Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seasamh dlí legal standing
" De réir Patricia Kennealy-Morrison, bean a phós Morrison i ndeasghnáth Wicca nach raibh seasamh dlí aige, ba í Pamela an duine a mharaigh é go hindíreach nuair a thug sí hearóin dó.
ina sheasamh ansin ina stacán standing there like an ejit
" "Ní bhainim de," arsa Úna agus d'fhág sí Cian ina sheasamh ansin ina stacán.
ag seasamh an fhóid standing up for
" Anois tá an Burnside céanna agus Jeffrey Donaldson ag seasamh an fhóid d'fhórsaí logánta slándála na Sé Chontae agus tá siad sásta na hinstitiúidí polaitiúla tuaisceartacha a tharraingt anuas dá bharr.
ina sheasamh ansin ina stacán standing there like an ejit
" "Ní bhainim de," arsa Úna agus d'fhág sí Cian ina sheasamh ansin ina stacán.
seasamh a thógáil to take a stand
" Ní thiocfaidh athrú muna mbíonn tusa féin sásta seasamh a thógáil!
Seasamh na dtréan the stand of the strong
" "Seasamh na dtréan" a bhíonn i gceist ag an bhFleadh.
dá sheasamh for his position
" Tá eagraíocht nua, Irish Rural Dwellers Association, tosaithe ag Jim Connolly as Contae an Chláir le dúshlán a thabhairt don dearcadh cathrach agus tá tacaíocht láidir á fáil aige ar fud na tíre dá sheasamh.
cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid just decide to stand on the street
" Ní féidir le bean cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid.
seasamh claonta biased stand
" seasamh claonta ======= Is cinnte go bhfuil a gcúiseanna féin ag taidhleoirí Theach Uíbh Eachach maidir leis an seasamh claonta atá á ghlacadh acu sa chogadh fuar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tíortha Moslamacha an Mheánoirthir agus thuaisceart na hAfraice.
seasamh neodrach neutral stand
" Tá easaontú láidir ann go háirithe maidir le ceist na bport agus maidir leis an seasamh neodrach a ghlac an tír agus í ag déanamh iarrachta fanacht neamhspléach ó na tíortha a bhí i mbun cogaíochta.
ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman competing for Wexford
" Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas.
seasamh position
" Nuair a mhínigh Gerry Adams seasamh an IRA - rud iontach ann féin go raibh Adams i mbróga "P.
pé seasamh morálta ar leith whatever special moral standing
" Creideann Cathaoirleach Chumann na nIascairí, Frank Doyle, go bhfuil pé seasamh morálta ar leith a bhí ag iascairí na tíre seo caillte anois dá bharr.
díreach ina sheasamh ansin just standing there
" Bhí an t-allas ina rith le Diarmaid agus é díreach ina sheasamh ansin.
seasamh diongbháilte, dobhogtha firm, unyielding stand
" Beidh daoine ag vótáil ar son na bpáirtithe a mbeidh an mhuinín acu a gcuid tuairimí a chur chun cinn san idirbheartaíocht a thiocfas i ndiaidh an toghcháin, agus, mar a tharlaíonn roimh aon idirbheartaíocht, beidh seasamh diongbháilte, dobhogtha ag achan dream.
seasamh diúltach in éadan údaráis a negative stand against authority
" An bhfuil muid ag maireachtáil in aois na frithealaíne? Agus cad a spreagann daoine chun saothar a scriosadh? Dar leis an síceolaí David Freeberg gur cuartú airde, iompar atá imithe ó smacht agus seasamh diúltach in éadan údaráis atá taobh thiar de na gníomhartha seo.
Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu young people today have no time to sit or stand
" Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu.
seasamh morálta moral stance
ag seasamh an fhóid standing the ground
" Ní raibh Dúchas riamh neamhspleách ach ar laghad bhí glór amháin Stáit ag seasamh an fhóid ar son na hoidhreachta.
ina seasamh ar aire standing to attention
" Nár dheas é, tráthnóna geimhridh, Páirc an Chrócaigh a bheith feistithe i nglas, foireann rugbaí na hÉireann ina seasamh ar aire agus gach duine acu, cuma ón mBaile Meánach nó ó Thrá Lí é, ag canadh amach go mórtasach focla amhrán náisiúnta na hÉireann.
