Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seafóideach foolish
" Léiríonn staid Phort Láirge cé chomh seafóideach is atá an córas atá ann faoi láthair (cé gur fearr é ná an seanchóras) agus is argóint ann féin le deireadh a chur leis an socrú atá ann agus córas níos cothroime agus níos suimiúla (ar nós Chorn an Domhain sa sacar) a chur ina áit.
seafóideach silly
" Ach céard a dhéanfaidh sé ansin? "B'fhéidir go gceapann tú go bhfuil sé seo seafóideach ach ba bhreá liom leabhair a scríobh do pháistí.
tuairimí seafóideacha nonsensical opinions
" Ag an bpointe seo, is cosúil nach mbacann siad fiú le héisteacht leis na tuairimí seafóideacha a bhíonn le cloisteáil ar an nuacht teilifíse agus raidió.
focail sheafóideacha silly words
" Úsáidtear focail sheafóideacha mar *Ich *AG (Mé Féin, Teoranta), *Small Business Act *nó *Copy and Paste*.
D'umhlaigh na Baváraigh don dearcadh seafóideach sin the Bavarians bowed to that stupid viewpoint
" Umhlaíocht is náire ======= D'umhlaigh na Baváraigh don dearcadh seafóideach sin gan fhios dóibh féin agus ghlac go fo-chomhfhiosach leis go raibh Gearmáinis cheart nó "mar ba chóir" á labhairt ag an dream a tháinig aduaidh (rud nach fíor, dála an scéil!).
seafóideach silly
" Na criticeoirí, na polaiteoirí agus an pobal scoilte ar an cheist seo: an taispeántas fiúntach ealaíne é seo nó an sorcas faiseanta é? An bhfuil rud ar bith fágtha le rá ag an ealaín chomhaimseartha? An gcaithfidh an ealaín geit a bhaint asainn nó déistin a chur orainn chun ár n-aird a tharraingt? Tá an criticeoir agus láithreoir ealaíne Matthew Collings den tuairim go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach.
hionsaithe sotalacha agus seafóideacha arrogant and stupid attacks
" Tugann na tírghráthóirí Meiriceánacha a ardóidh bratach 'Mheiriceá Chorparáideach' ar an 4 Iúil a n-eitheach don argóint fhalsa sin, ach leanfar leis na hionsaithe sotalacha agus seafóideacha de réir mar a ghéarós an feachtas toghchánaíochta.
in abairtí seafóideacha in silly sentences
" Sciob siad focla agus leaganacha as áiteacha éagsúla - ina measc foclóirí, Shakespeare agus pé leabhra eile a bhí ar fáil go héasca - agus chuir siad an meascán le chéile in abairtí seafóideacha a raibh cuma "nua-aoiseach" orthu.
seafóideach stupid
" I ndiaidh tréimhse bliana nó mar sin, shocraigh mé go raibh sé seafóideach! Cén fáth ar chóir dom seo a chreidbheáil? Míorúiltí, cuir i gcás.
seafóideach ridiculous
" Tá an oiread tábhachta leagtha ar an téarma agus go bhfuil sé seafóideach.
sheafóideach silly, foolish
" "Ní raibh mé féin sásta le Teilifís na Gaeilge mar ainm ar chor ar bith, mar shíl mé go mba sheafóideach an t-ainm a bhí ann.
Ainm seafóideach a silly name
Ainm seafóideach a silly name
thar a bheith seafóideach extremely nonsensical
" Is léir nár thug Joe faoi deara gur An Daingean atá ar fhógraí bóthair na Gaeltachta le fada an lá! Tá cuid de na rudaí atá ráite sa díospóireacht mar gheall ar an Ghaeilge le tamall anuas thar a bheith seafóideach.
ba sheafóidí most silly
" Ceann de na leithscéalta ba sheafóidí a léigh mé ná ráiteas a thug cathaoirleach Choiste Thír Eoghain inar dhúirt sé, is cosúil, go raibh meon na nAstrálach tar éis dul i gcion ar na peileadóirí! Chuir sin ag gáirí mé.
seafóideach silly
" Tá siadsan ag iarraidh rud éicint *deep and meaningful *a mholadh, a thabharfas léargas orthu féin mar dhaoine sofaisticiúla, a bhfuil intleacht den chéad scoth acu, seachas rud éicint siamsúil agus b’fhéidir seafóideach agus éadrom mar chlár.
caint sheafóideach nonsensical talk
" Dúirt Clare Martin, an chéad aire sa gCríoch, nach raibh Canberra ag tabhairt dóthain cúnaimh agus nach raibh ar siúl ag Brough ach caint sheafóideach.
díospóireacht sheafóideach silly debate
" Ina leaba sin, tá díospóireacht sheafóideach ar siúl faoin gcaoi arbh fhearr na daoine a chosaint ó thionchar díobhálach an tobac gan cosc iomlán a chur ar chaitheamh tobac.
ghléasanna seafóideacha éagsúla. various stupid devices.
