Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ó tháinig an tseachtain since the beginning of the week
" Tá tú ag tarraingt na gcos ó tháinig an tseachtain.
Seachtain na Páise Holy Week
" Ní bréag ar bith a bheadh ann a rá go raibh Seachtain na Páise an-dian ag an Eaglais Chaitliceach i gcathair Nua-Eabhrac, agus ar fud Mheiriceá ar fad.
bhuaicphointe na seachtaine highlight of the week
" Bhí "An Taobh Tuathail" mar bhuaicphointe na seachtaine ag léirmheastóir de chuid an *Sunday Times* ag deireadh mhí Iúil agus fuair sé moladh ard san *Irish Examiner* an tseachtain roimhe sin, ach ag tarraingt airde ar an cheol amháin a bhí an dá phíosa sin.
seachtain iomlán a whole week
" Cibé an seanchas a bhaineann leis an duine uasal bíonn féasta, a mhaireann seachtain iomlán, sa cheantar thart ar an 17 Márta.
fá cheann seachtaine in about a week
" Caithfidh mé cúrsa frithbheathach a thabhairt duit agus beidh ort a theacht ar ais chugam fá cheann seachtaine," arsa an fiaclóir.
d'fhéadfá maireachtáil ar feadh seachtaine you could live for a week
" Tá bia den scoth ann - d'fhéadfá maireachtáil ar feadh seachtaine ar an méid a fhaigheann tú don bhricfeasta féin! Déanann an snámh sa bhfarraige an-mhaitheas don chorp agus deirtear go bhfuil mianraí agus maithis eile ann do ghalair chnis agus mar sin de.
ó cheann ceann na seachtaine from one end of the weekend to the other
" Toisc gur chaith sé a shaol go dtí seo ag imirt cluichí agus ag traenáil lá agus oíche, ó cheann ceann na seachtaine, ba leasc leis saol na hoifige agus na gnáthoibre a chleachtadh go fóill.
corradh agus trí seachtainí over three weeks
" "Anois, a ghirseachaí," ar sise, "má tá sibh le corradh agus trí seachtainí a chaitheamh i gcuideachta a chéile tá sé chomh maith agaibh aithne a chur ar a chéile.
ó cheann ceann na seachtaine from one end of the week to the other
" An fear óg sa sampla atá tugtha agam, ní fheiceann sé a chomhghleacaithe club i ndeisceart na cathrach ná iadsan é ó cheann ceann na seachtaine.
fá dheireadh na seachtaine by the end of the week
" D’fhoghlaim muid oiread is go raibh Gaeilge na hAlban á labhairt idir muintir na hÉireann féin fá dheireadh na seachtaine.
scoth na seachtaine the best programmes of the week
" Tá sé i gceist againn leathanach faoi leith a chur suas ar an suíomh ar a mbeidh scoth na seachtaine ar fáil mar *Pod*-chraoladh.
fá dheireadh na seachtaine by the end of the week
" D’fhoghlaim muid oiread is go raibh Gaeilge na hAlban á labhairt idir muintir na hÉireann féin fá dheireadh na seachtaine.
fá dheireadh na seachtaine by the end of the week
" D’fhoghlaim muid oiread is go raibh Gaeilge na hAlban á labhairt idir muintir na hÉireann féin fá dheireadh na seachtaine.
