a cheannach a sheachaint (caithfidh tú íoc astu ar ndóigh, ach ní íocfaidh tú ach méid beag gach mí - agus is féidir leat an síntiús a chur ar ceal aon uair is mian leat).
sheachaint to avoid
" “Le blianta anuas, táthar ag cumadh agus ceapadh &quot;táirgí úra airgeadais&quot; le fadhbanna a sheachaint nó a mhaolú ach táthar ag fáil amach go bhfuil na táirgí úra sin féin lochtach,&quot; ar sé liom i mbliana.
sheachaint to avoid
" ’ Maítear ann go gcuireann siad “seirbhísí ar fáil do 2m duine gach bliain agus ‘pseudo elitism’ i leith na Gaeilge á sheachaint” acu.
Seachaint na síochána avoiding peace
" Seachaint na síochána Ach tá rud eile tábhachtach nach luaitear sna tuairiscí faoi Gaza.
sheachaint prevent
" Smaoinigh sí ag an am go bhféadfadh sí ionsaí eile a sheachaint, b’fhéidir.
sheachaint avoid
" Má tá tú ar rian an Beat Generation cha dtig leat *Greenwich Village* agus *Chelsea* a sheachaint.
sheachaint avoid
" Is fearr gníomh ná caint is cár Rud eile atá foghlamtha agam anseo is ea gur cheart an tsoiniciúlacht a sheachaint ar ais nó ar éigean, go háirithe nuair a bhaineann sé leis an pholaitíocht.
sheachaint avoid
" I measc na breithiúnais atá le déanamh againn ar aon aiste dá leithéid, tá seo &ndash; ar éirigh go hiomlán le Neranjo an maoithneachas a sheachaint nuair a thagann lá fuilteach na cinniúna? Beidh a fhreagra féin ag gach éinne ar an gceist sin.
seachaint avoiding
" Is fada Balor sa tóir ar Bhiffo chun an t-agallamh seo a chur air, agus is fada Biffo ag seachaint Laoch na Litríochta cionn is go raibh a fhios aige nach mbeadh drogall ná doicheall dá laghad ar Bhalor na ceisteanna crua cráite a chur.
sheachaint avoid
" Fiche Bliain ag Cromadh? An tuar féinchomhlíontach seo de a bheith ní ba mhoille, níos boige mar fhear, níos caite ag amharc, is féidir seo a sheachaint.
sheachaint avoiding
" Tríd an mhórdhíoltóir a sheachaint, ag uimhreacha 1 agus 3, tá roinnt céadta &euro;uro sábháilte agat agus níos tábhachtaí fós, ní contúirt do charr a thuilleadh duit féin ná do dhuine ar bith, go ceann tamaill eile.
sheachaint to avoid
" Mar sin caidé an ‘big deal’ fá dtaobh de leathanach eile a bheith ag feidhmiú agat nuair atá na boscaí sin ticeáilte cheana féin? Caithimse cuid mhór iarracht agus fuinneamh i ndaoine a sheachaint, agus nuair a deirtear liom go dtig leat a bheith ar gach eolas te bruite fá dtaobh de chuid gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí achan duine a bhfuil tú mór leis, cha dtig liom a shamhlú cúis ar bith le d’intinn a bheith truaillithe ag stuif mar seo nuair nach bhfuil mórán smachta agat ar do chuid gluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí féin.
sheachaint to avoid
" Chun an ghéarchéim seo a sheachaint cruthófá bealach nua chun obair r-phoist a dhéanamh.
sheachaint avoid
" Mar gheall ar *Foursquare*, tá neart nodanna agam i mo phóca ó mo chairde faoi na háiteanna is fearr fá choinne radhairc, itheadh le páistí, tairiscintí speisialta, pionta, caife agus ar ndóigh na háiteanna nó na seirbhísí gur chóir dom a sheachaint! Gradam a Bhaint Amach Luaigh mé go mbíonn gach úsáideoir in ann suaitheantas ar leith a bhuachaint agus ceann díobh is ea ‘Méaracht’.
sheachaint avoid
" Cé go ndeachaigh den éirí amach, chuaigh ag Ait Ahmed pionós an bháis a sheachaint nuair a theith sé chun na Fraince is tá baint aige le cúrsaí polaitíochta na hAilgéire ó shin i leith.
sheachaint avoid
" Is féidir an corrdhuine corr a fheiceáil ag scríobh ar a théirim ar an idirlíon, ach ar ndóigh, is féidir an t-idirlíon a sheachaint.
sheachaint avoid
" Tá sé beartaithe againn leabhair a bheas róchasta agus acadúil a sheachaint.
seachaint na faidhbe avoiding the problem
" D'fhéadfaí a mhaíomh fiú amháin, gur seachaint na faidhbe atá san éileamh ar athchaighdeánú na teangan.
sheachaint avoid
" Bhí mé anseo i lár na farraige, agus ní raibh áit ann arbh fhéidir liom an plaisteach a sheachaint.
sheachaint to avoid
" Cuir i gceart aon ghníomh éagórach a tharla agus a leithéid a sheachaint sa todhchaí 2.
seachaint cánach tax avoidance
" “Meastar go gcailleann Státchiste na Ríochta Aontaithe £123bn sa bhliain mar thoradh ar imghabháil cánach (tax evasion), seachaint cánach (tax avoidance) agus cáin nach bhfuil bailithe.
a sheachaint to avoid
" Dar leis gur tugadh comhairle do dhaoine seoltaí Béarla seachas Gaeilge a úsáid má bhí siad ag iarraidh moill i seachadadh na litreach a sheachaint.
ag seachaint avoiding
" Sa dara ceann, ó 2008, agus é bainte den pháirc ag Justin, feictear Dan ag seachaint lámh an Chárthaigh agus é ag teacht chun na taobhlíne.
sheachaint avoid
" Bheadh ceisteanna crua le freagairt ag Joan Burton agus ag Éamonn Gilmore faoin mBille Airgeadais a réiteoidís féin tar éis toghcháin agus b’fhearr leo na ceisteanna crua sin a sheachaint.
bhí le seachaint were to be avoided
" Is é a thug go hÉirinn iad, go bhfeicfeadh siad na rudaí a bhí le seachaint as córas oideachais na hÉireann.