sheasamh stance
" '" Léirigh Benson a sheasamh ar an cheist trí chomparáid a dhéanamh idir cultúr Mheiriceá i 1954 agus an tslí a bhfuil cúrsaí sa lá atá inniu ann.
sheasaimh dhaingne strong positions
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
a mhalairt ar fad de sheasamh a ghlacadh to take the completely opposite stand
" B'éigean do na hiomaitheoirí seasamh docht daingean a ghlacadh ar cheist bheo ár linne, agus ansin, nuair nach rabhthas ag súil lena leithéid, a mhalairt ar fad de sheasamh a ghlacadh, ach an dara seasamh a bheith chomh dúr dolúbtha céanna leis an chéad cheann.
seasamh standing
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá seasamh bainte amach ag an gcomhlacht ó thaobh a chuid oibre agus na seirbhíse a chuirimid ar fáil.
seasamh cultúrtha cultural standing
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Tá seasamh cultúrtha an-tábhachtach ag an nGaeilge.
seasamh cultúrtha cultural standing
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Tá seasamh cultúrtha an-tábhachtach ag an nGaeilge.
Tá muid chun an fód a sheasamh we're going to stand our ground
" Cén fáth ar gá dúinne, na tomhaltóirí, íoc as na fiacha móra atá ar na comhlachtaí fóin toisc go ndearna siad botúin amaideacha fadó?! A chairde Gael, tá an réabhlóid ag tosú anseo! Tá muid chun an fód a sheasamh i gcoinne na nguthán siúil ainnis! Anois, fan nóiméad go seolfaidh mé teachtaireacht téacs chun an scéal a scaipeadh … Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
seasamh na n-eagraíochtaí feirmeoireachta the stance of the farming organisations
"seasamh na n-eagraíochtaí feirmeoireachta ar an cheist seo le cáineadh go mór.
as do sheasamh on your feet
" Agus tú ag obair mar mhúinteoir, ní bhíonn an dara rogha agat ach smaoineamh as do sheasamh.
sheasamh stand
" Ar feadh ceithre huaire is fiche dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe, a dúirt Woody Allen sa scannán cáiliúil *Sleeper *nuair a cuireadh an cheist air, “Have you ever taken a serious political stand on anything?” Níl aon dabht, in Éirinn an lae inniu, gur minic ár bpolaiteoirí gann ar sheasamh ar bith, gan trácht ar sheasamh láidir.
an fód a sheasamh to stand their ground
" Mar thoradh ar roghnú Karol Wojtyla mar Phápa méadaíodh ar dhásacht na hEaglaise Cailtlicí agus na ngnáthdhaoine an fód a sheasamh in aghaidh na n-údarás cumannach.
an fód a sheasamh to stand their ground
" Mar thoradh ar roghnú Karol Wojtyla mar Phápa méadaíodh ar dhásacht na hEaglaise Cailtlicí agus na ngnáthdhaoine an fód a sheasamh in aghaidh na n-údarás cumannach.
seasamh cróga a brave stand
" Ghlac sé seasamh cróga in éadan pholasaithe agus stiúir Paschal Taggart i mBord na gCon.
dílis don seasamh a bhí glactha ag John Hume loyal to the position adopted by John Hume
" An chuid is mó den phobal, d’fhan siad dílis don seasamh a bhí glactha ag John Hume – fuair Hume i gcónaí tacaíocht mhór.
leis an fhód a sheasamh in aghaidh an namhad. to take a stand against the enemy.
" Cé nach raibh muid inár mbaill den SWP (Socialist Workers Party) agus nár réitigh *Trotskyists* le Colin, bhíodh muid i láthair leis an fhód a sheasamh in aghaidh an namhad.
an fód a sheasamh to stand her ground
" Bhí sí ábalta an fód a sheasamh nuair a bhíodh na póilíní ag ciapadh a teaghlaigh.
seasamh in aghaidh an rialtais fheidearálaigh. stand against the federal government.
" Anois agus an rialtas feidearálach i bhfad níos láidre agus níos tábhachtaí ná rialtais na stát féin, deir daoine áirithe gur cheart scor leis an smaoineamh go bhféadfadh stát ar bith seasamh in aghaidh an rialtais fheidearálaigh.
an fód a sheasamh. to maintain his standing.
