Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
grá agus seirce love and romance
" Gealach an Ealaíontóra Bhí baint ag an ghealach le cúrsaí grá agus seirce fosta, agus bhíodh sé go minic le feiceáil i saothar ealaíontóirí ón tréimhse rómánsach sna 1800í agus é ag lonrú ar bhean óg agus ar a leannán ag suirí.
Ábhar a seirce the target of her love
" Ábhar a seirce - bean óg eile - ingénue - nach mór a meas uirthi féin, is baolach.
An Bhrionglóid Seirce the love dream
" ”* An Bhrionglóid Seirce ========= Ní éireodh riamh le muintir na Gearmáine ná lena sliocht éalú ón scáth sin dar le máthair Hugo.
mar chomharthaí grá croí agus seirce as signs of fondness and love
" An bhfuil an bhean ag fanacht le duine agus í ag amharc amach an fhuinneog go dóchasach nó an bhfuil sí ag amharc ar dhuine éigin atá i ndiaidh imeacht? Tuigeadh uirlísí ceoil i bpictiúir ag an am seo mar chomharthaí grá croí agus seirce agus chomh maith lena liúit, feictear uirlis eile ina luí ar an urlár breac-chearnógnach, rud a chuireann in iúl dúinn go bhfuil leannán na mná mar fhothéacs sa phictiúr agus go bhfuil muid ag amharc ar mheandar sioctha ama.
nuair a ghoin saighead na seirce an file when Cupid’s arrow struck the poet
" Go deimhin nuair a ghoin saighead na seirce an file, dealraíonn sé go mbíodh sé deacair air codladh na hoíche a fháil toisc go mbíodh sé breoite, in ísle brí, ag fulaingt agus deora gan stad ar siúl aige, fiú.
lus na seirce the plant love-lies-bleeding
" Tá síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin agus faoi bhláth i measc an phobail anois sa tslí is gur féidir linn a rá go bhfuil lus na seirce tugtha chun cineáil go héiritheach ag rachmasóirí na cruinne.
Seachas na Seirce rather than the love (incantation)
" Ortha na Seiceála, Seachas na Seirce ============= Crios iompair súisí atá san áis, a chuireann duine i ndiaidh dhuine os comhair an úsáideora – fir amháin, mná amháin nó fir agus mná, de réir do shocruithe gnéasachta – agus a thugann rogha don úsaideoir – caithfimid focal eile a roghnú in amanna mar seo! - an duine a fheiceann siad a mharcáil le croí nó le crois.
nuair a chuaigh an tsearc faoin gcroí air when he fell in love
" Is ann a bhí an mhainistir agus an Caisideach nuair a chuaigh an tsearc faoin gcroí air: Thug mé an ruaig údaí ó mhullach na cruaiche Chugat anuas chun an tsléibhe bháin Ar thuairisc mo chailín d’fhág m’intinn buartha ’Gus rinne sí gual dubh de mo chroí i mo lár.
Searc don tSaothar a love of one’s art(work)
" Loime an tSaoil agus Searc don tSaothar ================ Chaith Giacometti a shaol oibre i gceardlann bheag uiríseal i bPáras, nach raibh ann ach 'poll' mar a dúirt sé féin, ach ar bhealach éigin, réitigh an loime seo lena luiteamais dhorcha féin.
Ní súil seirce go súil na máthar in am breithe there’s no loving eye like a mother’s at the moment of birth
" Ní súil seirce go súil na máthar in am breithe.
tús seirce an síordhearcadh staring is the start of love
" Is iomaí nath a thug suntas don fheiceálacht: ‘is mór an chuid súil í’ agus ‘tús seirce an síordhearcadh’ srl.
gnóthaí seirce matters of the heart
" Tá Ken Ó Donnchú ag cur faoi in A Coruña na Gailise le scathamh agus is siad gnóthaí seirce a thug ann é.