é a sheachaint go hiomlán to avoid it entirely
" Tá sé ar bhóthar eadarstáit 95, an mótarbhealach a ritheann ó cheann ceann an cheantair seo, an bóthar is mó trácht sa tír, nach mór, agus tá na tranglaim tráchta chomh dona air go moltar anois tiomáint air i lár na hoíche agus é a sheachaint go hiomlán i rith an lae! Más ea, bhuaileamar bóthar i lár an lae mar sin féin, agus mar a tuaradh, chaitheamar seacht n-uaire an chloig ar an mbóthar seachas an trí go leith a thógfadh sé gan trácht.
sheachaint avoid(ed)
" Baineann a lán cineálacha gortaithe nach féidir a sheachaint le cluichí páirce dar ndóigh, idir chnámha briste agus mhatáin stróicthe.
sheachaint go huile is go hiomlán to entirely avoid
" Éiríonn leis na húdair béarlagair traidisiúnta na gramadaí a sheachaint go huile is go hiomlán sa *QuickGuide™ Irish Grammar*.
iad a sheachaint to avoid them
" Bhí siad le feiceáil, ag breathnú beag go leor ar dtús, go dtí gur theannamar leo is go raibh sé in am iad a sheachaint.
chontúirt seo a sheachaint avoid this danger
" Mhol stiúrthóir an ADL, chun an chontúirt seo a sheachaint, gur chóir “díospóireacht mheasartha agus shibhialta” a chur in ionad “an polarú, an nimh sa chaint agus an eagla” atá á ghiniúint ag gníomhaithe frith-Ioslamacha.
deacair iad a sheachaint hard to avoid
" Ar eagla go gceapfaí nach smaoiním nó nach scríobhaim ach faoi Facebook is Google, tabhair san áireamh go bhfuil sé deacair iad a sheachaint ar líne.
sheachaint avoid
" Ar Nós na mBaincéirí ========== Bhí drong amháin déagóirí in ann an tródam a sheachaint agus rinne siad creach ar an siopa North Face.
na géaga a sheachaint to avoid the limbs
" Tá orainn na géaga a sheachaint agus bíonn sé deacair do na capaill bealach a aimsiú tríd, agus muid ag déanamh iarracht na beithí a threorú ag an am céanna.
sheachaint avoid
" I ngeall ar an chumhacht stairiúil atá ag gairm an dlí, d’éirigh léi na hathruithe móra a cuireadh ar ghairmeacha eile le glúin anuas a sheachaint.
an dinnireacht a sheachaint to avoid dysentry
" Bhí muintir na háite ag ól díreach as an abhainn, ach b’fhearr liom an dinnireacht a sheachaint agus dhiúltaigh mé glacadh leis an gcóras nua.
na sluaite a sheachaint to avoid the crowds
" Tá cead isteach ag 180 cuairteoir achan leathuair agus in ainneoin nach bhfuil bealach ar bith leis na sluaite a sheachaint, deir an dánlann go bhfuil siad ag déanamh a ndichiall an t-imeacht a dhéanamh chomh pleisiúrtha céanna do gach duine.
píoranna a sheachaint avoid the piranha
" Bhíos ag seasamh i láib go dtí an ghlúin agus bhí orm léimt isteach sa churach creathach agus ag an am céanna na píoranna a sheachaint (a d’fhéadfadh greim a bhaint asat fiú agus iad ceithre uaire amach as an uisce).
ciníochas a sheachaint avoiding racism
" Ar ndóigh, is fiú a chuimhneamh go mbíonn go leor fadhbanna agus dúshláin ag cathracha na Breataine maidir le héagsúlachtaí a aithint agus le ciníochas a sheachaint, agus is cosúil nár aithníodh a dtábhacht siúd sna hiarrataisí eile a cuireadh isteach an oiread is a rinne Doire.
sheachaint should be avoided
" **SÓC: Ag leanúint le tábhacht na foirne i gCLG, an gceapann tú gur chóir an phroifisiúntacht a sheachaint sa Chumann?** MMGE: Is cinnte go bhfuil an amaitéaracht iontach tábhachtach agus a oiread sin daoine a thug a oiread sin uaireanta dá saol go deonach.
ag iarraidh iad a sheachaint trying to avoid them
" Bhí an chathair ag cur thar maol le turasóirí óga gléasta in éadaí áiféiseacha glasa agus Éireannaigh fuarchúiseacha scolártha a bhí ag iarraidh iad a sheachaint! Cathair álainn spraoiúil is ea Nua-Orléans, agus chuirfinn í ar bharr mo liosta de na cathracha is suimiúla i Meiriceá.
An bhféadfaí é a sheachaint could it be avoided
" An bhféadfaí é a sheachaint? D’fhéadfaí.
sheachaint to avoid
" Fáth maith eile leis an téarma “inimircigh neamhdhleathacha” a sheachaint ná nár ciontaíodh an chuid is mó de na daoine seo in aon choir in aon chor.