Sheachtain na nGiobal Rag Week
" "Hey, this guy's really Irish! Get him a beer!" Chonaic mé ól á chleachtadh mar spórt i rith Sheachtain na nGiobal agus mé i mo mhac léinn i nGaillimh, ach dar fia, ba ag na Meiriceánaigh a bhí an svae sa spórt seo.
deirí seachtaine oiliúna training weekends
" Is féidir linn bheith amuigh ag bunú clubanna óige, ag déanamh béaltrialacha le haghaidh na bhfáinní óir agus airgid, ag eagrú imeachtaí ar nós Chath na mBannaí agus deirí seachtaine oiliúna.
mar mhaor deireadh seachtaine as weekend supervisor
" Oibríonn Marc Ó Loinsigh ar bhonn páirtaimseartha mar mhaor deireadh seachtaine.
cúpla tráth sa tseachtain a few times a week
" Thagadh an Ríordánach cúpla tráth sa tseachtain le bualadh leis na mic léinn i Roinn na Gaeilge.
seachtain cleachtaidh a week of rehearsals
" Tháinig sé trasna agus rinneamar seachtain cleachtaidh leis.
cúpla seachtain feirge agus argóna a few weeks of anger and arguement
" Tar éis cúpla seachtain feirge agus argóna (is cara le Jacques Chirac é Monsieur Forgeard), d’éirigh sé féin agus ceannasaí eile Airbus as a bpost, agus thosaigh na bainisteoirí nua ag déanamh iarrachta rudaí a chur ina gceart.
árasán deireadh seachtaine weekend apartment
" Tá sé seo i bhfad ón réaltacht anois, ach an mbeidh i gceann fiche bliain? Ná bí ag smaoineamh, mar sin féin, ar árasán deireadh seachtaine a cheannach i Sydney sula n-imíonn na praghsanna in airde le teacht na hÉireannach! De bhrí go mbeidh costas ard ag baint le forbairt an eitleáin seo, má éiríonn leis, beidh na ticéid níos gaire ó thaobh costais de do chinn Concorde ná do chinn Ryanair! Agus cad mar gheall ar an lasta? Tá an t-aerlasta fíorthábhachtach don domhandú, ach go minic bíonn na costais a bhaineann leis ró-ard.
deireadh seachtaine cultúrtha a cultural weekend
" I lár mhí na Samhna, beidh Conradh Ghlaschú ag eagrú deireadh seachtaine cultúrtha sa chathair, i gcomhar leis an Lochràn (www.
laistigh de sheachtain inside a week
" An raibh sé deacair di agus gan Polannaigh a chabhródh léi a bheith anseo roimpi? “Chuaigh mé abhaile i gcomhair na Nollag 2001 agus laistigh de sheachtain bhí a fhios agam gur theastaigh uaim a bheith ar ais i mBaile Átha Cliath.
in aghaidh na seachtaine. per week
" Dá ndéanfaí de réir an phróisis, bheadh ar an aire an córas céanna a úsáid le haghaidh eisiúint an chiorcláin inar ordaíodh go mbeadh ar ghaelscoileanna dhá uair an chloig go leith de cheachtanna Béarla a theagasc in aghaidh na seachtaine.
i rith na seachtaine saoire during the free (as in not working) week
" Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitiltí Ryanair i rith na seachtaine saoire a bheas acu faoi lár na míosa seo.
ag caitheamh ár ndeirí seachtaine spending our weekends
" Is cuimhin liom ceithre bliana ó shin, agus mé féin agus mo bhean chéile ag ceannach ár gcéad teach, go mbíodh muid – dála go leor lánúineacha eile – ag caitheamh ár ndeirí seachtaine ag dul timpeall na n-eastát nua tithíochta a bhí ag teacht ar an margadh.
ceithre nó cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas. on four or five separate occassions
" Ach tharla go raibh an Ghaeilge faoi chaibidil agam le cairde éagsúla de mo chuid ceithre nó cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas.
níos mó ná céad scairt sa tseachtain i gcásanna áirithe more than a hundred calls in a week is some cases
" Cuirtear sonraí pearsanta an íospartaigh sin ar liosta na n-amadán nó, ar “*suckers list'*”, mar a thugann siad air, agus gheobhaidh sé cuid mhór litreacha agus scairteanna gutháin as sin amach; níos mó ná céad scairt sa tseachtain i gcásanna áirithe.