" Is é an aidiacht is coitianta a úsáidtear sna meáin i leith na fianaise seo ná “dochreidte”, agus tá sé ag éirí níos deacra ag Ahern an fód a sheasamh.
Ba bheag nár thit mé as mo sheasamh I nearly collapased
" Ba bheag nár thit mé as mo sheasamh an tseachtain seo caite agus mé ag breathnú ar an scéal mór nuachta as Meiriceá ar nuacht TG4.
áit seasaimh standing room
" Suíocháin ar fad atá i gceist; níl áit seasaimh ar bith ansin.
seasamh attitude
" San am atá caite, b’éigean do chuid mór den lucht féachana a bheith ina seasamh, agus bhí cead acu a gcuid alcóil féin a thabhairt isteach sna staideanna leo.
mar sheasaimh nimhneacha as virulent attitudes
" Bíonn a thuairimí – a ndéanfadh cuid mhór daoine cur síos orthu mar sheasaimh nimhneacha – os ár gcomhair de shíor.
seasamh dlíthiúil legal position
" Ní raibh bunús na pobalbhreithe iontach soiléir ón tús siocair nach raibh sé cinnte cén seasamh dlíthiúil a bhí aige.
seasamh céanna same stance
" Chuir sé an cheist an mbeadh an seasamh céanna ag vóta tuismitheoirí a bhfuil dalta amháin ar an scoil acu agus agus a bheadh ag vóta tuismitheoirí a bhfuil dornán páistí sa scoil acu? San idirlinn, bhagair cuid de phobal Chorca Dhuibhne go ndéanfaidís baghcat ar an suirbhé.
i mo sheasamh standing
" Cé mhéad rud difriúil a d’fhéadfadh a bheith á lorg ag mo mhacasamhail? Nach bhfuil mé i mo sheasamh os comhair duine nach bhfuil ach jab amháin aige – eochracha a thabhairt amach.
a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu whom my opinions on the Catholic church would hurt greatly
" Mar sin, d’fhéadfadh daoine a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu a bheith ag breathnú ar mo cuid cláracha, daoine nach bhfuil taithí acu ar an dearcadh atá agam nó ar an stíl fuirseoireachta atá agam.
atá sásta seasamh le fís an nuachtáin laethúil Ghaeilge. we are standing by the vision of an Irish daily newspaper
" Áirímid go leor Gaeilgeoirí aitheanta mar scairshealbhóirí fosta, daoine ar nós Shéamuis Uí Thuathail, Phádraig Uí Shnodaigh agus Shéamuis Mhic Sheáin, atá sásta seasamh le fís an nuachtáin laethúil Ghaeilge.
an fód a sheasamh to stand his ground
" ***Buntáistí:*** Lán ábalta an fód a sheasamh in éadan brúghrúpaí ar nós na múinteoirí agus iad siúd a bhí i mbun feachtais in éadan chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena chuid eitiltí ó Londain go hAerfort na Sionainne.
seasamh cheannairí na hEorpa attitude of the leaders of Europe
" Níor spreag seasamh cheannairí na hEorpa dea-thoil i measc mhuintir na tíre seo ach an oiread.
leis an bhfód a sheasamh to stand their ground
" Le teann an uafáis, bailíonn na cait, na hainmhithe agus na daoine le chéile leis an bhfód a sheasamh agus le feachtas a chur ar bun i gcoinne Ghusaí.
seasamh ar a chonlán féin provide for themselves or be self sufficent
" Caithfear glacadh leis, faraor, nach dtig le haon cheann de na meáin Ghaeilge seasamh ar a chonlán féin mar fhiontar tráchtála, beag beann ar dheontas stáit.
cachet meas, seasamh
" Seans go bhfuil ciall ag burgairí agus ceannaithe an bhaile an ceangal seo a chruthú mar go dtugann sé ‘cachet’ éigin don áit.
sheasamh na foirne the team's standing
" Is é seo an toradh is fearr atá bainte amach ag na cailíní go dtí seo agus tá dóchas mór sa champa go mbeidh tuilleadh feabhais ar sheasamh na foirne i ‘gComórtas na Sé Náisiúin’ i mbliana.
