Labhraíonn Ballagh faoin chogadh a fógraíodh ar na seanluachanna a bhí ceangailte leis an am a chuaigh thart agus faoin dearcadh a tháinig chun cinn nach raibh báúil leis an náisiúnachas, leis an Ghaeilge ná le saol na tuaithe.
Deirtear go minic go bhfuil an tsaint i réim in Éirinn na linne seo, go bhfuil radharc caillte ar na seanluachanna agus nach spéis leis an dream óg ach an lipéad faiseanta is déanaí.