Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
raidhse teampall seanda lots of old temples
" D'fhéach mé arís air chun a bheith cinnte: bhí bunús an fhoirgnimh an-aosta seo faoi smacht an chaife seo de chuid Starbucks, agus raidhse teampall seanda mórthimpeall air.
is seanda the most ancient
" Eas uisce agus sliabh bréagach rí-ard (tá an-radharc le fáil uaidh) an Parc des Buttes Chaumont; cruinniú le chéile na gcág istigh sa Jardin des Plantes, áit a bhfuil neart lusanna agus luibheanna le feiceáil; crainn mhaorga an chúigiú *arrondissement* sa Jardin de Luxembourg (Bhí suas le 38,000 crann i bPáras nuair a rinneadh an chéad chrannáireamh in 1855, agus tá níos mó anseo anois); an crann is seanda sa chathair, an Robinier, a cuireadh sa bhliain 1601; gan trácht ar bhruacha an Seine, áit a mbíonn neart daoine ag siúl, ag rothaíocht agus ag lannrolláil.
paróiste seanda ancient parish
" Mar a dúirt Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, sa treoirleabhar a d’fhoilsigh an comhlacht i 1997: “Dúinne i nGleann Cholm Cille, tá an fhorbairt eacnamúil agus an cultúr dlúthcheangailte lena chéile; ní gnáth-thurasóir a thig chugainn ach cuairteoirí ar spéis leo saibhreas sainiúil na Gaeltachta agus níl áit níos fearr leis sin a fháil ná paróiste seanda an Ghleanna.
ceann de shearmanais sheanda an Ainu a roinnt to share one of the ancient Ainu ceremonies
" Tugtar cuireadh dúinn suí cois tine ann agus ceann de shearmanais sheanda an Ainu a roinnt le hOki, a theaghlach agus Kenato, úinéir agus riarthóir na hiarsmalainne.
de thithe seanda cloiche of ancient stone houses
" Aon tsráid amháin de thithe seanda cloiche a bhfuil armas teaghlaigh ar chuid acu.
seanda old
" Dhiúltigh seisean, ar ndóigh, don tairscint fhial sin chomh béasach agus ab fhéidir leis! Trá Impireachtaí ========= Tá na traidisiúin seanda seo intuigthe nuair a chuirtear stair na bhfearann seo san áireamh.
dearcadh simplí seanda old simple view
" Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh go léir a tháinig chun na hAstráile cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.
níos seanda older
" Agus téama an thírghrá á chíoradh anseo, dearbhaíonn Ó Giolláin: “Ba sa státnáisiún a cruthaíodh an chéad nua-aoiseacht”, léargas a chuireann argóintí níos seanda scoláirí éagsúla eile i gcuimhne dúinn.
léargas seanda an old production
" *’” D’éirigh le Corcadorca an lá sin léargas seanda Aristotle sa Poetics a shoiléiriú do ghlúin eile.
guth níos seanda ná é féin an older voice than himself
" ”* Is féidir macalla Meiriceánach eile a bhrath i bprós Hitchens, guth níos seanda ná é féin a rinne iarracht an bás a úsáid chun seandílseachtaí a áiteamh agus seanfhiacha a dhíol.
an gcomhlacht seanda seo this ancient company
" Ach cruthaímid an domhan go húrnua gach aon lá, agus más ea, is féidir leis an gcomhlacht seanda seo meas an phobail dhúchasaigh agus idirnáisiúnta a mhealladh in athuair trí obair fhiúntach.
cháipéisí seanda bacacha lame old documents
" Agus smaointí Stevens i leith chóras toghchánaíochta Mheiriceá agus fadhb phráinneach na ngunnaí sa Tarna Leasú á dhíleá, ritheann sé lena léitheoirí nár chóir do bhreithimh chumhachtacha iarracht a dhéanamh an daonra a chur fé gheasa meas a thaispeáint do cháipéisí seanda bacacha.
leabhair sheanda the old books
" Úsáideann Ignatieff leabhair sheanda Machiavelli, Castiglione, agus Max Weber chun loinnir acadúil a chur ar an bpraiseach aige.