an tseachtain seo chugainn, last week
" Ag Coiste an Oireachtais an tseachtain seo chugainn, tuigtear dúinn go molfaidh an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh rún – a bhfuil tacaíocht ilpháirtí aige – gur chóir do na ranna rialtais fógraí a chur in *Lá Nua*, nuair atá sé cuí.
uair sa tseachtain, once a week
" Ba ghnách linn teacht le chéile i Halla na nOráisteach i mBinn Éadair uair sa tseachtain, nuair a bhíodh a chéile ag freastal ar chruinnithe Aos Dána.
le seachtainí beaga anuas in recent weeks
" Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, tá tábhacht mhór ag baint le pearsantacht an duine agus léiríonn eachtraí áirithe le seachtainí beaga anuas go mbíonn cuid mhór daoine sásta maithiúnas a thabhairt d’ionadaithe tofa as réimse leathan peacaí a bheith déanta acu – a fhad is go dtaitníonn na hionadaithe sin leo.
Eagraíodh coláiste seachtaine a week-long course was organised
" Eagraíodh coláiste seachtaine i mí Lúnasa 1986 i dTeach Cholm Cille, Fána Bhuí, Gort an Choirce i dTír Chonaill agus bhí a bheirt againn ann.
sheimineáir dheireadh seachtaine weekend seminars
" Freastalaíonn mic léinn ar sheimineáir dheireadh seachtaine ar an gcampas seacht nó ocht n-iarraidh sa bhliain.
i ndiaidh phraiseach na seachtaine seo caite after the mess of last week
" Is léir go bhfuil inchreidteacht á cailleadh ag páirtí Gerry Adams, go háirithe i ndiaidh phraiseach na seachtaine seo caite.
cúrsaí ocht seachtaine eight week courses
" Má bhíonn suim ag daoine óga sa rince i gceantair ar leith, áfach, eagraíonn na coistí cúrsaí ocht seachtaine sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna in aice láimhe, is cuma cá háit sa tír a bhfuil siad.
Tír an deireadh seachtaine fada land of the long weekend
" Ní raibh aon ainm amháin ar leith ag muintir dhúchais na hAstráile ar an tír seo, ach uaireanta déantar tagairt fhonóideach di mar ‘Tír an deireadh seachtaine fada’.
Seachtainí weeks
" Seachtainí i ndiaidh fhógairt an ráitis seo, leagadh an balla agus tháinig deireadh le réim Honecker chomh maith leis an chóras chumannach Agus an balla imithe, thosaigh na sluaite ag pilleadh isteach anoir agus iad ar fad ag lorg saol nua dóibh féin.
deireadh seachtaine weekend
" Is ag deireadh seachtaine na Cincíse a chuirtear tús leis an samhradh agus leis an aimsir bhreá, más fíor.
seachtain week
" Dar leis is cuma cé chomh snasta is atá an pacáiste ina dtagann an bronntanas don chustaiméir muna bhfuil bronntanas ann gach lá, seachtain, coicís nó mí, bí cinnte nach léifidh siad is nach ndéanfaidh siad aon ní eile leis na tairiscintí ann ach oiread.
pá seachtaine a week's pay
" Bhí na bróga gorma svaeide fiú amháin aige, a chosain pá seachtaine fadó air.
tseachtain week
" ‘An tseachtain is fearr i stair an domhain ón chruthú’ an breithiúnas a thug Richard M.
seachtain a week
" org/) agus Pace University’s Lubin School of Business’ IDM Lab dúirt 26% de fhreagróirí nach mairfeadh siad seachtain gan r-phost.
seachtain week
" Is beag seachtain a théann thart gan scéal éigin ar na meáin faoi eirleach a bheith déanta ar ghnáthmhuintir neamhurchóideach na tíre Meánoirthearaí seo.