" San alt deireanach a scríobh mé san iris seo, chaith mé go leor ama ag déanamh gearáin faoi ghléasanna seafóideacha éagsúla.
ar bhunús seafóideach polaitiúil on a silly political basis
" Tá an pionós á ghearradh ag aontachtaithe a chaith vóta in éadan an achta ar bhunús seafóideach polaitiúil agus ar bhunús eile bréagach – go gcosnódh sé an dú-rud airgid an t-acht a bhí molta a chur i bhfeidhm.
seafóideach nonsensical
" Tá sé chomh seafóideach an méid atá ag tarlú faoi láthair ó thaobh na timpeallachta, gan caint ar aon rud eile: báid ó tíortha eile (An Spáinn ar an gcuid is mó) in ann iascach amach ó chósta na hÉireann in uiscí na hÉireann a fhad is atá báid na hÉireann ceangailte suas le céibh.
seafóideacha nonsensical
" An féidir? Agus, dála an scéil, cad é a tharlaíonn don chuid eile den airgead a fhaigheann muid ón Rialtas? Ná habair gur tú féin a fhaigheann an fuílleach? Eagarthóir: Bhuel, a Bhaloir, a laoch na litríochta, bhí dhá cheist agat ansin, bail ó Dhia orthu mar cheisteanna beaga seafóideacha, sifleáilte.
seafóideach nonsensical
" Ach tháinig sé amach ina dhiaidh sin gurb é an duine a chum an téarma seafóideach gríosaitheach sin ná David Frum, scríbhneoir aithisc Bush.
ceann seafóideach a foolish one
" Ach caithfear bille a phlé, ceann seafóideach féin fiú amháin, go dtí go vótáilfidh 60% de na seanadóirí deireadh a chur leis an díospóireacht.
seafóideach nonsensical
" com ar an dráma puipéad seafóideach a láithrigh an cumann faoi dícheannadh Daniel Pearl, iriseoir Giúdach ó Mheiriceá a dúnmharaíodh sa Phacastáin i 2002.
beagáinín seafóideach a little foolish
" Faoi dheireadh an fheachtais, bhí na postaeirí céanna ag breathnú beagáinín seafóideach, de réir mar ba léir go raibh tacaíocht Fhine Gael ag neartú.
beagáinín seafóideach a little foolish
" Faoi dheireadh an fheachtais, bhí na postaeirí céanna ag breathnú beagáinín seafóideach, de réir mar ba léir go raibh tacaíocht Fhine Gael ag neartú.
seafóideach nonsensical
" **An Straitéis 20 Bliain:** Ba cheart fáil réidh leis an sprioc seafóideach de 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den gcóras oideachais faoin mbliain 2030, atá mar bhunchloch faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
seafóideach an beart a foolish act
" B’fhéidir go ndéarfadh daoine gur seafóideach an beart a bhí ann, ach ní dóigh liom féin gur féidir linn breith a thabhairt muna bhfuil muid féin ar an bhfód céanna.
seafóideach silly
" (Níl mé á rá nach ann don fhrith-Phrotastúnachas, ar ndóigh)
Tá cuid den fhrith-Chaitliceachas seo seafóideach.
beagáinín seafóideach somewhat nonsensical
" Bhí sé beagáinín seafóideach a bheith ag súil go mbeadh RTÉ ag déanamh a dhíchill ag tacú le haidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge, nach raibh an Rialtas riamh dáiríre faoin aidhm náisiúnta céanna.
méid sheafóideach airgid a crazy amount of money
" Dálta áiteanna eile, thug na bancanna ó thuaidh méid sheafóideach airgid amach ar iasacht le go gceannódh daoine díomhaoine idir 2000 agus 2008 gan sciar mhaith de bheith aisíoctha, tá líon na morgáistí níos ísle inniu ná mar a bhí sé i 1994.
gníomhach san eachtra seafóideach seo active in this nonsensical incident
" Tá Willie Frazer, an laoch/bómán (déan do rogha féin) a bhí taobh thiar de Love Ulster, gníomhach san eachtra seafóideach seo.
caite ar bhealach sách seafóideach spent in a fairly foolish way
" Ar an meán má chaitheann gach ceann acu €2,000 (meastúchán íseal, déarfainn) gach bliain ag aistriú na dtuarascálacha, na gcuntas airgeadais agus na doiciméidí ina ‘leagtar amach tograí beartais phoiblí’ mar a thugtar orthu san Acht, is ionann san agus €1,200,000 in aghaidh na bliana d’airgead stáit caite ar bhealach sách seafóideach ag cur cáipéisíocht ar fáil i nGaeilge nach léitear.
Ní bheidh de thoradh ar an riail sheafóideach seo ach this nonsensical rule shall only mean
" Ní bheidh de thoradh ar an riail sheafóideach seo ach creimeadh ar chaighdeán na Gaeilge i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí na tíre.
tá sé seafóideach it’s crazy
" Is art form é as féin atá go hiomlán difriúil ó go leor stíleanna canta eile agus samhlaigh nó smaoinigh faoi hip-hop, abair nach mbeidh dada eile ag tarlú i saol an hip-hop ó bhliain amháin go bliain eile ach comórtas ina mbeadh 50 cent agus iad seo uile ag teacht le chéile, tá sé seafóideach, gan outlet ar bith eile a thabhairt dó” a deir sé.
An rud is seafóidí ar fad the craziest part entirely is
" An rud is seafóidí ar fad ná an bealach ar féidir le seanadóir córam a iarraidh agus go gcaithfear an obair a chur ar athló go dtí go mbíonn córam i láthair.
a scríobhann na hailt seafóideacha seo who write these nonsensical articles
" ie agus a ‘dailyedge’, cuimhnímis gur baill den NUJ a scríobhann na hailt seafóideacha seo go tráthrialta a dhéanann díspeagadh ar mhuintir na Gaeilge.
dearcadh seafóideach a nonsensical view
" Tá fuath aige ar phoblachtánaithe agus ina intinn, is ionann gach Caitliceach agus Poblachtach, dearcadh seafóideach a chuirfeadh alltacht ar David Ervine.
dánta beaga seafóideacha foolish little poems
" Bodhraíonn sé daoine le dánta beaga seafóideacha.
seafóideach ar fad complete nonsense
" Luann sé an méid a dúirt John Major nuair a bhí sé ina phríomhaire – “tá na moltaí seo faoin dílárú seafóideach ar fad.