Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seachtar clainne seven children
" Chuir bás a athar isteach go mór air chomh maith; ní raibh seisean ach seacht mbliana is daichead d'aois nuair a cailleadh é agus d'fhág sé seachtar clainne ina dhiaidh.
seachtar laochra seven heroes
" Mar shampla, deir David Brewster, iarbhall den pháirtí, go raibh seachtar laochra ag Trimble le linn na gcainteanna i 1996.
seachtar tréidlianna eile seven other vets
" Osclaíodh lárionad nua leighis eachaí ag Aintree díreach roimh an National agus bhí an tOllamh Chris Proudman agus seachtar tréidlianna eile ón Otharlann Eachaí in Ollscoil Learphoill ar dualgas ann.
seachtar múinteoirí idirlín seven internet teachers
" ” Tá seachtar múinteoirí idirlín ag an gCumann (seisear Meiriceánach agus Éireannach amháin), agus tá breis is 60 scoláire nua cláraithe cheana féin do na ranganna, ón mBrasaíl, ón Astráil, ón Fhrainc, ón Iodáil, ó Phoblacht na Seice, ó Shasana, ó Cheanada, agus ó na Stáit Aontaithe.
theip ar sheachtar. seven people failed.
" Tá agallaimh Ghaeilge déanta ag seacht nduine dhéag; d’éirigh le deichniúr acu agus theip ar sheachtar.
Rugadh seachtar seven were born
" Rugadh seachtar páiste ar fad san íoslach rúnda, ach bhásaigh duine acu tar éis cúpla lá ar an tsaol.
seachtar seven people
" Ach murach an fhís a bhí ag an seachtar a tháinig le chéile i nDúrlas Éile sa bhliain 1884, ní bheadh tada speisialta ag baint leis an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair agus ní bheadh aon chúis agamsa an gháir ‘Up Tipp’ a chur dhíom, mar nach mbeadh san iomáint ach cuimhní cinn roinnt seanbháireoirí.
seachtar imreoirí is fiche 27 players
" Luadh seachtar imreoirí is fiche ar fad agus astu sin bhain trí dhuine dhéag le hiománaíocht, seisear le sacar (foireann Phoblacht na hÉireann a bhí i gceist), seisear le rugbaí agus beirt leis an bpeil Ghaelach.
seachtar seven
" Líon na marbh: seachtar, an gunnadóir féin san áireamh.
Seachtar ball seven members
" Seachtar ball den tSeirbhís Rúnda a ransaigh agus a cheistigh é go mion sula scaoilfí isteach sa Teach Bán é, ach a luaithe agus a thuig siad gur Balor a bhí ann, ghabh siad a leithscéal agus rinne siad é a thionlacan fríd an teach mór, gan stad gan bhac gan bharradh go dtí oifig an Uachtaráin.
Seachtar seven people
" Easaontas faoi Ainmneacha =============== Seachtar a bhí ar an cúrsa, le beirt stiúrthóirí ann.
seachtar tofa seven elected
" Trí chomhalta dhéag a bhí ar an chéad bhord, seachtar tofa agus seisear ainmnithe.
ina gcol seachtair being third once removed
" Is é Prince Philip a col ochtair trí *Queen Victoria*, gan trácht ar an bheirt acu a bheith ina gcol seachtair fosta trí ríshliocht na Danmhairge! Tá finscéal eile a bhaineann le Naitsithe, le dúnmharú Diana, le hairgead agus go leor eile ceangailte leis na Windsors (d'athraigh siad an t-ainm ó Saxe-Coburg Gotha i 1917) ach ní luaitear sin i lúib na galántachta.
seachtar seven
" Clann ina raibh seachtar deartháireacha a bhain clú agus cáil amach in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá agus ar bronnadh gradam Dámhachtain na Laochra in Éirinn orthu sa bhliain 1982 de bharr a gcuid gaiscí spóirt.
Seachtar Abhac seven dwarfs
" Gilín Sneachta in Auschwitz-Birkenau =============== Tar éis do Mengele múrmhaisiú de Gilín Sneachta agus an Seachtar Abhac a rinne Dina Gottliebova ar bhalla an champa a fheiceáil, chuir Mengele iallach uirthi pictiúir eile a dhéanamh.
seachtar iarphápaí ardléannta a septet of erudite ex-popes
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
an fhoireann seachtair team of seven
" Nuair a bhain an Airgintín a gcéad bhonn óir ag cluichí Oilimpeacha 1936 i mBeirlín, bhí beirt Chaomhanach, Roberto agus Diego Cavanagh agus fear darbh ainm Luis Duggan ar an fhoireann seachtair.
seachtar seven
" Roghnaíonn níos mó ná 1,000 páiste gach bliain le staidéar a dhéanamh ar an Mhanainnis mar ábhar bunscoile nó sa mheánscoil faoi láthair agus tá seachtar múinteoirí Manainnise ag obair i mbunscoileanna.
cheap an tAire seachtar comhalta the minister appointed seven members
" Ina áit sin, cheap an tAire seachtar comhalta.
seisear nó seachtar six or seven
" Ní raibh ach seisear nó seachtar sa chomórtas faoi aois an bhliain sin.
dteaghlach seachtair a family of seven
" Le máthair is athair ag obair go lánaimseartha agus mé ag fás aníos i dteaghlach seachtair, tógadh sinn ar ‘iontais an aon phota’ mar a thugtar air i mBéarla.