Sheachtain na Cásca Easter Week
" Is mac é Seosamh le Michael Mallin, duine de cheannairí 1916 a lámhachadh i gCill Mhaighneann i ndiaidh Sheachtain na Cásca.
chomh mall le seachtain fliuch as slow as anything
" Bíonn cuma mharbh air, le buille an chroí chomh mall le seachtain fliuch agus titfidh teocht na colainne níos ísle chomh maith.
seachtain fágtha a week left
" Gan ach seachtain fágtha sa dara tréimhse mar uachtarán aige agus mé i mbun méarchláir, tá sé deacair smaoineamh ar pholaiteoir eile a bhfuil oiread measa ag a phobal air agus Luíz Inácio da Silva –nó Lula mar is fearr aithne air.
le seachtain nó dhó anuas for a couple of weeks now
" Trí cinn le seachtain nó dhó anuas a chuaigh go mór i bhfeidhm orm.
deireadh seachtaine weekend
" “Is é an deireadh seachtaine is measa,” a dúirt duine amháin a cuireadh faoi agallamh mar chuid den staidéar.
seachtainí weeks
" Tá an scagadh á dhéanamh agam, ar cé mar a líonfar na suíocháin sa 43 Dáilcheantar, á fhoilsiú ar Gaelscéal sna seachtainí idir sinn agus an toghchán.
seachtainí beaga weeks near at hand
" Tiocfaidh an ré bhorrtha chun cinn anois sna seachtainí beaga amach romhainn.
naoi seachtaine nine weeks
" ly/76cly5
> Toghchán ó Thuaidh =========== Is cinnte go bhfuil borradh faoin pháirtí agus gan ach naoi seachtaine go dtí toghcháin an Tionóil ó thuaidh.
sa tseachtain per week
" Tá an t-ádh liom má éiríonn liom suí síos le páipéar nuachta uair amháin sa tseachtain.
seachtain a week
" Éagraíonn siad laethanta agus deireadh seachtaine ag siúl sléibhe agus dreapadh ina gceantair féin agus bíonn cúpla geábh náisiúnta sa bhliain ann nuair a thagann baill in éineacht le chéile le haghaidh seachtain iomlán de shiúl sléibhe.
lár na seachtaine midweek
" As an gcomhrá sin bheartaigh mé beagán taighde (agus tabhair beagán air) a dhéanamh ar an ábhar agus chuige sin scrúdaigh mé na nuachtáin (an Irish Times, an Irish Examiner, an Irish Independent agus Foinse) i lár na seachtaine go bhfeicfinn an raibh mórán scéalta faoi shárimreoirí na spórt páirce is mó, an pheil Ghaelach, iománaíocht, sacar agus an rugbaí, a bheith gortaithe.
an tseachtain seo caite last week
" Bhí mé ag léacht an tseachtain seo caite mar chuid den fhéile úr, Left Belfast.
le seachtain anuas for the last week
" Tá seisear fear faoi láthair ar an luamh “Ar Seachrán” agus é ceangailte de chéibh Ailt an Chorráin le seachtain anuas, de dheasca na drochaimsire geimhriúla.
sé seachtaine bailithe as amharc six weeks vanished
" D’éirigh lena bhean chéile, an t-ealaíontóir, Lu Qing, dul i dteagmháil leis i ndiaidh dó a bheith sé seachtaine bailithe as amharc na ndaoine.
an tseachtain dár gcionn the following week
" Agus d’iarr orm bualadh isteach an tseachtain dár gcionn san áit a mbíonn tae agus caifé á ndéanamh do dhaoine gan dídean.
an tseachtain dár gcionn the following week
" Scríobhas ar aon chaoi agus dúirt Tomás Mac Anna liom theacht aníos an tseachtain dár gcionn.
ar feadh seachtaine for a week
" Mhair an rith sealaíochta ar feadh seachtaine, ó mhaidin go hoíche go maidin arís, ar feadh 1500 cilimeadar, ó chathair Bhrest ar an 12ú go Douarnenez ar an 19ú Bealtaine.
