Tá atmaisféar an-deas sa chaife i láthair na huaire agus daoine ag iarraidh éalú ón fhuacht agus ón dorchadas chun seacláid the a bheith acu! Cainteoirí Gaeilge thart ar leath den fhoireann, an leath eile is as áiteanna ar fud an domhain iad, agus cuidíonn sé sin le hatmaisféar bríomhar a chruthú.