an fód a sheasamh to face up
" Leis na Trioblóidí ag dul in olcas ag an am, is dócha go raibh rogha ag 'An Nuachtán Éireannach' i Sasana: an cloigeann a choinneáil síos agus taobhú leis an tseoinínteacht, nó an fód a sheasamh ar son an daonlathais agus ar son chearta na ndaoine.
le seasamh do to stand for
" Ó Bhearna go Carna Má ghlactar le sampla amháin a thiocfadh a fheidhmiú ó thaobh na Gaeltachta de: Thiocfadh ollchruinniú a eagrú i measc na gcoistí pobail uilig ó Bhearna go Carna chun go roghnófaí duine amháin, gan nasc páirtí ar bith agus go mbeadh an duine sin roghnaithe don toghchán le seasamh do Ghlór an Phobail.
seasamh stand
" Grád: C - Mary Hanafin (An tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh): Titim mhór tagtha ar a seasamh laistigh agus lasmuigh den Rialtas.
seasamh standing
" ‘An féidir leis an stát’, a d’fhiafraigh an seanadóir Jacques Legendre ó pháirtí an UMP (páirtí Nicolas Sarkozy), ‘a dheimhniú go mbeidh seasamh náisiúnta ag na cáilíochtaí seo?’ Ceist mhór.
seasamh le stand up for
" Ach tá sé tábhachtach seasamh le do chreideamh is le do thuairimí féin.
Seasamh status
" com/blog/2009/01/12/late-late-no-show-rte-make-a-pigs-arse-of-it/) Feidhm agus Seasamh CLG Déantar cur is cúiteamh agus iniúchadh go minic ar fheidm agus ar sheasamh an CLG i saol mhuintir na hÉireann.
ag seasamh an fhóid holding its own
" Ba chúis mire é an chaoi a mbíodh daoine ag dul i muinín staidreamh ar an daonáireamh ar úsáid na Gaeilge chun cur i gcéill go raibh an teanga ag seasamh an fhóid lár an chéid seo caite.
seasamh ar ladhracha (not) to stand on toes
" Bhíodh sé iontach cúramach gan seasamh ar ladhracha Aire eile.
Seasamh Cuí locus standi
" Seasamh Cuí os Comhair na Cúirte === Go bunúsach is é an t-adhmad atá le baint as an bhreithiúnas seo ná nach bhfuil dualgas ar bith bunreachtúil ann aistriúchán comhuaineach a chur ar fáil don phobal i gcoitinne.
seasamh status
" Óir is straitéis í atá lán den bhéal bán ach nach dtéann i ngleic go sásúil le seasamh na teanga i gcúrsaí oideachais, cumarsáide ná riaracháin.
sheasamh status
" Bheadh seans láidir ann go dtiocfadh an dá pháirtí ar chomhréiteach faoin cheist agus go mbeadh geallúint sa chlár rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar sheasamh éigeantas na Gaeilge.
an bhfód a sheasamh to hold the ground
" Am Scoir ===== Luaigh an príomhaire an dá phríomhaidhm a bhaineann le misean na nAstrálach san Afganastáin: le cinntiú nach mbeadh an tír ina tearmann ag lucht sceimhle arís agus leis an bhfód a sheasamh leis an “gcomhghuaillí is neasa dúinn”, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
féidir seasamh one can stop
" Tugtar ‘La Ristic’ ar an mbóthar seo, agus is féidir seasamh aon áit le taobh an bhealaigh, agus siúl síos chuig tránna carraigeacha mar a bhfuil diúilicíní, feamainn agus portáin, nó tránna gainimh bán agus na mílte faoileán ann.
seasamh le barr iontais waiting in amazement
" Nuair a tháinig mé go Penn ar Bed ar dtús, is cuimhin liom seasamh le barr iontais ag rannóg na cáise san ollmhargadh ar feadh deich nóiméad ar a laghad.
seasamh a basis
" Má bhreathnaítear ar staid na Gaeilge ag deireadh an 19ú aois agus an seasamh atá aici i measc an phobail anois, de réir taighde an Athar Mac Gréil, feictear athrú mór.
sheasamh mar chuaille standing perfectly still
" Ní haon mhaith a bheith i do sheasamh mar chuaille agus an liathróid i do láimh agat nuair a éiríonn rudaí corraithe.
