Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seandálaí archaeologist
" Measann an seandálaí Barry Raftery go mb'fhéidir gur tógadh dúin mar seo sa Chré-Umhaois, sular tháinig na Ceiltigh.
seandálaithe archaeologists
" Tagann tumadóirí fosta, agus iascairí agus seandálaithe agus geolaithe - duine ar bith atá sásta a rogha féin ruda a dhéanamh amuigh faoin spéir.
seandálaí archaeologist
" Mar a dúirt seandálaí: "Ní raibh ar mhuintir na Clochaoise dul go Holyhead leis an bhád farantóireachta a fháil go hÉirinn.
sheandálaí archaeologist
" Chuaigh an tír i bhfeidhm orm ar bhealach nach raibh mé ag súil leis, agus an dealramh ar na dathanna nach bhfaca mé riamh - an turas siar go Conamara agus ar aghaidh go hÁrainn go háirithe, áit a raibh col ceathrair liom ag obair mar sheandálaí ar Dhún Aonghasa.
seandálaithe archaeologists
" Go deimhin, le fíorghairid tháinig seandálaithe ar iarsmaí seanteampaill, agus a leithéidí, gar don áit seo agus táthar beagnach cinnte gur ionad an-naofa a bhí ann dhá mhíle bliain ó shin.
seandálaí archaeologist
" Bhí mé ag freastal ar chúrsa i mBaile an Fheirtéaraigh faoin tseandálaíocht agus faoin timpeallacht sa cheantar, cúrsa a bhí á reáchtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
seandálaí archaeologist
" asp)Cuid 1 den alt ar fáil anseo Le cur leis an uafás, nuair a rinne an Teachta John Bruton (Fine Gael) fiosrú fuair sé amach go bhfuil 1,516 tuairisc seandálaíochta in easnamh (is gá tuairisc a chur ar fáil faoi gach láthair).
seandálaí archaeologist
" "seandálaíocht mhara" an teideal a bhí air, agus bhí Finbar McCormick, seandálaí ó Ollscoil na Ríona, mar threoraí againn.
seandálaithe archaeologists
" Tuigeann na seandálaithe céanna nach chun leas na seandálaithe an iomarca moille a chur ar a bhfostóirí.
seandálaithe archaeologists
" Bliain ó shin, chomhoibrigh siad le seandálaithe le turgnamh ait osréalach a dhéanamh.
á cuardach ag seandálaithe. being searched by archaeologists.
" Tá cuid mhaith (agus fíorbheagán) le feiceáil san áit anois, atá fós á cuardach ag seandálaithe.
ag fanacht ar chomhairle ó sheandálaí waiting for advice from an archaeologist
" Bhí siad ag fanacht ar chomhairle ó sheandálaí sula ndeiseodh siad é.
seandálaí gairmiúil professional archaeologist
" Is seandálaí gairmiúil é Stephen, agus tá a chomhlacht lonnaithe i Lìte.
na seandálaithe the archaeologists
" Fuair na seandálaithe rianta d'fhoirgnimh a léirigh go raibh lonnaíocht luath ann, ach ní raibh siad ábalta an dáta a aimsiú.
seandálaithe aitheanta recognised archaeologists
" Tagann seandálaithe aitheanta chun na háite le breathnú air – measann siad gur ochtú hiontas an domhain atá ann – ach scriosann Gusaí Gaimbín Cillín *Chait*ríona sular féidir é a chur ar liosta caomhnaithe.
seandálaí archaeologist
" Thug an seandálaí agus staraí, Micheal Gibbons, arb as an gClochán i gContae na Gaillimhe dó, an spreagaitheasc in ar pléigh sé tionchar leantach an Ghorta Mhóir ar thírdhreach na hÉireann.
seandálaí archaeologist
" Thit siad ar Gable Crag ag Great Gable agus fuair Alan Turner, feirmeoir, 54 bliana d’aois, bás agus gortaíodh Andy Platell, seandálaí ó Ollscoil Durham.
seandálaí an archaeologist
" Tháinig seandálaí a bhí ag tochailt sa cheantar ar an phictiúr den sliabh ag pléascadh agus creidtear gurb é seo ceann de na chéad samplaí de thírdhreach a rinneadh riamh.
seandálaí archaeologist
" Bhí seandálaí, Dan Garner, i láthair agus rinne seisean tochailt ar an suíomh.
seandálaí Breatnach Welsh archaeologist
" D’fhoilsigh an seandálaí Breatnach, Rhys Maengwyn Jones, staidéar sa bhliain 1969, fágaim, inar thug sé *“firestick farming”* ar an dóigh a riaraidís a ndúiche.
d’éirigh le seandálaithe archaeologists succeeded
" Bhíothas ag súil nach mbeadh éinne in innimh taisí an cheithearnaigh a dhí-adhlacadh as olluaigh go deo, ach d’éirigh le seandálaithe a chnámharlach a aimsiú dhá bhliain ó shin, ag baint feidhme as eastóscadh aigéid núicléasaigh.
seandálaithe éagsúla various archaeologists
" Thóg an tochailt blianta fada, agus thit an cúram ar Phápaí chomh maith le seandálaithe éagsúla.
ag cur ar chumas na seandálaithe enabling the archaeologists
" Tá an nuatheicneolaíocht ag cur ar chumas na seandálaithe a gcuid oibre a dhéanamh na laethanta seo ar shlí i bhfad níos éifeachtaí agus níos tapúla, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.