Deireadh Seachtaine a weekend
" Ach bhí rud amháin ar iarraidh i dToronto go fóill, agus má tá tú ag iarraidh a bheith faiseanta i saol Gaeilge Mheiriceá Thuaidh sa lá atá inniu ann, caithfidh sé a bheith agat : Deireadh Seachtaine Gaeilge.
in aghaidh na seachtaine per week
" Thaistil sé fud fad na tíre sin agus ba mhinic 6000 míle in aghaidh na seachtaine á chur de aige agus súil á coimeád aige ar a chuid gnólachtaí.
i rith seachtain dheireanach in the last week
" Gach ceathrú bliain sna Stáit Aontaithe, cruinníonn maithe móra an dá pháirtí polaitiúla i rith seachtain dheireanach mhí Lúnasa agus céad seachtain mhí Mheán Fómhair.
le linn seachtain de racáin during the week of disturbances
" Caitheadh buama peitril isteach i gcarr póilíní ina raibh garda mná faoi ionsaí ag 12 dílseoir, nó díleasóirí? Cad é dó? Bhí sé mar Kristallnacht eile ann, a dúirt póilín amháin agus é ag breathnú ar oifig de chuid Pháirtí an Alliance i mBéal Feirste an mhí seo caite i ndiaidh dílseoirí ionsaí a dhéanamh ar oifig Naomi Long, an bhean a bhain an suíochán Westminster ó cheannaire an DUP, Peter Robinson ag an olltoghchán deireanach agus ionsaíodh foirgnimh agus bhaill eile de chuid an pháirtí le linn seachtain de racáin.
le seachtainí beaga anuas over the last few weeks
" Forloscadh agus dó, na crúba thíos faoi! Ó, a thiarcais! Anam an Diabhail! Agus ní raibh aon éaló ó Fhear na gCrúb i bpictiúrlanna Éireann le seachtainí beaga anuas ach an oiread.
seachtainí beaga roimhe sin some weeks before
" Gach seans go raibh Krishnan ag smaoineamh ar an bharbaracht a scaoileadh den éill ag Sandy Hook, seachtainí beaga roimhe sin.
cuairt seachtaine a week’s visit
" Fuair mé visa le cuairt seachtaine a thabhairt ar Moscó, mé féin agus an deartháir.
le seachtain for the last week
" Caithfidh mé a rá go bhfuil oiread tuairimí comhcheilge cloiste a’m le seachtain, cuid acu thar a bheith conspóideach.
le roinnt seachtainí anuas over the last few weeks
" Seile á caitheamh le céile comhraic, satailt anuas ar imreoir atá sínte ar an talamh, céile comhraic atá ar an talamh a chiceáil sa chloigeann, greim fiacaile a bhaint as céile comhraic, sin cuid de na coireanna a tharla ar pháirceanna imeartha abhus agus i gcéin le roinnt seachtainí anuas.
Seachtain a chaith muid ar an láthair we spent a week there
" Seachtain a chaith muid ar an láthair, ag cleachtadh agus ag reacaireacht.
ar feadh seachtaine for a week
" Nuair a thugtar carr dom le triail a bhaint aisti, fágtar agam í ar feadh seachtaine.
le seachtain iomlán a chaitheamh leis to spending a full week with
" Ach ní raibh mé ag súil ar chor ar bith le seachtain iomlán a chaitheamh leis an Yeti.