ag seasamh an fhóid holding the fort
" Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s'againn.
seasamh i scuainí stand in queues
" Chaitheamar an Satharn sna hiarsmalanna, a raibh de ráchairt orthu go raibh orainn seasamh i scuainí ar feadh cúpla uair an chloig, agus oíche Dé Sathairn d'itheamar i mbialann bheag in *‘Little Italy’*, seancheantar na nIodálach sa chathair atá anois ina cheantar bialainne.
ag seasamh ar son supporting
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
seasamh a ghlacadh to take a stand
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
seasamh stand
" Ainneoin go raibh sé in ann oifig ghobarnóir Chalifornia a ghlacadh, ní fhéadfadh sé seasamh don uachtarácht gan athrú a dhéanamh do bhunreacht an stáit.
an fód a sheasamh to stand their ground
" 
Tá géarchéim geilleagair faoi lántseoil faoi láthair arís agus, arís eile, tá an lámh in uachtar ag baincéirí, amhantóirí, na forais airgeadais agus iad ag cur brú ar rialtais an fód a sheasamh amhail is nach bhfuil ann ach bealach amháin chun cinn.
seasamh a ghlacadh to make a stand
" D’fhill an teaghlach go Beijing arís i 1975 agus is dócha go ndeachaigh an tréimhse seo go mór i bhfeidhm air, mar gur bheartaigh sé seasamh a ghlacadh ar son na saoirse.
seasamh amach as spáslong stepped out of a spaceship
" ” “Ach cad é an leabhar atá in úsáid agaibh ar scoil, mar sin?” Breathnaíonn sé orm amhail is go bhfuil mé díreach i ndiaidh seasamh amach as spáslong.
sheasamh an cheannaire the leader’s stance
" Ba léir go raibh deighilt ina pháirtí, ámh, nuair a dúirt aicme dá chúlbhinseoirí go neamhbhalbh go dtacóidís leis an togra, beag beann ar sheasamh an cheannaire.
sheasamh agus ar chur chun cinn position and advancement
" “Ambaiste,” arsa an Ciarraíoch, “ach níl mé ag glacadh leis!” Tá súil agam nach mbeidh an toradh céanna ar dhá phróiseas comhairliúcháin thábhachtacha atá ar bun faoi láthair, próisis a mbeidh tionchar mór acu ar sheasamh agus ar chur chun cinn na Gaeilge san am atá le teacht.
sásta seasamh na Foraoise a chosaint satisfied to defend the F. position
" “Cé thú atá sásta seasamh na Foraoise a chosaint anseo i bPluais Bhaloir? Cé thú atá sásta le cinneadh na Foraoise gan dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí Gaeilge faoin gceist seo? An cuma leatsa nach mbeidh todhchaí i ndán don amhránaíochta ar an sean-nós? An cuma leat todhchaí an Lúibín, nó todhchaí an damhsa ar an sean-nós?” “Sea! Cé thú?” a d’fhiafraigh Éamó Ó Caoimhnis.
Tugann sé seasamh eile it gives another point in its favour
" Tugann sé seasamh eile don chomórtas nuair a fheiceann daoine go bhfuil daoine as Béal Feirste agus daoine as Baile Átha Cliath ag imirt ann.
Ní thig leat a bheith i do sheasamh leat féin sa tsaol seo man is not an island
" Ní thig leat a bheith i do sheasamh leat féin sa tsaol seo.
ina sheasamh ag lorg bus standing for a bus
" Agus bhí deartháir Joe, ina sheasamh ag lorg bus agus fuair sé urchar díreach in airde os cionn a shúile.
in bhur seasamh go bagrach standing threateningly
" Tá sé sa Bhíobla; agus tá sé sin ar fad le ceiliúradh… As go brách le Balor ansin le labhairt le Cosamán Mac an Taca ó Chumann Chónaitheoirí Cosantacha Ard Eoin: **Balor: Inis dom, a Chosamáin, cad tuige nach dtig leat féin agus na cónaitheoirí cosantacha eile fanacht sa bhaile ag amharc ar an tele, nó dul ag siopadóireacht faoin bhaile mór, nó dul ag snámh san fharraige, nó rud ar bith eile a dhéanamh seachas a bheith in bhur seasamh go bagrach nuair a bhíonn an Lucht Siúil Flannbhuí ag dul thar bráid.
ghlac seasamh took a stand
" Bogaimís chun cinn ochtó bliain anois go hÉirinn áit a bhfuil fiacha troma á mbagairt ar bheirt shiúlóirí a ghlac seasamh den chineál céanna.
Cuireadh amhras i seasamh doubt was expressed in the view held by
" Taighde Úr ===== Cuireadh amhras i seasamh O Farrell sa bhliain 2004 nuair a foilsíodh an leabhar, Sounds Irish: The Irish Language in Australia, a scríobh an Dr.
beagnach as a sheasamh almost extemporaneously
" Beidh achan duine ag caint beagnach as a sheasamh i ndiaidh dó ábhar na cainte a tharraingt as bocsa.
bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir the police were standing around doing nothing
" In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
dhiúltaigh sé seasamh he refused to stand
" Am ar bith a raibh Ó hEára os comhair na cúirte, dhiúltaigh sé seasamh, pléadáil nó an cúirt a aithint ach an bhliain sin, roghnaíodh seacht gcas ina bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur ach iad an chúirt a aithint.
ina sheasamh ar an tairseach i ndoras an árthaigh standing in the doorway of the capsule
" Laochra an Alltair ====== Nuair a chonaic mé Baumgartner ina sheasamh ar an tairseach i ndoras an árthaigh, chuir sé Neil Armstrong i gcuimhne dom.
Ag seasamh don suíochán folamh seo contesting this empty seat
" Ag seasamh don suíochán folamh seo tá Tommy Thompson, iarghobharnóir an stáit a chaill go leor measa sa bhaile nuair a d'imigh sé go Washington chun obair le George W.
Seasamh in Aghaidh na hÉagóra taking a stand against injustice
" Seasamh in Aghaidh na hÉagóra ============== D’inis an bheirt Mheiriceánach do Norman roimh bhronnadh na mbonn go raibh sé beartaithe acu a dtacaíocht don ghluaiseacht, Olympic Project for Human Rights (OPHR), a léiriú lena linn.
sheasamh na dtíortha eachtrannacha sin the stand taken by those foreign countries
" Ar sheasamh na dtíortha eachtrannacha sin a bhfuil spéis faoi leith acu sa cheantar sin a bhí na tosca sin ag brath – ar shlí amháin nó ar shlí eile.
seasamh i gcoinne réimeas a stand against the regime
" Thóg na Stáit Aontaithe, an Fhrainc agus tíortha Eorpacha eile seasamh i gcoinne réimeas al-Assad ach thacaigh an Rúis, an tSín agus an Iaráin leis ar chúiseanna éagsúla.
Thug sé trí iarraidh seasamh he tried to stand
" Thug sé trí iarraidh seasamh suas arís, agus theip air gach uair, bhí sé chomh lag sin leis an gháire.
seachas stad agus seasamh apart from stopping and parking
" Is í an bus buí a bhí fúm an chéad tseachtain, ach is beag siúl a bhí inti seachas stad agus seasamh.
mairtíreach ina sheasamh go séimh a martyr standing quietly
" I bhfreascó amháin feictear saighdiúirí ag doirteadh tinne leáite síos scornach mairtíreach agus i bpictiúr eile tá mairtíreach ina sheasamh go séimh i gcorcán lán le huisce bruite.
ag seasamh an fhóid holding the fort
" Léiríonn sé na coranna casta i gcinniúint an cheantair seo go bhfuil an struchtúr is sine i mBéal Feirste, an droichead ag Connswater – Abhainn Choinn (baiste as an tiarna Gaelach, Conn Ó Neill) anois i gcroílár an cheantair atá ag seasamh an fhóid (mar dhea) ar son an cheangail leis an Bhreatain.
in amhras faoina seasamh leis skeptical about her stance on
" Má tá duine ar bith in amhras faoina seasamh leis an Ghaeilg, mothaím go bhfuil sí 100% dáiríre.
Níor ghlac údaráis an rugbaí seasamh cuí i leith the rugby authorities didn’t take a proper stand in regards to
" Níor ghlac údaráis an rugbaí seasamh cuí i leith sábháilteacht imreoirí, dar le cuid mhaith tráchtairí.