Sheachtain Dhea-Chaidrimh Good Relations Week
" Chaith easaontóirí poblachtánacha buama píopa ar bheirt phóilín i gceantar dhílseach seachtain i ndiaidh ‘Sheachtain Dhea-Chaidrimh’.
cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile five weekends on the trot
" Bíonn bearnaí rófhada idir cuid de na cluichí faoin gcóras atá ann agus deifir rómhór le cluichí a imirt i gcomhthéacsanna eile – cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, b’éigean d’iománaithe Átha Cliath dul chun páirce de thoradh dhá chluiche comhscóir, agus gan mí an Mheithimh a bheith thart ach ar éigin! Lá tar éis chluiche úd Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, thug bainisteoir fhoireann Luimnigh, John Ó hAilín, le fios gur cheap sé sna laethanta roimh an gcluiche go mbuafadh Luimneach.
faoi dhó sa tseachtain twice a week
" Ní dhéanaim a dhóthain sa seomra aclaíochta, ach téim ann faoi dhó sa tseachtain.
ag fearadh fáilte is céad roimh scoláirí na seachtaine welcoming the week's scholars
" Bhí sé ina sheasamh ag barr an halla agus é ag fearadh fáilte is céad roimh scoláirí na seachtaine: “Níl ATM ar bith i nGleann,” a dúirt sé, “ach beidh mé féin ag dul chuig na Cealla Beaga maidin amárach.
an tseachtain seo a chuaigh thart last week
" Méar Fhada an tseachtain seo a chuaigh thart.
sa tseachtain per week
" Dá mbeadh dhá mhíle carr i gceist agus dá bhfeicfí greamán Gaeilge achan charr acu 20 uair sa tseachtain, chiallódh sé go mbeifí ag imirt tionchair ar 40,000 duine níos mó sa tseachtain nó breis is dhá mhilliún uaire in aghaidh na bliana ná mar a tá anois roimh an Oireachtas! Is furasta 'Éire', 'Ná póg mo thóin' nó 'Gaeltacht bheag an carr seo' a thuiscint.
thógas seachtain saoire I took a week’s holiday
" Gan dabht thógas seachtain saoire mar bhí an Contae ar fad imithe bán – drochthús arís i gColáiste Mhuire gan Smál! Ach thuigeas ag an bpointe go rabhas aige baile sa choláiste seo – bhí meas acu ar chaid is ar an gcultúr agus bhaineas ana-thaitneamh as mo thrí bliana ansan.
ag deireadh na seachtaine at the weekend
" Is cosúil go bhfuil go leor ag éirí as nuachtán a cheannach go laethúil, mar go bhfuil sé ar fáil ar líne, ach fós féin atá ag iarraidh go mbeadh nuachtán clóite ina láimh acu ag deireadh na seachtaine le haghaidh ‘lean back screen-free reading’, mar a thug sí ar cheann de na pléisiúir is mó atá fanta agam, san aois ina bhfuilim.
faoi dhó gach seachtain twice every week
" Níl ach cúig mhíle fanta, geábh a rithinn faoi dhó gach seachtain san am roimhe seo.
ag an deireadh seachtaine at the weekend
" Ó chríochnaigh sé iarchéim san oideachas dhá bhliain ó shin tá Dara ina mhúinteoir bunscoile agus téann sé ag traenáil lena fhoireann club dhá oíche sa tseachtain agus ag an deireadh seachtaine bíonn seisiún traenála nó dhó aige nó cluiche.
in aghaidh na seachtaine per health
" Anois ghlacann sé timpeall 150 forlíon cothaithe in aghaidh an lae, chomh maith le 6 ceann infhéitheach in aghaidh na seachtaine, rud a ligeann dó a chonair ghastraistéigeach a sheachaint go hiomlán.
Seachtain dár gcionn a week later
" Tabhairt Anoir an Uaireadóra ============= Seachtain dár gcionn tháinig scéal chomh fada liom i mBonn go raibh an t-uaireadóir indeisithe dar le Marek.
ar feadh na seachtaine all the week
" Bheadh ‘four faults’ le cloisteáil ar fud na háite ar feadh na seachtaine.
sheachtain ó am a ngearrtha a week of their being cut
" D’fhág sé sin mé le (A) gearrthóga a chuir mé taobh istigh de sheachtain ó am a ngearrtha; (B) gearrthóga eile bhí faoi uisce ar feadh an ama agus (C) bhí roinnt a caitheadh ar an talamh fann folamh ar feadh tuairim is sé seachtaine nó breis sular chuir mé iad.
sé seachtaine nó breis six weeks or more
" D’fhág sé sin mé le (A) gearrthóga a chuir mé taobh istigh de sheachtain ó am a ngearrtha; (B) gearrthóga eile bhí faoi uisce ar feadh an ama agus (C) bhí roinnt a caitheadh ar an talamh fann folamh ar feadh tuairim is sé seachtaine nó breis sular chuir mé iad.
don deireadh seachtaine for the weekend
" Chuaigh mé go Corcaigh don deireadh seachtaine, áit a raibh fear as Eastenders ag caint faoin scríobh agus achan rud eile.
ag reáchtáil ceardlann seachtaine organizing a weekend workshop
" Bhí cúrsa, cibé, ag Tadhg; bhí sé ag reáchtáil ceardlann seachtaine, ag plé le scríobh do pháistí.
i rith na seachtaine during the week
" Is mórócáid cheoil, rince, amhránaíochta agus cumadóireachta í an Fhéile Pan-Cheilteach ach, chomh maith leis sin, bíonn deis ag gach tír sain-taispeántas a dhéanamh ar a saíocht féin agus bhí sé seo le feiceáil agus le cloisteáil go fairsing ar shráideanna Dhoire i rith na seachtaine.
ar theastaigh seachtain le linn an Chaisidigh took a week in his time
" Gan mé ach céad slat ó Stáisiún San Pancras áit a dtéann an traein fo thoinn go Páras agus go dtí an Bhruiséil, turas dhá uair a' chloig nó mar sin, áit ar theastaigh seachtain le linn an Chaisidigh.
tréimshe fhada í seachtain a week is a long time
" Deirtear gur tréimshe fhada í seachtain sa pholataíocht, agus is cinnte gur fhoghlaim Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec (an chúige ina bhfuil an líon is mó cainteoirí Fraincise sa tír) an ceacht tábhachtach sin ag an toghchán conspóideach a bhí ann thart ar dhá mhí ó shin.
cóip sa tseachtain cop(ies) per week
" Díolaíocht na dTréimhseachán Gaeilge: ================== De réir na dtuairiscí, ní raibh de dhíolaíocht ar Ghaelscéal sna siopaí ach thart ar 1,300 cóip sa tseachtain.
mórán chuile sheachtain almost every week
" Domsa, bhí a dhóthain ábhair spéisiúil i nGaelscéal mórán chuile sheachtain le go mb’fhiú dom é a cheannach.
An tseachtain dár gcionn the following week
" An tseachtain dár gcionn, ba ghnách go dtagadh Pádraig Ó hOibicín as Leitir Mucú le ranganna a thabhairt ag Féile na Cruite i gCéideadh (Ros Comáin) chomh maith.
tús na chéad seachtaine the start of the first week
" Bhí mé trína chéile ag tús na chéad seachtaine.
seachtainí weeks
" Míníonn Maidhc Ó Cathail san alt seo a bhfuil taobh thiar d'eachtraí uafáis an Mheánoirthir le roinnt seachtainí anuas.
deireadh seachtaine weekend
" Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.
seachtain i ndiaidh seachtaine week in week out
" Is léir nach féidir le colainn lúthchleasaí na linne seo réiteach agus imirt seachtain i ndiaidh seachtaine ar dhromchlaí crua nua-aimseartha faoi shíon is faoi fhearthain gan chliseadh.
deireadh seachtaine weekend
" Casadh ar Maitiú de Hál í ag deireadh seachtaine ‘Daltaí na Gaeilge’ in Esopus, Stát Nua-Eabhrac.
tseachtain week
" An tseachtain seo féin, chualathas guth ón uaigh féin sna Sé Chontae thiar i Meiriceá ag éisteacht de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe.